Showing posts with label An Bosca Cornflakes. Show all posts
Showing posts with label An Bosca Cornflakes. Show all posts

Wednesday, March 10, 2010

Guth na Galltachta?

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach gur beag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chuala mé an nuacht tráthnóna inniu – Éamon Ó Cuív, agus athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil beartaithe aige!

Tá an scéal uilig le léamh anseo, a chairde na Gaeilge, ach is maith liom an méid seo ón Aire, ach go háirithe:

“Beidh ar an athbhreithniú riachtanais an fhoghlaimeora a chur san áireamh agus na rialacha a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Beidh air chomh maith riachtanais an chainteora oilte a chur san áireamh agus é ag plé le teanga atá uasal agus ealaíonta, teanga a gcuireann a struchtúr saibhir gramadaí ar a cumas raon leathan nathanna is mianta a léiriú. Ní liosta focal amháin é teanga.”

Ar ndóigh, is léir ón méid sin, ahem, go léann an tAire na blaganna seo uainn, ahem, agus gur spreag an méid a scríobh mé féin agus SeánO le seachtain anuas, gur spreag ár moltaí, ahem, gur spreag siad an tAire chun pinn agus chun gníomhaíochta, agus go mbeidh toradh againn gan mhoill. Sin é anois. Sea.

Níl gá le buíochas a sheoladh chugam ar chor ar bith, a chairde. Tá a fhios agam go n-aithníonn sibh an fhírinne chomh luath in Éirinn agus a fheiceann sibh í - a léitheoirí cliste!
.

Tuesday, November 3, 2009

Puipéid

Tá go leor rudaí in iomaíocht le mo chuid ama na laethanta seo, ach ghlac mé am chugam féin ar maidin le héisteacht le hAdhmhaidin, agus leis an agallamh sin idir Chon agus an Aire Ó Cuív, maidir le haistriúchán na gcáipéisí oifigiúla.

Leis an fhírinne a rá, ní raibh a ndóthain ama acu leis an ábhar a phlé go hiomlán, domsa ar aon nós, agus nílim fós cinnte cé leis a thaobhaím maidir leis an airgead a chaitear ar aistriúcháin na gcáipéisí oifigiúla go Gaeilge, cé go dtuigim an dá thaobh, agus tá pointí maithe ag an dá thaobh.

Ba mhaith liom clár iomlán ar an ábhar seo a chloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, nó fiú ar TG4, rud a thabharfadh deis dom na fíricí uile a chloisteáil, ón dá thaobh. Táim cinnte go bhfuil go leor daoine cosúil liom féin nach dtuigeann an scéal ina iomláine. Ach tá a fhios agam an méid seo, ní duine mór cur amú airgid mé, cé gur duine mór na Gaeilge mé. Ba chóir an dá rud a chaomhnú, más féidir é ar chor ar bith. Sin mo thuairim, fiú más tuairim an aineolaí í.

Cibé scéal é, sula bhfágfaidh mé sibh inniu, seo chugaibh físeán beag a cuireadh chugam ar maidin, agus a chuir agallamh na maidine go leataobh. Má tá sibh bréan den chaint ar ghearradh siar agus ar chur amú airgid, glac nóiméad nó dhó as an lá am éigin inniu, agus caith súil air seo.

Tar éis an tsaoil, a léitheoirí, tá an domhan iontach, agus cá bhfios dúinn nach puipéid muid uile.



Tuesday, June 23, 2009

An Bosca Cornflakes

Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.

Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.

Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.

An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.

Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.

Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.

Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.

Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.

De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.