Monday, June 22, 2009

Cuilteanna Breaca

Níl a dhath ar eolas agamsa faoin dóigh le dhá phíosa éadach a fhuáil le chéile, agus ní duine mé a mbíonn snáth ná snáthaid faoi mo mhéara agam riamh, ach amháin nuair a bhíonn gá iontach géar leis, sé sin, in am na práinne amháin. Ní bua é a thug mé liom ó mo mháthair, agus ní bua é a tháinig trí na géinte chuig mo pháistí ach an oiread. Dá bhrí sin, is mór an mhaith go bhfuil éadaí chomh saor agus atá siad sá lá atá inniu ann.

Níl cuilteanna breaca chomh saor sin, ach tá siad go hálainn ar fad. Fuair mé ceann mar bhronntanas ó chara liom, ceann a rinne sí féin, agus tá sí ina luí linn ar an leaba chuile oíche. An chuilt, chan mo chara. Ar aon nós, mar gheall gur mór liom na cuilteanna breaca, agus mar gheall go bhfuil meas agam ar inniúlacht agus ábaltacht an eagarthóra, bean atá i mbun a comhlachta féin, The Fennel Shed, bhí mé ag lainseáil an Irish Quilt & Craft Magazine inné i mBun Cranncha. Bhí Quilt Jamboree ar siúl, agus rinne siad lainseáil áitiúil ar an iris ann, cé go bhfuil sí ar an bhfód le bliain anuas, nó mar sin.

Cibé scéal é, is cuma an bhfuil nó nach bhfuil suim agat sna cuilteanna breaca, ní fhéadfá ach a bheith ag déanamh iontais inné, agus ag ooháil agus ag aaháil, agus a bheith iomlán faoi dhraíocht ag na patrúin agus ag na dathanna éagsúla a bhí sna cuilteanna breaca uile a bhí á dtaispeáint ag an aonach. Beatha súl agus anama a bhí ann, agus tá meas thar cuimse agam do na daoine atá in ann a leithéid d’áilleacht a mhúnlú as píosaí d’éadach.

Anois, dá mbeadh an rialtas seo againne in ann ár ngeilleagar féin a mhúnlú leis an éifeacht chéanna, leis an gcruinneas céanna, agus leis an díograis chéanna…

Go n-éirí go geal le Gaye, agus lena comhpháirtithe, leis an tionscadal seo.
.

3 comments:

  1. Ar chuala tú riamh faoi na cuilteanna a dhéantar in Gee's Bend, Alabama? Rinne an USPS sraith de dheich stampa ag cur an spotsolais orthu cúpla bliain ó shin:

    http://blog.lisacall.com/gees-bend-quilter-files-lawsuit

    Bhí mé faoi dhraíocht acu agus cheannaigh mé a lán díobh. :-)

    ReplyDelete
  2. Agus dar ndóigh, ná déanaigí dearmad de na hÁmaigh seo againn!
    Déanaigí an turas.

    ReplyDelete
  3. Cibé fúmsa, táim cinnte go bhfuil Gaye agus a comhpháirtithe ar an eolas fúthu uile!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.