Showing posts with label súile. Show all posts
Showing posts with label súile. Show all posts

Saturday, December 4, 2010

Seanré Na Nuaré

Tharla sé gur cheannaigh mé ceann de na Smartphones úd le déanaí, agus taitníonn sé go mór liom. Ní d’aon aidhm a cheannaigh mé ceann, an dtuigeann sibh, ach bhí fón nua uaim, ó tharla mo sheancheann ag titim as a chéile.

Pé scéal é, isteach liom sa siopa áitiúil, mo sheanfhón neamhchliste briste brúite scríobtha liom, seanfhón a thaitin go mór liom, chomh maith, caithfidh mé a rá. Lig sé dom glaonna a fháil agus a dhéanamh, téacsanna a fháil agus a scríobh, meabhrúcháin a fháil, agus bhí aláram agus clog air. Céard eile a bheadh uaim!

Bhí freastalaí óg, bean ar comhaois le m’iníon féin, taobh thiar den chuntar, í gealgháireach, cairdiúil.

‘Any particular phone in mind?’, a d’fhiafraigh sí.

‘What’s available on an upgrade?’ a d’fhiafraigh mé féin.

Isteach léi ar an ríomhaire. ‘You could get a Smartphone!’ arsa sí, agus í chomh sásta ag roinnt na nuachta sin liom, shílfeá gurb é an lotto féin a bhí buaite agam.

Brilliant!’ arsa mé féin.

Cé nach raibh a fhios agam a dhath faoi Smartphones, bhí a cuid díograise gabhálach, agus teastaíonn frídín díograise uainn uilig na laethanta seo, ach go háirithe.

Thosaigh sí ag taispeáint modh oibre an Smartphone dom. Labhair sí ar ‘Apps’, GPS, Email, Wi-Fí, Bluetooth, Touchscreen, agus QWERTY. Ní raibh focal uaim. Níor thuig mé a leath den stuif faoin bhfón. Ach, tar éis an méid a bhí cloiste agam, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh ceann acu!

Nuair a stop sí, chuir mé míle ceist ar an mbean bhocht. Ní dóigh liom gur chreid sí go bhféadfadh le duine bheith chomh neamheolach ar ní chomh nua-aimseartha, gur casadh mise uirthi.

Ar mo bhealach amach an doras leis an Smartphone, thiontaigh mé agus chuir mé ceist amaideach eile éigin uirthi. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar leagan a súl. Trua a bhí aici dom. Thuig mé a cás.

Blianta ó shin, sna seachtóidí, is dóigh liom, fuaireamar fón nua sa teach sa bhaile i gConamara. Bealadangan 7 an uimhir a bhí againn, más buan mo chuimhne. Daoibhse nach bhfuil ar an eolas, malartán láimhe an córas teileachumarsáide a bhíodh ann na blianta sin, gan dírdhialiú féin ann.

Dá mbíodh uait glao gutháin a dhéanamh an t-am sin, thógtá sás láimhe an fóin i lámh amháin agus, leis an lámh eile, chastá an cromán a bhíodh ar thaobh an fóin, go bhfaighteá oibreoir ó Oifig an Phoist, agus dhéanadh an duine sin an uimhir a bhí uait a fháil duit.

Córas fada místuama a bhíodh ann, ach cheapamar go raibh sé iontach, mar áis chumarsáide, an t-am sin. Bhíodh go leor de mhuintir na tíre thar lear, fáil acusan ar fhóin thall, agus b’iontach an rud é an fón baile, fiú go raibh sé iontach daor ceann a cheannach, agus níos daoire arís glaoch a chur ar aon duine; gan trácht ar chostas millteanach an ghlao thar lear!

Pé scéal é, bhí mise i mo dhéagóir ag an am, agus ba ghearr go raibh modh oibre an fhóin ar eolas agam. Ó tharla an gléas nua-aimseartha iontach seo againn, tháinig mo sheanmháthair chun tí lá amháin, í ag súil le glaoch as Sasana, óna hiníon, a bhí ag obair thall. Tháinig an glaoch. D’fhreagair mé an fón.

