Showing posts with label filíocht. Show all posts
Showing posts with label filíocht. Show all posts

Tuesday, April 13, 2010

Tuesday, March 16, 2010

Éigse An Spidéil

Bhí an t-ádh liom anuraidh gur éirigh liom oíche nó dhó a chaitheamh ag Éigse an Spidéil.

Roinn mé dán nó dhó ag 'Cúirt na hÉigse' ann, agus bhain mé sult nach beag as an gcomhluadar, agus as an gcraic.

Comhghairdeas le Deirdre Nic Chonaonaigh, agus lena comhghleacaithe, as an gclár iontach atá curtha le chéile acu i mbliana.

Seo chugaibh clár na n-imeachtaí, a léitheoirí, agus más rud go bhfuil an t-ádh libh agus go mbeidh deis agaibh bheith ann, b'fhéidir go gcloisfeadh sibh dán nó dhó liom ag Cúirt na hÉigse...

Déaɼdaoin 18 Máɼta
Óstán na Páiɼce
• 7.30 i.n: Oscailt na hÉigse
Éigse 2010 á seoladh
Léacht
‘Máirtín Ó Direáin: idir dhá chladach’
An Dochtúir Mairéad Conneely
Léamh Filíochta
Filíocht Mháirtín Uí Dhireáin dá cur i láthair
Aisteoirí an Spidéil
Seoladh Leabhair
Máirtín Ó Direáin: na Dánta
Cnuasach nua, á fhoilsiú ag Cló Iar-chonnacht
Cúirt na hÉigse
Oíche fhilíochta
Filí áitiúla
• 10.30 i.n: Seisiún
Colm Gannon, Kelly Geraghty & Mick Conneely

Dé hAoine 19 Máɼta
Óstán na Páiɼce (Táille €10)
• 8.00 i.n: Taispeántas Damhsa
Sean-nós na hÉireann
Seosamh Ó Neachtain & damhsóirí áitiúla
Ceol le Johnny Óg Connolly
Luascdhamhsa Mheiriceá
Galway Swing
Salsa Cubana Chúba
Dance Project
• 10.00 i.n: “Agus Rud Eile dhe
Foinn & filíocht
Ronan Browne (píobaire) & Louis de Paor (file)
Tiġ Hughes
• 10.30 i.n: Seisiún
Johnny Óg Connolly & cairde

Dé Saṫaiɼn 20 Máɼta
Óstán na Páiɼce
10.00 r.n - 1.00 i.n: Máistir-ranganna & ceardlanna
(Táille €15)
An bosca ceoil
An fheadóg mhór
An fhidil
An consairtín
• 12.00: Comórtas Cuimhneacháin
Pheatsaí Uí Cheannabháin
Comórtas amhránaíochta do dhaoine
faoi bhun 18 mbliana d’aois
Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ceaɼdlann an Spidéil
3.30 i.n: Blogam fíona agus plaic sa mBuilín Blasta
Fliuchadh do ghoib & cur is cúiteamh!
• 4.00 i.n: Taispeántas Ealaíona i Stiúideó Rob d’Eath
Comaoin: ealaíon is péintéireacht le
Catherine Patricia Fleming
Á sheoladh ag Tadhg Mac Dhonnagáin
Óstán na Páiɼce
• 8.00 i.n: Coirmcheol mór na hÉigse (Táille €10)
Oliver Deveney (bosca ceoil) &
Geraldine King (giotár)
Róisín Elsafty
Siamsóirí an Acadaimh
• 10.30 i.n: Seisiún
Ceoltóirí áitiúla

Dé Doṁnaiġ 21 Máɼta
Tiġ Hughes
• 12.30 i.n: Comóradh Tom Pháidín Tom
Ócáid amhránaíochta do dhaoine fásta
Connie Ó Gallchóir
Pádraic Tom Photch Ó Ceannabháin
Carthach Mac Craith
• Clabhsúr na hÉigse
Ceoltóirí, damhsóirí & amhránaithe áitiúla

