Showing posts with label Sióg. Show all posts
Showing posts with label Sióg. Show all posts

Wednesday, November 3, 2010

Fearadh na Fáilte!

Seachtain a bhí mé as baile, agus nach é a bhí uaigneach i m’uireasa!

Tháinig loinnir ina shúile chomh luath is a shiúil mé isteach an doras i gCeann Scríbe. Léim sé den chathaoir, agus thosaigh sé ag damhsa timpeall an tí.

Rug mé greim air, agus thug mé barróg mhór mhillteach dó. Póg i ndiaidh póige a thug mé dó.

‘Did you miss mé?’ a d’fhiafraigh mé, agus mé ag damhsa timpeall an tí leis.

Ní raibh gá le freagra. Ba léir óna chrónán gur chronaigh sé mé, agus go bhfuil áthas nach beag ar mo Shióg go bhfuilim sa bhaile arís.
.

Saturday, July 10, 2010

Éaneolaí...


...ag faire éan le héirí na gréine i mBun Cranncha ar maidin.
.

Friday, June 11, 2010

Say Cheesey

A bhuí le trácht ar ábhar eile, nach mbaineann ar chor ar bith leis an ábhar seo, trácht a d’fhág Dennis ar bhlag Dhubhaltaigh maidir le Twitter Lit, tháinig mé ar an liosta seo, The 50 Worst Inventions, ag bun an leathanaigh sin ar time.com.

Bhuail uafás nach beag Síog nuair a thaispeáin mé físeán an Pet Spa dó, agus táim beagnach cinnte gur chuala mé na focail ‘dual amadáin!’ uaidh nuair a chonaic sé an Snuggie for Dogs.

Blianta ó shin, fuair mé an CueCat, saor in aisce, ó mo dheirfiúr i mBostún, ach níor bhain mé úsáid riamh as. ‘Nuff said, mar a deir an Béarla.

Maidir leis na ‘Phone Fingers’, níor chuala mé iomrá riamh orthu, agus ní nach ionadh. Cuirim iadsan, Farmville, agus Venetian Blind Sunglasses isteach i gcatagóir ar leith. An bhfaca mé na focail ‘style morons’'utterly pointless and functionless accessory' scríofa áit éigin san alt sin ar an idirlíon?

Níor bhain mé féin úsáid as Crocs, ná as Hair in a Can riamh, cé go nglacaim leis go bhfuil daoine ann a bhainfeadh, agus a bhaineann. Tá an ceart sin acu. Níl aon dlí ina n-aghaidh, agus ní dóigh liom gur diamhasla atá iontu, ach an oiread. Ceapaim.

Ní cheapaim go gcuirfeadh na Subprime Mortgages aon ‘smile’ ar éadan an Dubhaltaigh, ná ar éadan go leor daoine eile sa tír seo, ach an oiread. Maidir le Clippy, chuir an diabhal sin mise ar mire go mion minic thar na blianta, cé go gcaithfear a admháil go raibh ‘smile’ deas ag an gcréatúr.

Go deimhin, más mian leat anailís a dhéanamh ar do ‘smile’ féin, a léitheoir, is dócha go bhféadfá fios a chur ar bhogearraí ón tSeapáin, agus do Smile Check féin a dhéanamh chuile mhaidin...;-)
.

Sunday, March 28, 2010

I Láthair na hUaire

Mhúchamar na soilse i gCeann Scríbe aréir, ón 8.30 i.n. go dtí 9.30 i.n., ár nUair ar son an Domhain caite againn sa dorchadas, gan stró.

Shuí mé féin agus Sióg ag an bhfuinneog thuas staighre, ag breathnú amach ar an domhan mór, ach níor thugamar faoi deara aon dorchadas sa bhreis amuigh ansin.

‘Sé an smaoineamh a rith liom, agus mé i mo shuí le mo chara ag an bhfuinneog, ar thug Sióg faoi deara go rabhamar inár suí ansin sa dorchadas, nó an ionann lá agus oíche, gile agus dorchadas, i súile an chait?

