Showing posts with label Ceantar na nOileán. Show all posts
Showing posts with label Ceantar na nOileán. Show all posts

Tuesday, November 16, 2010

Stephen Fry agus Ros na Rún

B’fhéidir nach gcuirtear fáilte roimh gach rud a deir Stephen Fry, ach cuirfear fearadh na fáilte roimhe i mo cheantar féin, chuirfinn geall, go háirithe agus an ‘cúpla focal’ sin le roinnt aige leo thiar.
.

Tuesday, November 2, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Clabhsúr

Tar éis trí lá a chaitheamh i gCeantar na nOileán, is gearr uaim an bóthar ar ais go Ceann Scríbe amárach, áit a mbeidh deis agam, roimh an deireadh seachtaine, tá súil agam, theacht bord ar bhord le blaganna mo chomhbhlagálaithe, ó tharla gan deis agam iad a léamh le seachtain anuas. Mar sin féin, d’éirigh liom bualadh le duine nó dhó acu ag an Oireachtas.

Chroith mé lámh le Conchubhar, léigh mé dán nó dhó le Proinsias, agus bhí deoch agam féin, é féin agus John le chéile sa Seomra Glas, in óstán an Gleneagle, tráthnóna amháin. Bhain mé sult ar dóigh as a gcomhluadar, agus tá súil agam nach é an uair dheireanach againn é am mar é a chaitheamh le chéile.

Casadh Seán Mór orm maidin amháin, i bpasáiste an óstáin, agus é faoi dheifir ar a bhealach chuig cruinniú thuas staighre ann. Mar sin féin, bhuaileamar lena chéile arís, ní ba dheireanaí sa lá, díreach taobh amuigh den Fireside Lounge, agus bhí deis againn gearrchomhrá a bheith againn, sular thosaigh an Cúirt Filíochta, áit ar casadh An Faolánach agus Ailbhe orm ó Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.

I ndiaidh na cúirte, bhí cupán caife agam féin agus An Faolánach le scríbhneoir óg, Ursula, bean nach blagálaí í, ach bean atá i mbun céime in Ollscoil na Tríonóide faoi láthair. Léigh sí a cuid dánta áille, den chéad uair, ag an gCúirt, agus chuaigh siad i bhfeidhm go mór orm. Níl dabht ach go gcloisfidh mé a hainm, agus a dánta, arís. Tá súil agam.

Bhí gearrchomhrá agam le heagarthóir nó dhó, Pádraig MacFhearghusa, Tomaí Ó Conghaile, agus Ciarán Dunbar, ina measc. Ag na seastáin in ionad an INEC san óstán, bhí mé ag caint le Máire, Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge, le Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar Chonnachta, le Patricia, Gaelscéal, le hAnn Nic Dhonnacha, Foinse, agus bhí cupán caife agam le Fergus Ó Snodaigh, Coiscéim.

Chuir Cilian Fennell as Stillwater Communications a dheirfiúr, Natasha, in aithne dom, an bheirt acu iontach gnóthach ag an Oireachtas, mar is iondúil leo, feictear dom. Mar a dúirt stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, ‘Is iad foireann Stillwater an dream is díograsaí ar oibrigh mé leo ariamh…Is mór againn ár gcaidreamh le Stillwater Communications."

Casadh triúr, ar a laghad, orm a cháiligh mar cheamradóirí/lucht fuaime ó chúrsaí i scileanna teilifíse a rinne siad in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, nó ar an gCeathrú Rua. Faigheann na cúrsaí sin cuidiú ó Údarás na Gaeltachta, más buan mo chuimhne, agus tá súil agam go leanfar leis an gcuidiú sin, mar is léir go bhfuil poist ag teacht uaidh.

Bhí gearrchomhrá agam le Páidí Ó Lionáird, le duine nó dhó ó Fhoras na Gaeilge, le Máirtín Tom Sheáinín as Raidió na Gaeltachta, agus le Ciarán Ó Fátharta. Cé nach bhfuair mé deis labhairt leis, chonaic mé, agus chuala mé, Rónán Mac Aodh Bhuí, anseo agus ansiúd ar fud na háite. Tá fuinneamh nach beag ag an bhfear sin, agus cuireann sé go mór leis an ócáid chuile bhliain. Agus, roinn mé barróg le Seáinín Smaoiseach. Deile! Ní deisbhéalach amháin atá sé, a léitheoirí, ach dathúil leis.

Mar fhocal scoir, caithfidh mé mo bhuíochas a ghabháil le Liam Ó Maolaodha, agus le foireann oibre an Oireachtais, as an jab iontach a rinne siad i mbliana. Bhí gearrchomhrá agam le Liam, agus lena chomhghleacaithe, Máirín, Loretto agus Eimear, iad uilig iontach gnóthach an t-am ar fad, agus ní bhfuair mé deis mo bhuíochas a roinnt leo, ná lena gcuiditheoirí, mar ba cheart.