Imeaċtaí Bɼeise
Teaċ na Cúiɼte
Taispeántas Ealaíona
Seán Ó Flaithearta:
léaráidí Máirtín Ó Direáin: na Dánta
An deireadh seachtaine ar fad
Óstán na Páiɼce
• Taispeántas Leabhar
Foilsitheoirí Cheantair Chonamara
Tráthnóna Déardaoin amháin

Tuilleaḋ eolais
• Deirdre Nic Chonaonaigh
091 553 124
deirdrenic@gmail.com
.

Tuesday, February 16, 2010

Comórtas Filíochta

Tá comórtas filíochta á reáchtáil ag Windows Publications, i gcomhar le Cavan Crystal, an 18th National Student & Adult Poetry Competition.

‘Sé 31 Márta an spriocdháta, agus má éiríonn le do dhán/dánta duais a bhaint, caithfidh tú bheith ar fáil ar an 20 Bealtaine, le hiad a léamh ag an searmanas bronnta sa Cavan Crystal Hotel.

Níl aon táille i gceist do dhaltaí scoile, chomh fada agus is eol dom, ach tá táille €10 ann do dhaoine fásta, sé sin €10 do thrí dhán, as Béarla nó as Gaeilge.

Tá an t-eolas uile le fáil anseo.
.

Friday, August 14, 2009

An Dé Deiridh

An Garraíodóir bocht! Níor thug mé aird dá laghad air, ná aire dó, agus muid ar ár mbealach ar ais go Dún na nGall Dé Céadaoin. Bhí mo shúile go hiomlán dírithe agam ar Joe Steve Ó Neachtain, é idir mo dhá láimh agam agus ní raibh mé ag dul ag scaoileadh leis go dtí go mbeadh mo sháith dá shaothair léite agam. Ar ndóigh, ní hé Joe Steve féin a bhí idir mo lámha agam, an dtuigeann sibh, ach a leabhar dánta, An Dé Deiridh, leabhar a bhí ceannaithe agam ní bá luaithe sa lá i nGaillimh.

Más rud go bhfuil neamh ar thalamh, is ann a bhí mé ar an turas sin; mo chloigeann sáite i leathanaigh an leabhair, mo dhé féin ag sú a shaibhris teanga, mé faoi dhraíocht ag a chumas cumadóireachta, mo chroí faoi bhorradh agus biseach ag a bhriathra, briathra a mhúnlaigh sé as créfhocail a dhúchais.

Is cuimhin liom an chéad uair a bhuail mé le Joe Steve. Tharla sé go raibh mé i nGaillimh, ag freastal ar léachtaí san Ollscoil ansin, i Mí an Mhárta anuraidh. Bhí Oíche Fhilíochta ar siúl ag Éigse an Spidéil ‘Biddy Jenkinson agus go leor filí áitiúla’ ag teacht le chéile i mBialann an Bholuisce ann. Suas liom ar mo chapall (bhuel, isteach liom i mo charr, i ndáiríre, ach bhí an Wild West ag glaoch orm, an dtuigeann sibh) agus siar liom ar an Spidéal.

Bhí an áit lán go doras, Joe Steve ina Fhear an Tí, filí fealsúnacha ag roinnt a bhfocal go flaithiúil ar feadh na hoíche. Neamh ar thalamh arís. Ag am sosa, tháinig Joe Steve i mo threo, chuir ceist orm ar mé a bhí ann. Nuair a dheimhnigh mé gur mé a bhí ann gan dabht, d’iarr sé orm mo dhán 'Ciara na Gruaige Rua' a roinnt leis an lucht éisteachta, dá mba mhian liom.

