Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.
Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.
Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.
An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.
Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.
Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.
Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.
Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.
De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.
Reic Leabhar ag Raidió Fáilte
3 hours ago
Go deas.
ReplyDeleteGo raibh maith agat...:-)
ReplyDeleteIs maith liom nach bhfuil Futa Fata do do chur soir, cebí faoi na "F"anna eile :)
ReplyDeleteBhi mé amuigh ar siúl ar bruach Loch Léin i gCill Áirne maidin Dé Satharn agus chuas isteach i caife le h-aghaidh cupán caife.Bhi mé ag feachaint ar na pacáistí bheaga siúcra agus bhí seanfhocal scríobhta ar gach cheann acu agus é i mbéarla freisean.Cheapas gur maith an idé é chun an Gaeilge a chur chun cinn. Seo cúpla diobh;Ní hí an áilleacht a chuireann an corcán ag fliucádh - Beauty does not boil the pot.
ReplyDeleteIs fearr focal sa chúirt ná púnt sa sparán - A good word in court is better than a pound in your purse.
Is deacair ceann críonna a chur ar cholainn óg - Its difficult to put a wise head on young shoulders.
Nach bhfuil sé iontach go bhfuil a leithéid ag tarlú, a John?
ReplyDeleteIs féidir tuilleadh seanfhocal a fháil ag http://www.beo.ie/seanfhocail/all.asp más suim leat iad a fheiceáil ansin.