Braitheann beatha an Oireachtais ar na daoine sin, ar na moltóirí, ar na fir agus mná tí, ar na hurraitheoirí, ar na hiomaitheoirí, ar na rannpháirtithe uilig. Agus, a léitheoirí, maireann an tOireachtas ar shíntiúis airgid, freisin. Is féidir leat do chuid a dhéanamh anseo, más mian leat bheith páirteach san fhéile.

Ar an mbealach abhaile sa charr Dé Domhnaigh, chuala mé Máirtín Tom Sheáinín i gcomhrá, ar Raidió na Gaeltachta, le buaiteoir Chorn Uí Riada, Nollaig Ní Laoire. Ansin, thosaigh Nollaig ag gabháil fhoinn. Ar an ábhar sin, níl le rá agam ach ‘Bhabha!. Ná laga a Cé a glór álainn.
.

Friday, October 1, 2010

Bogha Báistí

Drochaimsir anseo ar maidin, ach diabhal locht agam ar an lá mar go bhfuilim san áit ina bhfuilim.

Trí fhuinneog na cistine, thug mé faoi deara bogha báistí ní ba luaithe, é san áit ceannann céanna sa spéir, shíl mé, ina raibh ceann mar é nuair a bhí mé anseo coicís ó shin.

An cheist a chuir mé orm féin - ó tharla gan aon duine eile ina suí ag an am le ceist a chur orthu, an dtuigeann sibh – cén fáth an bhfuil sé san áit chéanna arís ar maidin?

Dar le Wikipedia,

‘The most spectacular rainbow displays happen when half of the sky is still dark with raining clouds and the observer is at a spot with clear sky in the direction of the Sun. The result is a luminous rainbow that contrasts with the darkened background.

Ar ndóigh, sin agaibh an freagra, a léitheoirí!

Táim san áit ina mbíonn an spéir ghorm, sa spota ina mbíonn an ghrian ag soilsiú, san áit ina fágtar an rud gruama sa chúlra, san áit ildathach.

Táim i gCeantar na nOileán.
.

Monday, September 13, 2010

Cá Bhfuil Mé?

San áit seo, táim i mo shuí go ceochánta faoin gclúid, tá leaba bhrothallach agam, tá caoi mhaith orm, táim ar mo chompóirt, táim cluthmhar anseo, táim ar mo chraoibhín, ar mo chúilín seamhrach, ar mo thúilín tseabhrach, faoi dhídean dheas mhothallach, tá saol sámh agam, tá sáimhríocht anseo, tá saoráid mhór agam, táim i nead sheascair, táim ar mo shocracht, táim chomh té le luichín i stáca.

Tearmann teochroíoch, crios cluthar, ciorcal cosantach, dídean dhíonach? Céard a thabharfá féin ar an áit sin ina bhfuilim anois?
.

Tuesday, August 17, 2010

Feoilséantóir ag Fiach

Tuairisc daoibh, a léitheoirí, ar na bialanna inar ith mé, agus mé ar laethanta saoire le déanaí. Mura bhfuil suim agaibh ina leithéid, ní bhfaighidh sibh mórán, ahem, solamair ón alt seo. Ar ndóigh níl anseo ach mo thuairimí féin, cibé scéal é, agus ní gá daoibh aird dá laghad a thabhairt orthu, ná orm, mura mian libh, a chairde.

Is fearr liom mo dhinnéar a ithe i lár an lae, dá bhrí sin, is féidir glacadh leis gur praghsanna lae atá luaite agam thíos. Mar is eol daoibh, is dócha, is iondúil go mbíonn praghsanna éagsúla ar an mbiachlár i mbialanna um oíche. Uaireanta, bíonn dinnéar oíche níos costasaí, ach is cuma, mar nach mbaineann siad leis an tuairisc seo, cibé scéal é. Lón lár an lae, is dócha, atá faoi chaibidil sa tuairisc seo uaim.

Ó tharla muid ag taisteal ar lá saoire bainc, bhí Aghna’s Coffee Bar, i gClár Chlainne Mhuiris, dúnta, faraor, agus ní raibh deis againn ithe ann, mar is gnách linn a dhéanamh, agus muid ar ár mbealach chuig Ceantar na nOileán. Is breá liom an bia in Aghna's, agus tá na praghsanna ann réasúnta, mar a dúirt mé cheana.

Mar sin féin, stopamar i gClár Chlainne Mhuiris, agus d’itheamar in óstán an Dalton Inn, ó tharla é oscailte, agus lón spólainne ar fáil ann. Bhí muid anseo cheana, agus bhí a fhios againn go mbeadh dinnéar breá le fáil ann.

Bíonn an bia ann go deas, le milseoga móra millteacha, má tá spás fágtha i do bholg agat lena n-aghaidh, i ndiaidh an dinnéir fhlaithiúil bheith ite agat. Bhí triúr againn ag ithe; trí dhinnéar, dhá mhilseog mhóra, agus dhá chaife. Bhí an bia an-bhlasta, muid lán go fiacla, €32 an t-iomlán.