It’s for you!’ arsa mé féin le mo sheanmháthair, go gealgháireach.

‘How do I hold it?’ a d’fhiafraigh sí.

D’airigh mé trua nach beag don tseanbhean os mo chomhair. Bhí saol na teicneolaíochta ag teacht sa mullach uirthi, i ngan fhios di.

Tuigim anois a cás.
.

Tuesday, November 9, 2010

Deora

Bhí cara liom, agus mé féin, sa Millennium Forum i nDoire aréir, áit a raibh seó ag Dara Ó Briain, fuirseoir a thaitníonn go mór liom.

Ó bhásaigh mo dheirfiúr trí bliana ó shin, is minic deora bróin i mo shúile. Aréir, ba dheora gáire a bhí iontu, agus d’fháiltigh mé rompu, mar a bheadh seanchara tar éis cuairt a thabhairt orm, cara nach bhfaca mé le fada.

Nach suimiúil an rud iad deora, a léitheoirí? Tagann siad ón bhfoinse chéanna, cé nach í an fhoinse chéanna is cúis leo, mar a déarfá.

Níl a dhath de dhifríocht idir, abair, blas agus dath na ndeor, is cuma brón, áthas, gáire, pian, nó fiú oinniún, dá spreagadh chun silidh.

Dá mbeadh dath agus blas orthu, meas tú cén dath, nó cén blas, a chuirfeadh na mothúcháin éagsúla ar dheora?
.

Saturday, November 28, 2009

Ceart á Cheilt

Más buan mo chuimhne, bhí mé sé bliana d’aois an chéad uair a thug mé é faoi deara. Ar ndóigh, b’fhéidir gur tharla sé ní ba luaithe ná sin, ach sin an chéad chuimhneamh atá agam féin ar an rud. Is léargas é a d’fhan liom ar feadh mo shaoil. Níor athraigh mé m’intinn riamh ar an ábhar. Agus, is mar sin a airím fós, bíodh mé ceart nó mícheart.

Cleachtadh don Chéad Chomaoineach a bhí ann, agus bhí mé ar mo ghlúine ag ráille na haltóra ag an séipéal i dTír an Fhia. Bhí ár rang iomlán, rang a haon, is dócha, saor ó ranganna na scoile, agus bhí na múinteoirí ár réiteach don Chéad Chomaoineach, ócáid a bhí le bheith ann go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí an múinteoir, agus cuiditheoir, taobh istigh de na ráillí, ar thaobh na haltóra, agus bhí muidne, rang a haon, ar ár nglúine, ar an taobh eile de na ráillí. Bhí an múinteoir ag glacadh áit an tsagairt, ag dáileadh amach na bpíosaí d’abhlann, agus ag rá ‘Corp Chríost’. Bhí an cuiditheoir á leanúint leis an bpaiteana, agus á chur faoi smigeanna na bpáistí, ar fhaitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár, de thimpiste. Rud millteanach a bheadh ann dá dtitfeadh an ‘comaoineach’, rud a chonaic mé ag tarlú geábh i séipéal Leitir Móir, agus is dráma é atá fós ar shúile m’aigne, cé nach raibh mé ach an-óg ag an am.

Cibé scéal é, bhí mise ar dhuine de na páistí deireanacha sa líne ag na ráillí ag an gcleachtadh, agus bhí mé ag coinneáil súil ghéar ar mo chomhghleacaithe, le cinntiú go ndéanfainn féin an rud ceart, an rud a bhí a dhéanamh acusan, bhí súil agam – lámha le chéile, abair ‘áiméan’ nuair a déarfadh an múinteoir ‘Corp Chríost’, cuir do chloigeann siar, dún do shúile, cuir amach do theanga, glac leis an gcomaoineach, dún do bhéal, cloigeann síos arís in ómós, coisriceann tú féin, éirigh go réidh agus go cúramach, agus siúl leat go dtí do shuíochán, cloigeann síos go hómósach.

