Thursday, April 16, 2009

Feallaire

Chuir iar-chomhghleacaí céime liom (iar-chime poblachtach ar fiú an píosa a scríobh sé ag http://seanmor.wordpress.com/2009/03/19/cogadh-gan-chiall a léamh i mo thuairim) ceist orm le deireanaí maidir leis an dán seo thíos ‘Feallaire’. Is dán é a scríobh mé roinnt blianta ó shin agus mé i mbun céime in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus chuir sé an t-am sin mar dhalta ollscoile ar shúile m’aigne arís, agus áthas orm go ndearna sé sin.

Ba de bhunadh na Gaeltachta an chuid is mó den rang, mé féin san áireamh (cé gur mise an t-aon duine sa rang nárbh Ultach mé); bhí triúr nó ceathrar iar-chimí poblachtacha sa rang, más buan mo chuimhne, le Gaeilge na Jailteachta ar a gcumas acu, agus bhí beirt nó triúr eile sa rang le Gaeilge na Galltachta ar a gcumas acu. Bhí cumarsáid iontach eadrainn uile, agus níor chuala mé focal Béarla ó oiread is duine amháin acu le linn na céime. Bhí scór againn sa rang, agus bhain naonúr céim BA céad onóracha. Dream ar leith a bhí iontu, agus chuir siad fearadh na fáilte roimh an gConnachtach seo ón gcéad lá riamh.

Beidh sé deacair agat an dán thíos a thuiscint ina iomláine mura bhfuil tú eolach ar na rialacha diana a bhain le meadaracht fhilíocht na mbard, gan trácht ar na rialacha diana a bhí i gceist le go gcáileofaí duine ina Bhard idir 1350 agus 1600. Níl mé a rá go bhfuil siad uile ar eolas agamsa ach an oiread, mar níl go deimhin, ach bhain mé sult as an ábhar seo mar go bhfuil suim agam i gcúrsaí filíochta ar aon chuma.

Cé gur chaomhnaigh na Baird an Ghaeilge ar feadh 400 bliain leis an modh oibre seo in úsáid acu, is minic a ritheann dhá smaoineamh liom maidir leis an am sin: gainne na mbanfhilí, agus gainne ábhar filíochta ón ngnáthduine. An raibh filíocht ar bith á scríobh acu sin roimh an seachtú haois déag, i rith aimsir na mbard? Ar chailleamar ábhar filíochta ó pheann an ghnáthduine agus, dá bhrí sin, ábhar teanga an ghnáthphobail freisin? Tá tuilleadh le foghlaim agam fós, is cosúil!

Ar aon nós, mar gur iarradh orm é, seo chugaibh ‘Feallaire’:

Feallaire

An dtaitneodh sí le Scoil na mBard
Mo Ghaeilge bhriotach chiotach cham
An mbeadh na manaigh sásta liom
File fealltach na bhfocal lom

An mbeadh Seathrún Ceitinn is a leithéidí eisean
Ar thóir m’Fhoras Feasa freisin
An ndiúltódh Mícheál ‘s na Máistrí sin
Le hábhair shuarach dhúch mo phinn

Níor chaith mé blianta fada i gcill
Ag foghlaim meadarachta, ‘cur feabhais ar scil
Nil oidhreacht agam ó theaghlach léannta
A d’fhágfadh mise le haicme shéanta

Nil uaim le feiceáil, ná comhardadh slán
Nil rím sna focail is tá uaithne gann
Tá an comhardadh briste le fáil go fial
Níl cuma ar chonsain, leathan ná caol

Tá na siollaí measctha ar chuile line
Nil amus ag obair, tá gutaí gan síneadh
Ógláchas cinnte, gan réasún gan slacht
Dán nach bhfuil Díreach ón bhfile gan smacht.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.