Lá eile, d’ith triúr againn in An Chlúid i dTír an Fhia, áit inar ith mé cheana, agus is áit í a thaitin go mór liom. Chinn mé an Garraíodóir a thabhairt liom an geábh seo, agus mo neacht. Bhí dinnéar de mhairteoil rósta aige, quiche agus sailéad ag mo neacht, uibheagán le sailéad agus sceallóga agamsa, caife amháin, agus canna Coke; €22.50 ar an iomlán. Thaitin an áit chomh mór sin leis an nGarraíodóir go ndeachaigh sé ar ais ann lá arna mhárach.

Maidir liomsa, chuaigh mé féin, agus cara liom, chuig An Cupán Tae Café ar an gCeathrú Rua, le triail a bhaint as an mbia ann. Baineadh geit asainn nuair a d’iarr an t-airgeadóir beagnach €30 orainn ar thrí chupán caife, ceapaire tóstáilte, píotsa agus sceallóga.

Botún a bhí ann, ar ndóigh, rud a thugamar faoi deara nuair a sheiceálamar an bille, agus muid inár suí ar ais sa charr. Cuireadh sailéad caesar san áireamh ar an mbille i ndearmad, agus bhí an dara pláta sceallóga curtha ar an mbille, freisin, cé nár itheadh ach ceann amháin.

Bhí blastanas, ar a raibh blas salainn, curtha ar an gcéad phláta de sceallóga a fuair mé, an dtuigeann sibh, agus mar sin d'iarr mé pláta eile sceallóga, gan salann. Mar is eol do mo léitheoirí rialta, ní duine mór salainn ar fhataí mise. Samhlaigh osna uaim anseo, a léitheoirí ...

Chuamar ar ais chucu leis an mbille lochtach. Ar ndóigh, bhí an t-airgeadóir an-deas linn, agus bhí aiféala uirthi faoin sailéad sa bhreis a cuireadh de thimpiste ar an mbille agus, i ndiaidh comhrá gairid faoi na sceallóga goirte, aontaíodh nár ghá dúinn íoc astu sin, ach an oiread. Mura mian leat salann ar na sceallóga ann, b'fhéidir gur fearr é sin a chur in iúl dóibh roimh ré.

Sa deireadh, €19 a d'íocamar ar ár mbéile. Bhí an caife a d'ól mé ann go hálainn, cheap mé féin. Caithfear íoc as athlíonadh caife, cé nach gcaithfear íoc as athlíonadh tae, a dúradh liom; €2 ar chupán caife Americano, €2.40 ar chupán Cappuccino.

An lá dár gcionn, is ar An Chistin ar an gCeathrú Rua, a thugamar aghaidh. Bhí triúr againn le chéile an geábh seo. Itheadh dhá dhinnéar d’uaineoil rósta, uibheagán amháin le sceallóga, cupán caife, pota tae do bheirt, agus milseog amháin. Bhí an bia blasta, neart ite againn, ar €34.

Mo chuimhne, bhí freastalaí iontach ag obair in An Chistin an lá úd. Sabrina an t-ainm a bhí uirthi (chuir mé ceist), agus bhí sí ag dul ó bhord go bord, gan strus gan stró uirthi, shilfeá, cé go raibh an áit gnóthach, i go cumasach cairdiúil ag breathnú i ndiaidh an tslua a bhí faoina cúram.

Cé nach raibh béile veigeatórach le feiceáil ar an gclár, chomh luath agus a luaigh mé le Sabrina gur feoilséantóir a bhí ionam, isteach léi chuig an gcócaire, agus tháinig sí ar ais chugam leis an scéal go bhféadfainn uibheagán veigeatórach, nó pasta le glasraí, a bheith agam.

Creid nó ná creid, tá go leor áiteanna fós ann agus níl béile feoilséantach le feiceáil ar an mbiachlár iontu. Go deimhin, tá go leor freastalaithe ann agus ní bhacann siad le hiarracht a dhéanamh mian an fheoilséantóra seo a shásamh, nuair a luaim leo gur feoilséantóir atá ionam.

Is iomaí uair, nuair a fiafraím d’fhreastalaithe, 'an bhfuil béile feoilséantach le fáil anseo?', is minic a fhágtar mé le mo bhéal ocrach oscailte, na focail 'tá fataí agus glasraí againn' cloiste agam uatha, arís is arís eile. Samhlaigh osna eile uaim anois, a léitheoirí. Is ionann a leithéid d’fhreagra don fheoilséantóir agus an freagra, 'Tá fataí agus gravy againn’ don fheoiliteoir a d'fhiafródh ‘an bhfuil béile feola le fáil anseo?’ Sea.

Ní dhearna Sabrina botún mar sin, bail óna Ché uirthi. Nóta chuig úinéir na háite, mar sin féin - ná déan dearmad ar an bhfeoilséantóir bocht. Bheadh sé go deas rogha nó dhó a d’fheilfeadh do mo leithéid a fheiceáil ar an mbiachlár (nó, ar an gclárdubh, sa chás seo) ag am lóin, mura miste leat.

