Showing posts with label Ciara. Show all posts
Showing posts with label Ciara. Show all posts

Tuesday, November 9, 2010

Deora

Bhí cara liom, agus mé féin, sa Millennium Forum i nDoire aréir, áit a raibh seó ag Dara Ó Briain, fuirseoir a thaitníonn go mór liom.

Ó bhásaigh mo dheirfiúr trí bliana ó shin, is minic deora bróin i mo shúile. Aréir, ba dheora gáire a bhí iontu, agus d’fháiltigh mé rompu, mar a bheadh seanchara tar éis cuairt a thabhairt orm, cara nach bhfaca mé le fada.

Nach suimiúil an rud iad deora, a léitheoirí? Tagann siad ón bhfoinse chéanna, cé nach í an fhoinse chéanna is cúis leo, mar a déarfá.

Níl a dhath de dhifríocht idir, abair, blas agus dath na ndeor, is cuma brón, áthas, gáire, pian, nó fiú oinniún, dá spreagadh chun silidh.

Dá mbeadh dath agus blas orthu, meas tú cén dath, nó cén blas, a chuirfeadh na mothúcháin éagsúla ar dheora?
.

Friday, October 1, 2010

Athfhilleadh agus Athfhriotal

Ar thug sibh faoi deara riamh go mbíonn, in amanna, dáta faoi leith i saol duine, dáta ar a dtarlaíonn rudaí cinniúnacha, abair; dáta, ar athfhilleadh dó, a fhágann duine le meascán mothúchán ar an lá?

Bhí a leithéid de lá mar sin agamsa an lá ar bronnadh duais úd an Oireachtais orm. Is ar an dáta sin, seacht mbliana is fiche roimhe, a tháinig m’iníon ar an saol, agus is ar an dáta sin, trí bliana roimhe, a d’imigh mo dheirfiúr álainn, Ciara, ón saol, gan í ach 30 bliain d’aois.

Tá féilire in ionad oibre deirféar eile liom, féilire ar a mbíonn athfhriotail cháiliúla scríofa. Bíonn athfhriotal nua roimpi gach lá, nuair a tharraingíonn sí leathanach an lae roimhe den fhéilire deisce.

Roinnim libh, thíos, an t-athfhriotal a bhí scríofa ar leathanach na Máirt seo caite, an 28 Meán Fómhair. Tá an leathanach, ar a bhfuil an t-athfhriotal scríofa, os mo chomhair anois, a bhuí le mo dheirfiúr.

‘Dream as if you’ll live forever, live as if you’ll die today.’

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí.
.

Friday, October 2, 2009

Toradh

Gabh mo leithscéal, a léitheoirí, as sibh a thréigeann le lá nó cúig. Ní hé nach raibh mé ag iarraidh bheith in bhur gcuideachta, ach bíonn laethanta ann agus téann m’aire ar seachrán áit éigin eile, agus ní théim in aice le ríomhaire ná le hidirlíon go dtí go dtagann m’aire ar ais chucu, as a stuaim féin. Is ábhar iontach neamhspleách atá inti, mar aire, agus ní féidir srian a chur uirthi, rud a thuigfidh na scríbhneoirí uile atá á léamh seo, agus, seans, roinnt mhaith de na léitheoirí freisin.

Tá an t-am seo den bhliain crua go leor orainn mar chlann, mar is cothrom an ama seo, dhá bhliain ó shin, a bhásaigh mo dheirfiúr. Shílfeá go mbeadh an bhuairt ag maolú rud beag anois, ach is ábhar iontach neamhspleách atá sa bhuairt freisin, agus ní féidir srian ama a chur léi. Go deimhin, is minic go mbíonn an bhuairt agus an aire sheachránach i gcomhluadar a chéile ar bhóthar an bhróin, agus is fearr scaoileadh leo. Filleann siad, arís is arís eile.

