Showing posts with label leabhar. Show all posts
Showing posts with label leabhar. Show all posts

Thursday, October 14, 2010

Clubleabhar

An cuimhin libh gur labhair mé ar Chlubleabhar cheana, agus go ndúirt mé gur thug siad ‘an cic sa tóin dom a bhí uaim, le tús a chur le gnás na léitheoireachta arís’?

Bhuel, chuir mé tús leis an léitheoireacht an t-am sin agus, anois, tar éis shos an tsamhraidh, táim ar ais leo arís, ag léamh na leabhar atá molta acu don dara sraith.

Cé go bhfuilim rómhall le haghaidh leabhar Alan Titley, 'Gluaiseacht', (An Gúm), leabhar na míosa seo caite a léamh, tá sé ceannaithe agam, agus beidh deis agam tabhairt faoi amach anseo.

Idir an dá linn, tá tús curtha agam le leabhar na míosa seo, 'An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire', (Coiscéim) le Biddy Jenkinson, agus táim ag baint suilt ar dóigh as.

Mar a scríobh mé roimhe, creidim go gcuidíonn Clubleabhar linn ‘tacú lena chéile, agus leis na scríbhneoirí, agus leis na foilsitheoirí, le go mbeidh an teanga á cothú agus á coinneáil faoi bhláth.’

Cláraigh le Clubleabhar, a léitheoir, más mian leat bheith páirteach sa dara sraith den scéim léitheoireachta seo. Leabhar sa mhí atá i gceist, agus is fiú é, i mo thuairim. An ‘cic sa tóin’ abú!

Mura bhfuil deis agat bheith páirteach ann an mhí seo, is é ‘Ó Chósta go Cósta’ (Cló Iar Chonnachta), le Frank Reidy, leabhar na míosa seo chugainn. Bhain an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana ag an Oireachtas i mbliana.
.

Wednesday, October 13, 2010

Seoladh Leabhair

Seolfaidh An tOllamh Jim McCloskey, University of California, Santa Cruz an leabhar nua-fhoilsithe Ó Ishi go Hopi Boy, le John Walsh & Lillis Ó Laoire, mar chuid den Chomhdháil ar Chultúr agus Litríocht na Gaeilge.

Áit: Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

: Aoine, 15ú Deireadh Fómhair

Am: 6.30in.

Cuirfear sólaistí ar fáil don ócáid.
.

Wednesday, September 8, 2010

An Córán

‘Is iomaí seod sa domhan atá,
álainn, luachmhar, uasal, breá…’

Tá cúpla leabhar síniúchán agam, agus is as ceann acu sin a fuair mé an rann thuas, ar maidin.

Tá sé blianta blianta fada ó shin ó thosaigh mé ag bailiú na síniúchán iontu, a léitheoirí, le cairde, gaolta, agus daoine ar m’aithne ag scríobh teachtaireachtaí de shaghas éigin ar na leathanaigh, leathanaigh atá ag titim as a chéile anois; meirg ar na leathanaigh, ach chan ar na teachtaireachtaí, an dtuigeann sibh.

Ar ndóigh, níl i bhformhór de na teachtaireachtaí ach seafóid shoineanta, a leithéidí ‘did you ever see or ever pass, Áine sitting on an ass…’, cé go bhfuil cinn ann, fearacht an rainn thuas, a scríobh daoine muinteartha liom, daoine atá anois imithe ar shlí na fírinne, agus is aoibhinn liom go bhfuil scríbhinn leo fós i mo sheilbh agam.

Go deimhin, tá rainn eile ann, cinn a scríobh daoine saolta, ar dhaoine muinteartha liom iad, cinn le teachtaireacht shaolta iontu domsa, cinn fearacht ‘Speak gently. It is better far to rule by love than fear…’, mar shampla.

Is minic a tharraingím na leabhair shíniúchán chugam, go háirithe ar laethanta uaigneacha, abair, na laethanta sin nuair a theastaíonn tacaíocht de shaghas éigin uaim, abair. Léim na focail ó m’athair, na focail ó mo sheanmháthair, na focail ó mo shean-aintíní, agus cuimlím mo mhéara ar an áit inar shínigh siad a n-ainmneacha, mar a bheadh ceangal grá á dhéanamh agam leo arís.

Dá dtarlódh a dhath de na leabhair sin, bheinn buartha amach is amach. Is cuma céard atá scríofa iontu nach mbaineann le haon duine eile, is liomsa iad. Baineann na focail liomsa, agus le mo shinsir, le m'amsa a caitheadh, mar a déarfá. Bídís seafóideach nó bídís ciallmhar, tá teachtaireacht, agus tacaíocht, le fáil agamsa uathu.