Cibé scéal é, a léitheoirí, tá uair amháin eile le caitheamh againn ar fud na hÉireann ar maidin. Sea, tá an samhradh linn, deirtear, agus beidh uair sa bhreis de sholas an lae againn gach tráthnóna, as seo go ceann sé mhí, ach gach clog agus uaireadóir sa teach a bhogadh go GMT +1:00 uair an chloig.

An é nár athraigh tú an t-am fós? Ócé, níl tú i láthair na huaire cirte mar sin, a chara.

Bhí mé féin agus Sióg i láthair na huaire dorcha aréir, agus táimid i láthair na huaire breise ar maidin, cé gur dóigh liom nach bhfuil a fhios aigesean é sin, agus is dóigh eile liom gur cuma leis sa sioc.

Ní chuireann uaireanta an lae, ná uaireanta na hoíche, ná uaireanta laghdaitheacha, ná uaireanta breise, isteach ná amach ar chat an fhionnaidh dhuibh. Caitheann sé chuile uair an chloig ar a chonlán féin, agus ar mhaithe leis féin. Diabhal locht ar a shaol fánach...
.

Sunday, January 3, 2010

Ceangailte Go Buan




Nuair a dhúisigh mé ar maidin, ní i mo leaba féin a bhí mé, agus ní raibh an Garraíodóir le mo thaobh, ach an oiread. Mar sin féin, bhí suaimhneas ar leith i mo chomhluadar, an cineál suaimhnis sin a thagann nuair a bhím ar ais i mo cheantar dúchais, ar ais le mo dhream féin.

I láthair na huaire, tá mo mhuintir uile sa bhaile. Chaitheamar trí lá agus oíche i mBaile Átha Cliath, ar ragairne ag bainis mo nia, agus d’éirigh linn uile ár mbealach a dhéanamh abhaile arís, go slán sábháilte, in ainneoin na drochaimsire agus na mbóithre sleamhna.

Cé nach sa bhaile atáim, is sa mbaile a airím, mar sin féin. Sé an radharc thuas a bhí romham ar maidin nuair a d’éirigh mé, agus chinn mé an grianghraf a ghlacadh agus a roinnt libh, a léitheoirí, le go bhfeicfidh sibh an fharraige agus na sléibhte lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

Maidir leis an nGarraíodóir bocht, an fear lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan, thug sé frídíní uile Bhaile Átha Cliath abhaile leis go Ceann Scríbe. Tá sé ag tabhairt aire mhaith de na hainmhithe uile thuas, agus ag tabhairt an-aird ar an bhfliú sin a thug sé ar ais leis, freisin.

Tá An Bhean Neamhspleách in éineacht leis, ag tabhairt aire mhaith dó. Ceapaim. Chuir sí scairt orm aréir, agus ní ar a hathair a bhí a haird dírithe, ach ar Shióg.

He was so excited to see us, Mum!” a dúirt sí, “He missed us all terribly.” dar léi.

Just listen to him purring, and say hello to him.” a dúradh liom, agus í ag cur an fóín le cluas an chait, an t-ainmhí lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

“How’s my favourite man?” arsa mé féin isteach san fhón, mo mhuintir uile timpeall orm i gcistin mo dheirféar, ag éisteacht le chuile fhocal uaim, gan an dara rogha acu ach éisteacht, mar is ann a bhí mé, ina gcomhluadar, nuair a tháinig an glaoch ar m’fhón póca. Lean mé orm ag caint le Sióg, dearmad glan déanta agam ar an dream i mo thimpeall.

You are the best ever…” arsa mé féin, mé ag labhairt go ceanúil agus le grá nach beag,

“…and it won’t be long before I am back to give you a big hug, and I won’t leave you ever again…” a dúirt mé, agus chríochnaigh mé an comhrá leis le póg mhór mhillteach,

Mwah!”.

Bhí chuile dhuine sa chistin ag breathnú orm nuair a mhúch mé an fón.