Is cuimhin liom an fhainic a fuaireamar maidir leis an gcomaoineach a bhí anois inár mbéal – gan d’fhiacail a ligean in aice leis, sé sin le rá, ná cogain é, ar ór ná ar airgead, agus gan é a shlogadh, más buan mo chuimhne, go dtí go rabhamar ar ais sa suíochán as ar thángamar; agus é a shlogadh ansin, i gcuideachta paidre, súile dúnta arís, cloigeann síos arís, in ómós.

An faitíos a bhíodh orm féin, agus is fiorfhaitíos a bhíodh ann, ná go rachainn isteach sa suíochán mícheart ar mo bhealach ar ais - nílim iomlán cinnte nach peaca marfach a bheadh ansin freisin, dá dtarlódh a leithéid – agus is minic fonn múisce orm teann faitís go ndéanfainn é, nó go gcuirfinn m’fhiacail ar an gcomaoineach. Go sábhála cibé Cé sinn, ach ní raibh sé ceart, ar chor ar bith, an cineál sin faitís a bheith ar pháiste, ach sin mar a bhíodh, agus sin mar a d’fhulaing mise ag lámha an chreidimh a brúdh orm ag an am.

Ar aon nós, bhí mé ar mo ghlúine ag na ráillí, lá úd an chleachtaidh, agus bhí an múinteoir ag teacht níos gaire. Thosaigh an fonn múisce arís, an faitíos ag méadú i rith an ama, an faitíos go ndéanfainn botún, an faitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár. Cé nach raibh ann ach cleachtadh, bhí mé iontach buartha, mar sin féin. Agus rith an smaoineamh liom an lá sin, gan mé ach sé bliana d’aois, ‘Níl sé seo ceart!’.

Níor athraigh m’intinn ón léargas sin ó shin. Ní raibh sé ceart an t-am sin, agus níl sé ceart fós, go gcuirfeadh aon chreideamh, ná aon sagart, an oiread sin faitís i gcroí páiste. Ach tharla sé, agus tharla rudaí i bhfad níos measa ag lámha na sagart. Chan chuile shagart, ach i bhfad barraíocht acu, mar is eol dúinn anois.

Agus, níos measa arís, bhí daoine istigh agus taobh amuigh den eaglais ar an eolas faoi, agus lig siad leis leanúint ar aghaidh, in áit amháin nó in áit eile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Agus, níos measa ná sin arís, chuidigh siad leis an gceilt, agus, dá bhrí sin, chuir siad leis an bpian, agus chuidigh siad leis na sagairt an faitíos a mhéadú i gcroíthe na bpáistí soineanta.

Ní raibh sé sin ceart.
.

Monday, June 22, 2009

Cuilteanna Breaca

Níl a dhath ar eolas agamsa faoin dóigh le dhá phíosa éadach a fhuáil le chéile, agus ní duine mé a mbíonn snáth ná snáthaid faoi mo mhéara agam riamh, ach amháin nuair a bhíonn gá iontach géar leis, sé sin, in am na práinne amháin. Ní bua é a thug mé liom ó mo mháthair, agus ní bua é a tháinig trí na géinte chuig mo pháistí ach an oiread. Dá bhrí sin, is mór an mhaith go bhfuil éadaí chomh saor agus atá siad sá lá atá inniu ann.

Níl cuilteanna breaca chomh saor sin, ach tá siad go hálainn ar fad. Fuair mé ceann mar bhronntanas ó chara liom, ceann a rinne sí féin, agus tá sí ina luí linn ar an leaba chuile oíche. An chuilt, chan mo chara. Ar aon nós, mar gheall gur mór liom na cuilteanna breaca, agus mar gheall go bhfuil meas agam ar inniúlacht agus ábaltacht an eagarthóra, bean atá i mbun a comhlachta féin, The Fennel Shed, bhí mé ag lainseáil an Irish Quilt & Craft Magazine inné i mBun Cranncha. Bhí Quilt Jamboree ar siúl, agus rinne siad lainseáil áitiúil ar an iris ann, cé go bhfuil sí ar an bhfód le bliain anuas, nó mar sin.