Mar sin, ní dóigh liom go mbeadh sé de cheart ag aon duine iad a dhó orm, abair, fiú dá mbeadh fonn ar dhuine a leithéid a dhéanamh.
.

Monday, August 30, 2010

'Bhfuil Tusa Ag Labhairt Liomsa?

Daoibhse, a fheara, atá ag obair le mná, nó fiú ag obair in éineacht le mná, b’fhéidir gur mhaith libh bheith ar an eolas faoin tuairisc a léigh mé inniu, in Femail, tuairisc dar teideal, ‘WOMEN'S TOP TEN MOST HATED NICKNAMES’.

Ar fhaitíos nach bhfuil am agaibh an tuairisc a léamh, baineann sí leis na leasainmneacha sin as a mbaineann fir úsáid san ionad oibre, agus iad ag labhairt lena gcomhghleacaithe mná. Seo hiad na cinn nach dtaitníonn leis na mná, ar chor ar bith:

1. Love
2. Darlin'
3. Babe
4. Mate
5. Hun
6. Kiddo
7. Chick/Chicken
8. Dear
9. Poppet
10. Pet

Níl san alt seo uaimse, bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, ach fainic bheag don fhear a bhainfeadh úsáid as a leithéid de leasainmneacha, i ngan fhios dó féin, an dtuigeann sibh, ar fhaitíos nach dtuigfeadh sé go bhféadfadh sé bheith ag cur oilc ar an mbean bhocht lena bhfuil sé ag obair.

Thiocfadh sé idir mé féin agus codladh na hoíche mura roinnfinn teachtaireacht na tuairisce leis na fir bhochta sin a dhéanfadh a leithéid de rud, go haineolach.

Níor mhaith liom go dtabharfadh aon duine bladhaire, blitsín, cluanaire, líodóir, lústaire, lútálaí, pláibistéir, plámásaí, plásaí, riothaire, sleamaire, slíomadóir, slusaí, spleádóir, súdaire, ar an bhfear bocht, mura raibh sé tuillte aige, ar ndóigh. Sea.

Cibé scéal é, más rud go bhfuil tú ag iarraidh theacht ar ainm feiliúnach, as Gaeilge, don bhean, nó don fhear, lena bhfuil tú ag obair, d’fhéadfá iad a fháil san áit chéanna ina bhfuair mise na cinn sin thuas, ón leabhar Cén Sórt É?; Meascra Ainmneacha ar Chineálacha Daoine, le Tomás Ó Fiacháin, leabhar iontach eile a cheannaigh mé ó Cló Iar Chonnachta, an mhí seo caite.
.

Saturday, August 28, 2010

Seoladh Leabhair

A bhuí leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Coiscéim, beidh an leabhar nua-fhoilsithe Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin; Séamas Mac Amhlaoibh, le Pádraig Ó Baoighill, á sheoladh inniu ag 1.00 i.n., ag Aodh Mac Eoghain, i Siopa Leabhar An 4ú Póilí, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.

Beidh fáilte roimh chách, agus beidh sólaistí curtha ar fáil don ócáid.
.

Wednesday, August 25, 2010

Barrúil nó Brúidiúil?

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is aoibhinn liom ainmhithe. Mar sin féin, glacaim leis go bhfuil daoine ann a mharaíonn ainmhithe, agus daoine ann a itheann ainmhithe, fiú mura ndéanfainn féin é.

Ár bhfírinne féin ag gach duine againn, a léitheoirí. Sin éagsúlacht an tsaoil.

Mar sin féin, bíonn sé deacair orm, go minic, meon an duine i leith ainmhithe a thuiscint, go háirithe nuair a fheicim a leithéidí seo, agus é le rá ag an té a rinne é ‘"I really don't see what everyone is getting so excited about -- it's just a cat."

Dar léi, cheap sí go mbeadh sé 'funny' é a dhéanamh.
.

Saturday, August 21, 2010

Kiss My...

bad mouth, an ea? Ní hea.

Níl baint ar bith, sa chás seo, ag an ‘kiss my..’ sin le ‘bad mouth’, cé go bhfuil an dá cheann acu le fáil sa leabhar ‘Kiss My…póg mo thóin; dictionary of English-Irish Slang’ le Garry Bannister, ó na foilsitheoirí, New Island Books.

Go deimhin, agus níl anseo ach fainic bheag don té nach maith leo mionnaí móra, abair, nó don té nach mbeadh tugtha d’fhocail gháirsiúla ghnéasacha, b’fhéidir gurbh fhearr cuid den bhéarlagair sa leabhar seo a sheachaint. Mar sin féin, níl a dhath ann nach gcloistear beo beathach i mbéal an phobail ar fud na tíre.