“So, how is he feeling now?”, a d’fhiafraigh duine acu.

“Who?” a d’fhiafraigh mé féin.

“Your husband!” a d’fhreagair duine eile acu.

I’d better ring back.” arsa mé féin…

Wednesday, October 7, 2009

Top Cat

Tógadh mise i dteach ina raibh go leor grá – do pháistí agus d’ainmhithe – agus tá a thoradh sin liom, agus le mo pháistí féin, ó shin. Ní fhaca mé cruálacht agus mé ag fás aníos, ach tá a fhios agam, faraor, go bhfuil daoine sa saol agus is cuma leo faoi dhuine ná faoi ainmhí.

Tá feachtas ar bun ag RTÉ i láthair na huaire, i gcomhar le Pedigree agus le Whiskas, do Sheachtain na nAinmhithe Domhanda, le tacaíocht a thabhairt do na Cumainn éagsúla um Fhóirithint ar Ainmhithe in Éirinn.

Má chaitear vóta don ‘Top Cat’ anseo, cuirfidh Pedigree agus Whiskas béile ar fáil d’ainmhí bocht éigin atá faoi chúram ceann de na cumainn iontacha seo, áit éigin in Éirinn.

Más mian leat béile a chur ar fáil d’ainmhí nach bhfuil chomh hádhúil le Sióg s’againne, mar shampla, is féidir é sin a dhéanamh ach do vóta a chaitheamh anseo anois. Scaip an scéal, freisin, má bhíonn deis agat.

Maith thú, a chara na n-ainmhithe!
.

Tuesday, September 22, 2009

Teachtaireacht

Cuireann sé iontas orm, ó am go chéile, na míthuiscintí a bhaintear as focail. Caithfear a bheith iontach cúramach is cosúil.

Ní hé an léamh céanna, mar shampla, a bhaineann fir agus mná as, abair, abairt éigin cosúil le ‘Lovely tie you’ve got there’ nó ‘Is maith liom do ghúna’. Agus tú á léamh sin, an dóigh leat gur fear nó bean a dúirt na focail? Agus, cé air a bhfuil an gúna, i do bharúil, ar fhear nó ar bhean? Sea, chuile dhuine agus a bhfreagra, agus a dtuiscint féin acu.

Caithfear a bheith cúramach agus duine ag scríobh, mar tá meonta éagsúla ag na léitheoirí éagsúla agus, go minic, níl aithne phearsanta ag an scríbhneoir agus ar an léitheoir ar a chéile. Cá bhfios don léitheoir céard go díreach atá ag dul ar aghaidh i gcloigeann an scríbhneora, agus an bhfuil leid dá laghad ag an scríbhneoir cén teachtaireacht atá á baint ag an léitheoir as an bpíosa scríofa?

Bímse, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ag rámhaille liom. In amanna go samhlaíoch. In amanna le ciall agus le réasún. Ceapaim. B’fhéidir. Ar ndóigh. Níl a fhios agam. Cá bhfios dúinn?

Ach, tá a fhios agam an méid seo, ní ar an léitheoir a dhírím nuair a bhíonn fonn orm mo smaointe rúnda a roinnt. Ní hea. Dírím m’fhocail ar an té a éistfidh le m’fhocail le foighne, gan bhreithiúnas, le tuiscint iomlán agus le grá.

Sióg, cá bhfuil tú...
.

Wednesday, August 12, 2009

Ar Ais

Táim ar ais ag Ceann Scríbe anocht, Sióg anseo le mo thaobh ag an ríomhaire. Ceapaim go raibh sé uaigneach i m’uireasa, cé go raibh Gráinneog anseo ag tabhairt aire mhaith dó.

Is gearr uaim codladh na hoíche. Ar thug sibh faoi deara go mbíonn duine, go minic, i bhfad níos tuirsí tar éis na saoire, seachas rompu?

Ar aon nós, beidh mé ar ais libh am éigin amárach, a léitheoirí. Tá súil agam, agus le cuidiú cibé Cé.
.