Ar an Satharn, ag am lóin, chuaigh mé féin, m’iníon agus mo neacht, chuig an mbialann nua in Indreabhán, Tír na nÓg. Thaitin atmaisféar na háite seo go mór liom, agus diabhal locht agam ar an mbia ann ach oiread. Natasha chuidiúil chairdiúil a bhí ag freastal orainn (chuir mé ceist), agus bhí sí chomh cumasach le Sabrina thuasluaite.

Ó tharla go raibh cuireadh chun dinnéir oíche faighte againn ó mo dheirfiúr, ní raibh againn ach trí chúrsa tosaigh le sceallóga, canna amháin coke, canna amháin oráiste, agus cupán caife - €24 suim an iomláin. Thug mé faoi deara, ón mbiachlár, go bhfuil an dinnéar rósta anseo euro, nó mar sin, níos daoire ná mar atá an dinnéar rósta in An Chistin agus An Chlúid.

D’ith An Pluiméir agus a chairde in Tír na nÓg arú aréir, ós rud go raibh sé i gCeantar na nOileán ar saoire ag an deireadh seachtaine, agus ós rud gur chuala sé an oiread sin uaimse faoin atmaisféar álainn ann, faoi na freastalaithe cuidiúla, agus faoin mbéile deas a bhí agam ann.

Dar leis, d’ith an ceathrar acu dinnéar breá, iad lán go fiacla ag dul abhaile, €68 an lánsuim a d’íocadar, deochanna san áireamh; dhá chúrsa tosaigh, ceithre dhinnéar, milseog amháin, ceithre dheoch alcólacha, agus dhá dheoch ghlasa.

Dúirt sé liom gur tháinig úinéir na háite chucu, iad fós ina suí chun boird, é ag iarraidh a chinntiú go raibh gach rud i gceart leis an mbéile agus leo. Ansin, bhí comhrá cairdiúil ag an úinéir leis na strainséirí ( m'fhocalsa ) as Dún na nGall . Ní féidir féile mar sin a shárú, agus guím gach rath ar fhear gnó, agus ar fhoireann, Thír na nÓg, ina mbialann nua. Is maith ann sibh, a chairde!

Ar an mbealach ar ais chuig Inis Eoghain, stopamar arís i gClár Chlainne Mhuiris, ag O'Hehir’s Bakery and Café an t-am seo. Tá an cafe seo san ionad siopadóireachta, taobh le Tesco. D’itheamar dhá shailéad, cupán álainn caife, cupán tae, arán do bheirt, sceallóga, agus dhá bhorróg. Glanbhia, caife álainn, neart ite againn, €26.

Tá mé ar ais sa bhaile, leathchloch níos troime. Ah bhuel, bhíomar ar saoire, an dtuigeann sibh…
.

Saturday, August 7, 2010

Luí na Gréine

An ghrian ag dul faoi anocht in Eanach Mheáin. Sin Cuan Chill Chiaráin taobh thiar de na crainn, le Cnoc Mordáin sa chúlra.
.

Thursday, August 5, 2010

Aifreann Amuigh Faoin Aer

Arú inné, chaith mé cuid mhór den lá in Inis Treabhair, oileán beag amach ó chósta Eanach Mheáin, an áit inar rugadh agus inar tógadh mé féin.

Ní raibh mé riamh in Inis Treabhair, oileán a luíonn i gCuan Chill Chiaráin, ar an taobh ó thuaidh de Cheantar na nOileán, agus bhí áthas orm gur éirigh liom bheith anseo sa bhaile in am don ócáid bhliantúil ann, Aifreann Inis Treabhair.


Grúpa againn ag fanacht ar Chéibh Eanach Mheáin. Bhí trí churrach ag dul isteach is amach go hInis Treabhair, ár dtabhairt chuig an oileán, grúpa i ndiaidh grúpa, go dtí go raibh timpeall 100 againn istigh ann.

Currach ar an mbealach go hInis Treabhair le grúpa amháin, agus an churrach eile ar an mbealach isteach ón oileán, iad ag teacht ar ais le grúpa eile a fháil.

Grúpa ag teacht i dtír ar an gCaladh ó Dheas in Inis Treabhair. Nuair a bhí chuile dhuine bailithe le chéile ar an gcéibh ansin, shiúlamar linn chuig suíomh an Aifrinn, Caladh na Sliogán.

An altóir ar an gcéibh. Tá an sagart as Leitir Móir, Mícheál Ó Braonáin, á fheistiú féin sa chúlra.

An Chomaoineach Naofa á ghlacadh ag an Aifreann. Sa chúlra, ar chlé, tá an seanscoil náisiúnta, an scoil inar theagasc Bríd Bn. Uí Chonghaile, bean a chaith blianta fada ar an oileán, agus a bhásaigh an mhí seo caite.

Muid ag filleadh abhaile. Lá spioradálta álainn caite agam i gcomhluadar mo dhreama féin.