Ach, ní abairtí le mionnaí agus focail gháirsiúla ghnéasacha amháin atá sa leabhar. Samplai eile d’abairtí atá liostaithe faoi ‘kiss’, mar shampla, tá ‘kiss-and-tell-stories’ (scéalta grá ar son pá), agus ‘kisser’ (gob), rud nach ionann agus ‘bad mouth’, bíodh a fhios agaibh. Faoin liosta ‘bad mouth’ tá ‘You’re always bad-mouthing him’ (Bíonn tú de shíor ag dubhú a ainm air!)

I bhfocal Alan Titley, ina réamhrá, ‘There are words and phrases here that you will not find in a conventional dictionary; ‘nerdy’…’poxy’…’effin and blinding’…’snog’…’puff’…’ Agus níl ansin ach cuid acu.

Is féidir leagan Gaeilge de, mar shampla, abairtí leis an bhfocal ‘piss’ iontu a fháil, (Piss off!, Are you taking the piss? Piss-artist), nó, abair, abairtí leis an bhfocal ‘dick’ iontu, (He’s a right dick! dick-head.), rud nach ionann, b’fhéidir, agus an duine a bheadh ina ‘ass-wipe’!

I bhfocal an údair, Garry Bannister, i mBrollach an leabhair,

‘…Drochchaint – níl a leithéid ann! Is féidir le teanga bheith maslach nó náireach don té a éisteann léi ach níl ansin ach frithchaitheamh ar an duine agus an aois lena mbaineann an duine sin, ní ar an teanga féin. Níl san fhoclóir seo ach caint lom na ndaoine…Soláthraíonn an leabhar beag seo caint choitianta an Bhéarla laethúil lena macasamhla sa Ghaeilge…’

Cheannaigh mé an leabhar le déanaí, agus mé ar saoire i gConamara. Ó fuair mé é, tá abairtí as léite amach os ard agam, i gcomhluadar Béarlóirí agus Gaeilgeoirí, agus baineann chuile dhuine taitneamh, agus gáire, as. Seoid de leabhar!

Níl aon dabht faoi, a léitheoirí, ach rinne Garry garraíodóireacht iontach, agus tá béarlagair na Gaeilge faoi bhláth sa leabhar seo.

An bhfuil a leithéid d’fhocal ann agus, ahem, gaeilgegair, meas tú…
.

Saturday, August 7, 2010

Andúileach Leabhar

Oh, my God…’ arsa An Bhean Neamhspleách, nuair a chonaic sí carnán leabhar nua suite ar an tolg, ‘…you were let loose in a bookshop again, weren’t you!?’

Tá sí ar saoire i láthair na huaire, agus chinn sí cúpla lá a chaitheamh lena tuismitheoirí i gConamara. Nuair a shroich sí ár dtearmann aréir, chuaigh sí i dtreo an toilg, áit a raibh uirthi na leabhair nua a bhrú go leataobh, le go mbeadh sí in ann áit suí a fháil di féin.

Ar ndóigh, bhí an ceart aici. Ní féidir mo leithéid, agus cárta creidmheasa i mo ghlac agam, a scaoileadh gan sreang de shaghas éigin, agus mé istigh i siopa leabhar. Ní raibh aon sreang liom.

Ní féidir an locht a chur ar An Mháistreás, go deimhin. Ní dhearna sise tada as bealach. Síob soir chuig Cló Iar-Chonnachta a thug sí dom, ó tharla ‘cúpla leabhar uaim’, mar a dúirt mé léi. Ní raibh fáil agam ar charr ag an am, an dtuigeann sibh, agus céard a dhéanfadh cara dil ach cuidiú le cara eile, in am an ghátair. Sea.

Le bheith féaráilte, ní raibh sé i gceist agam ach cúpla leabhar a fháil – Tuar Mhic Éadaigh, Stair agus Seanchas, le Pádraig Standún, agus In Ord is in Eagar, le hAntain Mac Lochlainn, leabhair a fuair mé i gCló Iar-Chonnachta, chomh luath agus a shroich mé an áit.

Ach, gan sreang ná sábháil orm, séard a tharla ansin, an dtuigeann sibh, chonaic mé neart leabhar eile, leabhair a bhí luaite ag comhbhlagálaithe liom, nó leabhair luaite in Gaelscéal, b’fhéidir, nó leabhair a tharraing m’aird ina dtreo. Bhí mé mar a bheadh beach mheala i measc na mbláthanna, agus bhí mil chuile áit!

Cibé scéal é, a léitheoirí, bhí an t-ádh liom, agus bhí orm stopadh den cheannach tar éis uair a chloig, ó tharla an áit ag dúnadh. Ní hé go raibh Deirdre chuidiúil do mo chaitheamh amach as an áit, bíodh a fhios agaibh, ach, ahem, tháinig ciall le ham.