Cibé scéal é, is cuma an bhfuil nó nach bhfuil suim agat sna cuilteanna breaca, ní fhéadfá ach a bheith ag déanamh iontais inné, agus ag ooháil agus ag aaháil, agus a bheith iomlán faoi dhraíocht ag na patrúin agus ag na dathanna éagsúla a bhí sna cuilteanna breaca uile a bhí á dtaispeáint ag an aonach. Beatha súl agus anama a bhí ann, agus tá meas thar cuimse agam do na daoine atá in ann a leithéid d’áilleacht a mhúnlú as píosaí d’éadach.

Anois, dá mbeadh an rialtas seo againne in ann ár ngeilleagar féin a mhúnlú leis an éifeacht chéanna, leis an gcruinneas céanna, agus leis an díograis chéanna…

Go n-éirí go geal le Gaye, agus lena comhpháirtithe, leis an tionscadal seo.
.

Saturday, May 2, 2009

Slí na Gaeilge

Athraím focal nó dhó anseo agus ansiúd ar an mblag ó am go chéile, focail as ábhar a scríobh mé ní ba luaithe. Ní hé go bhfuilim ag athrú an ábhair, ach go bhfuilim ag ceartú botúin nó dhó nár thug mé faoi deara roimhe agus mé ag scríobh liom. Ní hé sin le rá, ach an oiread, go bhfuil chuile bhotún ar an mblag ceartaithe agam. Mar a dúirt mé, is foghlaimeoir mise, agus táim ag foghlaim i gcónaí. Ach tá cuidiú agam.

Bíonn an Dómhnallach agus Bean an tSléibhe ag léamh an bhlag seo go rialta. Is Connachtach duine acu, agus is Ultach an duine eile. Tá súil ghéar ar an mbeirt acu.. Péire an duine. Thug siad na súile sin agus an Ghaeilge leo ón gcliabhán. Ní raibh an t-ádh sin ormsa, faraor, cé go bhfuil súile ón gcliabhán agus Gaeilge ón nGaeltacht agam. Tá an bheirt sin iontach fial agus roinneann siad a mbuanna liomsa, bean an Bhéarla, foghlaimeoir na Gaeilge. Dá thoradh sin, bíonn athrú nó dhó le déanamh ag an scríbhneoir seo tar éis thuras na súl géar. Is maith ann iad. Na ceartúcháin agus na mná.

Bhí ábhar spéisiúil á phlé ag an bhfeirmeoir atá i mbun curaíochta i ngarraíjohnnymhorgan le déanaí, úsáid na n-aimsirí agus an dóigh a láimhseáiltear iad i mBéarla; na do be do be do’s srl. Chuir an díospóireacht sin mná na súl géar i gcuimhne dom. Bíonn an choimhlint idir úsáid na cainte dúchais agus úsáid an chaighdeáin oifigiúil faoi chaibidil againn go minic. Táimse ag treabhadh liom i gCuibhreann an Chaighdeáin Oifigiúil, tá cosa an Dómhnallaigh fréamhaithe i gcré thorthúil an Ghoirt Dúchais, agus bíonn Bean an tSléibhe ar an gclaí eadrainn,le bróga leathair an chainteora dúchais uirthi agus i ag caint go nádúrtha, ach sála arda an scríbhneora oifigiúil uirthi agus í ag baint torthaí in achadh na n-údarás oifigiúil.

Bíonn mé féin ag dul thart agus bróg leathair ar chois amháin, bróg na sál ard ar an gcois eile. Samhlaigh, a léitheoir, an fhadhb sin. Tá Slí na Gaeilge casta agus teastaíonn bróga compordacha uaim. Ach cá bhfuil na bróga compordacha sin le fáil? Tá neart siopaí bróg amuigh ansin, agus leabhair go leor á ndíol iontu. Sin fadhb eile. Ní hé an scéal céanna a bhíonn iontu.

