Showing posts with label Gaelscéal. Show all posts
Showing posts with label Gaelscéal. Show all posts

Saturday, September 25, 2010

Comhairle do Chillian

Bhí mé ag léamh liom as forlíonadh nós* i nGaelscéal na seachtaine seo, agus céard a chonaic mé ann ach leathanach ó Chillian de Búrca, faoin gceannteideal ‘Comhairle Do Leasa!’, Cillian ag tabhairt ‘nod dóibh siúd atá ag tosnú amach ar thuras na hollscoile.’, dar leis.

Anois, tá sé blianta blianta fada ó shin ó bhí mise ag ‘tosnú amach’ ar an ‘turas’ sin, a léitheoirí, agus tá a fhios agam gur athraigh an saol go mór idir an dá linn; caithfear a bheith beagán níos cúramaí, b’fhéidir, agus tú ag tabhairt faoi ‘do chead bhliain de shaoirse’, mar a scríobh Cillian.

Mar sin féin, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an ceathrú píosa comhairle uaidh,

‘ná tit i ngrá sa chéad seachtain’

Bhuel, a léitheoirí, cé nach bhfuil aithne dá laghad agam ar an bhfear, caithfidh mé mo chomhairle foirfigh féin a roinnt le Cillian, agus le duine ar bith eile nach dtuigeann cúrsaí grá mar a thuigimse iad, abair.

Mo chomhairle? Nuair a thosaíonn saigheada an ghrá ag teacht i do threo, is cuma cén t-am nó cén áit ina bhfuil tú, níl a dhath i ndán duit ach titim!
.

Leithscéal agus Forbairt

An cuimhin libh na focail seo uaim, cúpla mí ó shin, a léitheoirí, maidir leis an iris nós*
‘…creidim féin gur mhaith an rud a bheadh ann dá gcuirfeadh lucht na hirise…na síntiúsóirí ar an eolas faoi céard atá i ndán don iris.’

Bhuel, mar is eol do dhuine ar bith a cheannaigh Gaelscéal na seachtaine seo, tá forlíonadh speisialta ag nós* anois, i bpáirt leis an nuachtán sin, agus beidh sé á fhoilsiú ann ar an Aoine dheiridh de gach mí.

Le 'Nuacht na nÓg' ann chomh maith céanna anois, airím go bhfuil Gaelscéal ag dul i dtreis, agus creidim go rachaidh forlíonadh nós* ann chun tairbhe an nuachtáin, chun tairbhe na hirise, agus chun tairbhe an léitheora óig, ach go háirithe.

Idir an dá linn, seo thíos ríomhphost a tháinig chugamsa, mar shíntiúsóir, ó eagarthóir nós*, an tseachtain seo. Go n-éirí go geal libh, a Tomaí!

"A chairde,

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil libh nár éirigh le nós* aon eagrán a chur i gcló i mbliana agus as gan ár léitheoirí agus síntiúsóirí a choinneáil ar an eolas faoi na deacrachtaí a bhí ag an iris le linn na bliana.

In 2009 ghlac muid an chéim dhúshlánach tús a chur le foilsiú leagan clóite de nós* ar bhonn míosúil, gan aon mhaoiniú ná infheistíocht stáit. Togra iomlán deonach a bhí ann gan mórán áiseanna ach bhí fís againn agus - le cabhair na ndaoine sin a cheannaigh síntiús - d'éirigh linn an foilseachán Gaeilge is snasta agus is comhaimseartha riamh a fhoilsiú ar feadh bliana.

Bhí muid dóchasach i gcónaí go meallfadh an t-éacht seo maoiniú éigin chun cuidiú leis an togra ach, ar chúiseanna éagsúla, níor mheall agus ba ar fhógraí agus ar shíntiúis amháin a bhí an iris ag brath.

Sa deireadh, ba dhúshlán ró-mhór é sin sa ghéarchéim reatha eacnamaíochta agus sin an fáth nár foilsíodh aon eagrán de nós* go dtí seo in 2010.

Gabhaím buíochas mór le gach duine a chuir ar ár gcumas ceann de na hirisí Éireannacha is tarraingtí riamh a fhoilsiú, agus gabhaím leithscéal libh nach raibh muid in ann leanúint ar aghaidh mar a bhí beartaithe.

