Showing posts with label An Feighlí. Show all posts
Showing posts with label An Feighlí. Show all posts

Saturday, October 16, 2010

Fir Fichille

Níl a fhios agam céard sa diabhal atá ag tarlú, a léitheoirí, agus nílim cinnte an bhfuil a fhios ag na daoine atá i gceannas céard atá ag tarlú ach an oiread.

Ní raibh Brian cinnte an raibh sé ar chomhaigne le John. Dúirt Philip gur imigh sé féin, cé go ndúirt Mary gur chuidigh sí féin leis an doras a aimsiú. Agus, tháinig bualadh ón Drumm nach raibh Anglo ag súil leis, shílfeá.

Cluiche fichille a shamhlaím, a léitheoirí, le rí agus banríon i sáinn rialta ag na caisil chliste, na ceithearanaigh loma laga aonaracha ag bogadh anseo agus ansiúd ar fud na háite, gan easpag le feiceáil in aon áit na laethanta seo, ná fiú ridire ar chapall bán.

Marbhsháinn? I sáinn, pé scéal é.
.

Friday, October 1, 2010

Suddhapata Éireannach?

Scéilín suimiúil eile ag Dennis s’againne anseo, é ag insint dúinn faoi Suddhapata, fear níocháin ‘a rinne dochar dá chuid comharsana agus nach raibh asal aige a thuilleadh leis an níochán a iompar.’

Agus an Suddhapata Éireannach?’, a d’fhiafraigh Dennis ina thrácht.

Na baincéirí…’, a scríobh Aonghus s’againne, mar fhreagra ann.

na páipéir ag grágaíl ar maidin sa tír seo, a léitheoirí, agus is léir uatha uilig cé hiad 'Siúdnachpeataí na nÉireannach' iad.
.

Monday, September 20, 2010

Slócht agus Slacht

Ceapaim gur raiméis é an rud ar fad...' a dúirt Rónán Ó Cuinn i nGaelscéal na seachtaine seo, agus d’fhéadfadh sé go bhfuil an ceart aige. Mar sin féin, cé nár chuala seisean an Taoiseach i gcomhrá, beo ar an aer, le Cathal Mac Coille an mhaidin úd, chuala mise é.

Go deimhin, chuala Ryan Tubridy é, freisin, is cosúil. Bhí a chlársan ar siúl díreach i ndiaidh chlár na nuachta, an clár ar a raibh Brian Cowen ag labhairt le Cathal. Dheimhnigh na chéad fhocail ó bhéal Ryan go raibh seisean ar aon intinn liomsa, ‘Get that man a Berocca, or something…’, an smaoineamh ceannann céanna ag rith leis an mbeirt againn, shílfeá.

Anois, níl a fhios agam an raibh nó nach raibh an Taoiseach faoi shlócht nó gan slacht ar an lá, ach tá a fhios agam céard a d’airigh mé féin agus mé ag éisteacht leis an gcomhrá beo ar an aer an mhaidin sin. Bíodh mé ceart nó mícheart, is é an smaoineamh a rith liom ag an am ná nach dtuigeann an fear sin cruachás an ghnáthdhuine, agus go bhfuil sé tinn tuirseach ag éisteacht linn ag giúnaíl faoin gcruachás sin.

Táim sa bhád céanna le Bernie Ní Flatharta an geábh seo, an cheist chéanna agamsa agus a bhí aici féin i nGaelscéal na seachtaine seo,

‘Tá an saol athraithe ach ar inis aon duine don Taoiseach é sin?’
.

Tuesday, March 30, 2010

Once and For All

Tá go leor le cloisteáil againn sa nuacht ar maidin, scéal an ‘once and for all’ le roinnt ag Brian Lenihan linn ar ball beag, agus neart tráchtaireachta ann faoi na fadhbanna sin atá, nó nach bhfuil anois, b’fhéidir, sa tseirbhís phoiblí i láthair na huaire.

Maidir leis an tseirbhís phoiblí, beidh le feiceáil. Nuair a chloisim, mar a chuala mé ar maidin ar Morning Ireland, nuair a chloisim focail fearacht ‘could not be absolutely guaranteed’, ‘real possibility’, ‘put these proposals to ballot’, agus ‘restore trust and confidence’, ní chaillim dóchas, a léitheoirí, ach bím ag ‘hmmm…áil’, an dtuigeann sibh.

Ar ndóigh, níl a fhios agamsa cén toradh a bheas ar an méid atá ag titim amach sna bainc le bliain nó dhó. Is cuma céard a déarfaidh Brian Lenihan linn ar ball, ní dóigh liom gur féidir leis-sean, ná le haon tráchtaire eile, ach an oiread, an toradh sin a mheas.

Ach, níl ansin ach mo thuairim shuarachsa. Breathnaím ar na nithe seo mar a bheinn ag samhlú ról tuismitheora ag na feighlithe éagsúla atá ag obair i Scoil an tSaoil, feighlithe le ‘páistí’ an cháiníocóra faoina gcúram. Caithfear súil ghéar a choinneáil ar na páistí éagsúla, agus caithfear gach páiste a chothú le freagracht an t-am ar fad. Mura ndéantar sin, rachaidh na páistí go hiomlán ar strae.

