Monday, November 9, 2009

Triail

Táim sa bhaile arís. Go deimhin, táim sa bhaile ó thráthnóna Dé Sathairn, ach ag glacadh rudaí go réidh. Níl aon rogha agam, leis an fhírinne a rá.

Tá mo chloigeann bocht tuirseach, cé go bhfuil mo chorp láidir go maith. Bhí mé in ann siúl go mall réidh maidin Dé Sathairn, mo bhealach a dhéanamh ón leaba san ospidéal go dtí carr an Gharraíodóra gan chuidiú, ach chaith mé an chuid eile den tráthnóna sa leaba i gCeann Scríbe. Tá sé féin ag tabhairt aire mhaith dom, caithfidh mé a rá.

Glacfaidh sé am don ainéistéiseach a bhealach a dhéanamh amach as mo chorp, deirtear liom, agus is é sin atá mo choinneáil siar rud beag. Ach, is cuma. Chuaigh mé ag siúl ar feadh 10 nóiméad inniu, suas agus síos an bóthar taobh amuigh den teach, an ghrian ag soilsiú orm, an ghaoth ag líonadh mo scamhóga le haer úr. Ní airím aon phian, a fhad is nach gcuirim aon bhrú orm féin, rud nach bhfuil ceadaithe go ceann mí nó mar sin, fiú dá mbeadh an fuinneamh agam, rud nach bhfuil fós.

Fiú agus mé slán sa bhaile, bhí mé rud beag brónach, mar sin féin. Tháinig scéal chugam ar maidin, ó mo chara, go bhfuil a fear álainn imithe ar shlí na fírinne. Tá sé ceithre mhí ó chualamar nach raibh fágtha aige ach seal, agus tá an seal sin tagtha chun críche.

Agus, sin an saol, a léitheoirí, chuile dhuine agus a thriail féin rompu. Níl aon ghearán uaim, mar is éasca mo thriail i gcomparáid leis an méid atá ag titim amach i dteach mo chara. Tá cneasú romhamsa, cinnte, ach go bhfóire Cé orainn, nach crua i bhfad an bóthar atá le siúl ag an mbean bhocht sin anois.

Go raibh maith agaibh as na teachtaireachtaí sin uaibh, a fheara. Is mór liom bhur mbeannachtaí uile. Coiscéimeanna beaga uaim go ceann tamaillín, ach beidh mé ar ais ar mo sheanléim gan mhoill. Sin mo ghuí, agus sin mo mhian.
.

Friday, November 6, 2009

Brú na Broinne

Cúig mhí ó shin, scríobh mé anseo faoin moilliú a thug mé faoi deara i mo choiscéimeanna, le bliain nó dhó. Scríobh mé, freisin, go raibh mé ag dul i ngleic leis an réabadh nádúrtha sin, cibé an toradh a bheadh ar an iomaíocht eadrainn.

Ar aon nós, nuair a bhí mé sa Spáinn cúpla mí ó shin, bhí fadhb agam le mo dhroim, fadhb a d’fhág go raibh orm beagnach lá iomlán a chaitheamh sínte ar an tolg thall. Mar gheall air sin, ar m'fhilleadh abhaile dom, rinne mé coinne le mo dhochtúir, agus rinne seisean coinne dom le saineolaí san ospidéal.

An mhí seo caite, lá na coinne, bhí an Garraíodóir liom chuig an ospidéal. Ní raibh ceachtar againn cinnte cén sórt tástálacha a bheadh romham, agus ar fhaitíos nach mbeinn in ann tiomáint abhaile, shocraigh sé gurbh fhearr leis theacht liom, ‘to keep you company’, mar a dúirt sé féin. Tuigeann sibh féin an chraic, a léitheoirí. Is maith an rud cuideachta, go háirithe nuair nach bhfuil duine cinnte céard atá amach roimhe, agus bhí mé breá sásta an comhluadar bheith liom.

Cibé scéal é, d’fhan sé féin amuigh sa seomra feithimh, agus isteach liom chuig oifig an dochtúra. Ní haon dea-scéala a bhí romham ón dochtúir, muise, tar éis na dtástálacha uile, cé nach drochscéala amach is amach a bhí ann ach an oiread. Rinne mé mar a dhéanfadh bean ar bith eile sa chás ina raibh mé, ghlac mé leis an toradh uaidh, agus dúirt mé leis go bhfeicfinn é sula i bhfad.