Saturday, May 30, 2009

An Nasc Sin Eadrainn

Déanaim iarracht rud beag a scríobh gach lá, go hiondúil ar maidin, sé sin le rá nuair a thugann Sióg cead dom. Is minic é, mar a bhí ar maidin, ina shuí ar an ríomhaire glúine mar a bheadh sé ag rá “Is ormsa ba chóir d’aird a bheith dírithe”. Nuair nach dtugaim aird air, déanann sé iarracht mo mhéara a bhaint de na heochracha. Éiríonn leis sin a dhéanamh go minic. Mar is eol daoibh, a léitheoirí cliste, is láidre i bhfad cúig chrúb bhioracha ag scríobadh ná deich méar ag clóscríobh.

Ní bhím díomhaoin, mar sin féin, mar tosaím ag léamh Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach, nó léim, mar a rinne mé ar maidin, an t-eolas sin a fhaighim ón nasc sin eadrainn, Deartháir Mór. Táim fós ag foghlaim, an dtuigeann tú. Ón leabhar, agus ón nasc sin. Ar aon nós, táim ag teacht i dtaithí orthu. Ar maidin, ó tharla go raibh na crúba ag troid le mo mhéara arís, chuaigh mé ag útamáil le Deartháir Mór.

Is suimiúil an t-eolas atá le fáil ann. Insítear dom, sa Summary, go dtagann, ar an meán gach lá, ochtar go rialta ar cuairt ar mo bhlag, agus deichniúr eile, as an nua, ar a sála. De thimpiste a thagann cuid acu, na daoine nua sin. Ní hé go n-insíonn D.M. dom gur de thimpiste a thagann siad, ach is léir ón eolas atá le fáil in Recent Keyword Activity gur mar sin a bhíonn.

Mar shampla, déanann líon mór daoine googláil ar na focail ‘Córas Creidiúnaithe D’Aistritheoirí’ agus, cé nach mise a bhíonn siad a chuardach, tá alt den teideal sin agam ar mo bhlag agus téann daoine isteach ann ag ceapadh go bhfuil baint éigin aige le treoracha do scrúdú Fhoras na Gaeilge, is dócha. Ní fhanann siad i bhfad. Aiféala orm faoi sin, a Fhorais.

Léitear, ar an meán, 57 leathanach ar an mblag gach lá, ach ní mar an gcéanna an scéal aon lá. Dé Luain seo caite, tháinig 22 duine ar cuairt chugam, an t-ochtar rialta sin agus 14 léitheoir nua ina gcuideachta, agus léigh siad 88 leathanach eatarthu. Ná fiafraigh díom cén chaoi ar féidir le D.M. na leathanaigh sin a chomhaireamh ach tá bealaí aige nach bhfuilimse ar an eolas fúthu. Ní bleachtaire mé, a deirim. Ach táim fiosrach, a deir tú.

Má bhreathnaím ar an Recent Visitor Map, tá na balúin dhearga le feiceáil ar fud na cruinne, an chuid is mó acu in Éirinn. Fáilte romhaibh uile!

Ó thosaigh mé ag bladaireacht ar an mblag, nó ag bleachtaireacht más fearr leat an téarma sin, tá 2,065 de mo leathanaigh léite agaibh. Go raibh maith agaibh! Insíonn Popular Pages dom gur fearr libh ‘Cailleach na Comhairle’ agus ‘Sióg sa Teach’ seachas aon scéal eile go dtí seo. Insíonn Came From dom go dtagann go leor agaibh ó bhlaganna eile chugam, mo bhuíochas ag dul chuig na blagálaithe sin a choinníonn m’ainm ar a mblaganna, agus a chuireann daoine eile ar an eolas fúm. Maith sibh, a chomhbhlagálaithe!

