MÁ: Tá fadhb agam le focail ar leith.
CnaC: M’anam, is minic leat, muise! Céard iad na focail?
MÁ: Galar, aicíd agus andúil.
CnaC: Tá faitíos orm an cheist a chur ach, inis dom, cén fhadhb atá agat leo?
MÁ: Más rud go mbeireann galar nó aicíd greim ar dhuine, aicíd na gcnámh nó galar cosúil le hailse, mar shampla, níl milleán ar an duine sin, an bhfuil?
CnaC: Ar ndóigh, ní féidir milleán ar bith a chur ar na créatúir sin! Is galar nó aicíd iad, agus is minic a thagann siad aniar aduaidh ar dhuine, gan iad ag súil ar chor ar bith leo.
MÁ: Ní raibh rogha acu, mar sin. Níor fhéad siad an galar nó an aicíd a stopadh?
CnaC: Níor fhéad, muise! Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé go raibh laige éigin ina gcolann roimh ré, ach ní orthusan a bheadh an locht sa chás sin. Is minic go dtéann laige mar sin ó ghlúin go glúin, trí na géinte.
MÁ: An ionann leis an andúil?
CnaC: Is dócha gurb ea. An bhfuil teaghlach sa tír nach bhfuil cráite aige am éigin, ach an oiread leis an ngalar sin, ailse.
MÁ: Ach ní galar í an andúil, an ea?
CnaC: Deirtear gur aicíd í, galar de shaghas éigin atá ann, más fíor.
MÁ: Níl aon rogha ag an andúileach, mar sin? Is galar é. Ní orthu atá an locht. Tá an laige iontu, agus níl aon leigheas acu air, an bhfuil?
CnaC: Ó tá! Is féidir leo stopadh. Tá an rogha sin acu. Ní hionann iad ar chor ar bith agus an té atá gafa le hailse agus a leithéidí.
MÁ: Ach níl an rogha sin ag an duine le galar cosúil le hailse orthu! Ní féidir leosan é a stopadh. Nach gcaithfidh siadsan dul i muinín na ndochtúirí agus an leighis?
CnaC: Bhuel, is minic go mbíonn ar an andúileach é sin a dhéanamh freisin. Ní mhaireann aon duine gan cabhair sa saol seo.
MÁ: An é go bhfuil na cearta céanna ag an andúileach mar sin, más rud gur aigesean atá an rogha an galar sin a bheith air nó gan é a bheith air?
CnaC: Más rud go bhfuil an laige sin sna géinte ag an andúileach, nach galar nó aicíd ann féin atá ansin?
MÁ: Is dócha. Agus tá daoine tinn ar fud na tíre, daoine le galair mar ailse, galar croí ón mbroinn, aicíd cnámh mar airtríteas, galar scamhóige, galar fola agus mar sin de, agus níl siad in ann leapacha a fháil sna hospidéil. Tá na hospidéil lán go béal.
CnaC: Drochscéal amach is amach! Níl leigheas ar an scéal shílfeá.
MÁ: Ach céard faoi na handúiligh? Nach gcuireann siad sin brú millteanach ar an gcóras, agus nach iomaí leaba acusan sna hospidéil?
CnaC: Ar ndóigh, caithfear na cearta céanna a thabhairt dóibhsean más rud go bhfuil siad tinn. Nach daonlathas atá againn.
MÁ: Sea. Gan dabht. Agus is maith ann é. Ach, shíl mé gur dúirt tú go bhfuil rogha ag an andúileach, gur féidir leis nó léi stop a chur leis an rud a dhéanann tinn iad. Más rud gur acusan atá an rogha stop a chur leis an ngalar, rud nach bhfuil ag na hothair eile, othair a bhraitheann go huile agus go hiomlán ar na hospidéil le leigheas a fháil, cén fáth nach stopann siad?
CnaC: Is aicíd í an andúil. Galar ar leith atá ann.
MÁ: Cén leigheas atá air, mar ghalar?
CnaC: Caithfear an andúil a stopadh.
MÁ: An ag na dochtúirí sna hospidéil atá an leigheas le fáil?
CnaC: Is ag an andúileach féin atá leigheas an scéil, más fíor.
MÁ: Tá rogha aige nó aici?
CnaC: Is leosan amháin atá an rogha, agus an leigheas dá bhrí sin, deirtear. Ní féidir leo a theacht slán ón ngalar mura nglacann siad leis gur andúiligh atá iontu, agus scaoileadh leis an andúil iad féin.
MÁ: Faraor gan an rogha chéanna ag na hothair eile leis na galair agus na haicídí atá orthusan. Ní bheadh ganntanas leapacha ann sna hospidéil ar chor ar bith dá mbeadh.
CnaC: Tá an ceart agat, is dócha. Ach níl an rogha sin acu, na créatúir.
.
Gaeilge24 i mBéal Feirste
16 hours ago
No comments:
Post a Comment