Thosaigh Deirdre ag suimiú, agus chuidigh An Mháistreás fhoighneach liom na 20 leabhair a cheannaigh mé a thabhairt liom abhaile.
.

Tuesday, June 22, 2010

LGBT agus Cearta Daonna

Bhí áthas orm inné nuair a chuala mé gur éirigh, faoi dheireadh, le Lydia Foy aitheantas dlíthiúil mar bhean a fháil sa tír seo. Bhí sé thar am. Tá sí ag fanacht leis an gcinneadh sin le trí bliana déag, an bhean bhocht.

Is iomaí uair a bhí fonn uirthi éirigh as a dianiarrachtaí ach, dar léi, ‘the prize of legal recognition and the responsibility of fighting for rights of the transgender community kept her focused.’ Nár laga a Cé í, agus go gcuire rialtas na tíre seo reachtaíocht i bhfeidhm, go luath, a thabharfaidh deis dí a cearta daonna a chomhlíonadh, agus a hainm a fheiceáil, mar bhean, ar a teastas breithe, mar is cóir.

Is fearr go mall ná go brách, a deirtear, agus feicim go bhfuil An Bille Um Páirtnéireacht Shibhialta ag bogadh céim eile ar aghaidh, mar is cóir. Mar sin féin, tá lucht na heaglaise sa tír seo fós ag labhairt amach ina choinne.

Tá siad breá sásta, shílfeá, a ladar a chur in obair an rialtais, mar a rinne siad go minic cheana, iad ag impí anois ar bhaill an Oireachtais ‘to allow for greater recognition of the proper autonomy of churches and the right to social and civil freedom in religious matters.’ An bhfuil cearta daonna baill an LGB sa tír seo luaite acu sa méid sin, meas tú?

Labhraíonn siad ar ‘social order’ agus ar ‘the right of individuals to the free exercise of conscience’ amhail is dá mba i bhfocail an ‘Gospel’ amháin atá an ‘moral order’ le fáil. Tá sé feicthe againn, thar na blianta, cén toradh a bhíonn le focail na leabhair éagsúla sin, agus ní dóigh liom go raibh ‘free exercise of conscience’ ceadaithe do chuile dhuine, a léitheoirí. Agus an gá trácht a dhéanamh ar ‘moral order’ na tíre seo thar na blianta, am a mbíodh ár ‘morals’ faoi chúram agus greim docht na heaglaise?

Tá cearta lucht an LGBT i mBostún á gcosaint le 40 bliain anuas, ach fós, dar le Arline Isaacson, ceannaire an Massachusetts Gay and Lesbian Political Caucus, ‘we are not quite there yet.’ Má éisteann tú leis an mbean a ghlaoigh isteach ag deireadh an chláir seo ar Radio Boston an tseachtain seo caite, cheapfá nach leor fiú 40 bliain le cearta daonna baill an LGBT a mhúnlú in aigne daoine le ‘morals’ dá gcuid féin acu.

Ar an gclár céanna sin, labhair mo dheartháir, Pierce, fear atá ag obair ar mhaithe le cearta an LGBT i mBostún ó 2003, agus atá ina bhall de bhord stiúrtha an Boston Pride. Dar leis, ‘there is so much to do…there is so much going on around the world…we have to keep working on it…’. Is léir, ón méid atá fós á rá ag an eaglais anseo, gur ionann an scéal sa tír seo.

Go n-éirí linn cearta phobal an LGBT a chosaint agus a thabhairt chun cinn, thall agus abhus.
.

Sunday, May 23, 2010

Clubleabhar agus Gaelchultúr

Bhí mé mall go maith ag clárú le clubleabhar.com. Ba mhór an cur siar orm é an obráid sin a rinneadh orm ach, le mí anuas, tá m’fhuinneamh ag filleadh go fairsing, agus táim i mo tháinrith chun sláinte anois, buíochas mór le hOllmháthair na Cruinne.

De thoradh fhilleadh na sláinte, tá fonn orm bheith ag léamh arís, agus thug Clubleabhar an cic sa tóin dom a bhí uaim, le tús a chur le gnás na léitheoireachta arís. An mhí seo caite, mar shampla, léigh mé formhór na scéalta as Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta, leabhar na míosa seo caite.

Chomh maith leis sin, scríobh mé, ahem, léirmheas de shaghas ar an suíomh, agus is féidir leat é a léamh, nó bheith páirteach sna fóraim dhíospóireachta éagsúla, ach clárú le Clubleabhar anseo.

