An Garraíodóir bocht! Níor thug mé aird dá laghad air, ná aire dó, agus muid ar ár mbealach ar ais go Dún na nGall Dé Céadaoin. Bhí mo shúile go hiomlán dírithe agam ar Joe Steve Ó Neachtain, é idir mo dhá láimh agam agus ní raibh mé ag dul ag scaoileadh leis go dtí go mbeadh mo sháith dá shaothair léite agam. Ar ndóigh, ní hé Joe Steve féin a bhí idir mo lámha agam, an dtuigeann sibh, ach a leabhar dánta, An Dé Deiridh, leabhar a bhí ceannaithe agam ní bá luaithe sa lá i nGaillimh.
Más rud go bhfuil neamh ar thalamh, is ann a bhí mé ar an turas sin; mo chloigeann sáite i leathanaigh an leabhair, mo dhé féin ag sú a shaibhris teanga, mé faoi dhraíocht ag a chumas cumadóireachta, mo chroí faoi bhorradh agus biseach ag a bhriathra, briathra a mhúnlaigh sé as créfhocail a dhúchais.
Is cuimhin liom an chéad uair a bhuail mé le Joe Steve. Tharla sé go raibh mé i nGaillimh, ag freastal ar léachtaí san Ollscoil ansin, i Mí an Mhárta anuraidh. Bhí Oíche Fhilíochta ar siúl ag Éigse an Spidéil ‘Biddy Jenkinson agus go leor filí áitiúla’ ag teacht le chéile i mBialann an Bholuisce ann. Suas liom ar mo chapall (bhuel, isteach liom i mo charr, i ndáiríre, ach bhí an Wild West ag glaoch orm, an dtuigeann sibh) agus siar liom ar an Spidéal.
Bhí an áit lán go doras, Joe Steve ina Fhear an Tí, filí fealsúnacha ag roinnt a bhfocal go flaithiúil ar feadh na hoíche. Neamh ar thalamh arís. Ag am sosa, tháinig Joe Steve i mo threo, chuir ceist orm ar mé a bhí ann. Nuair a dheimhnigh mé gur mé a bhí ann gan dabht, d’iarr sé orm mo dhán 'Ciara na Gruaige Rua' a roinnt leis an lucht éisteachta, dá mba mhian liom.
Ba mhór liom an cuireadh uaidh, agus rinne mé amhlaidh, cé go raibh mo dhá ghlúin ag bualadh i gcoinne a chéile teann neirbhíse. Ba mhinic mo dhánta roinnte agam le lucht éisteachta sna Dúnaibh, i nDoire, i Leitir Ceanainn, agus in Inis Eoghain, ach ba é seo an chéad uair agam á roinnt os ard le mo dhream féin. Ach d’éirigh liom gan óinseach iomlán a dhéanamh díom féin, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na focail thacúla agus spreagúla a roinn Joe Steve liom ina dhiaidh sin. D’fhág sé uchtach san áit ina mbíodh amhras liom, an cineáltas uaidh chomh nádúrtha dúchasach lena shaothar.
I bhfianaise ar an méid sin uaim faoi Joe Steve Ó Neachtain, seo chugaibh an véarsa deireanach óna dhán ‘Claíocha’, óna leabhar dánta iontach ‘An Dé Deiridh’:
‘Leagaim láimh le cion
Ar chlaí
A bhfuil féasóg liath
Le haois ar a aghaidh,
Is mothaím giúin
Ón nglúin a rinne:
nach n-iompaíonn nádúr
a chúl
le cine.’
An Dé Deiridh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta
ISBN 978-1-905560-37-0
.
Gaeilge24 i mBéal Feirste
18 hours ago
Súil agam nach bhfuil aoinne den triúr agaibh ar an dé deiridh, agus nach mbeidh go ceann tamaill fada.
ReplyDeleteFathach is ea Joe Steve.
Go mba hé duit, a chara.
ReplyDeleteAgus tá an ceart agat faoi Joe Steve.