Ar maidin, táim ag léamh liom trí na blaganna éagsúla. Tá Proinsias ag insint dom gur éirigh le Tadhg an duais a bhaint don bhlag is fearr ag bronnadh dhuaiseanna liteartha an Oireachtais i mbliana; agus gur thug Proinsias é féin, agus Doiminic Mac Giolla Bhríde, corn Francie Mooney, d’amhrán nuachumtha, abhaile leo go Dún na nGall. Maith sibh uile, a fheara, agus comhghairdeas ó chroí libh!

Proinsias ag meabhrú faoi phionós an bháis in alt eile leis, agus cé go dtuigim go rómhaith na mothúcháin a bheadh ag tuismitheoir ar bith maidir le péidifiligh, táim ag réiteach le teachtaireachtaí Aonghuis agus Dennis faoin alt sin, agus bheinn amhrasach faoi phionós an bháis ‘ar eagla na heagla’.

An méid sin ráite agam, cá bhfios domsa cé na mothúcháin a bheadh agam i leith a leithéide de phionóis dá mbeadh mo pháiste féin ar dhuine de na páistí sin a goineadh? Cá bhfios d’aon duine againn céard a dhéanfadh muid, nuair nach orainn atá bróga an té a goineadh, nó nuair nach orainn atá bróga na ndaoine muinteartha leo? Tá sé éasca focail a roinnt ar an ábhar seo, ach níl fulaingt éasca, agus bím airdeallach ar m’fhocail i gcásanna mar seo ar fhaitíos go gcuirfinn le fulaingt aon léitheoir.

Sin mo thuairim maidir leis an nginmhilleadh freisin. Bím airdeallach ar m’fhocail. Tá an t-ábhar luaite ag Aonghus ina alt Brilléis an tAire Éadochais, ina bhfuil na Magdalene Laundries luaite aige freisin. Cibé faoi na mná bochta sin a goineadh, gan trócaire, sna neachtlanna, tá ‘réiteach’ fhadhb an ghinmhillte á chur thar lear againn, mar a bheadh muid cosúil leis na moncaithe anseo, Mizaru agus Kikazaru go háirithe; muid rud beag cosúil le Shizaru freisin, shílfeá, lenár lámha trasna a chéile againn agus muid ag breathnú ar na mná ag imeacht leo thar lear, muid neamhchiontach mar nach dtarlódh a leithéid sa tír seo. Ní cheadódh muid é. Sin ár ‘réiteach’? Sea.

Tharla rud eile cothrom an ama seo, tríocha bliain ó shin. Tháinig an Pápa Eoin Pól II go hÉirinn. Ní raibh mé féin ná an Garraíodóir páirteach sna himeachtaí, ná san fhéile. Bhí an bheirt againn le taobh leaba mo mháthar san ospidéal, páiste nuabheirthe aici lena taobh, leaid breá mór, mo dheartháir, é aon phunt déag nuair a rugadh é. Níor baisteadh Eoin ná Pól air mar ar tharla sé, cé gur ar dháta na cuairte sin a rugadh an duine is óige de chlann mo thuismitheoirí.

Dar liomsa an lá sin, agus is mar sin atá an scéal liom fós, nach i reiligiún atá iontais an tsaoil le fáil, nach i reiligiún atá freagraí ár bhfadhbanna ná dóchas an todhchaí le fáil, ach sa rud atá chomh nádúrtha álainn soineanta le súile an linbh a bhí os mo chomhair an lá sin.

Sílim go gcaithfear nádúr agus soineantacht an linbh a chosaint, is cuma cé leis iad, is cuma cén fáth ann dóibh. Go dtí go mbeidh gach fear agus bean in ann ‘sin scéal iontach!’ a rá, le fáilte agus le fírinne, ar chloisteáil faoi thoircheas, go dtí go nglacfaidh muid uile le gach toircheas le tuiscint, le freagracht, le tacaíocht agus le grá, tá soineantacht na beatha i mbaol.

Aontaím le hAonghus, ‘Bhí muid soineanta faoin Eaglais agus an saol an uair sin.’, formhór againn ar aon nós. B’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn dearcadh úr a bheith againn anois.