Agus, má mhilltear an páiste, má thugtar airgead agus peorcaisí dó, go rialta, gan gá ar bith leis ach go bhfuil tú, mar fheighlí, ag iarraidh bheith mór leis an bpáiste, le go mbeadh seisean mór leatsa; gan gá leis ach nach bhfuil tú ag iarraidh go dtiocfadh racht feirge air agus go gcroithfeadh sé a ghligín i do threo, gan gá leis ach go bhfuil faitíos ort go rachadh sé go dtí an páirtí tuismitheoir eile le báúlacht a fháil ansin; gan gá leis ach go bhfuil faitíos ort nach mbeidh sé mór leat a thuilleadh mura dtabharfaidh tú airgead agus peorcaisí go leor dó; má dhéanann tú na nithe sin, beidh fadhbanna agat, gan dabht.

Agus sin agaibh é, a léitheoirí, once and for all. Anois, an bhfaca aon duine agaibh mo ghligín...
.

Tuesday, March 23, 2010

Athrú Airí

Seo chugaibh na hathruithe, a léitheoirí.

Seo é feighlí nua na Gaeltachta, ceapaim, agus beidh Éamon anois sa 'rebranded role as Social Protection Minister', cibé rud é sin. Beidh le feiceáil, ach deis a bheith agam mo chuid taighde a dhéanamh, ar ball beag.
.

Wednesday, March 10, 2010

Guth na Galltachta?

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach gur beag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chuala mé an nuacht tráthnóna inniu – Éamon Ó Cuív, agus athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil beartaithe aige!

Tá an scéal uilig le léamh anseo, a chairde na Gaeilge, ach is maith liom an méid seo ón Aire, ach go háirithe:

“Beidh ar an athbhreithniú riachtanais an fhoghlaimeora a chur san áireamh agus na rialacha a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Beidh air chomh maith riachtanais an chainteora oilte a chur san áireamh agus é ag plé le teanga atá uasal agus ealaíonta, teanga a gcuireann a struchtúr saibhir gramadaí ar a cumas raon leathan nathanna is mianta a léiriú. Ní liosta focal amháin é teanga.”

Ar ndóigh, is léir ón méid sin, ahem, go léann an tAire na blaganna seo uainn, ahem, agus gur spreag an méid a scríobh mé féin agus SeánO le seachtain anuas, gur spreag ár moltaí, ahem, gur spreag siad an tAire chun pinn agus chun gníomhaíochta, agus go mbeidh toradh againn gan mhoill. Sin é anois. Sea.

Níl gá le buíochas a sheoladh chugam ar chor ar bith, a chairde. Tá a fhios agam go n-aithníonn sibh an fhírinne chomh luath in Éirinn agus a fheiceann sibh í - a léitheoirí cliste!
.

Tuesday, November 3, 2009

Puipéid

Tá go leor rudaí in iomaíocht le mo chuid ama na laethanta seo, ach ghlac mé am chugam féin ar maidin le héisteacht le hAdhmhaidin, agus leis an agallamh sin idir Chon agus an Aire Ó Cuív, maidir le haistriúchán na gcáipéisí oifigiúla.

Leis an fhírinne a rá, ní raibh a ndóthain ama acu leis an ábhar a phlé go hiomlán, domsa ar aon nós, agus nílim fós cinnte cé leis a thaobhaím maidir leis an airgead a chaitear ar aistriúcháin na gcáipéisí oifigiúla go Gaeilge, cé go dtuigim an dá thaobh, agus tá pointí maithe ag an dá thaobh.

Ba mhaith liom clár iomlán ar an ábhar seo a chloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, nó fiú ar TG4, rud a thabharfadh deis dom na fíricí uile a chloisteáil, ón dá thaobh. Táim cinnte go bhfuil go leor daoine cosúil liom féin nach dtuigeann an scéal ina iomláine. Ach tá a fhios agam an méid seo, ní duine mór cur amú airgid mé, cé gur duine mór na Gaeilge mé. Ba chóir an dá rud a chaomhnú, más féidir é ar chor ar bith. Sin mo thuairim, fiú más tuairim an aineolaí í.

Cibé scéal é, sula bhfágfaidh mé sibh inniu, seo chugaibh físeán beag a cuireadh chugam ar maidin, agus a chuir agallamh na maidine go leataobh. Má tá sibh bréan den chaint ar ghearradh siar agus ar chur amú airgid, glac nóiméad nó dhó as an lá am éigin inniu, agus caith súil air seo.

Tar éis an tsaoil, a léitheoirí, tá an domhan iontach, agus cá bhfios dúinn nach puipéid muid uile.



Wednesday, October 14, 2009

Rotha Mór an Bhaoil

John O’Donoghue sna páipéir arís. Meas tú cén fáth?

