Friday, March 12, 2010

Na Litreacha Sin

Níl a fhios agam, a léitheoirí, ach céard go díreach atá i gceist ag an ‘Tallaght Hospital’ leis an bhfrása, ‘All of these are now actively being dealt with.’, agus iad ag tagairt do na 3,498 litir ‘which had not been reviewed by a consultant.’?

Ócé, déanfaidh mé iarracht ciall a bhaint as an rud seo.

Dar leo sa Tallaght Hospital, más fíor, ‘All GP referral letters are opened on receipt and processed according to speciality.’ Ceart go leor. Diabhal locht air sin, shílfeá. Tús maith leath na hoibre.

Tagann fear an phoist ar a rothar chuig an ospidéal, agus mála mór litreacha aige ó DG’eanna éagsúla ar fud na háite. Is cosúil gur chuir DG’eanna litreacha chuig an ospidéal go rialta, cé nach raibh cuid acu ag fáil aird, mar a bheifí ag súil leis, ón ospidéal sin, más fíor. Hmmm...

Ar aon nós, ar ais linn chuig fear an phoist. Isteach leis chuig an ospidéal, agus fágann sé an mála mór litreacha ansin, in áit éigin. Tosaíonn an ‘actively being dealt with’ luath go maith, is dócha, mar, deirtear linn, go n-osclaítear iad ‘on receipt’.

Nílim cinnte cén duine a rinne, nó cén uair a rinneadh, an ‘processed according to speciality’, ach, cibé scéal é, is léir go raibh áit speisialta ann le haghaidh na 3,498 litir ‘speciality’ sin a tháinig isteach thar bliain nó dhó.

Ó tharla gur áit anaithnid í, agus ar mhaithe le soiléireacht dúinn uile, a léitheoirí, cuirfidh mé ainm ar an, abair, ar an mála, samhlóimid, ina cuireadh na litreacha. Céard faoin ainm, ‘emm, fan go bhfeice mé, hmmm…, oh, sea, céard faoin ainm ‘Somebody Else’s Problem’? Sea. Déanfaidh sé sin. Is dóigh liom go bhfuil sé sin go maith, mar ainm ar mhála samhailteach.

Thuigfeá an fhadhb ansin, nach dtuigfeá? Gach duine a thiocfadh ar an mála, d'fheicfidís ‘Somebody Else’s Problem’ scríofa air, agus ní bheadh siad in ann aon ‘actively being dealt with’ a dhéanamh, mar nár bhain an mála leo, an dtuigeann sibh.

Bhfuil sé sin soiléir anois, a léitheoirí?
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.