.

Monday, August 2, 2010

Leaideanna Luais

Táim ar ais i gConamara, i mo shuí anseo ag breathnú amach tríd an bhfuinneog ar áilleacht na háite, mar is minic liom.

Tá sé ag stealladh báistí i láthair na huaire. Tá carr imithe siar an bóthar anois díreach, agus é faoi shodar, shílfeá.

Bhí an carr ag dul chomh sciobtha sin, i bhfad thar an teorainn luais de 50 ciliméadar atá leagtha síos don bhóthar anseo i gCeantar na nOileán, gur dóigh liom nach mbeadh sé in ann stopadh ar an mbóthar fliuch, ná fiú ar bhóthar tirim, dá mbeadh air stop tobann a dhéanamh, mar shampla.

Go deimhin, ní hé sin an chéad uair a thug mé faoi deara luas contúirteach charranna éagsúla ar na bóithre anseo agus, chomh minic lena mhalairt, is leaid óg a bhíonn ag tiomáint. Is léir go bhfuiltear fós ann atá iomlán gaga agus roth stiúrtha ina nglac acu.

Níl a fhios agam an bhfuil aon leigheas ann ar fhadhb na leaideanna luais, ach tá a fhios agam an méid seo, níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
.

Monday, March 22, 2010

Tacsaí Buí agus Súilíní Corcra

Ghoid mé carr i Leitir Móir aréir. Bhí sé ag báisteach, ní raibh síob abhaile agam, agus bhí mé tuirseach, an dtuigeann sibh.

Chonaic mé an carr a bhí le goid. Bhí sé páircéailte taobh amuigh den siopa. Tacsaí buí a bhí ann, fearacht tacsaithe Nua Eabhrach, agus, aisteach go leor, níor luigh m’intinn air, ar chor ar bith, rud chomh hannamh sin a bheith páirceáilte taobh amuigh de shiopa i gCeantar na nOileán.

Seantacsaí a bhí ann, le cuma na scríbe air, agus bhí an eochair san áit nár chóir d’eochair a bheith, i gcarr díomhaoin gan ionramhálaí, go háirithe agus gadaí thart, an dtuigeann sibh. Sea, bhí sé in áit na hadhainte. Ag fanacht liom, shílfeá.

Isteach liom de léim, agus as liom, ar nós na gaoithe, soir go hEanach Mheáin. Bhí an tuile bháistí go dona. Bhí mé amhrasach faoin ghníomh gadaíochta a bhí idir lámha agam. Bhí mé ag cur allais. Idir an t-allas i mo shúile, agus an bháisteach ar an ngaothscáth, bhí mé faoi bhrú millteanach. Mar bharr ar an donas, an bhfuil a fhios agaibh céard a tharla ansin, a léitheoirí? Sea. Thosaigh na súilíní corcra.

Suas leo, súilín corcra i ndiaidh súilín chorcra, ag snámh leo timpeall ar ghaothscáth an chairr, mar a bheadh spárálaí scáileáin ann. Is ar éigean a bhí mé in ann bóthar ná carr romham a fheiceáil. Bhí mo chroí i mo bhéal, bíodh a fhios agaibh, agus faitíos nach beag orm go gcloisfinn ‘ní neá, ní neá, ní neá’, le soilse gorma ar a bharr, ag teacht i mo dhiaidh - rud annamh eile i gCeantar na nOileán, ach sin scéal eile.

Ar aon nós, d’éirigh liom an dá mhíle a dhéanamh ó Leitir Móir, thar Dhroichead na d’Tráchta, go hEanach Mheáin, áit ar pháirceáil mé an tacsaí buí ag seanteach folamh mo shean-aintín, i bhfolach taobh thiar de na crainn. Bhí mo chroí ag preabadh, ar fhaitíos go bhfeicfeadh aon duine mé, agus isteach liom, ar luas lasrach, sa seanteach, seanteach nach raibh folamh, mar ar tharla sé, ach an Garraíodóir féin istigh ann, ag cur caoi ar rud éigin istigh faoin doirteal sa chistin.

D’inis mé dó faoin tacsaí a ghoid mé, agus chinn sé é a thiomáint ar ais go dtí an siopa i Leitir Móir. Siar linn thar an droichead arís, timpeall an choirnéil, agus pháirceáil muid an carr ansin, taobh amuigh den Ghuildhall i nDoire. (Éist, a chairde, tá a fhios agam go bhfuil 300 míle idir Leitir Móir agus Doire. Ní ormsa atá an locht…sin mar a bhí an bhrionglóid ag dul!)

Cibé scéal é, d’fhágamar an carr ansin, agus rith mé féin agus é féin suas Shipquay St., áit a raibh dream bailithe timpeall ar cheann de na Ducks seo. Cé a chonaic mé uaim, agus í ina seasamh ag doras an Duck, ach mo dheirfiúr, bean atá beo beathach, agus ina cónaí i mBostún.