Ní deireadh iomlán é do nós* clóite áfach mar Dé hAoine seo (24.09.10) tá gliondar orainn a fhógairt go bhfoilseofar forlíonadh speisialta nós* leis an nuachtán náisiúnta Gaelscéal. Tá Gaelscéal, atá lonnaithe sa Spidéal, tar éis an-dul chun cinn a dhéanamh ó seoladh é ní ba luaithe i mbliana agus beidh forlíonadh neamhspleách nós* anois á fhoilsiú i bpáirt leis an nuachtán ar an Aoine dheiridh de gach mí.

Gnáth-mheascán d'ábhar spleodrach nós* atá i gceist leis an fhorlíonadh agus beidh fáil ar na scéalta arís ar bhaile idirlín na hirise, www.nosmag.com, chomh maith.

In ainneoin na ndeacrachtaí airgid agus eile a bhíonn ag na meáin Ghaeilge trí chéile, ba mhaith linn a rá go bhfuil sprioc againn go fóill leagan snasta míosúil de nós* a chur ar fáil arís do phobal na Gaeilge sa todhchaí, ach an infheistíocht chuí bheith faighte.

Nuair a tharlaíonn sé sin, gheobhaidh gach síntiúsóir nach bhfuair iomlán a gcóipeanna uainn an chuid eile dá síntiús agus tá bhur sonraí coinnithe againn dá réir.

Is féidir le haon duine nach bhfuil sásta leis an socrú seo teagmháil a dhéanamh linn chun lascaine do shíntiús Gaelscéal a fháil, nó chun aon cheist eile a phlé.

Chuaigh nós* sa seans nuair a cuireadh tús leis an leagan clóite agus, cé nach ann dó anois mar a samhlaíodh ag an tús, maireann an tseirbhís go fóill. Ar a bharr sin, taispeánadh cad is féidir le pobal na Gaeilge a bhaint amach nuair a thagann muid le chéile, rud is dócha a mbeidh orainn a dhéanamh níos minice amach anseo de réir mar a ghearrtar siar ar ár seirbhísí ginearálta sna ciorruithe reatha.

Míle buíochas arís as bhur bhfoighne agus as bhur dtuiscint, agus tá súil agam go mbeidh sibh linn sa chaibidil nua seo i dturas nós*.

Le meas,

Tomaí Ó Conghaile
Eagarthóir nós*
"
.

Monday, September 20, 2010

Slócht agus Slacht

‘Ceapaim gur raiméis é an rud ar fad...' a dúirt Rónán Ó Cuinn i nGaelscéal na seachtaine seo, agus d’fhéadfadh sé go bhfuil an ceart aige. Mar sin féin, cé nár chuala seisean an Taoiseach i gcomhrá, beo ar an aer, le Cathal Mac Coille an mhaidin úd, chuala mise é.

Go deimhin, chuala Ryan Tubridy é, freisin, is cosúil. Bhí a chlársan ar siúl díreach i ndiaidh chlár na nuachta, an clár ar a raibh Brian Cowen ag labhairt le Cathal. Dheimhnigh na chéad fhocail ó bhéal Ryan go raibh seisean ar aon intinn liomsa, ‘Get that man a Berocca, or something…’, an smaoineamh ceannann céanna ag rith leis an mbeirt againn, shílfeá.

Anois, níl a fhios agam an raibh nó nach raibh an Taoiseach faoi shlócht nó gan slacht ar an lá, ach tá a fhios agam céard a d’airigh mé féin agus mé ag éisteacht leis an gcomhrá beo ar an aer an mhaidin sin. Bíodh mé ceart nó mícheart, is é an smaoineamh a rith liom ag an am ná nach dtuigeann an fear sin cruachás an ghnáthdhuine, agus go bhfuil sé tinn tuirseach ag éisteacht linn ag giúnaíl faoin gcruachás sin.

Táim sa bhád céanna le Bernie Ní Flatharta an geábh seo, an cheist chéanna agamsa agus a bhí aici féin i nGaelscéal na seachtaine seo,

‘Tá an saol athraithe ach ar inis aon duine don Taoiseach é sin?’
.

Wednesday, June 30, 2010

Bhfuil Handcuffs Uait?