Níl gá clárú le bheith páirteach i bhfóram an phlé ghinearálta, fóram inar féidir ‘plé a dhéanamh ar an litríocht i gcoitinne’, chomh fada agus is eol dom, ach is fiú bheith páirteach sna fóraim más rud go bhfuil suim agat léirmheas a scríobh, mar shampla.

Dar leo i gClubleabhar, ‘bronnfar duais €60 gach mí ar an léirmheas is fearr a scríobhfar mar gheall ar leabhar na míosa’, agus cé nach bhfuil taithí dá laghad agam ar a leithéid a dhéanamh, táim ag dul ag tabhairt cic sa tóin eile dom féin, agus beidh, ahem, iarracht eile uaim léirmheas de shaghas a scríobh ar leabhar na míosa seo, Cúpla Focal, le hAnna Heussaff.

Tá agat go dtí Dé Céadaoin le do léirmheas féin, ceann faoi leabhar na míosa seo, a sheoladh chuig eolas@clubleabhar.com, más rud go bhfuil fonn ort tabhairt faoi. Go deimhin, níl ann ach giota spraoi phléisiúrtha sa bhreis don léitheoir, agus cá bhfios nach mbeadh €60 ag teacht sa phost chugat mar thoradh ar d’iarracht, agus deis agat do léirmheas a fheiceáil san iris mhíosúil beo.ierud a fhágfaidh go léifidh na mílte duine é, i ngach cearn den domhan.’

An méid sin ráite, an tábhacht is mó a fheicim le Clubleabhar ná an deis a thugann sé dúinn leabhair éagsúla na Gaeilge a léamh, ceann amháin in aghaidh na míosa, ar a laghad, más é sin ár mian. Is féidir linn ár dtuairimí a roinnt i bhfóraim, más mian linn, ach, níos tábhachtaí fós, tugann sé deis dúinn uile tacú lena chéile, agus leis na scríbhneoirí, agus leis na foilsitheoirí, le go mbeidh an teanga á cothú agus á coinneáil faoi bhláth.

Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann uile in Gaelchultúr, an dream a bhunaigh an tionscadal clubleabhar.com. Tá obair iontach ar bun acu i gcur chun cinn ‘an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa.’

leabhar na míosa seo chugainn, Ar Muir is Ar Sliabh, le Dermot Somers, ceannaithe agam, agus chuir mé tús leis aréir. Beidh mé ag bualadh leis an dream seo ar an deireadh seachtaine seo chugainn, i nGleann Cholm Cille, agus seans go mbeidh deis againn ár dtuairimí ar na leabhair éagsúla a roinnt, chomh maith le, seans, deoch nó dhó, amhrán nó dhó, focal nó dhó nó trí…
.

Friday, April 23, 2010

Comhairle na Cumhachta

Anois, a fheara, tá a fhios agam go bhfuil sibh ann a cheapann go bhfuil na rialacha uile ar eolas agaibh, go bhfuil sé uilig léite agaibh ó na leabhair éagsúla, agus go bhfuil an fhírinne agaibhse, agus agaibhse amháin; más é sin do chás, seans nach dtabharfaidh tú aird dá laghad ar a bhfuilim ag dul ag roinnt leat anois. Amadán ar a chosa an té a thabharfadh neamhaird ar Chomhairle na Cumhachta…

...Ach, más rud go bhfuil tú ag iarraidh íde na muc is na madraí a sheachaint, más rud go nglacann tú leis go bhfuil cumhacht níos airde ann, cumhacht ar féidir léi bheith níos fíochmhaire ná mar atá léite agat in aon leabhar go dtí seo, cumhacht le greim daingean aici ar do chinniúint, ansin, mholfainn duit breathnú ar an bhfíseán seo, agus an ceacht atá ann a fhoghlaim de ghlan mheabhair, mar nach bhfaighidh tú é in aon leabhar a scríobhadh riamh.

Glac leis an teachtaireacht, agus beidh síocháin shíoraí linn uilig.
.

Tuesday, April 20, 2010

Banbholcáin!

Ó sea! Sin é ceart go leor! Nach maith a bhí a fhios agam go dtiocfadh sibhse, a fheara, ar bhealach éigin leis an milleáin a chur orainne.

Gabh mo leithscéal anois, ach tá orm imeacht agus mo chóid mhorálta a léamh, ar fhaitíos go bhfuil damáiste á dhéanamh agam, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh. Sea.
.

Monday, April 5, 2010

Dícheangal agus Díchorda

Ní dóigh liom go bhfuil duine ná deoraí, thall ná abhus, nach bhfuil ar an eolas faoin méid atá ag titim amach san eaglais Chaitliceach i láthair na huaire, agus, go deimhin, faoin méid atá ag titim amach sna heaglaisí agus sna rialtais éagsúla ar fud an domhain.