Bhain mé sult as na físeáin a chuir Dennis, Tadhg, agus Scott faoi mo bhráid. Cé nár thuig mé focail Vitaa ar fhiseán Scott, bhí an fhuaim éasca ar na cluasa, agus Vitaa í féin éasca ar na súile. Tuigim go rómhaith fadhbanna an Dubhaltaigh bhoicht agus é ag dul anonn is anall idir agus Níl inné. Tá mo vóta caite agam ó mhaidin, agus an dóigh liom go mbeidh an bua ag lucht . Is dócha. B’fhéidir. Níl a fhios agam...

Con ag cíoradh Mhic Carthaigh agus Cowen arís, slán leo!an slánaitheoirí iad? b'fhéidir – níl mé cinnte. Tá Tim ar ais ar bhóthar na foghlama arís, go n-éirí go geal leis. B’fhéidir nach ógánach anois tú, mar a dúirt tú féin, a Tim, ach tá súil agam go mbainfidh tú sult as an bhfoghlaim, mar is minic gur milse í agus aois ina cuideachta, rud beag cosúil le fíon.

Tá na laonna fós idir lámha ag Ormondo, é féin agus An Codú chomh ciúin liom féin na laethanta seo. Tá Cailliomachas agus Séamus socair freisin, gan focal ó HilarySeánÓJennifer ó bhí mé thall leo go deireadh. Tá Micilín é féin gan chaint, diabhal drochscéal ná scéal dóchais uaidh, agus tá Róislín ag plé le hArthur fós.

Sos beag uainn uile anois, b'fhéidir. Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde uile.
.

Friday, August 14, 2009

An Dé Deiridh

An Garraíodóir bocht! Níor thug mé aird dá laghad air, ná aire dó, agus muid ar ár mbealach ar ais go Dún na nGall Dé Céadaoin. Bhí mo shúile go hiomlán dírithe agam ar Joe Steve Ó Neachtain, é idir mo dhá láimh agam agus ní raibh mé ag dul ag scaoileadh leis go dtí go mbeadh mo sháith dá shaothair léite agam. Ar ndóigh, ní hé Joe Steve féin a bhí idir mo lámha agam, an dtuigeann sibh, ach a leabhar dánta, An Dé Deiridh, leabhar a bhí ceannaithe agam ní bá luaithe sa lá i nGaillimh.

Más rud go bhfuil neamh ar thalamh, is ann a bhí mé ar an turas sin; mo chloigeann sáite i leathanaigh an leabhair, mo dhé féin ag sú a shaibhris teanga, mé faoi dhraíocht ag a chumas cumadóireachta, mo chroí faoi bhorradh agus biseach ag a bhriathra, briathra a mhúnlaigh sé as créfhocail a dhúchais.

Is cuimhin liom an chéad uair a bhuail mé le Joe Steve. Tharla sé go raibh mé i nGaillimh, ag freastal ar léachtaí san Ollscoil ansin, i Mí an Mhárta anuraidh. Bhí Oíche Fhilíochta ar siúl ag Éigse an Spidéil ‘Biddy Jenkinson agus go leor filí áitiúla’ ag teacht le chéile i mBialann an Bholuisce ann. Suas liom ar mo chapall (bhuel, isteach liom i mo charr, i ndáiríre, ach bhí an Wild West ag glaoch orm, an dtuigeann sibh) agus siar liom ar an Spidéal.

Bhí an áit lán go doras, Joe Steve ina Fhear an Tí, filí fealsúnacha ag roinnt a bhfocal go flaithiúil ar feadh na hoíche. Neamh ar thalamh arís. Ag am sosa, tháinig Joe Steve i mo threo, chuir ceist orm ar mé a bhí ann. Nuair a dheimhnigh mé gur mé a bhí ann gan dabht, d’iarr sé orm mo dhán 'Ciara na Gruaige Rua' a roinnt leis an lucht éisteachta, dá mba mhian liom.

