Bhí mé mall go maith ag clárú le clubleabhar.com. Ba mhór an cur siar orm é an obráid sin a rinneadh orm ach, le mí anuas, tá m’fhuinneamh ag filleadh go fairsing, agus táim i mo tháinrith chun sláinte anois, buíochas mór le hOllmháthair na Cruinne.
De thoradh fhilleadh na sláinte, tá fonn orm bheith ag léamh arís, agus thug Clubleabhar an cic sa tóin dom a bhí uaim, le tús a chur le gnás na léitheoireachta arís. An mhí seo caite, mar shampla, léigh mé formhór na scéalta as Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta, leabhar na míosa seo caite.
Chomh maith leis sin, scríobh mé, ahem, léirmheas de shaghas ar an suíomh, agus is féidir leat é a léamh, nó bheith páirteach sna fóraim dhíospóireachta éagsúla, ach clárú le Clubleabhar anseo.
Níl gá clárú le bheith páirteach i bhfóram an phlé ghinearálta, fóram inar féidir ‘plé a dhéanamh ar an litríocht i gcoitinne’, chomh fada agus is eol dom, ach is fiú bheith páirteach sna fóraim más rud go bhfuil suim agat léirmheas a scríobh, mar shampla.
Dar leo i gClubleabhar, ‘bronnfar duais €60 gach mí ar an léirmheas is fearr a scríobhfar mar gheall ar leabhar na míosa’, agus cé nach bhfuil taithí dá laghad agam ar a leithéid a dhéanamh, táim ag dul ag tabhairt cic sa tóin eile dom féin, agus beidh, ahem, iarracht eile uaim léirmheas de shaghas a scríobh ar leabhar na míosa seo, Cúpla Focal, le hAnna Heussaff.
Tá agat go dtí Dé Céadaoin le do léirmheas féin, ceann faoi leabhar na míosa seo, a sheoladh chuig eolas@clubleabhar.com, más rud go bhfuil fonn ort tabhairt faoi. Go deimhin, níl ann ach giota spraoi phléisiúrtha sa bhreis don léitheoir, agus cá bhfios nach mbeadh €60 ag teacht sa phost chugat mar thoradh ar d’iarracht, agus deis agat do léirmheas a fheiceáil san iris mhíosúil beo.ie ‘rud a fhágfaidh go léifidh na mílte duine é, i ngach cearn den domhan.’
An méid sin ráite, an tábhacht is mó a fheicim le Clubleabhar ná an deis a thugann sé dúinn leabhair éagsúla na Gaeilge a léamh, ceann amháin in aghaidh na míosa, ar a laghad, más é sin ár mian. Is féidir linn ár dtuairimí a roinnt i bhfóraim, más mian linn, ach, níos tábhachtaí fós, tugann sé deis dúinn uile tacú lena chéile, agus leis na scríbhneoirí, agus leis na foilsitheoirí, le go mbeidh an teanga á cothú agus á coinneáil faoi bhláth.
Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann uile in Gaelchultúr, an dream a bhunaigh an tionscadal clubleabhar.com. Tá obair iontach ar bun acu i gcur chun cinn ‘an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa.’
Tá leabhar na míosa seo chugainn, Ar Muir is Ar Sliabh, le Dermot Somers, ceannaithe agam, agus chuir mé tús leis aréir. Beidh mé ag bualadh leis an dream seo ar an deireadh seachtaine seo chugainn, i nGleann Cholm Cille, agus seans go mbeidh deis againn ár dtuairimí ar na leabhair éagsúla a roinnt, chomh maith le, seans, deoch nó dhó, amhrán nó dhó, focal nó dhó nó trí…
.
‘Veganuary’ - leideanna ó MarthaTheVegan
1 day ago
Cuir mo bheannacht ag Seán Mór, mar sin! Thaitin ar muir agus ar sliabh go mór liom.
ReplyDeleteChuala mé rud éigin faoi seo ach ní dhearna mé é a fhiosrú. Go raibh maith agat an spreagadh agus as an eolas. An-smaoineamh é cinnte.
ReplyDeleteTionscnamh an-fhiúntach a raibh mé ag súil leis roimh ré go gcuirfí rud dá leithéid ar bun. Táim cláraithe le roinnt míosa anuas ach níl faic léite agam fós, faraor. Tá sé beartaithe agam, áfach, go n-ordóidh mé "Ar Muir is Ar Sliabh" le Dermot Somers.
ReplyDeleteThaitin do léimheas dom.
Tabharfaidh mé do bheannacht liom chuige, a Aonghuis!
ReplyDeleteA Chailliomachais, agus a Ormondo, bhí mé féin mall ag teacht chuige, ach tá áthas orm go bhfuil tús curtha agam le mo rannpháirtíocht sa chlub, mar go bhfuilim ag léamh arís, agus theastaigh an 'cic sa tóin' nó 'spreagadh' sin uaim...;-)
Ar maidin, chuaigh mé ar thóir mo nótaí ar léirmheastóireacht, cinn a fuair mé agus mé i mbun céime roinnt blianta ó shin. Déanfaidh mé iarracht ar léirmheas a scríobh, más féidir liom, agus ní bheidh ann ach smaointe an léitheora amaitéaraigh, sé sin le rá, smaointe an duine a léann ar mhaithe an phléisiúir, chan mar léirmheastóir acadúil ná proifisiúnta!
Tá an méid a scríobh mise faoi le léamh anseo
ReplyDeleteGo raibh míle maith agat, a Aonghuis!
ReplyDeleteTá léirmheas eile ar Cúpla Focal, le léamh in beo.ie anseo.