Má bhíonn achrann ann, bíonn reiligiún agus rialtas lárnach ann go minic, agus, bíonn na meáin ann; na nuachtáin, teilifís, raidió; tráchtairí ag roinnt scéalta linn, ár ndearcadh ar a bhfuil ag tarlú ag brath ar a ndearcadh siúd, shílfeá.

Tá meáin eile ann, na leabhair as a mbíonn briathra á dtabhairt anuas go rialta, ag lucht na n-eaglaisí, ag daoine ar bhlaganna agus, nuair a fheileann sé dóibh, ag na meáin uile. Tagann na tuairimí, agus na tagairtí, chugainn ar aerthonnta agus ar thonnta inchinne, agus roinneann chuile dhuine a fhírinne féin linn, amhail is dá mba aigesean amháin atá an fhírinne cheart, b’fhéidir.

Feictear dom, thar na blianta, go bhfuil meascán daoine ann; daoine a chreideann gach a léann siad; daoine a chreideann roinnt den mhéid a léann siad; daoine nach gcreideann a dhath a léann siad; daoine a chreideann cibé rud as na meáin éagsúla a fheileann dóibh féin, agus is ar an rud sin a dhíreoidh siad a mbriathra, na briathra sin á roinntear linne, lucht na linne seo, gan stad gan staonadh.

Fágann na scéalta a chloistear agus a léitear na laethanta seo, fágann siad ár laethanta dorcha, shílfeá, mar a bheadh scamaill thiubha dhubha os ár gcionn, gan ach gile an dóchais ár gcoinneáil ón ngruaim. Nó, b’fhéidir gur mar sin atá, gur mar sin a bheas, anois agus go huair ár mbáis.

Tá daoine ag léamh go fial as ‘fírinne’ a staire, agus tá dícheangal agus díchorda ar fud an domhain. Sin í an fhírinne, shílfeá.
.

Thursday, March 4, 2010

Sinéad agus an tEaspag

Bhí Sinéad O’Connor ag labhairt le Gerry Ryan inné, iarratas an Dr. Dennis Brennan faoi chaibidil acu, iarratas atá luaite agam anseo cheana.

Más mian leat an litir a scríobh sí a léamh, agus más mian leat litir an Rev. John Carroll ón deoise a léamh, agus más mian leat meon cuid de pharóistigh na deoise a léamh seo chugaibh, a léitheoirí.

Líne amháin ón Rev. Carroll daoibh, más fíor,

It may very well be that a decision will be taken to dispose of one of the diocesan assets – but that will only occur after the conclusion of consultation over the coming months, and perhaps years – with churchgoers.’

Hmmm...
.

Tuesday, March 2, 2010

Please Sir, I want some more...

An bhfuil a fhios agaibh, ach sé Oliver Twist a tháinig isteach i mo chloigeann ar maidin, nuair a chuala mé go raibh an Dr. Dennis Brennan ag lorg ‘financial help from parishioners’.

Ní bhaineann a iarratas, bíodh a fhios agaibh, le ‘sharing the blame’, más fíor. Níl ann ach go bhfuil sé ag lorg cabhrach ó lucht leanúna eaglais an pharóiste ‘to fulfil a God-given responsibility.’ Sin mo thuiscint ón méid a léigh mé, ar aon nós.

Anois, más rud go bhfuil tú sa pharóiste sin, agus más rud go dtéann tú ag an Aifreann ann go rialta, nó fiú mura dtéann tú ann ach anois is arís; agus más rud go leanann tú chuile dhlí, nó fiú cuid de dhlíthe na heaglaise sin, eaglais a chothaíonn aontumha, eaglais nach dtugann cead do mhná obair shagairt a dhéanamh; agus más rud go nglacann tú leis, gan ghearán, nár tháinig focail aiféala ó cheannaire na heaglaise sin, fós, maidir leis an drochbhail a cuireadh ar pháistí faoi chúram na heaglaise sin, bheul, nach tusa crann taca na heaglaise sin, agus cén fáth nach dtabharfá an ‘financial help’ don easpag bocht?

Radharc beag as Oliver Twist daoibh san fhíseán thíos, ó tharla gurb é a tháinig isteach i mo chloigeann ar maidin. Cá bhfuil Sigmund…


Monday, February 22, 2010

An Í Seo Do Bheatha?

Tháinig ceann acu seo chun tí inniu, tríd an bpost. Ní m’ainm a bhí ar an litir, ach ainm an Gharraíodóra, agus bhí an chuma ar an seoladh, nach raibh iomlán ceart, gur tháinig sé ó liosta toghcháin, nó a leithéid, b’fhéidir. Chattanooga an stampa atá breactha ar bharr an chlúdaigh litreach, agus stampa ón USA atá greamaithe dó.