Ba mhór liom an cuireadh uaidh, agus rinne mé amhlaidh, cé go raibh mo dhá ghlúin ag bualadh i gcoinne a chéile teann neirbhíse. Ba mhinic mo dhánta roinnte agam le lucht éisteachta sna Dúnaibh, i nDoire, i Leitir Ceanainn, agus in Inis Eoghain, ach ba é seo an chéad uair agam á roinnt os ard le mo dhream féin. Ach d’éirigh liom gan óinseach iomlán a dhéanamh díom féin, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na focail thacúla agus spreagúla a roinn Joe Steve liom ina dhiaidh sin. D’fhág sé uchtach san áit ina mbíodh amhras liom, an cineáltas uaidh chomh nádúrtha dúchasach lena shaothar.

I bhfianaise ar an méid sin uaim faoi Joe Steve Ó Neachtain, seo chugaibh an véarsa deireanach óna dhán ‘Claíocha’, óna leabhar dánta iontach ‘An Dé Deiridh’:

‘Leagaim láimh le cion
Ar chlaí
A bhfuil féasóg liath
Le haois ar a aghaidh,
Is mothaím giúin
Ón nglúin a rinne:
nach n-iompaíonn nádúr
a chúl
le cine.’

An Dé Deiridh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta
ISBN 978-1-905560-37-0
.

Thursday, August 6, 2009

Leigheas

Táim ar ais i gConamara ó inné, agus chaith mé an tráthnóna agus an oíche ar an leaba le tinneas boilg. Nuair a d’fhágamar Inis Eoghain inné, mé féin agus an Garraíodóir, ní raibh a dhath cearr liom, gan i mo bholg ach bricfeasta breá folláin agus sceitimíní áthais, ó tharla mé ag déanamh ar mo cheantar dúchais.

Stopamar i gClár Chlainne Mhuiris, mar a dhéanaimid go rialta. Bíonn cupán caife nó greim le hithe againn ann am ar bith a mbímid ar an mbóthar siar. Is maith linn an bhialann Freshies, nó bialann Aghna. Bia blasta le fáil sa dá áit, don fheoilséantóir cosúil liomsa, agus neart iontu don té a itheann ainmhithe, éin, agus éisc, freisin.

Tá sé de nós againn stopadh i bhFreshies ar an mbealach siar, agus in Aghna’s ar an mbealach ar ais. Inné, faoin am a shroicheamar Freshies, ní raibh fonn orm fiú cupán caife a ól, tuar tinnis á fhógairt, tinneas nár bhain ar chor ar bith leis an mbialann dheas sin ach a bhain go mór leis an gcogadh a bhí ag suanbhruith gan suan i mo bholg faoin am sin.

Anois, a léitheoirí, dá mbeadh sibh in ann méid mo bhoilg a fheiceáil, thuigfeadh sibh go rómhaith nach minic a thagann tinneas ar cuairt ar an mbolg céanna. Is bolg é atá bolgtha, mé tite chun boilg le bliain nó dhó, luach an bhéil alpaigh le feiceáil orm. Cibé scéal é, bhí fonn spraoi ar bhia na maidine agus bhí ar an nGarraíodoir stopadh trí huaire ar an mbóthar idir Mám agus Casla le go mbeinn in ann saoirse a thabhairt don bhia sin. D’imigh gach uile ghreim le fána, agus thug siad na sceitimíní áthais leo.

Ní raibh uaim, faoin am sin, ach luí siar ar an suíochán ar chúl an chairr, mé ag ochadh liom, ochón, ochón, ochón ó! Caoineadh na dTrí Bhlúire. Is ar éigean a bhí mé in ann mo chosa a chur fúm nuair a shroicheamar ceann scríbe i gCeantar na nOileán. Amach liom as an gcarr, agus thit mise, m’éadaí agus mo bhróga fós orm, isteach sa leaba, áit ar chodail mé, gan dúiseacht, ar feadh na hoíche.

Anois, táim i mo shuí os comhair an ríomhaire, mé fós rud beag lag, ach i bhfad níos folláine ná mar a bhí mé aréir, leigheas faighte agam i gcodladh na hoíche is dócha. Ar ball beag, rachaidh mé chun na reilige, áit a bhfuil Ciara curtha le m’athair. Cuireadh a hainm ar an gcloch chinn an tseachtain seo. Tuilleadh fianaise, dá mbeadh a leithéid uaim, nach bhfuil luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
.

