Blianta fada ó shin, chuir deirfiúr liom ‘Birthday List’ teaghlach s’againne le chéile; leathanach amháin a thiocfadh tríd an bpost chugainn leis an gcárta Nollag chuile bhliain, go dtí go bhfuair na ríomhairí an ceann is fearr ar fhir an phoist. Tagann an liosta chuile bhliain i Mí Eanáir anois, trí ríomhphost, chuig gach duine den teaghlach.
Is iad na ceanntásca leathanaigh: dáta breithe, ainm, aois reatha, lá na breithe, bliain na breithe, agus sonraí teagmhála ina mbíonn an seoladh baile, seoladh ríomhphoist, agus uimhreacha gutháin san áireamh. Ar an liosta, tá máithreacha, aithreacha, iníonacha, agus mic. Dá bhrí sin tá a fhios agam, bliain i ndiaidh bliana, cén aois atá ag gach neacht agus nia liom, mar aon le haois gach fear agus bean atá pósta le mo dheirfiúracha agus deartháireacha, chomh maith le haois mo shiblíní agus mo mháthair. Tá an liosta curtha le chéile go croineolaíoch, is é sin le rá go dtosaíonn an liosta i Mí Eanáir, leis an gcéad lá breithe den bhliain, agus leanann sé ar aghaidh go dtí deireadh na bliana, mí i ndiaidh míosa.
Tá sé úsáideach ar go leor bealaí. Is féidir liom breathnú ar an liosta go rialta agus bíonn a fhios agam, ar an bpointe, cén breithlá atá ar an mbealach, agus cé leis an breithlá sin. Má bhíonn lá breithe mhór, fearacht 21, 30, 40 nó mar sin, ar an mbealach, bíonn cló trom ar an aois reatha sin. Ach, faraor, ní ar na haoiseanna sin amháin a bhíonn an cló trom, ach ar an uimhir a chuirtear in áit na haoise reatha don té atá anois imithe ar shlí na fírinne. Ní aois a bhíonn scríofa faoi ‘aois reatha’ sa chás sin, ach an méid blianta atá ann ó d’fhág an ball sin den teaghlach an saol seo. Fágtar an aois a bhí acu nuair a d’imigh siad uainn idir lúibíní taobh lena n-ainm, agus taobh leis sin, idir lúibíní eile, bíonn an dáta ar fhág siad muid.
Timpeall naoi mbliana ó shin, nó mar sin, thosaigh deartháir liom i Meiriceá ag cur féilire teaghlaigh le chéile. Is féilire é atá an-chosúil leis na féilirí sin a gheofá ón mbanc, pictiúir ar an leath uachtarach, boscaí cearnógacha folmha ar an leath íochtarach le go mbeadh duine in ann nótaí beaga a scríobh iontu, dá mba mhian leo. Ar an leath uachtarach d'fhéilire s’againne, cuireann sé pictiúir éagsúla den teaghlach, pictiúir a roghnaíonn muid féin i rith na bliana agus a chuireann muid chuige ag tús Mhí na Nollag, le go mbeidh an féilire réidh aige dúinn roimh thús Mhí Eanáir. Roinneann mo dheartháir na pictiúir amach ar na leathanaigh mhíosúla, agus bíonn colláis de phictiúir dhifriúla le feiceáil againn chuile mhí. Bíonn na boscaí cearnógacha folamh, ach amháin go mbíonn ainm curtha sa bhosca cuí nuair atá breithlá, nó cothrom lae báis, duine den teaghlach ann ar an dáta sin.
An mhí seo, ar an bhféilire, tá pictiúir d’aon dhuine dhéag de na nianna agus neachtanna, cuid acu ag cóisirí, cuid acu ar chamchuairt timpeall ar Washington nuair a bhíomar thall le haghaidh adhlacadh luaithreach le mo dheirféar, Ciara, in Arlington; pictiúir de mo shiblíní uile (cé nach bhfuil mise ann ar chor ar bith an mhí seo!), mo mháthair, agus aintín liom. Tá pictiúr de Chiara ann, a haghaidh chineálta ag breathnú amach orm anois, ag tarraingt ar théada mo chroí mar a rinne sí ar feadh a saoil.