Ar m’fheiceáil ag teacht ina threo, d’éirigh an Garraíodóir, a dhá láimh sínte amach, meangadh gáire ar a bhéal, féitheacha an ghrinn ag damhsa ina shúile, mar is iondúil leo, agus dúirt, ‘Well, am I stuck with you for a little while longer?’. Thosaigh mé féin ag gáire, fios maith agam go mbeadh an fear céanna croí briste dá dtarlódh a dhath dá bhean.
You are, for a lot longer,.’ a d’fhreagair mé ‘But, I have to have a hysterectomy.’

An fear bocht. Shílfeá gur sádh é, leis an dreach uafáis a tháinig ar a aghaidh chineálta. Bhí sé buartha ar mo shon, an dtuigeann sibh, cé nach raibh mé féin chomh buartha céanna. Tá fadhb agam, caithfear fáil réidh léi, sin mar atá, agus sin sin!

Cibé scéal é, táim ag dul faoi scian tráthnóna inniu, a léitheoirí, mo chás ag fanacht liom sa charr, agus An Bord Snip ag fanacht liom san ospidéal. Tá an Garraíodóir ag siúl thart agus dreach imníoch air, cé go bhfuilim féin suaimhneach go leor. Creidim gur fearr i bhfad a bheas an todhchaí nuair a bheas an fhadhb, atá mo chrá le bliain anuas, curtha díom agam. Chan an Garraíodóir, a léitheoirí, ach mo bhroinn!

Ní bheidh mé libh arís go dtí go mbeidh mé ar ais sa bhaile, i gceann lá nó dhó, nó trí...

Idir an dá linn, agus más mian libh, déan cibé rud a dhéanann sibh le gathanna dearfacha a chur i dtreo Cheann Scríbe. Beidh siad de dhíth ar mo Gharraíodóir bocht.

Ná bígí uaigneach i m’uireasa.

.

Tuesday, November 3, 2009

Seáinín Smaoiseach ag an Oireachtas

Tharla sé go raibh an fear dathúil greannmhar sin, Seáinín Smaoiseach, ag an Oireachtas, agus bhuaileamar lena chéile, anois is arís.

Chuir mé ceist air an raibh aon diabhlaíocht eile ag dul ar aghaidh aige na laethanta seo, neamhaird iomlán a dhéanamh agam den bhlonde lena thaobh, cé go bhfuil aithne mhaith agam ar an mblonde chéanna. Bhí jab le déanamh agam, ar bhur son, a léitheoirí, agus ní raibh am le cur amú agam, an dtuigeann sibh.

Bhí sé ag caint le go leor daoine, Tadhg ina measc. Creidim féin go raibh sé ag éisteacht go géar le focail Thaidhg, le go mbeadh sé in ann aithris a dhéanamh orthu arís, am éigin amach anseo. Ar ndóigh, b’fhéidir nach raibh, ach bhí a chluasa géaraithe go maith aige, mar sin féin.

M’anam, a léitheoirí, nach bhfuil físeán eile curtha le chéile aige. Diabhlaí na rudaí a bhíonn ag dul ar aghaidh ag lucht Nuacht TG4 …



.

Puipéid

Tá go leor rudaí in iomaíocht le mo chuid ama na laethanta seo, ach ghlac mé am chugam féin ar maidin le héisteacht le hAdhmhaidin, agus leis an agallamh sin idir Chon agus an Aire Ó Cuív, maidir le haistriúchán na gcáipéisí oifigiúla.

Leis an fhírinne a rá, ní raibh a ndóthain ama acu leis an ábhar a phlé go hiomlán, domsa ar aon nós, agus nílim fós cinnte cé leis a thaobhaím maidir leis an airgead a chaitear ar aistriúcháin na gcáipéisí oifigiúla go Gaeilge, cé go dtuigim an dá thaobh, agus tá pointí maithe ag an dá thaobh.

Ba mhaith liom clár iomlán ar an ábhar seo a chloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, nó fiú ar TG4, rud a thabharfadh deis dom na fíricí uile a chloisteáil, ón dá thaobh. Táim cinnte go bhfuil go leor daoine cosúil liom féin nach dtuigeann an scéal ina iomláine. Ach tá a fhios agam an méid seo, ní duine mór cur amú airgid mé, cé gur duine mór na Gaeilge mé. Ba chóir an dá rud a chaomhnú, más féidir é ar chor ar bith. Sin mo thuairim, fiú más tuairim an aineolaí í.

Cibé scéal é, sula bhfágfaidh mé sibh inniu, seo chugaibh físeán beag a cuireadh chugam ar maidin, agus a chuir agallamh na maidine go leataobh. Má tá sibh bréan den chaint ar ghearradh siar agus ar chur amú airgid, glac nóiméad nó dhó as an lá am éigin inniu, agus caith súil air seo.