Sunday, August 2, 2009

Na 'Positive Thinkers'

Timpeall coicís ó shin, scríobh mé anseo go raibh deirfiúr liom ag dul faoi scian i Meiriceá. Ailse thíoróideach atá uirthi, scéal a tháinig aniar aduaidh orainn uile an mhí seo caite. Is baintreach í le beirt déagóirí fós ina seilbh. Sciob ailse uaithi a fear céile dílis blianta ó shin, nuair nach raibh na páistí sin ach trí bliana agus cúig bliana d’aois.

Sa mhullach ar an mí-ádh sin, tháinig ailse chíche uirthi ceithre bliana ó shin, ailse a bhí ar mo mháthair sé bliana roimhe. Fuair an bheirt acu an ceann is fearr ar an ailse sin. Táimid ag súil go n-éireoidh chomh maith céanna le mo dheirfiúr, Deirdre, agus i ag dul i ngleic le hailse arís; an fhaireog thíoróideach imithe anois, cibé faoin ngalar. Beidh le feiceáil.

Cheap mé go raibh ár ndóthain fulaingthe againn mar chlann le bás mo dheirfiúr, Ciara, ach is léir nach bhfuil cibé Cé réidh linn fós. Nuair a chuala mé an drochscéal maidir le Deirdre an mhí seo caite, tháinig fearg orm. Ní gnáthfhearg a bhí ann, an dtuigeann sibh, ach an cineál feirge sin a chuireann fonn ar dhuine cic a tharraingt ar throscán, teann sáraithe seachas olcas; an cineál feirge sin a chuir fonn orm ‘Éist linn! Éist léi!’ a bhéiceadh os ard.

Tá sé sin nádúrtha, ach níl sé i mo nádúr troscán a chiceáil, ná bheith ag béiceadh os ard, agus ní dhearna mé a leithéid. Mar is iondúil linn, mar chlann, ba ghearr uaim na smaointe dearfacha arís.

Gach uile bhliain, le deich mbliana anuas, tá mo mháthair, mo dheirfiúracha, a bpáistí agus a gcairde, ag bailiú airgid don Quincy Medical Center, iad ag siúl, mar ghrúpa, faoin ainm ‘Positive Thinkers’, sa Quincy Medical Center Cancer Walk:

a fundraising walk to support the Marie A. Curry Fund, a permanent endowed Fund at Quincy Medical Center, focused on encouraging prevention and early detection of cancer and enhancing access to vital cancer screenings and services for uninsured and underinsured women and men’.

Anuraidh, osclaíodh an Ciara Durkin Cancer Resource Center ag QMC, agus d'éirigh leis an ngrúpa 'Positive Thinkers' os cionn $10,000 a bhailiú an bhliain sin.

Beidh siad ag siúl arís i mbliana, agus beidh Deirdre leo. Más mian libh tacaíocht a thabhairt don mhuintir thall, is féidir é sin a dhéanamh ag http://www.firstgiving.com/positivethinkers.
.

Sunday, July 5, 2009

Féilire

Blianta fada ó shin, chuir deirfiúr liom ‘Birthday List’ teaghlach s’againne le chéile; leathanach amháin a thiocfadh tríd an bpost chugainn leis an gcárta Nollag chuile bhliain, go dtí go bhfuair na ríomhairí an ceann is fearr ar fhir an phoist. Tagann an liosta chuile bhliain i Mí Eanáir anois, trí ríomhphost, chuig gach duine den teaghlach.