Thosaigh mé ag rith ina treo, agus mé ag scairteadh, in ard mo ghutha, ‘Sí mo dheirfiúr í! ‘Sí mo dheirfiúr í!’. Dhúisigh mé ar an bpointe a roinn mé féin agus í féin barróg.

Anois, arsa mé féin liom féin agus mé i mo dhuiseacht, nach raibh sé sin suimiúil mar bhrionglóid - Gaeilge á labhairt go nádúrtha ar shráideanna Dhoire! Gaeltacht nua gan dabht...
.

Thursday, January 7, 2010

Ó Oileán go hInis



Sin thuas an radharc a d’fhág mé i mo dhiaidh inné, agus mé ag imeacht ó Cheantar na nOileán, agus seo thíos an radharc a bhí romham agus mé ag teacht isteach go hInis Eoghain tráthnóna inniu.




Tá sé go deas bheith ar ais i gCeann Scríbe, cé go raibh sé deacair slán a fhágáil ag mo mhuintir arís. Maidin inné, d’fhágamar deichniúir acu in Aerfort na Sionainne, iad in ainm a bheith i mBostún an tráthnóna sin. Níl siad ann fós.

Bhí mé ag éisteacht le clár Joe Duffy ar an mbealach ar ais sa charr inniu, agus bhí sé rud beag cantalach, cheap mé féin. An drochaimsir a bhí ag spochadh as, nó neamhinniúlacht na n-údarás agus iad ag dul i ngleic leis an drochaimsir, is cirte a rá. Tuigim a chás.

Chaith mé go leor ama ag tiomáint ar na bóithre le seachtain anuas, mé ag dul ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, ó Bhaile Átha Cliath go Ceantar na nOileán, ó Cheantar na nOileán go hAerfort na Sionainne cúpla geábh, agus ó chathair na Gaillimhe go Dún na nGall inniu. Níor chuir an sioc isteach ná amach orm in aon áit, ach amháin i mBaile Átha Cliath, áit a raibh drochbhail ar na bóithre, gan gaineamh ná salann caite orthu, mar ba chóir, shílfeá.

Maidir leis na cosáin, ní bhfuair siad aird ó na húdaráis in aon cheantar, feictear dom, gan trácht ar aon bhóthar nár phríomhbhóthar é. Fágadh go leor daoine sáinnithe ina dtithe, gan trácht orthu siúd a fágadh gan uisce, agus gan teas.

Glaodh ar An bPluiméir go minic Lá Nollag, daoine bochta i bpráinn agus an sioc ag pléascadh píopaí orthu, fiú na laethanta luatha sin, ach ní raibh aon chruinniú éigeandála ag na húdaráis éagsúla i mBaile Átha Cliath go dtí inniu!

Bliain nua faoi shéan agus faoi mhaise, a léitheoirí?
.

Sunday, January 3, 2010

Ceangailte Go Buan




Nuair a dhúisigh mé ar maidin, ní i mo leaba féin a bhí mé, agus ní raibh an Garraíodóir le mo thaobh, ach an oiread. Mar sin féin, bhí suaimhneas ar leith i mo chomhluadar, an cineál suaimhnis sin a thagann nuair a bhím ar ais i mo cheantar dúchais, ar ais le mo dhream féin.

I láthair na huaire, tá mo mhuintir uile sa bhaile. Chaitheamar trí lá agus oíche i mBaile Átha Cliath, ar ragairne ag bainis mo nia, agus d’éirigh linn uile ár mbealach a dhéanamh abhaile arís, go slán sábháilte, in ainneoin na drochaimsire agus na mbóithre sleamhna.

Cé nach sa bhaile atáim, is sa mbaile a airím, mar sin féin. Sé an radharc thuas a bhí romham ar maidin nuair a d’éirigh mé, agus chinn mé an grianghraf a ghlacadh agus a roinnt libh, a léitheoirí, le go bhfeicfidh sibh an fharraige agus na sléibhte lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

Maidir leis an nGarraíodóir bocht, an fear lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan, thug sé frídíní uile Bhaile Átha Cliath abhaile leis go Ceann Scríbe. Tá sé ag tabhairt aire mhaith de na hainmhithe uile thuas, agus ag tabhairt an-aird ar an bhfliú sin a thug sé ar ais leis, freisin.

Tá An Bhean Neamhspleách in éineacht leis, ag tabhairt aire mhaith dó. Ceapaim. Chuir sí scairt orm aréir, agus ní ar a hathair a bhí a haird dírithe, ach ar Shióg.

“He was so excited to see us, Mum!” a dúirt sí, “He missed us all terribly.” dar léi.

“Just listen to him purring, and say hello to him.” a dúradh liom, agus í ag cur an fóín le cluas an chait, an t-ainmhí lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

“How’s my favourite man?” arsa mé féin isteach san fhón, mo mhuintir uile timpeall orm i gcistin mo dheirféar, ag éisteacht le chuile fhocal uaim, gan an dara rogha acu ach éisteacht, mar is ann a bhí mé, ina gcomhluadar, nuair a tháinig an glaoch ar m’fhón póca. Lean mé orm ag caint le Sióg, dearmad glan déanta agam ar an dream i mo thimpeall.