Táim buíoch de John as m’aird a tharraingt ar an bhfocal ‘dornasc’, focal a luaigh sé ag deireadh an ailt seo uaidh. Táim buíoch de freisin as gáire a bhaint asam leis an bpictiúr ag deireadh an ailt, agus as an ngreann uaidh féin agus ó Dennis sna tráchtanna ailt.

Tá súil agam go mbeidh deis ag Bernie Ní Fhlatharta (Gaelscéal, 25 Meitheamh, lch.13) an t-alt a léamh, le go bhfeice sí nach bhfuil ‘an chraic imithe’, agus nach bhfuil an saol ‘imithe i bhfad ródháiríre’, agus go bhfuil cuid againn, fós, nach bhfuil, tá áthas orm a rá, ‘rófhásta suas’. Ná laga a Cé a gáire, ná gáire mo léitheoirí Gael!

Ar aon nós, ar ais linn chuig na 'handcuffs', mar táim cinnte go bhfuil sibh ann a bheas ar bís ag iarraidh theacht ar an eolas seo.

Mo chuimhne, agus maith dom an claonadh ó chúrsaí, ahem, oideachais ar feadh nóiméad nó dhó, ach cheannaigh mé trí leabhar, le déanaí, leabhair a chuidíonn go mór liom agus mé i mbun taighde ar fhocail na Gaeilge:

1. Leabhar Mór Bhriathra na Gaeilge le A.J. Hughes – leabhair a d’inis dom inniu cén fáth a scríobhaim ‘a bheas’ (A. Fháistineach, Briathar ‘Bí’) go nádúrtha in áit ‘a bheidh’ go caighdeánach – is rud canúnach é, agus tá a fhios agam é sin anois ó tharla ceithre leagan den bhriathar sin, agus neart briathra eile, ag Art ina leabhar i.e. An Caighdeán Oifigiúil, Gaeilge Chúige Uladh, Gaeilge Chonnacht, agus Gaeilge na Mumhan.

2. Foclóir Béarla agus Gaedhilge le L. McCionnaith, (1935)

3. Lane’s Larger English-Irish Dictionary le T. O’Neill (1922)

Cibé scéal é, na handcuffs sin, agus an focal ‘dornasc’, an leagan Gaeilge a d’úsáid John ina alt; ach ábhar nár úsáid Dennis riamh, dar leis féin ina thrácht ar bhlag John. Bíodh sin mar atá, tá leaganacha éagsúla ag na foclóirithe, agus, ahem, bealaí éagsúla acu, le húsáid a bhaint as na handcuffs sin.

Dar le DeBhaldraithe (lch.323) ‘glais lámh’ atá iontu, agus go gcuirfeá, dá mba mhian leat, is dócha, ‘glais lámh ar’ dhuine – sórt "Book 'em, Danno!" a bheadh i gceist, cheapfainn. (Lord almighty! Jack eile duit, a Dhubhaltaigh!)

Tiocfaidh mé ar ais ag Ó Dónaill (FGB) agus Dinneen i gceann soicind, a léitheoirí, mar tá fainic agus seachain agam daoibh as na foclóirí sin.

Tá ‘ceangal lámh’ agus ‘glas láimhe’ ag McCionnaith (lch.580), agus tá ‘Cuireadh práisléid cruadha ar mo lámha’ aige.

Tá an briathar ‘dornasgaim’ (to manacle) ag Lane (lch.741), le ‘glas’, ‘dornasg (dorn-nasg)’, agus ‘cuibhreach lámh’ ann, freisin.

Anois, tá ‘dornasc/dornaisc’ ag Dinneen (lch. 360), agus ‘a bracelet, a wristlet’, nó ‘a manacle’ leis, ach tá ‘dornfhásc, id.’ aige taobh le ‘ a manacle’, agus seo mo chéad fhainic daoibh – tá míniú eile ag ‘dorn-fhásc’, ‘act of feeling for anything with the hands, as in the dark’. Hmmm...

Agus, seachain uaim daoibh anois, sa mhullach ar an bhfainic sin thuas, a léitheoirí - ní hionann an ‘dornasc’ atá ag FGB (lch.438) agus an focal ‘dornásc’ atá an leathanach céanna. Dá ndéanfá botún, agus ‘fada’ a chur san áit nár chóir do shíneadh fada a bheith, tú ‘ag dornásc oíche’ de thimpiste, bheadh tú ag ‘groping in the dark...at something'. Go sábháiltear sinn!