Is iad na ceanntásca leathanaigh: dáta breithe, ainm, aois reatha, lá na breithe, bliain na breithe, agus sonraí teagmhála ina mbíonn an seoladh baile, seoladh ríomhphoist, agus uimhreacha gutháin san áireamh. Ar an liosta, tá máithreacha, aithreacha, iníonacha, agus mic. Dá bhrí sin tá a fhios agam, bliain i ndiaidh bliana, cén aois atá ag gach neacht agus nia liom, mar aon le haois gach fear agus bean atá pósta le mo dheirfiúracha agus deartháireacha, chomh maith le haois mo shiblíní agus mo mháthair. Tá an liosta curtha le chéile go croineolaíoch, is é sin le rá go dtosaíonn an liosta i Mí Eanáir, leis an gcéad lá breithe den bhliain, agus leanann sé ar aghaidh go dtí deireadh na bliana, mí i ndiaidh míosa.

Tá sé úsáideach ar go leor bealaí. Is féidir liom breathnú ar an liosta go rialta agus bíonn a fhios agam, ar an bpointe, cén breithlá atá ar an mbealach, agus cé leis an breithlá sin. Má bhíonn lá breithe mhór, fearacht 21, 30, 40 nó mar sin, ar an mbealach, bíonn cló trom ar an aois reatha sin. Ach, faraor, ní ar na haoiseanna sin amháin a bhíonn an cló trom, ach ar an uimhir a chuirtear in áit na haoise reatha don té atá anois imithe ar shlí na fírinne. Ní aois a bhíonn scríofa faoi ‘aois reatha’ sa chás sin, ach an méid blianta atá ann ó d’fhág an ball sin den teaghlach an saol seo. Fágtar an aois a bhí acu nuair a d’imigh siad uainn idir lúibíní taobh lena n-ainm, agus taobh leis sin, idir lúibíní eile, bíonn an dáta ar fhág siad muid.

Timpeall naoi mbliana ó shin, nó mar sin, thosaigh deartháir liom i Meiriceá ag cur féilire teaghlaigh le chéile. Is féilire é atá an-chosúil leis na féilirí sin a gheofá ón mbanc, pictiúir ar an leath uachtarach, boscaí cearnógacha folmha ar an leath íochtarach le go mbeadh duine in ann nótaí beaga a scríobh iontu, dá mba mhian leo. Ar an leath uachtarach d'fhéilire s’againne, cuireann sé pictiúir éagsúla den teaghlach, pictiúir a roghnaíonn muid féin i rith na bliana agus a chuireann muid chuige ag tús Mhí na Nollag, le go mbeidh an féilire réidh aige dúinn roimh thús Mhí Eanáir. Roinneann mo dheartháir na pictiúir amach ar na leathanaigh mhíosúla, agus bíonn colláis de phictiúir dhifriúla le feiceáil againn chuile mhí. Bíonn na boscaí cearnógacha folamh, ach amháin go mbíonn ainm curtha sa bhosca cuí nuair atá breithlá, nó cothrom lae báis, duine den teaghlach ann ar an dáta sin.

An mhí seo, ar an bhféilire, tá pictiúir d’aon dhuine dhéag de na nianna agus neachtanna, cuid acu ag cóisirí, cuid acu ar chamchuairt timpeall ar Washington nuair a bhíomar thall le haghaidh adhlacadh luaithreach le mo dheirféar, Ciara, in Arlington; pictiúir de mo shiblíní uile (cé nach bhfuil mise ann ar chor ar bith an mhí seo!), mo mháthair, agus aintín liom. Tá pictiúr de Chiara ann, a haghaidh chineálta ag breathnú amach orm anois, ag tarraingt ar théada mo chroí mar a rinne sí ar feadh a saoil.

Tá an féilire ar an mballa taobh liom i mo sheomra scríbhneoireachta i gCeann Scríbe anois, agus tá an ‘Birthday List’ taobh leis. Ar an liosta sin tá ainm Chiara luaite le dáta an lae amáraigh. Taobh lena hainm tá ‘30’ scríofa idir lúibíní, a haois nuair a bhásaigh sí, agus taobh leis sin, tá an dáta a bhásaigh sí san Afganastáin. I gcló trom in aice leis sin, san áit b’iondúil dá haois a bheith san am a caitheadh, tá ‘2nd’ scríofa. Ar ndóigh, níl baint ar bith ag an ‘2nd’ sin le haois, faraor, ach cuireann sé i gcuimhne dom, cé nach gá cuimhne a chur san áit a mbíonn an síor-chuimhne beo, nach bhfuil sí linn a thuilleadh, ach go bhfuil sí imithe uainn dhá bhliain i mbliana. Ní bheidh aois leanúnach aici arís go brách.