Tá an féilire ar an mballa taobh liom i mo sheomra scríbhneoireachta i gCeann Scríbe anois, agus tá an ‘Birthday List’ taobh leis. Ar an liosta sin tá ainm Chiara luaite le dáta an lae amáraigh. Taobh lena hainm tá ‘30’ scríofa idir lúibíní, a haois nuair a bhásaigh sí, agus taobh leis sin, tá an dáta a bhásaigh sí san Afganastáin. I gcló trom in aice leis sin, san áit b’iondúil dá haois a bheith san am a caitheadh, tá ‘2nd’ scríofa. Ar ndóigh, níl baint ar bith ag an ‘2nd’ sin le haois, faraor, ach cuireann sé i gcuimhne dom, cé nach gá cuimhne a chur san áit a mbíonn an síor-chuimhne beo, nach bhfuil sí linn a thuilleadh, ach go bhfuil sí imithe uainn dhá bhliain i mbliana. Ní bheidh aois leanúnach aici arís go brách.
An smaoineamh a ritheann liom inniu, agus mé ag breathnú trí mo dheora ar an bhféilire agus ar an liosta sin ar mo bhalla, ná go mbeidh Ciara s’againne riamh óg. Ní thiocfaidh aois uirthi arís go brách, agus beidh sí óg i gcónaí sa cholláis teaghlaigh ar an bhféilire. An gcuidíonn sé sin le mo bhrón a mhaolú? Ní chuidíonn, ach is deas an smaoineamh é mar sin féin.
Dá mbeadh sí beo, bheadh Ciara na Gruaige Rua 32 bliana d’aois amárach. Cuirfidh mé barróg chuici, cibé áit ina bhfuil sí, mar a dhéanaim chuile mhaidin ó d’imigh sí uainn. Ba bhean mhór barróga í.
http://www.ciaraweerabrat.com/
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
2 days ago
O Aine.. ni chreidim... do bhron, do laidire, agus neart do teaghlach! Ni feidir le aon duine a ra go bhfuil sibh leithsciuil! Deanann sibh obair mhor an teaghlach a thogail, 's a cothu. An-mhaith oraibh. Ni fheictear an neart sin go minic na leathanta seo. Ta se an-spesialta.
ReplyDeleteAgus nach alainn an dan sin at rte. Alainn brea ar fad. Go raibh maith agat as do roinn linn e.
IS cuimhin liomsa a leamh do bhlag eile (le na glasrai air) nuair a chaill tu do dheirfiur- cinnte, ni dheanfaidh me dearmad faoi riamh. Thosaigh me ag insint paidir do do theaghlach 's tu fein go mor mor. Ta suil agam go bhfuil saghas eigin biseach ar do chroi bocht. Nil se easca go deo, ach b'fheidir gur saghas leigheas e, Am.
Go raibh maith agat. Cailín álainn a bhí inti, a Jennifer. Airím uaim go mór í. Sin an bás. Sin an saol.
ReplyDeleteA Mhise Áine fuair mo dheirfiúr chéile bás le déanaí on ngalar millteanach néaróin luadraigh taréis bheith tinn le cúig bhliana. Throid sí an galar go chrogadh go dtí an deireadh agus níor fiafraigh sí fiú uair amháin "cén fath míse".Bhí sí an-toghta lena creideamh i nDia.Thug an -chaoi inar deileáil sí leis an gearchéim agus an churam iontach a thug a beirt iniónacha dí inspioráid duinn go léir.Leigh a cara dílis an Tsiúr Dolores an dán / paidir seo ó Joseph Mary Plunkett le linn aifrinn an tsocraid. Agus muid go léir croí bhriste thug sé an-solás duinn. Tá súil agam go gcabhroidh sé leat agus tú ag caoineamh ar Ciara bocht.
ReplyDeleteI see His Blood Upon the Rose
I see his blood upon the rose
And in the stars the glory of his eyes,
His body gleams amid eternal snows,
His tears fall from the skies.
I see his face in every flower;
The thunder and the singing of the birds
Are but his voice—and carven by his power
Rocks are his written words.
All pathways by his feet are worn,
His strong heart stirs the ever-beating sea,
His crown of thorns is twined with every thorn,
His cross is every tree.
Focail álainn, gan dabht. Go raibh maith agat, a John.
ReplyDelete