Anois, má théann sibh amú agus ábhar handcuffs idir lámha agaibh, ná habair nach raibh sibh ar an eolas, má dhéanann sibh an rud mícheart.
.

Tuesday, May 4, 2010

Pionós Corportha

Níl sé i bhfad ó shin ó bhí a leithéidí seo inghlactha, ach tá a fhios againn anois nach bhfuil sé ceart a leithéid a dhéanamh, nach bhfuil?

Más rud go gcreideann muid nach bhfuil sé ceart bean a bhualadh, an féidir glacadh leis go mbeadh sé ceart go leor páiste a bhualadh, b’fhéidir ‘a bit of a slap’ a thabhairt do pháiste, nó ‘smitín’ a thabhairt dó, mar a thug Bernie Ní Fhlatharta air ina halt ar leathanach 13 de Ghaelscéal na seachtaine seo caite, ‘Ar cheart do Chomhphobal Eorpach cosc a chur ar phionós corportha?’

Dar le Bernie, ‘Níl mise ar son gasúir a ionsaí go rialta ach níl a fhios agam céard atá mícheart le cúpla smitín a thabhairt más gá.’ Agus, is léir go bhfuil síciatraí ann a cheapann go bhfuil gá le smitín, b’fhéidir, ‘particularly if it is to keep the child safe. If a child is going to put his hand in the fire, a slap can stop him being burned.’

Agus, an smitín a bhí i gceist ag Amanda Brunker, ar chlár Ireland AM ar TV3, nuair a dúirt sí, faoin mbualadh a thug sí dá beirt mhac, duine acu ceithre bliana d’aois, an leaid is óige dhá bhliain d’aois, ‘I have smacked them hard enough to leave a visible mark…I don’t do it often but at least I am honest. People try to be too PC.”

Cén uair a bhíonn ‘gá’ le ‘smitín'? An bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘smack’ atá 'PC'? An bhfuil sé ceadaithe slat a úsáid, nó flip flop a úsáid, nó lámh a úsáid? An bhfuil ‘visible mark’ ceadaithe? Cá bhfuil an teorainn?

Lámha suas anois…
.

Wednesday, April 14, 2010

Gaelscéal: Crua nó Éasca?

Más rud go bhfuil tú ar dhuine de na daoine sin nach bhfuil fáil agat ar an gcóip chrua de Ghaelscéal, agus más mian leat an leagan digiteach ar líne anseo a léamh, ansin mholfainn duit dul anonn chuig blag Aonghuis anseo, agus na treoracha uaidh a léamh, le go mbeidh tú in ann leagan PDF den nuachtán a íoslódáil. Is leagan é atá i bhfad Éireann níos éasca a léamh, mura bhfuil tú in ann theacht ar an gcóip crua. I mo thuairim.

Is féidir leat Gaelscéal a shábháil ar do ríomhaire ansin, más mian leat, agus é a léamh ar do sháimhín só, rud a mholfainn. Is fiú bheith ar do sháimhín só, seans ar bith a fhaigheann tú. I mo thuairim.

Agus tú istigh ar leathanach an leagan dhigitigh, tá na heagráin uile go dtí seo le fáil, freisin, ach brú ar an gcnaipe 'Féach eagrán', cnaipe atá thuas sa chúinne, ar thaobh na láimhe clé, ag barr an leathanaigh.

Mo chuimhne, go raibh maith agat, a Aonghuis! Is fiú blag Aonghuis a léamh, i gcónaí. I mo thuairim.
.

Sunday, March 28, 2010

Gaelscéal Amú! Gaelscéal Abú!

Ceart go leor, ní bhfuair mé é ar an Aoine, é imithe amú, b'fhéidir, áit éigin idir dáil agus díol, ach tháinig mo Ghaelscéal ar an Satharn, agus, dar m’anam, ach is mé a bhain taitneamh as ag an deireadh seachtaine.

Is fearr mall ná go brách, a chairde, agus mo bhuíochas le lucht Macs, an nuachtánaí áitiúil óna mbím ag ceannach mo nuachtán go hiondúil, dream a chaith lá nó dhó ar an bhfón le dáileoir an nuachtáin, go dtí gur éirigh leo cóipeanna de Ghaelscéal a fháil, ar mhaithe leis an gcustaiméir seo, agus ar mhaithe le custaiméirí eile, ar mór leo an teanga.