An smaoineamh a ritheann liom inniu, agus mé ag breathnú trí mo dheora ar an bhféilire agus ar an liosta sin ar mo bhalla, ná go mbeidh Ciara s’againne riamh óg. Ní thiocfaidh aois uirthi arís go brách, agus beidh sí óg i gcónaí sa cholláis teaghlaigh ar an bhféilire. An gcuidíonn sé sin le mo bhrón a mhaolú? Ní chuidíonn, ach is deas an smaoineamh é mar sin féin.

Dá mbeadh sí beo, bheadh Ciara na Gruaige Rua 32 bliana d’aois amárach. Cuirfidh mé barróg chuici, cibé áit ina bhfuil sí, mar a dhéanaim chuile mhaidin ó d’imigh sí uainn. Ba bhean mhór barróga í.

http://www.ciaraweerabrat.com/
.

Monday, May 25, 2009

An Bhean Neamhspleách

Is í An Bhean Neamhspleách an duine is sine den triúr a saolaíodh ó mo bhroinn. Ar ndóigh, bhí baint nach beag ar an nGarraíodóir leis an scéal freisin, agus tá a ghéinte le feiceáil go soiléir ar a haghaidh i bhfianaise air sin.

D’fhág sí an teaghlach, le freastal ar an ollscoil, nuair nach raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois, agus ní sách minic ann í ó shin. Sa bhaile, chan san ollscoil. Le céim faoina hascaill aici, chuaigh sí ag obair i gCill Mhantáin ar feadh cúpla bliain ach tá sí ag obair i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas.

Is bean mhór rugbaí í; sé sin le rá, is maith léi rugbaí go mór, ach ní hé sin le rá gur bean mhór í. Bhí sí i nDún Éideann don deireadh seachtaine, í féin agus cúigear cairde léi, agus nach aoibhinn dóibh – comhghairdeas leis na Laighnigh! Nach iontach an rud deá-scéala a fháil in am seo an chiorraithe!

Bím i dteagmháil léi go rialta, beagnach chuile lá, mar a dhéanann an Garraíodóir, agus mar a dhéanann gach aon tuismitheoir, ceapaim, nuair a bhíonn iníon nó mac as baile. An tseachtain seo caite, chuir mé ríomhphost chun bealaigh ag mo mhuintir, ag mo chlann agus ag mo dhlúthchairde, ag insint dóibh go raibh Ceann Scríbe bainte amach agam, ach go raibh mé iontach buartha nach mbeadh Ciara liom sa teach seo go brách. Seo thíos na focail ón gcárta a tháinig chugam, cúpla lá ina dhiaidh sin, ón gcailín álainn sin ar a dtugaim ‘m’iníon’, le bród agus grá nach beag:

“Mum,

With reference to what you said in the email about how sad you are that Ciara will never walk through the doors of ‘Ceann Scríbe’, I beg to differ. You see, Mum, I believe she was there from the start; she put pen to paper and helped with the design, she levelled the foundations, she decided on designs/colours/fittings with you; she lay the first brick, she walked with you when you carried the candle for her, she entered the house with you on your first day – and she never left you. She’s as much at home as you are. Welcome home.”

Dán beag daoibh; ceann a scríobh mé ar an lá ar fhág An Bhean Neamhspleách an teaghlach; téada á ngearradh, croíthe tuismitheoirí ag briseadh:


Imeacht

Pian an scartha i súile fliuch
Focla gan labhairt ó bhéal ina thost
Tocht á thachtadh i scornach docht
Croí ag briseadh le mothúchán nocht

Fulaingt i gcroitheadh lámh chineálta lách
Fáisceadh saoil i mbarróga chách
Máthair ‘s athair ag seasamh le slacht
Ag fágáil slán ag iníon nó mac
.