“You are the best ever…” arsa mé féin, mé ag labhairt go ceanúil agus le grá nach beag,

“…and it won’t be long before I am back to give you a big hug, and I won’t leave you ever again…” a dúirt mé, agus chríochnaigh mé an comhrá leis le póg mhór mhillteach,

“Mwah!”.

Bhí chuile dhuine sa chistin ag breathnú orm nuair a mhúch mé an fón.

“So, how is he feeling now?”, a d’fhiafraigh duine acu.

“Who?” a d’fhiafraigh mé féin.

“Your husband!” a d’fhreagair duine eile acu.

“I’d better ring back.” arsa mé féin…

Sunday, August 16, 2009

Feoilséantóir ag Fiach

Mar is eol agus is léir do mo bholg, is maith liom bia. Agus, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, is feoilséantóir mise. Nuair a bhím ar laethanta saoire, bainim sult as a bheith ag ithe i mbialanna éagsúla, rud a rinne mé go rialta agus mé ar laethanta saoire an tseachtain seo caite.

Ní tráchtaireacht na critice atá anseo uaimse maidir leis na bialanna sin inar ith mé agus mé ar saoire, mar ní saineolaí bia mise, an dtuigeann sibh, ach tá a fhios agam cén sórt bialann a thaitníonn liom féin, mar veigeatóir agus mar dhuine a dtaitníonn seirbhís mhaith ghlan sciobtha chairdiúil léi; an áit a bheith saor go leor le nach mbeidh gá dom iasacht a fháil ón mbanc le híoc as an mbéile agus as an tseirbhís sin. Éasca go maith mise a shásamh, cheapfá, ach bíonn deacrachtaí ag go leor bialanna freastal ar mo leithéid, an feoilséantóir.

Creid é nó ná creid, tá bialanna ann agus nuair a chuirim ceist an bhfuil a dhath acu a d’fheilfeadh dom mar fheoilséantóir, ó tharla gan aon phríomhbhéile dá leithéid ar an mbiachlár acu seachas ‘side orders’ b’fhéidir, is minic a deirtear liom “Oh yes, we have fish and chicken.”. Sea. Tá siad bán, is dócha. An fheoil, chan an freastalaí, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir. Mura bhfeictear dath na fola air, ní feoil é dar leo, is dócha...b’fhéidir...níl a fhios agam.

Luaigh mé Aghna’s agus FRESHies i gClár Chlainne Mhuiris libh cheana, bialanna a thaitníonn go mór liom mar go bhfreastalaíonn siad ar an bhfeoilséantóir chomh maith céanna mar a fhreastalaíonn siad ar an té a itheann ainmhithe srl. Ní raibh gá leis an gceist sin thuas uaim, mar go raibh sé soiléir óna mbiachláir go bhfuil an dá áit sin eolach go maith ar a gceird agus dá bhrí sin, eolach ar mhianta gach iteora. Seirbhís ghasta phroifisiúnta sa dá áit, iad gleoite gléasta, sciobtha scuabtha. Na háitribh agus na freastalaithe.

B’amhlaidh leis ‘An Builín Blasta’ ar An Spidéal, agus leis ‘An Chlúid’ i dTír an Fhia, mar aon le Rodeo ar Shráid na Céibhe, agus le McSwiggans ar Shráid Eyre i gCathair na Gaillimhe. Ní raibh an biachlár ag McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe chomh cairdiúil céanna liomsa agus a bhí na biachláir sna bialanna eile, ach is áit í ina dtaitníonn an t-iasc go mór leis an nGarraíodóir. Bhí chips, mushy peas, beans agus coleslaw agam féin ann, gan aon rogha eile agam ón Fish and Chips Menu, ach iad blasta go maith agus neart ann, caithfear a rá.

Ar thug sibh faoi deara, aon duine agaibh a stop ag fuinneog tosaigh McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe ansin, go bhfuil bratacha na dtíortha uile ar bhileoga eolais acu atá greamaithe den fhuinneog, agus píosa i dteanga na dtíortha éagsúla sin scríofa faoi chuile bhratach, fiú sa tSínis agus sa tSeapáinis? Is aoibhinn liom a fheiceáil go bhfuil an tsochaí ilchultúrtha ag teacht chun cinn agus aitheantas a fháil aici ar an dóigh sin. Tá bratach na tíre seo ann, trí huaire, agus cén teanga ina bhfuil an t-eolas fúthu scríofa? Béarla, béarla, béarla. Gaillimh le Gaeilge nó Éire le Béarla ag teacht chun cinn, meas tú? Cibé scéal é, bhí an áit lán go doras, agus teanga chuile thír le cloisteáil ag teacht ó na boird uile, shílfeá. Táim cinnte go mbíonn Gaeilge le cloisteáil ann freisin, fiú mura bhfuil aitheantas faighte aici mar theanga faoi bhrat na hÉireann ar an bhfuinneog.