Dar leis féin ‘I am not guilty of any corruption. I never took money or abused my office for my own enrichment.’ Ní cuimhin liom gur cuireadh a leithéid ina leith, caithfidh mé a rá, ach tuigim go maith cén tuiscint atá ag go leor den ghnáthmhuinitir ar na focail ‘corruption’ agus ‘enrichment’ sa chás seo, ach ní dóigh liom go dtuigeann John é féin é sin.

Chomh luath agus a dúirt sé ‘the failure to give me a chance to defend myself’, bhí mo thrua, cibé di a bhí fágtha agam dó agus é faoi shíorbhrú na meán agus na polaitíochta, bhí an trua sin imithe ar shlí na fírinne, ar chloisteáil na focail sin uaidh. Bhí neart seansanna aige. Níor labhair sé. É féin a tharraing an brú air féin, feictear dom.

Cén fáth nár thug sé faoi deara, nár thuig sé, go raibh botúin déanta aige, agus ag neart eile nach é, i gcultúr a lig i ndearmad go raibh airgead na gnáthmhuintire faoina gcúram? Ligeadh i ndearmad, feictear dom, go raibh an t-airgead sin ann, ciste an rialtais, le leas a bhaint as ar mhaithe le muintir na tíre, ní ar mhaithe le póca aon státseirbhíseach; ná ar mhaithe le ciste aon chomhlacht a fuair íocaíocht thar fóir as seirbhísí a chuir siad ar fáil, seirbhísí a d’fhéadfaí a fháil níos saoire áit éigin eile, cheapfá.

Más rud go bhfuil státseirbhísigh ann a cheadaigh agus a d’aontaigh an caiteachas millteanach seo, státseirbhísigh nach ndeachaigh ar thóir an ‘best deal’ ó na comhlachtaí éagsúla ar mhaithe le ciste an rialtais, cén fáth nach bhfuil na daoine seo ag éirí as a bpoist freisin?

Cén duine a shocraigh ar na comhlachtaí sin a fhostú? Cé a shocraigh na liúntais uile do na polaiteoirí? Cé, go díreach, atá i gceannas ar na cinntí sin? An bhfuil baol ar bith go dtabharfaidh siadsan, ná aon pholaiteoir a bhain leas, thar fóir, as aon liúntas a fuair siad, an t-airgead sin ar ais do chiste an rialtais?

Faraor, is dóigh liom gur beag an baol.
.

Tuesday, August 4, 2009

An Dáileadh 's An Dealú

Tá beirt fhear ina suí ag an teorainn idir An Áit Béarla agus An Áit Gaeilge; duine acu ar thaobh amháin den teorainn, an duine eile ar an taobh eile den teorainn.

Tusa An Feighlí. Feighlí na Gaeilge. Tá airgead i do sparán agat le roinnt amach, ach tá coinníollacha ag baint leis an airgead sin. Ní féidir leat é a roinnt ach ar an duine atá ina chónaí ar do thaobhsa den teorainn. Agus tá tusa ar thaobh na hÁite Gaeilge.

Tá duine na hÁite Gaeilge breá ábalta Gaeilge a labhairt, agus tabharfaidh tú deontais go fial dó mar gheall air sin. Tá duine na hÁite Béarla breá ábalta Gaeilge a labhairt freisin. Ní labhraítear ach Gaeilge ina theach, go deimhin. Ach, níl a theach ar An Áit Gaeilge. Ní bhaineann sé leat. Pingin ní bhfaighidh sé. Tá a theach ar an taobh mícheart den teorainn.

Labhraíonn clann na hÁite Béarla an Ghaeilge, go rialta agus go hiondúil. Ní bhfaighidh siad scoláireacht uait. Labhraíonn an scoláire ón Áit Gaeilge an Ghaeilge, go rialta agus go hiondúil freisin. Íocfaidh tusa scoláireachtaí leosan amháin. Tá cearta acusan. Cearta na hÁite Gaeilge. Níl na cearta céanna ag Gaeilgeoirí na hÁite Béarla. Tá siad lonnaithe ar an taobh mícheart den teorainn.

Tabharfaidh tú deontais do dhuine na hÁite Gaeilge, lena theach a dheisiú, ó tharla é lonnaithe ansin. Tá teach ag mo dhuine eile ar An Áit Béarla, agus ní bhfaighidh sé pingin rua uait lena theach lán le Gaeilge a dheisiú. Thóg sé a theach ar an taobh mícheart den teorainn.

Tabharfaidh tú airgead do pháistí na hÁite Gaeilge mar go labhraíonn siad a dteanga, an Ghaeilge. Tá an teanga chéanna á labhairt ag teaghlach na hÁite Béarla, í ag maireachtáil ar fhéiniúlacht agus ar mheas, gan do thacaíocht. Nós ón sean-am. Mhair an teanga mar sin riamh ar An Áit Béarla. Ní bhaineann sí leat. Tá sí ag maireachtáil ar an taobh mícheart den teorainn.
.

Tuesday, June 23, 2009

An Bosca Cornflakes

Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.

Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.

Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.

An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.

Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.

Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.

Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.

Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.

De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.