Thursday, May 7, 2009

Buairt

Nuair a dhúisigh mé ar maidin, d’airigh mé iontach buartha agus bhí a fhios agam gur lá brónach a bheadh ann, ceann de na laethanta sin a bhíonn rud beag níos measa ná na cinn eile a bhíonn agam go rialta ó bhásaigh mo dheirfiúr, Ciara. Níl a fhios agam cén fáth a dtarlaíonn sé sin. An é go mbím ag brionglóidí fúithi i ngan fhios dom féin i rith na hoíche, agus go bhfuil a spiorad fós liom nuair a dhúisím? Níl a fhios agam.

Ar aon nós, nuair a thagann na laethanta sin sa mhullach orm, mar a tharla ar maidin, leanaim ar aghaidh leis an lá mar is iondúil, ach rud beag níos moille, b’fhéidir, mar is ualach trom iad na deora nuair nach scaoiltear iad. Déanaim cupán caife, léim mo ríomhphoist agus léim na blaganna éagsúla.

Ar maidin, bhí scéalta brónacha romham ar bhlag eoghanach.blogspot.com (Brón ar an Bhás, Ar an Ordóg) agus ar bhlag oileanach.blogspot.com (Go raibh tú sona anocht, a Jessica) agus tháinig na deora go tréan agus mé á léamh. Ní raibh an t-ualach chomh trom ina dhiaidh sin. Ní hionann an brón a airíonn muid uile, mar nach ionann an caillteanas ar ndóigh, ach is ionann fáth na ndeor – buairt.

Scríobhaim nuair a bhím brónach, agus mé ag iarraidh ciall a dhéanamh den bhuairt. Seo thíos dán a tháinig chugam an mhí seo caite, de thoradh na scríbhneoireachta sin, de thoradh na buartha.

Toradh

Leáfaidh na scamaill
Titfidh na deora
Rithfidh an sruth

Trí mo mhéara
Síos mo chorp
Trí chraiceann na talún
Síos sa gcré

Síolóidh siad
Fásfaidh siad
Sábhálfar iad

Agus slogfaidh duine éigin eile
An brón atá mo thachtadh

.

Monday, April 20, 2009

C's na Maidine

Go hiondúil, bíonn comhrá agam leis an nGarraíodóir ar maidin sa leaba. Faoin am a dhúisíonn sé, bíonn go leor smaointeoireachta déanta agam féin agus, nuair a dhúisigh sé inné, d’iarr mé air ‘What ‘C’ am I thinking of?’. Gan fiú anáil a tharraingt dúirt sé, ‘Ciara, computer, cat. Tá an fear sin iontach cliste, ach ní raibh an ceart aige an geábh seo.

Mar aon le mo dheirfiúracha uile, bíonn bean na gruaige rua inár smaointe go síoraí; an chéad smaoineamh ar maidin agus an smaoineamh deireanach san oíche sula ndúnann ár súile ar iontais agus uafáis an domhain. Ní aon iontas sin. Maidir le ‘c’ an ríomhaire, bíonn ábhar scríbhneoireachta na maidine pléite go maith ag mo chloigeann le mo chroí faoin am a dhúisíonn an fear le mo thaobh. Agus ní féidir gan ainmhí an fhionnaidh dhuibh, Sióg mo chat, a bheith i mo smaointe mar go mbíonn sé ag glaoch orm ón gcistin chomh luath agus a chloiseann sé anáil na dúiseachta uaim.

Ach, nuair a bhíonn na C’s uile sin pléite ag mo chloigeann, sé C an chaife an smaoineamh a bhíonn ag rith trí mo chuislí agus é ag cuardach na caiféine. Tá turas na caiféine ar bun anois láithreach agus is gearr go mbeidh mé in ann soiléireacht a chur leis an smaointeoireacht luath sin.

‘What ‘C’ am I thinking of?’ a dúirt sé féin ansin. Sin scéal eile.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.