An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach gur beag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chuala mé an nuacht tráthnóna inniu – Éamon Ó Cuív, agus athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil beartaithe aige!
Tá an scéal uilig le léamh anseo, a chairde na Gaeilge, ach is maith liom an méid seo ón Aire, ach go háirithe:
“Beidh ar an athbhreithniú riachtanais an fhoghlaimeora a chur san áireamh agus na rialacha a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Beidh air chomh maith riachtanais an chainteora oilte a chur san áireamh agus é ag plé le teanga atá uasal agus ealaíonta, teanga a gcuireann a struchtúr saibhir gramadaí ar a cumas raon leathan nathanna is mianta a léiriú. Ní liosta focal amháin é teanga.”
Ar ndóigh, is léir ón méid sin, ahem, go léann an tAire na blaganna seo uainn, ahem, agus gur spreag an méid a scríobh mé féin agus SeánO le seachtain anuas, gur spreag ár moltaí, ahem, gur spreag siad an tAire chun pinn agus chun gníomhaíochta, agus go mbeidh toradh againn gan mhoill. Sin é anois. Sea.
Níl gá le buíochas a sheoladh chugam ar chor ar bith, a chairde. Tá a fhios agam go n-aithníonn sibh an fhírinne chomh luath in Éirinn agus a fheiceann sibh í - a léitheoirí cliste!
.
Beannachtaí na Nollag 2024
1 day ago
Maith sibh! Tá an tuairim seo -- go bhfuil na rialacha ró-chasta -- ag borradh aníos le tamall fada.
ReplyDeleteBuíochas leat, a Áine! :)
ReplyDeleteDheara, a Áine, táimse cinnte de nach ormsa a thug sé aire, óir nach bhfuair sé léasadh teanga uaim tamall de bhlianta ó shin sa chaoi go bhfuair mise litir óna rúnaí siúd mar fhreagra ar mo cháineadh air, litir a bhí maslach go leor. Is léir, dá bharr sin, gur leatsa a bhí sé ag éisteacht.
ReplyDeleteTá súil agam go mbeidh a bhfuil molta in ‘Lárchanúint don Ghaeilge’ le Dónall Ó Baoill mar chuid den athbhreithniú seo. Is Tuarascáil Taighde (#14) de chuid Institiúid Teangeolaíochta Éireann é agus is díol trua é nach ann don Institiúid anois. Ar na moltaí a thaitin go mór liom tá:
ReplyDeleteCuireadh = invitation: foghrú ‘cuire’ (Fuair mé cuire chuig bainis Mháire. Tá a leithéid ag Breandán Ó Buachalla ina shaothar ‘Aisling Ghéar’, An Clóchomhar, 1996)
Cuireadh = modh ordaitheach: foghrú ‘cuireach’ (Cuireach sé an leabhar ar ais sa leabhragán)
Cuireadh = saorbhriathar/faí chéasta: foghrú ‘cuireav’ (Cuireav le hais a mhuintire é)
Agus mé ag múineadh (múine) bhíodh mo dhaltaí ‘céasta’ go rialta leis an ‘adh/eadh’ seo.
Ah, a Áine, ach is mise an t-aon duine againn a bhuail leis go pearsanta (go bhfios dom), agus is dócha gur thug sé faoi deara an suim a léirigh mé san ábhar seo ar bhur mblaganna.
ReplyDeleteNí gá dom a dhath a rá, go pearsanta, le hÉamon, mar beidh sé in ann na teachtaireachtaí/moltaí a fheiceáil anseo é féin, ar ndóigh...;-)
ReplyDeleteA SheáinO, is dóigh liom go mbíonn chuile dhalta céasta ag 'adh/eadh', agus, sa mhullach ar a mí-ádh, ní mar an gcéanna a fhuaimnítear iad sna canúintí éagsúla!
Níor chuala mé a leithéid de 'cuireadh' mar 'cuireav' riamh.
ReplyDeleteMar thaca do mholadh Dónall P. Ó Baoill (Lárchanúint don Ghaeilge) go bhfoghrófaí
ReplyDelete‘-adh/-eadh’ mar ‘av’ nuair is é an saorbhriathar caite/faí chéasta/ atá i gceist, caith súil ar:
Séamus Ó Duilearga: Leabhar Sheáin Í Chonaill: Sgéalta agus Seanchas ó Íbh Ráthach (BÁC, 1977)
S. agus D. Ó Cróinín: Seanchas ó Chairbre 1, (BÁC, 1985)
Moltar an foghrú céanna, ar ndóigh, in ‘Caighdeán Nua don Ghaeilge’. Nicholas Williams, An Aimsir Óg, Páipéar Ócáideach #1
Beidh mé ag súil leis na moltaí...
ReplyDelete