Anois, níl a fhios agam an é go gceapann an té a sheol an leabhrán go raibh an teachtaireacht de dhíth ar an nGarraíodóir bocht ach, cibé scéal é, níor thuig sé focal ón leabhrán, ó tharla an leabhrán scríofa i nGaeilge ‘BA É SEO DO BHEATHA!’, agus níl mórán Gaeilge aige. Ach chonaic sé na focail ‘ceann scríbe’ ann, an dtuigeann sibh, agus cheap sé gur teachtaireacht phearsanta a bhí ann dúinne.

Ar ndóigh, cá bhfios dúinn nach teachtaireacht phearsanta atá ann ón té a sheol ach, ar chúl an leabhráin, tá áit na ‘compliments of’ folamh, mar sin tá sé deacair a rá cé a chuir chugainn é, nó chuige, is cirte a rá. Ach, is anseo a fhoilsítear é, ceapaim, mar sin é an seoladh idirlín atá ar bhun an leathanaigh chúil.

Tá barúlacha faoin gCaitliceachas anseo, faoin Ioslamachas anseo, faoi Fhinné Iáivé anseo agus, daoibhse, a eolaithe, rud beag faoin éabhlóideachas anseo.

Is é mo thuiscint, ón méid a léigh mé ar an suíomh, bíodh mé ceart nó mícheart, gurb é seo an leabhar leis an bhfírinne ann, ceann eile le cur le liosta na leabhar ina bhfuil an fhírinne le fáil.

Tá súil agam nach aon diamhasla é an t-eolas seo a roinnt libh. Go sábhála Cé? sinn, más ea…
.

Saturday, February 13, 2010

Díol le Dealbh

Níl a fhios agam cén chaoi ar coinníodh an rún seo ó na forbróirí uile, agus ó lucht NAMA agus na bainc uile, ach táim á roinnt libhse inniu, a léitheoirí, ar fhaitíos go bhfuil aon duine agaibh ar tí teach a dhíol, nó ag iarraidh teach a dhíol, ach nach bhfuil ag éirí libh.

Cé nach bhfuilim cinnte cén Leabhar ina bhfuil sé deimhnithe nó ordaithe, más fíor go dtarlaíonn a leithéid, is cosúil go gcreidtear gur féidir do theach a dhíol ach dealbh de Naomh Seosamh a chur, bun os cionn, i ngarraí do thí, áit éigin gar den chomhartha ‘For Sale’.

Nílim siúráilte an gcaithfidh tú bheith mar dhuine den lucht leanúna, nó b’fhéidir nach bhfuil ionat ach duine den ‘I’ll try anything once’ briogáid, ach, cibé scéal é, is féidir leat do dhealbh, an St. Joseph Pewter Home Sale Kit, a cheannach anseo, más mian leat triail a bhaint as.
.

Wednesday, September 9, 2009

Diamhasla greannmhar?

Éist liom anois, a léitheoirí, mar táim ag dul fainic bheag a fhágáil libh – ná héist leis an bpíosa seo ó youtube más rud gur duine goilliúnach atá ionat maidir le cúrsaí creidimh. ‘Religion is bullshit’ an t-ainm atá ar an taifeadadh, mar sin bígí ag súil leis an rud atá sibh ag súil leis óna leithéid de theideal.

Fear darbh ainm George Carlin atá ann, fear a dúirt a leithéid ‘Atheism is a non-prophet organisation', agus ‘I have as much authority as the Pope, I just don’t have as many people who believe it’ , agus ‘I was thinking about how people seem to read the Bible a whole lot more as they get older; then it dawned on me - they're cramming for their final exam’ , agus ‘Religion is just mind control’.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a chloisfidh greann san áit a gcloisfidh daoine eile diamhaslú. Agus sin mo cheist. An greann nó diamhasla atá sa taifeadadh, i do thuairim?

.

Thursday, September 3, 2009

Cara de dhíth!

Mar is eol daoibh, táim ag foghlaim liom. Chuile lá, agus mé ag plé leis an idirlíon ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim ag dul i dtaithí ar shuíomhanna úra an idirlín, rudaí nach raibh trácht ar chor ar bith orthu agus mise ag tógáil mo pháistí, cosúil le Twitter, Bebo, Facebook agus a leithéidí.

Nuair a thosaigh mé ar an mblagáil seo, bhí orm eolas a fháil ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach le tuiscint a fháil ar an gcraic seo. D’éirigh liom tús a chur le mo bhlag, mar is léir ón bhfianaise os do chomhair, a léitheoir, agus bainim sult as, caithfidh mé a rá. Gurab amhlaidh duit!