De réir an eolais atá le fáil in Exit Link, fágann formhór agaibh mo bhlag tar éis mo phróifíl a léamh, nó téann sibh anonn go dtí Con in iGaeilge, ach tá go leor agaibh ag fágáil tar éis ábhar i ‘Cuidiú nó Cruinneas uait’ a léamh, na naisc eolais sin atá ar an imeall agam ar mo bhlag. Is maith liom go dtarlaíonn sé sin. Is foghlaimeoirí muid uile, agus is maith an rud an t-eolas a roinnt eadrainn.

Ach ní insíonn D.M dom cé sibh féin, cé go n-insíonn sé dom cé chomh minic agus a thagann sibh ar ais, nó insíonn sé dom más é an chéad uair é agat ar mo bhlag. Cén mhaitheas atá ann domsa? Táim ag foghlaim, agus ag roinnt eolais leo siúd atá chomh haineolach liom féin. Ní dochar an t-aineolaí a chur ar an eolas faoin eolaí.
.

Wednesday, May 27, 2009

Sióg sa Teach

Is maith liom ainmhithe, go mór. Ní ithim iad. Is cuma liom bó, cearc, iasc, cat nó madra, ní ithim iad. Sin mise. Feoilséantóir. Ní miste liom céard a dhéanann aon duine eile, agus itear feoil i mo theach, ní i mo bhéalsa a théann sí. Tá an scéal mar sin liom ó bhásaigh m’athair os cionn trí bliana is fiche ó shin, agus is mar sin a bheas go lá mo bháis féin, creidim. Tá súil agam. Sin mo mhian.

Cibé scéal é, tá cat agam anois, Sióg. Is é an chéad chat fireann agam é. Cait bhaineanna a bhíodh agam riamh, chomh fada siar agus atá cuimhne agam, ar chuma ar bith. Agus is rud éagsúil amach is amach an cat fireann, feictear dom. Cat baineann ar bith a bhíodh agam, agus bhí neart acu agam thar na blianta, níor dhreap siad cuirtín riamh. Ní hamhlaidh le Sióg. Ceapann seisean go bhfuil cuirtíní ann ar mhaithe leis féin, le go mbeidh sé in ann iad a dhreapadh go rialta, agus iarracht á dhéanamh aige ceann scríbe éigin, nach bhfuil ann, a bhaint amach.

Ar aon nós, mar gheall ar an meon sin atá ag Sióg i leith cuirtíní, chinneamar, mé féin agus an Garraíodóir, gan aon chuirtíní a bheith againn sa teach nua seo, agus chrochamar dallóga veinéiseacha ina n-áit. Nach muid a bhí amaideach. Chomh luath in Éirinn agus a thug Sióg faoi deara go raibh téada ar na dallóga, ní fhaca sé ach ábhar spraoi. Bhí an Garraíodóir ar mire. “If that cat does not stop pulling at those strings, one of us will have to go.”, a dúirt sé.

Anois, níor mhaith liomsa go mbeadh ar an nGarraíodóir an teach nua seo a fhágáil, mar táim iontach mór leis, an dtuigeann tú, agus labhair mé le Sióg. Thug mé íde béil dó. Do Shíog, chan don Gharraíodóir. Diabhal maitheasa a bhí ann. San íde béil, chan sa Gharraíodóir. Is fear iontach maith eisean. Cibé scéal é, níor éist Sióg liom. Is cat fireann é, an dtuigeann tú. Ní éisteann a leithéid le focail chiallmhara, réasúnta. Choinnigh sé air ag spraoi, agus ag réabadh, faraor.

Bhí na dallóga i mbaol a mbáis, agus shocraíomar, mise agus an Garraíodóir, na téada a ghearradh le nach mbeadh Sióg in ann iad a fheiceáil, nó, ar a laghad, nach mbeadh sé in ann greim a fháil orthu. Agus rinne mé sin. Bhí mé amaideach arís. Níor ísligh mé na dallóga sular ghearr mé na téada, rud a d’fhág nach raibh mé in ann na dallóga a dhúnadh ar chor ar bith.

