Is maith liom ainmhithe, go mór. Ní ithim iad. Is cuma liom bó, cearc, iasc, cat nó madra, ní ithim iad. Sin mise. Feoilséantóir. Ní miste liom céard a dhéanann aon duine eile, agus itear feoil i mo theach, ní i mo bhéalsa a théann sí. Tá an scéal mar sin liom ó bhásaigh m’athair os cionn trí bliana is fiche ó shin, agus is mar sin a bheas go lá mo bháis féin, creidim. Tá súil agam. Sin mo mhian.
Cibé scéal é, tá cat agam anois, Sióg. Is é an chéad chat fireann agam é. Cait bhaineanna a bhíodh agam riamh, chomh fada siar agus atá cuimhne agam, ar chuma ar bith. Agus is rud éagsúil amach is amach an cat fireann, feictear dom. Cat baineann ar bith a bhíodh agam, agus bhí neart acu agam thar na blianta, níor dhreap siad cuirtín riamh. Ní hamhlaidh le Sióg. Ceapann seisean go bhfuil cuirtíní ann ar mhaithe leis féin, le go mbeidh sé in ann iad a dhreapadh go rialta, agus iarracht á dhéanamh aige ceann scríbe éigin, nach bhfuil ann, a bhaint amach.
Ar aon nós, mar gheall ar an meon sin atá ag Sióg i leith cuirtíní, chinneamar, mé féin agus an Garraíodóir, gan aon chuirtíní a bheith againn sa teach nua seo, agus chrochamar dallóga veinéiseacha ina n-áit. Nach muid a bhí amaideach. Chomh luath in Éirinn agus a thug Sióg faoi deara go raibh téada ar na dallóga, ní fhaca sé ach ábhar spraoi. Bhí an Garraíodóir ar mire. “If that cat does not stop pulling at those strings, one of us will have to go.”, a dúirt sé.
Anois, níor mhaith liomsa go mbeadh ar an nGarraíodóir an teach nua seo a fhágáil, mar táim iontach mór leis, an dtuigeann tú, agus labhair mé le Sióg. Thug mé íde béil dó. Do Shíog, chan don Gharraíodóir. Diabhal maitheasa a bhí ann. San íde béil, chan sa Gharraíodóir. Is fear iontach maith eisean. Cibé scéal é, níor éist Sióg liom. Is cat fireann é, an dtuigeann tú. Ní éisteann a leithéid le focail chiallmhara, réasúnta. Choinnigh sé air ag spraoi, agus ag réabadh, faraor.
Bhí na dallóga i mbaol a mbáis, agus shocraíomar, mise agus an Garraíodóir, na téada a ghearradh le nach mbeadh Sióg in ann iad a fheiceáil, nó, ar a laghad, nach mbeadh sé in ann greim a fháil orthu. Agus rinne mé sin. Bhí mé amaideach arís. Níor ísligh mé na dallóga sular ghearr mé na téada, rud a d’fhág nach raibh mé in ann na dallóga a dhúnadh ar chor ar bith.
Tháinig fear na ndallóg inné, agus chuir sé téada nua isteach sna dallóga uile. 32 dallóg. Fuair mé an bille uaidh. Ní fhaca an Garraíodóir an bille fós. Tá an bille i bhfolach. Mar aon liomsa agus le Sióg.
.
Ciorcal Comhrá Ionad Uíbh Eachach ar turas
6 hours ago
An-scéal, a Áine! An bhfuil an ríomhaire glúine i bhfolach leat ansin?
ReplyDeleteBíonn an ríomhaire glúine liom, in achan áit!
ReplyDeleteBriseann an dúchas....
ReplyDeleteScéal iontach. Súil agam go néireoidh leat fearg an gharraídeora a mhaolú.
Go raibh maith agaibh, a chairde. Sióg fós ag réabadh leis...
ReplyDeleteAgus, maidir le do chaitín, ní thagann ciall roimh aois. Cén aois é? Is dócha go mbeidh sé níos suaimhní i gceann bliana... nó a dhó nó a trí!
ReplyDeleteTá sé beagnach cúig! Ní bheidh ciall aige riamh.:)
ReplyDelete