Tar éis an tsaoil, a léitheoirí, tá an domhan iontach, agus cá bhfios dúinn nach puipéid muid uile.



video

Sunday, November 1, 2009

Gairm le Gaeilge

Rinne Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, an leabhrán eolais dátheangach, Do Ghairm le Gaeilge/Your Career with Irish, a sheoladh go hoifigiúil ag an Oireachtas inniu.

Is leabhrán é atá dírithe ar chéimithe atá líofa sa Ghaeilge, é ‘foilsithe ag Graduate Careers Ireland i gcomhar le GTI Ireland agus Fiontar DCU, le maoiniú ón Údarás um Ard-Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta’, agus is féidir é a íoslódáil ón idirlíon anseo.

Más rud go bhfuil suim ag céimithe gairm le Gaeilge a bheith acu, is fiú go mór an leabhrán seo a léamh. Tá eolas ann maidir le rudaí ar fiú aird a thabhairt orthu nuair atá post le Gaeilge á lorg ag duine, leideanna maidir le CV agus agallaimh, agus eolas faoi phoist san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach, sna meáin, agus in earnáil an chultúir.

Tá cur síos ann ar na deiseanna atá ar fáil in Éirinn, le teagmhálacha úsáideacha agus le leideanna úsáideacha. Tá próifílí céimithe ann, ina gcuireann na céimithe síos ar na gairmeacha le Gaeilge atá acu féin.

Molaim go mór an Dr. Emer Ní Bhrádaigh agus a comhghleacaithe as an obair a rinneadar ar an leabhrán seo, leabhrán a bheas, i mo thuairim, ina chuidiú iontach do chéimithe atá ar thóir post, ó thuaidh agus ó dheas, ina n-úsáidtear Gaeilge.

Dea-scéal le scaipeadh, a chairde na Gaeilge!
.

Friday, October 30, 2009

Comhbhlagálaithe

Táim scriosta! Bhí mé ag an Oireachtas ó mhaidin, agus nílim ach sa bhaile anois.

Buaicphointe an lae dom? Bualadh le Proinsias agus Tadhg – faoi dheireadh! Tá siad cosúil lena gcosúlacht, a léitheoirí, agus d'aithin mé iad ar an bpointe, cé gur dóigh liom nár aithin siadsan mise, go dtí gur chuir mé mé féin in aithne dóibh.

Lá eile romham amárach, lán le Gaeilge, gleo, gliondar agus gáire. Diabhal locht agam ar an saol anocht, a léitheoirí, mar casadh go leor daoine orm inniu nach bhfaca mé le fada, agus cuireadh daoine nua ar m’aithne.

Agus, den chéad uair riamh, tháinig duine i mo threo agus dúirt ‘Nach tú Áine … léim do bhlag.’ Anois, nach deas sin? Agus, dar leis, baineann sé sult as. Go raibh maith agat, a Phádraic!

Tá sé in am dom sos a ghlacadh anois, agus mé féin a chur in aithne do mo leaba arís. Beidh mé ar ais, go luath.
.

Thursday, October 29, 2009

Poll sa Teach

D’imigh mé liom ón teach tráthnóna, luath go leor le go mbeinn i Leitir Ceanainn in am don Chomórtas Lúibíní a fheiceáil ag an Oireachtas ann. Bhí na Lúibíní ar siúl in Óstán an Mount Errigal ag a 5 i.n., agus bhí mé ann in am, mar is iondúil liom. Duine iontach poncúil atá ionam, an dtuigeann sibh.

Ach, casadh an oiread sin daoine orm ó shiúil mé isteach doras an óstáin, agus idir na beannaithe agus na barróga, níor éirigh liom ach leath de na lúibíní a chloisteáil. Is cuma. Bhí an méid a chonaic mé iontach ar fad, idir lúibíní agus daoine.

Bhí orm imeacht liom díreach tar éis na lúibíní, mar go bhfuilim ag freastal ar cheardlann scríbhneoireachta ar an Déardaoin i Leitir Ceanainn, mar is eol do mo léitheoirí rialta, agus bhí mé ag an gceardlann sin ar feadh dhá uair an chloig.

Bhí mé sa bhaile luath go leor, agus ba léir go raibh an Garraíodóir uaigneach i m’uireasa, mar fuair mé barróg mhór uaidh agus mé ag siúl isteach an doras.

‘Did you have a good day?’ a d’fhiafraigh sé.

‘I did,' arsa mise, 'and I went straight to the writer’s workshop after the Oireachtas.’

‘Where’s the Orifice?’ a d’fhiafraigh sé.

Caithfidh mé Gaeilge a mhúineadh don fhear sin…
.