Maith dom na 65 focal san abairt sin thuas, a léitheoirí. Mar is eol daoibh, is minic mé ag rámhaille liom, ach tuigeann sibh sin, nach dtuigeann, a léitheoirí?

Níor tháinig Gaelscéal chuig na nuachtánaithe áitiúla eile, feictear dom. Bhí fadhbanna dáileacháin ann, shílfeá. Mar sin féin, níl tuile dá mhéad nach dtránn, agus rinne mé mar a mhol eagarthóir an nuachtáin nua, Gaelscéal, agus chuaigh mé thart ar na siopaí nuachtáin ‘ag iarraidh orthu Gaelscéal a chur ar na seilfeanna.’

Is maith liom gach a raibh le rá ag Ciarán Dunbar ina ‘Fáilte go Gaelscéal’, go háirithe an méid seo uaidh maidir leis an ‘Ghaeilge faoi bhrú’,

‘…tá dúshlán ar leith roimh an teanga agus romhainn a labhraíonn í. Thiocfadh linn a bheith ciniciúil diúltach agus éadóchasach ach cibé rud a dhéanann diúltachas agus díomuachas, ní dhéanann siad faic na ngrást leis an Ghaeilge a choinneáil beo ar chaoi ar bith.’

Tá an ceart aige, agus beidh mise ar dhuine de na daoine sin a thabharfas deis do lucht ‘Gaelscéal’ fáil réidh lena bhfadhbanna tosaigh, sula gcuirfidh mise, ahem, m’fhiacail ann, mar a déarfá, agus déanfaidh mé chuile iarracht tacú leo tríd an dea-scéal a scaipeadh: tá nuachtán nua ar an bhfód, ‘nuachtán i nGaeilge seachas páipéar Gaeilge’, agus is fiú súil a chaitheamh air, más é do thoil é.

Idir an dá linn, déarfaidh mé an méid seo. Is maith liom a bhfuil léite agam go dtí seo, agus is maith liom leagan amach an pháipéir. Níor bhris focal maith fiacail riamh. Bíodh an diabhal ag na cancráin. Gaeilge agus Gaelscéal abú!
.

Friday, March 26, 2010

Roinn Ainm na Roinne Linn

Ní raibh scéal ná Gaelscéal le fáil i mBun Cranncha ar maidin, agus bhí orm mo chupán caife a ól i gCeann Scríbe, áit a raibh mé ag éisteacht le hIris Aniar ar Raidió na Gaeltachta.

Chaill mé formhór den chomhrá idir an láithreoir, Eibhlín, agus an tAire Ó Cuív, ó tharla mé ag tiomáint timpeall an bhaile ar thóir nuachtán nua na Gaeilge, ach chuala mé an tAire a rá go bhfuil trí lá fós againn ainm eile a thabhairt do ‘An Roinn Coimirce Sóisialaí’, nó leagan nua a chumadh, más mian libh a leithéid, a léitheoirí, sula ndéanfar reachtaíocht ar theideal na roinne nua-ainmnithe sin.

Ar ndóigh, thapaigh Eibhlín an deis, agus ghlac sí an cúram uirthi féin aon mholadh uaibhse, a lucht éisteachta, agus aon mholadh uaibhse, mo lucht léitheoireachta – níor, ahem, níor luaigh sí mo lucht léitheoireachta, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí – cibé scéal é, ghlac Éibhlín an cúram uirthi féin na moltaí uile a ghlacadh ag irisaniar@rte.ie , agus cuirfidh sise na moltaí sin ar aghaidh chuig an Aire.

Más mian leat ainm eile a thabhairt don roinn, ainm eile seachas An Roinn Coimirce Sóisialaí, seo do sheans, a léitheoir. Cuirfidh mé féin tús leis an gcraic, agus roinnfidh mé ceann nó dhó libh, ceann a fuair mé, ó bharr a cinn, ó dhuine ó aonach ar maidin – An Roinn Cúram Pobail, nó An Roinn Cúram Cearta Pobail.

Más buan mo chuimhne ar an gcomhrá ar an gclár, mhol an tAire dúinn leaganacha a thabhairt ina mbeadh an tuiscint ag an bpobal i gcoitinne, ón leagan nua, gurb iad dualgais na roinne aire agus airgead a thabhairt do dhaoine, chomh maith le fostaíocht a chur chun cinn. Ceapaim. Rud éigin mar sin.