Bronntanas saoil a thug mo mháthair dom ná an chomhairle seo “Don’t keep looking at the problem, look for the solution!”. Agus creidim go bhfuil cumadóirí/réiteoirí an chaighdeáin oifigiúil ag déanamh chuile iarracht a theacht ar réiteach fhadhb na mbróg míchothrom d’fhoghlaimeoirí na teanga. Go mall, feictear dom, ach go cinnte tá súil agam.

Tá nádúrthacht cainte sna canúintí éagsúla Gaeilge, agus tá sí difriúil i ngach canúint, ag brath ar an taobh sin tíre ina bhfuil an teanga á labhairt. Is ionann don Bhéarla. Le bheith féaráilte, teastaíonn caighdeán ón bhfoghlaimeoir Gaeilge, mar aon leis an bhfoghlaimeoir Béarla, nach dteastaíonn? Tá a leithéid de chaighdeán le fáil ag na Béarlóirí agus réiteach réasúnta simplí faighte ag na húdaráis chuí ar na fadhbanna/bealaí ársa canúna agus scríofa Béarla, feictear dom.

Níor chuir an réiteach sin isteach ná amach ar an gcainteoir dúchais Béarla. Tá na ‘do be do be do’anna, na ‘I done this’ agus na ‘I seen that’ chomh coitianta sa Bhéarla agus atá an ‘ag déanamh é’ a chloisim go mion minic sa Ghaeilge anois. Agus bíodh acu! Tá an ceart sin ag an gcainteoir agus ag an scríbhneoir nach miste leo, nó nach mian leo, an caighdeán. An bhfuil sé de cheart acu an caighdeán a sheachaint agus é in úsáid acu go gairmiúil? Ní dóigh liom é. Ach sin mo thuairim.

An méid sin ráite, tá sé de cheart agamsa, mar fhoghlaimeoir, agus ag gach uile fhoghlaimeoir eile, caighdeán coitianta cothrom ciallmhar soiléir a bheith ar fáil dúinn le go mbeimid in ann a theacht ar na bróga compordacha sin, sa chaoi go mbeimid in ann Slí na Gaeilge a shiúl gan stró. Anois, a réiteoirí. Le bhur dtoil. In aon leabhar amháin. Mura miste libh.
.

Saturday, April 18, 2009

Súile chun Spéire

Is iomaí uair a chaithim mo shúile chun spéire nuair a chloisim rudaí a chuireann iontas, nó fiú déistin, orm. Fanann na súile sin thuas ansin, agus mo chluasa mar chomhluadar acu, agus bíonn siad ag déanamh iontais don mhéid a fheiceann siad, agus a chloiseann siad, ón stáitse sin. Is minic go gcastar fearg, brón, fuarchúis, alltacht agus meascán mearaí eile de mhothúcháin orthu agus iad thuas ar an stáitse sin. Faraor, is minic ceann nó dhó de na mothúcháin sin ag teacht anuas i dteannta mo shúile, agus sin mar ar tharla an tseachtain seo.

Chuala mé cúpla clár ar an raidió a chuir mo shúile ar rith chun spéire arís. Mar ar tharla sé, bhí siad san áireamh ag Ruth Buchanan ar Playback ar maidin inniu, agus is fiú éisteacht leis na píosaí sin, atá le fáil ag an Playback Podcast ag http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_playback.xml.

Is clár 57 nóiméad atá ann, ach is féidir na cinn a chuir mo shúile sa siúl a fháil idir 44.28 – 47-55 (Paddy O’Gorman ar an O’Malley Estate i Luimneach ar ‘Today with Myles Dungan’, Dé hAoine) agus idir 47.59 – 52.16 (Damien O’Reilly ar ‘Liveline’, Déardaoin).

Théis an méid sin a bheith déanta agat, má bhíonn na focail ‘cic sa tóin!’, nó ‘go bhfóire Dia orainn!’ ar bharr do theanga agat, tuigfidh mé do chás.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.