Gabh mo leithscéal, a léitheoirí, as sibh a thréigeann le lá nó cúig. Ní hé nach raibh mé ag iarraidh bheith in bhur gcuideachta, ach bíonn laethanta ann agus téann m’aire ar seachrán áit éigin eile, agus ní théim in aice le ríomhaire ná le hidirlíon go dtí go dtagann m’aire ar ais chucu, as a stuaim féin. Is ábhar iontach neamhspleách atá inti, mar aire, agus ní féidir srian a chur uirthi, rud a thuigfidh na scríbhneoirí uile atá á léamh seo, agus, seans, roinnt mhaith de na léitheoirí freisin.
Tá an t-am seo den bhliain crua go leor orainn mar chlann, mar is cothrom an ama seo, dhá bhliain ó shin, a bhásaigh
mo dheirfiúr. Shílfeá go mbeadh an bhuairt ag maolú rud beag anois, ach is ábhar iontach neamhspleách atá sa bhuairt freisin, agus ní féidir srian ama a chur léi. Go deimhin, is minic go mbíonn an bhuairt agus an aire sheachránach i gcomhluadar a chéile ar bhóthar an bhróin, agus is fearr scaoileadh leo. Filleann siad, arís is arís eile.
Ar maidin, táim ag léamh liom trí na blaganna éagsúla. Tá
Proinsias ag insint dom gur éirigh le
Tadhg an duais a bhaint don bhlag is fearr ag bronnadh dhuaiseanna liteartha an Oireachtais i mbliana; agus gur thug Proinsias é féin, agus Doiminic Mac Giolla Bhríde, corn Francie Mooney, d’amhrán nuachumtha, abhaile leo go Dún na nGall. Maith sibh uile, a fheara, agus comhghairdeas ó chroí libh!
Tá
Proinsias ag meabhrú faoi phionós an bháis in alt eile leis, agus cé go dtuigim go rómhaith na mothúcháin a bheadh ag tuismitheoir ar bith maidir le péidifiligh, táim ag réiteach le teachtaireachtaí Aonghuis agus Dennis faoin alt sin, agus bheinn amhrasach faoi phionós an bháis ‘
ar eagla na heagla’.
An méid sin ráite agam, cá bhfios domsa cé na mothúcháin a bheadh agam i leith a leithéide de phionóis dá mbeadh mo pháiste féin ar dhuine de na páistí sin a goineadh? Cá bhfios d’aon duine againn céard a dhéanfadh muid, nuair nach orainn atá bróga an té a goineadh, nó nuair nach orainn atá bróga na ndaoine muinteartha leo? Tá sé éasca focail a roinnt ar an ábhar seo, ach níl fulaingt éasca, agus bím airdeallach ar m’fhocail i gcásanna mar seo ar fhaitíos go gcuirfinn le fulaingt aon léitheoir.
Sin mo thuairim maidir leis an nginmhilleadh freisin. Bím airdeallach ar m’fhocail. Tá an t-ábhar luaite ag
Aonghus ina alt
Brilléis an tAire Éadochais, ina bhfuil na
Magdalene Laundries luaite aige freisin. Cibé faoi na mná bochta sin a goineadh, gan trócaire, sna neachtlanna, tá ‘
réiteach’ fhadhb an ghinmhillte á chur thar lear againn, mar a bheadh muid cosúil leis na moncaithe
anseo, Mizaru agus Kikazaru go háirithe; muid rud beag cosúil le Shizaru freisin, shílfeá, lenár lámha trasna a chéile againn agus muid ag breathnú ar na mná ag imeacht leo thar lear, muid neamhchiontach mar nach dtarlódh a leithéid sa tír seo. Ní cheadódh muid é. Sin ár ‘
réiteach’? Sea.
Tharla rud eile cothrom an ama seo, tríocha bliain ó shin. Tháinig an
Pápa Eoin Pól II go hÉirinn. Ní raibh mé féin ná an Garraíodóir páirteach sna himeachtaí, ná san fhéile. Bhí an bheirt againn le taobh leaba mo mháthar san ospidéal, páiste nuabheirthe aici lena taobh, leaid breá mór, mo dheartháir, é aon phunt déag nuair a rugadh é. Níor baisteadh Eoin ná Pól air mar ar tharla sé, cé gur ar dháta na cuairte sin a rugadh an duine is óige de chlann mo thuismitheoirí.
Dar liomsa an lá sin, agus is mar sin atá an scéal liom fós, nach i reiligiún atá iontais an tsaoil le fáil, nach i reiligiún atá freagraí ár bhfadhbanna ná dóchas an todhchaí le fáil, ach sa rud atá chomh nádúrtha álainn soineanta le súile an linbh a bhí os mo chomhair an lá sin.
Sílim go gcaithfear nádúr agus soineantacht an linbh a chosaint, is cuma cé leis iad, is cuma cén fáth ann dóibh. Go dtí go mbeidh gach fear agus bean in ann ‘
sin scéal iontach!’ a rá, le fáilte agus le fírinne, ar chloisteáil faoi thoircheas, go dtí go nglacfaidh muid uile le gach toircheas le tuiscint, le freagracht, le tacaíocht agus le grá, tá soineantacht na beatha i mbaol.
Aontaím le h
Aonghus, ‘
Bhí muid soineanta faoin Eaglais agus an saol an uair sin.’, formhór againn ar aon nós. B’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn dearcadh úr a bheith againn anois.
Bhain mé sult as na físeáin a chuir
Dennis,
Tadhg, agus
Scott faoi mo bhráid. Cé nár thuig mé focail Vitaa ar fhiseán Scott, bhí an fhuaim éasca ar na cluasa, agus Vitaa í féin éasca ar na súile. Tuigim go rómhaith fadhbanna an
Dubhaltaigh bhoicht agus é ag dul anonn is anall idir
Tá agus
Níl inné. Tá mo vóta caite agam ó mhaidin, agus an dóigh liom go mbeidh an bua ag lucht
Tá. Is dócha. B’fhéidir. Níl a fhios agam...
Tá
Con ag cíoradh Mhic Carthaigh agus Cowen arís,
slán leo! nó
an slánaitheoirí iad? b'fhéidir – níl mé cinnte. Tá
Tim ar ais ar bhóthar na foghlama arís, go n-éirí go geal leis. B’fhéidir nach ógánach anois tú, mar a dúirt tú féin, a Tim, ach tá súil agam go mbainfidh tú sult as an bhfoghlaim, mar is minic gur milse í agus aois ina cuideachta, rud beag cosúil le fíon.
Tá na laonna fós idir lámha ag
Ormondo, é féin agus
An Codú chomh ciúin liom féin na laethanta seo. Tá
Cailliomachas agus
Séamus socair freisin, gan focal ó
Hilary ná
SeánÓ ná
Jennifer ó bhí mé thall leo go deireadh. Tá
Micilín é féin gan chaint, diabhal drochscéal ná scéal dóchais uaidh, agus tá
Róislín ag plé le hArthur fós.
Sos beag uainn uile anois, b'fhéidir. Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde uile.
.