Ba mhór liom an cuireadh uaidh, agus rinne mé amhlaidh, cé go raibh mo dhá ghlúin ag bualadh i gcoinne a chéile teann neirbhíse. Ba mhinic mo dhánta roinnte agam le lucht éisteachta sna Dúnaibh, i nDoire, i Leitir Ceanainn, agus in Inis Eoghain, ach ba é seo an chéad uair agam á roinnt os ard le mo dhream féin. Ach d’éirigh liom gan óinseach iomlán a dhéanamh díom féin, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na focail thacúla agus spreagúla a roinn Joe Steve liom ina dhiaidh sin. D’fhág sé uchtach san áit ina mbíodh amhras liom, an cineáltas uaidh chomh nádúrtha dúchasach lena shaothar.

I bhfianaise ar an méid sin uaim faoi Joe Steve Ó Neachtain, seo chugaibh an véarsa deireanach óna dhán ‘Claíocha’, óna leabhar dánta iontach ‘An Dé Deiridh’:

‘Leagaim láimh le cion
Ar chlaí
A bhfuil féasóg liath
Le haois ar a aghaidh,
Is mothaím giúin
Ón nglúin a rinne:
nach n-iompaíonn nádúr
a chúl
le cine.’

An Dé Deiridh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta
ISBN 978-1-905560-37-0
.

Monday, May 25, 2009

An Bhean Neamhspleách

Is í An Bhean Neamhspleách an duine is sine den triúr a saolaíodh ó mo bhroinn. Ar ndóigh, bhí baint nach beag ar an nGarraíodóir leis an scéal freisin, agus tá a ghéinte le feiceáil go soiléir ar a haghaidh i bhfianaise air sin.

D’fhág sí an teaghlach, le freastal ar an ollscoil, nuair nach raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois, agus ní sách minic ann í ó shin. Sa bhaile, chan san ollscoil. Le céim faoina hascaill aici, chuaigh sí ag obair i gCill Mhantáin ar feadh cúpla bliain ach tá sí ag obair i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas.

Is bean mhór rugbaí í; sé sin le rá, is maith léi rugbaí go mór, ach ní hé sin le rá gur bean mhór í. Bhí sí i nDún Éideann don deireadh seachtaine, í féin agus cúigear cairde léi, agus nach aoibhinn dóibh – comhghairdeas leis na Laighnigh! Nach iontach an rud deá-scéala a fháil in am seo an chiorraithe!

Bím i dteagmháil léi go rialta, beagnach chuile lá, mar a dhéanann an Garraíodóir, agus mar a dhéanann gach aon tuismitheoir, ceapaim, nuair a bhíonn iníon nó mac as baile. An tseachtain seo caite, chuir mé ríomhphost chun bealaigh ag mo mhuintir, ag mo chlann agus ag mo dhlúthchairde, ag insint dóibh go raibh Ceann Scríbe bainte amach agam, ach go raibh mé iontach buartha nach mbeadh Ciara liom sa teach seo go brách. Seo thíos na focail ón gcárta a tháinig chugam, cúpla lá ina dhiaidh sin, ón gcailín álainn sin ar a dtugaim ‘m’iníon’, le bród agus grá nach beag:

“Mum,

With reference to what you said in the email about how sad you are that Ciara will never walk through the doors of ‘Ceann Scríbe’, I beg to differ. You see, Mum, I believe she was there from the start; she put pen to paper and helped with the design, she levelled the foundations, she decided on designs/colours/fittings with you; she lay the first brick, she walked with you when you carried the candle for her, she entered the house with you on your first day – and she never left you. She’s as much at home as you are. Welcome home.”

Dán beag daoibh; ceann a scríobh mé ar an lá ar fhág An Bhean Neamhspleách an teaghlach; téada á ngearradh, croíthe tuismitheoirí ag briseadh:


Imeacht

Pian an scartha i súile fliuch
Focla gan labhairt ó bhéal ina thost
Tocht á thachtadh i scornach docht
Croí ag briseadh le mothúchán nocht

Fulaingt i gcroitheadh lámh chineálta lách
Fáisceadh saoil i mbarróga chách
Máthair ‘s athair ag seasamh le slacht
Ag fágáil slán ag iníon nó mac
.