Tháinig fear na ndallóg inné, agus chuir sé téada nua isteach sna dallóga uile. 32 dallóg. Fuair mé an bille uaidh. Ní fhaca an Garraíodóir an bille fós. Tá an bille i bhfolach. Mar aon liomsa agus le Sióg.
.

Sunday, May 10, 2009

Cuairteoirí

Tháinig Ronnie agus Rosie inniu. Mac agus iníon le Billy. Rugadh iad ar an 15 Márta. Is mac é Billy le Molly, madra s’againne. Tá Billy ina chónaí le cara m’iníne ó bhí sé dhá mhí d’aois. Billy, chan an cara. Tá Molly ag fanacht le Billy ó thosaíomar ag tógáil Ceann Scríbe. Beidh sí ag teacht ar ais chugainn go luath. Níl sí i bhfad ó bhaile, agus bíonn sí ar cuairt anseo go minic. Í féin agus Billy. Agus an cara.

Is le mo mhac í Rosie anois, agus is le mo dheartháir céile é Ronnie. Beidh Ronnie ag fanacht anseo leis An Pluiméir, agus le Rosie, go dtí deireadh na míosa seo chugainn agus ansin beidh sé ag bogadh go Baile Átha Cliath. Ronnie, chan An Pluiméir.

Is beag aird Shióg ar Ronnie agus Rosie. Nuair a shiúil sé isteach sa chistin ní ba luaithe, thosaigh Ronnie ag tafann leis. Níor bhog Sióg. Níor bhog Rosie. Choinnigh Ronnie air ag tafann. Níor bhog mise. Níor bhog an Garraíodóir. Níor bhog Gráinneog. Níor bhog An Pluiméir. Choinnigh Ronnie air ag tafann. Ní raibh faic le cloisteáil ach Ronnie ag tafann.

Stop Ronnie den tafann. Bhreathnaigh sé idir an dá shúil ar Shióg. Níor bhog Sióg. Thiontaigh Ronnie agus thosaigh sé ag spraoi le Rosie. Shuigh Sióg síos, bhreathnaigh sé ormsa agus táim cinnte gurbh iad na focail a chuala mé óna shúile ná “Cá bhfuair tú an t-amadán sin?.’

.

Monday, April 20, 2009

C's na Maidine

Go hiondúil, bíonn comhrá agam leis an nGarraíodóir ar maidin sa leaba. Faoin am a dhúisíonn sé, bíonn go leor smaointeoireachta déanta agam féin agus, nuair a dhúisigh sé inné, d’iarr mé air ‘What ‘C’ am I thinking of?’. Gan fiú anáil a tharraingt dúirt sé, ‘Ciara, computer, cat. Tá an fear sin iontach cliste, ach ní raibh an ceart aige an geábh seo.

Mar aon le mo dheirfiúracha uile, bíonn bean na gruaige rua inár smaointe go síoraí; an chéad smaoineamh ar maidin agus an smaoineamh deireanach san oíche sula ndúnann ár súile ar iontais agus uafáis an domhain. Ní aon iontas sin. Maidir le ‘c’ an ríomhaire, bíonn ábhar scríbhneoireachta na maidine pléite go maith ag mo chloigeann le mo chroí faoin am a dhúisíonn an fear le mo thaobh. Agus ní féidir gan ainmhí an fhionnaidh dhuibh, Sióg mo chat, a bheith i mo smaointe mar go mbíonn sé ag glaoch orm ón gcistin chomh luath agus a chloiseann sé anáil na dúiseachta uaim.

Ach, nuair a bhíonn na C’s uile sin pléite ag mo chloigeann, sé C an chaife an smaoineamh a bhíonn ag rith trí mo chuislí agus é ag cuardach na caiféine. Tá turas na caiféine ar bun anois láithreach agus is gearr go mbeidh mé in ann soiléireacht a chur leis an smaointeoireacht luath sin.

‘What ‘C’ am I thinking of?’ a dúirt sé féin ansin. Sin scéal eile.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.