Bhí mé ag léamh liom as forlíonadh nós* i nGaelscéal na seachtaine seo, agus céard a chonaic mé ann ach leathanach ó Chillian de Búrca, faoin gceannteideal ‘Comhairle Do Leasa!’, Cillian ag tabhairt ‘nod dóibh siúd atá ag tosnú amach ar thuras na hollscoile.’, dar leis.
Anois, tá sé blianta blianta fada ó shin ó bhí mise ag ‘tosnú amach’ ar an ‘turas’ sin, a léitheoirí, agus tá a fhios agam gur athraigh an saol go mór idir an dá linn; caithfear a bheith beagán níos cúramaí, b’fhéidir, agus tú ag tabhairt faoi ‘do chead bhliain de shaoirse’, mar a scríobh Cillian.
Mar sin féin, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an ceathrú píosa comhairle uaidh,
‘ná tit i ngrá sa chéad seachtain’
Bhuel, a léitheoirí, cé nach bhfuil aithne dá laghad agam ar an bhfear, caithfidh mé mo chomhairle foirfigh féin a roinnt le Cillian, agus le duine ar bith eile nach dtuigeann cúrsaí grá mar a thuigimse iad, abair.
Mo chomhairle? Nuair a thosaíonn saigheada an ghrá ag teacht i do threo, is cuma cén t-am nó cén áit ina bhfuil tú, níl a dhath i ndán duit ach titim!
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
4 days ago
“Ná tit i ngrá,” ars an fáidh, “mar greamóidh sé de d'aghaigh!”
ReplyDeleteFíor...:-)
ReplyDeleteAontaím leat...sa chéad bhliain in Ollscoil Luimnigh thiteas i ngrá le cailín a bhí ag freastal ar an gcúrsa céanna. Sin fiche bliain ó shin anois agus táimid fós le chéile!
ReplyDeleteIontach, a Dave!
ReplyDeleteNár laga bhur gCé bhur ngrá...:-)