Maidir le Bebo agus Twitter, chuaigh mé ag plé leo sin freisin, ar mhaithe le taithí a fháil orthu. Ní féidir liom gan a bheith ag útamáil, an dtuigeann sibh. Cibé scéal é, ní raibh a dhath iontu a choinnigh mo chuid spéise seachránaí ag dul, agus ní bhacaim leo, cé go bhfuil mé cláraithe, creid é nó ná creid. Fuair mé amach, i ndiaidh gach ní, nach gá bheith eolach ar rocket science le do bhealach a dhéanamh timpeall ar na suíomhanna sin. An méid sin foghlamtha agam, d’fhág mé slán acu arís.

Cé go bhfuil go leor daoine ar m’aithne ag plé le Facebook, níor bhac mé leis riamh, go dtí inniu. Sí An Bhean Neamhspleách atá ciontach. Chuir sí an nasc seo chugam, nasc a bhaineann leis na Oilimpeacha Speisialta in Éirinn, agus d’iarr sí orm clárú leo mar ‘cara’ ar an suíomh atá acu ar Facebook anois. "Fadhb ar bith" arsa Áine léi féin. Isteach liom ar Facebook agus táim cláraithe anois, agus Special Olympics Ireland mar chara agam ann.

Isteach leat anseo anois, a léitheoir, agus cláraigh mar chara leis na Oilimpeacha Speisialta, mura miste leat. Ba mhaith leo cairde a fháil, agus ba dheas an rud dá bhfaigheadh.

Tá físeán ann, próifíl an lúthchleasaí, Oliver Doherty, as Inis Eoghain, agus táim chun iarracht a dhéanamh é a íoslódáil anseo daoibh. Má éiríonn le mo chuid útamála, beidh sibh in ann é a fheiceáil ag bun an ailt seo. Mura n-éiríonn, tá sé le fáil ar an suíomh. B’fhiú duit éisteacht leis, má bhíonn deis agat. Scéal álainn.

Tá obair iontach ar bun ag na daoine uile atá ag obair leis na Oilimpeacha Speisialta. Nár dheas do thacaíocht a thaispeáint dóibh inniu, agus an nuacht uatha a scaipeadh, trí chlárú leo mar chara. Maith thú, a chara!
.

Sunday, August 23, 2009

Scríbhneoirí Óga Úra

Tháinig bronntanas deas sa phost inné ó Heather Brett as Windows Publications, dream a d’fhoilsigh cuid de mo dhánta féin cúpla bliain ó shin.

Towards a Wilderness’ an t-ainm atá ar an leabhar a chuir sí chugam, ‘an anthology of young people’s work’ nó ‘a new anthology of student writings and artwork’ mar atá scríofa ar an leabhar.

I mBéarla atá formhór na ndánta, ach tá roinnt acu i nGaeilge freisin, agus is fiú iad uile a léamh le meon an aosa óig, trí mheán a gcumadóireachta, a fheiceáil.

Céard faoin gceann seo ó Emma Brady, aois 13:

Bean an Fheirmeora

Tá bean an fheirmeora
Tinn tuirseach den saol
Ní dhéanann sí tada ach
Ag ullmhú bia
Ag sclábhaíocht
Ó mhaidin go hoíche

Ba mhian léi imeacht
Ón aonach, ón bhfeirm
Ón gcath
B’fhéidir go maolófaí an phian
In áit éigin ar nós an Spáinn
B’fhéidir go mbeadh
Seans aici sa Fhrainc

Scaoilfeadh stáitse “Broadway”
Saor í as a géibheann
Ina raibh sí sáinnithe
Ó phós sí an feirmeoir
A mheall í tráth

Suimiúil, nach bhfuil? Anois, féach an ceann seo ó Morrison Forde, aois 11:

Girls

They’re nice and soft and pink
And encourage me to wink!
They’re smart, they’re cool, they’re witty
And there’s no doubt born pretty.
They’re everywhere that I seem to go
There’s lots about them I’d like to know.
But I’m too young to understand
What it is that they’ve got planned.
So I’ll stick with my mates for now
Because that’s all my mom will allow.
No matter what my mom may think
I can’t resist an occasional wink!

Anois, más rud nach bhfuil tú gealgháireach tar éis an dán sin a léamh, maithim do mo dhóigh!

Tagann teideal an leabhair ón dán ‘Towards a Wilderness’, dán a scríobh Ciaran O’Rourke, aois 17, leaid a bhain an New Writer Award ag an Cúirt Festival i mbliana.

Go n-éirí go geal, agus go gealgháireach, lenár scríbhneoirí óga úra uile!

Gach eolas faoin leabhar le fáil ó Windows Publications, atá faoi chúram díograiseach Heather Brett agus Noel Monahan.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.