Thursday, April 16, 2009

Feallaire

Chuir iar-chomhghleacaí céime liom (iar-chime poblachtach ar fiú an píosa a scríobh sé ag http://seanmor.wordpress.com/2009/03/19/cogadh-gan-chiall a léamh i mo thuairim) ceist orm le deireanaí maidir leis an dán seo thíos ‘Feallaire’. Is dán é a scríobh mé roinnt blianta ó shin agus mé i mbun céime in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus chuir sé an t-am sin mar dhalta ollscoile ar shúile m’aigne arís, agus áthas orm go ndearna sé sin.

Ba de bhunadh na Gaeltachta an chuid is mó den rang, mé féin san áireamh (cé gur mise an t-aon duine sa rang nárbh Ultach mé); bhí triúr nó ceathrar iar-chimí poblachtacha sa rang, más buan mo chuimhne, le Gaeilge na Jailteachta ar a gcumas acu, agus bhí beirt nó triúr eile sa rang le Gaeilge na Galltachta ar a gcumas acu. Bhí cumarsáid iontach eadrainn uile, agus níor chuala mé focal Béarla ó oiread is duine amháin acu le linn na céime. Bhí scór againn sa rang, agus bhain naonúr céim BA céad onóracha. Dream ar leith a bhí iontu, agus chuir siad fearadh na fáilte roimh an gConnachtach seo ón gcéad lá riamh.

Beidh sé deacair agat an dán thíos a thuiscint ina iomláine mura bhfuil tú eolach ar na rialacha diana a bhain le meadaracht fhilíocht na mbard, gan trácht ar na rialacha diana a bhí i gceist le go gcáileofaí duine ina Bhard idir 1350 agus 1600. Níl mé a rá go bhfuil siad uile ar eolas agamsa ach an oiread, mar níl go deimhin, ach bhain mé sult as an ábhar seo mar go bhfuil suim agam i gcúrsaí filíochta ar aon chuma.

Cé gur chaomhnaigh na Baird an Ghaeilge ar feadh 400 bliain leis an modh oibre seo in úsáid acu, is minic a ritheann dhá smaoineamh liom maidir leis an am sin: gainne na mbanfhilí, agus gainne ábhar filíochta ón ngnáthduine. An raibh filíocht ar bith á scríobh acu sin roimh an seachtú haois déag, i rith aimsir na mbard? Ar chailleamar ábhar filíochta ó pheann an ghnáthduine agus, dá bhrí sin, ábhar teanga an ghnáthphobail freisin? Tá tuilleadh le foghlaim agam fós, is cosúil!

Ar aon nós, mar gur iarradh orm é, seo chugaibh ‘Feallaire’:

Feallaire

An dtaitneodh sí le Scoil na mBard
Mo Ghaeilge bhriotach chiotach cham
An mbeadh na manaigh sásta liom
File fealltach na bhfocal lom

An mbeadh Seathrún Ceitinn is a leithéidí eisean
Ar thóir m’Fhoras Feasa freisin
An ndiúltódh Mícheál ‘s na Máistrí sin
Le hábhair shuarach dhúch mo phinn

Níor chaith mé blianta fada i gcill
Ag foghlaim meadarachta, ‘cur feabhais ar scil
Nil oidhreacht agam ó theaghlach léannta
A d’fhágfadh mise le haicme shéanta

Nil uaim le feiceáil, ná comhardadh slán
Nil rím sna focail is tá uaithne gann
Tá an comhardadh briste le fáil go fial
Níl cuma ar chonsain, leathan ná caol

Tá na siollaí measctha ar chuile line
Nil amus ag obair, tá gutaí gan síneadh
Ógláchas cinnte, gan réasún gan slacht
Dán nach bhfuil Díreach ón bhfile gan smacht.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.