Tar éis trí lá a chaitheamh i gCeantar na nOileán, is gearr uaim an bóthar ar ais go Ceann Scríbe amárach, áit a mbeidh deis agam, roimh an deireadh seachtaine, tá súil agam, theacht bord ar bhord le blaganna mo chomhbhlagálaithe, ó tharla gan deis agam iad a léamh le seachtain anuas. Mar sin féin, d’éirigh liom bualadh le duine nó dhó acu ag an Oireachtas.
Chroith mé lámh le
Conchubhar, léigh mé dán nó dhó le
Proinsias, agus bhí deoch agam féin, é féin agus
John le chéile sa Seomra Glas, in óstán an
Gleneagle, tráthnóna amháin. Bhain mé sult ar dóigh as a gcomhluadar, agus tá súil agam nach é an uair dheireanach againn é am mar é a chaitheamh le chéile.
Casadh
Seán Mór orm maidin amháin, i bpasáiste an óstáin, agus é faoi dheifir ar a bhealach chuig cruinniú thuas staighre ann. Mar sin féin, bhuaileamar lena chéile arís, ní ba dheireanaí sa lá, díreach taobh amuigh den
Fireside Lounge, agus bhí deis againn gearrchomhrá a bheith againn, sular thosaigh an
Cúirt Filíochta, áit ar casadh An Faolánach agus Ailbhe orm ó
Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.
I ndiaidh na cúirte, bhí cupán caife agam féin agus An Faolánach le scríbhneoir óg, Ursula, bean nach blagálaí í, ach bean atá i mbun céime in Ollscoil na Tríonóide faoi láthair. Léigh sí a cuid dánta áille, den chéad uair, ag an gCúirt, agus chuaigh siad i bhfeidhm go mór orm. Níl dabht ach go gcloisfidh mé a hainm, agus a dánta, arís. Tá súil agam.
Bhí gearrchomhrá agam le heagarthóir nó dhó,
Pádraig MacFhearghusa,
Tomaí Ó Conghaile, agus
Ciarán Dunbar, ina measc. Ag na seastáin in ionad an
INEC san óstán, bhí mé ag caint le Máire,
Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge, le Mícheál Ó Conghaile,
Cló Iar Chonnachta, le Patricia,
Gaelscéal, le hAnn Nic Dhonnacha,
Foinse, agus bhí cupán caife agam le Fergus Ó Snodaigh,
Coiscéim.
Chuir
Cilian Fennell as
Stillwater Communications a dheirfiúr,
Natasha, in aithne dom, an bheirt acu iontach gnóthach ag an Oireachtas, mar is iondúil leo, feictear dom. Mar a dúirt stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha,
‘Is iad foireann Stillwater an dream is díograsaí ar oibrigh mé leo ariamh…Is mór againn ár gcaidreamh le Stillwater Communications."
Casadh triúr, ar a laghad, orm a cháiligh mar cheamradóirí/lucht fuaime ó chúrsaí i scileanna teilifíse a rinne siad in
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, nó ar an gCeathrú Rua. Faigheann na cúrsaí sin cuidiú ó Údarás na Gaeltachta, más buan mo chuimhne, agus tá súil agam go leanfar leis an gcuidiú sin, mar is léir go bhfuil poist ag teacht uaidh.
Bhí gearrchomhrá agam le
Páidí Ó Lionáird, le duine nó dhó ó Fhoras na Gaeilge, le
Máirtín Tom Sheáinín as Raidió na Gaeltachta, agus le
Ciarán Ó Fátharta. Cé nach bhfuair mé deis labhairt leis, chonaic mé, agus chuala mé,
Rónán Mac Aodh Bhuí, anseo agus ansiúd ar fud na háite. Tá fuinneamh nach beag ag an bhfear sin, agus cuireann sé go mór leis an ócáid chuile bhliain. Agus, roinn mé barróg le
Seáinín Smaoiseach. Deile! Ní deisbhéalach amháin atá sé, a léitheoirí, ach dathúil leis.
Mar fhocal scoir, caithfidh mé mo bhuíochas a ghabháil le
Liam Ó Maolaodha, agus le foireann oibre an Oireachtais, as an jab iontach a rinne siad i mbliana. Bhí gearrchomhrá agam le Liam, agus lena chomhghleacaithe, Máirín, Loretto agus Eimear, iad uilig iontach gnóthach an t-am ar fad, agus ní bhfuair mé deis mo bhuíochas a roinnt leo, ná lena gcuiditheoirí, mar ba cheart.
Braitheann beatha an Oireachtais ar na daoine sin, ar na moltóirí, ar na fir agus mná tí, ar na hurraitheoirí, ar na hiomaitheoirí, ar na rannpháirtithe uilig. Agus, a léitheoirí, maireann an tOireachtas ar shíntiúis airgid, freisin. Is féidir leat do chuid a dhéanamh
anseo, más mian leat bheith páirteach san fhéile.
Ar an mbealach abhaile sa charr Dé Domhnaigh, chuala mé Máirtín Tom Sheáinín i gcomhrá, ar Raidió na Gaeltachta, le buaiteoir Chorn Uí Riada,
Nollaig Ní Laoire. Ansin, thosaigh Nollaig ag gabháil fhoinn. Ar an ábhar sin, níl le rá agam ach ‘Bhabha!. Ná laga a Cé a glór álainn.
.