Más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh é sin a chinntiú, éistigí le focail an Aire ar chlár an lae inniu anseo. Bean na leathéisteachta a bhí ionam ar maidin, an dtuigeann sibh. Easpa Gaelscéal is cúis le mo mhearbhall, is dóigh liom. Ah bhuel, beidh an nuachtán agam go luath, ta súil agam. Idir an dá linn, bímis ag gabháil fhoinn...

♪♫ Roinn Ainm na Roinne Linn...♪♫♫
.

Lá Fhéile Gaelscéal!

Sea, a chairde, tá an lá mór anseo, Lá Fhéile Gaelscéal!

Táim ag imeacht liom anois, suas go Macs, mo nuachtánaí áitiúil, áit a mbeidh cóip curtha go leataobh dom.

Beidh mé ag dul isteach liom sa Lunch Box ansin, le cupán caife na maidine a ól, i gcomhluadar nuachtán nua na Gaeilge.

Ná déanaigí dearmad bhur gcóip a fháil, a léitheoirí, agus bainigí sult as an bparáid.
.

Tuesday, February 23, 2010

Eagarthóir ag Gaelscéal!

Is cosúil, ón méid a léigh mé anseo, go bhfuil eagarthóir ceaptha anois do Ghaelscéal.

Is é Ciarán Dunbar, fear ón Tuaisceart, Co. an Dúin, a bheas ag tabhairt aire do ghnó an pháipéir nua, nó ag coinneáil súl ar chúrsaí nuachta, is dócha.

Tá Ciarán ag súil le ‘páipéar den chéad scoth a chur ar fáil, páipéar a bheas ag cothú le forbairt phobal na Gaeilge, ar fud an domhain.’

Go n-éirí go geal le Ciarán agus a chomhghleacaithe. Beidh an chéad eagrán linn roimh dheireadh Mhí an Mhárta, tá súil acu.

Táim ag dúil go mór leis, caithfidh mé a rá.
.

Sunday, January 17, 2010

Gaelscéal

Tuilleadh sonraí faoin nuachtán nua, Gaelscéal, le fáil anseo, ar leathanach 41.

Seo chugaibh an scéal ón bhfógra sa Chonnaught Tribune:

'Más spéis leat a bheith páirteach sa bhfoireann bhunaithe a chruthóidh an táirge nua spreagúil seo do léitheoirí as seo go ceann cúpla mí, tá muid faoi láthair ag earcú daoine do na folúntais seo a leanas: eagarthóir, iriseoirí, soláthróirí ábhar, dearthóirí ábhar.

Le cur síos iomlán a fháil, maraon le sonraí faoi thaithí ábharach agus sonraí poist do na rólanna seo, seol CV maraon le eolas fút féin chugainn ag gaelsceal@gmail.com nó ar gnáthphost chuig: Gaelscéal, An Chuasnóg, Baile Ard, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

Glacfar le hiarratas ar na postanna go dtí 5 i.n. ar an 22 Eanáir, 2010.'

Tapaígí an deis, a chairde! Níl móran ama fágtha...
.

Tuesday, January 12, 2010

Gaelscéal

Ón méid atá léite agam anseo, beidh Trevor Ó Clochartaigh ina Bhainisteoir Tionscadail ar Ghaelscéal, an nuachtán nua Gaeilge, nuachtán a bheas ag teacht ar an bhfód am éigin roimh dheireadh mhí an Mhárta.

Is cosúil go bhfuil siad ar thóir eagarthóra, agus ar thóir foireann oibre don nuachtán nua. Is dóigh liom go bhfuil neart agaibh amuigh ansin, thall is abhus, a bheadh breá ábalta bhur gcuid a chur leis an togra nua seo, blagálaithe agus léitheoirí araon. Bheadh sé go deas éagsúlacht a fheiceáil sa nuachtán nua, agus daoine nua a fheiceáil ag scríobh, mar sin tapaígí an deis!

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis na folúntais éagsúla, nó fiú más mian leat eolas a fháil faoin bpáipéar é féin, is féidir é sin a dhéanamh ach dul i dteagmháil leo ag gaelsceal@gmail.com nó cuir scairt ar 091-558400.

Go n-éirí leat!
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.