'Sé mo thuairim go raibh McSwiggans daor go maith, i gcomparáid le háiteanna eile a bhí chomh maith céanna ó thaobh an bhia de. Cé go raibh an bia blasta, gan dabht, ní raibh an béile mór millteach don té a bheadh ocrach go maith, shíl mé féin. Ach tá goile mór agamsa, faraor.

Cheap mé go raibh an Builín Blasta ar An Spidéal réasúnta maidir le praghas, an bia go hálainn blasta ann, ach is áit é le haghaidh lón breá a fháil, seachas dinnéar mór, má thuigeann sibh libh mé. An méid sin ráite, is ann a chonaic mé an freastalaí is fearr agus is deise dá casadh orm le tamall fada. Edel a hainm, agus tá a fhios agam é sin mar gur iarr mé a hainm uirthi. Dá mbeadh leithéidí Edel le fáil sna bialanna uile ar fud na tíre seo, bheadh na turasóirí ag teacht ar ais ina mílte. Cailín aireach béasach cairdiúil cuidiúil, a pearsantacht agus an tseirbhís a thug sí dúinn mar fhreastalaí ag cur go mór leis an mbéile blasta a fuair mé ansin. Maith thú, a Edel! Agus tá súil agam go bhfuil d’ainm litrithe mar is ceart agam.

Thiar i dTír an Fhia, i gCeantar na nOileán, thaitin An Chlúid go mór liom. Bia blasta, ar phraghas réasúnta, agus neart ar an bpláta don té a bheadh ocrach. Ní bhíonn siad oscailte ag an deireadh seachtaine, faraor, agus dúnann an áit ag 2.30 i.n. Bean le Béarla aici a bhí taobh thiar den chuntar, gan mórán Gaeilge aici ach í ag foghlaim ‘cúpla focal’ gach lá, mar a dúirt sí féin liom, agus dúirt sí an méid sin liom as Gaeilge. Maith thú, a chailín! Bhí bean lena taobh agus í mar a bheadh ateangaire ag aistriú m’ordú don bhean gan mórán Gaeilge, ordú a thug mé go nádúrtha as Gaeilge mar a dhéanaim go rialta sa Ghaeltacht. D’fhág an ateangaireacht sin nach raibh gá domsa an Ghaeilge a thréigeann, agus d’fhág sí ‘cúpla focal’ eile leis an bhfreastalaí, tá súil agam. Ar mo bhealach amach an doras, d’fhág an bhean sin slán abhaile liom i nGaeilge bhreá bhlasta, ise ag titim isteach le teanga na háite, seachas a mhalairt ag tarlú. Maith arís í, agus go maire an teanga a hiarracht!

Rud amháin eile a tharla sa Chlúid, agus a thaispeánann nach bhfuil an dream thiar ar chor ar bith ar gcúl maidir le riachtanais an veigeatóra, cuireadh ceist orm, sular réitigh siad an sailéad feoilséantach a d’ordaigh mé, an n-ithim uibheacha agus cáis. Anois, a léitheoirí, sin ceist an-mhaith le cur ar an bhfeoilséantóir, mar is iomaí feoilséantóir, mo mhacasamhail féin, nach n-itheann feoil ach a d'íosfadh uibheacha, cáis, bainne agus ar uile; ach tá feoilséantóirí ann nach n-itheann a dhath a thagann ón ainmhí, agus ar ‘fíor-veigeatóirí’ iad, nó ‘vegans’ mar a deirtear sa Bhéarla. Maith sibh, a mhná na Clúide!

Smaoineamh daoibh, a léitheoirí, ó tharla gur rith sé liom agus mé ag scríobh an ailt seo. Dá mbeadh tú de shíor ag ithe i mbialann veigeatórach, áit atá ag freastal go hoifigiúil ar an bhfeoilséantóir amháin, an mbeadh tú ag súil le feoil a fháil go rialta ann? Sea. Sin mar a cheap mé. Cuir an smaoineamh sin i gcomhthéacs Gaeltachta agus Gaeilge anois.

Beatha do dhuine a thoil.
.

Thursday, August 6, 2009

Leigheas

Táim ar ais i gConamara ó inné, agus chaith mé an tráthnóna agus an oíche ar an leaba le tinneas boilg. Nuair a d’fhágamar Inis Eoghain inné, mé féin agus an Garraíodóir, ní raibh a dhath cearr liom, gan i mo bholg ach bricfeasta breá folláin agus sceitimíní áthais, ó tharla mé ag déanamh ar mo cheantar dúchais.

Stopamar i gClár Chlainne Mhuiris, mar a dhéanaimid go rialta. Bíonn cupán caife nó greim le hithe againn ann am ar bith a mbímid ar an mbóthar siar. Is maith linn an bhialann Freshies, nó bialann Aghna. Bia blasta le fáil sa dá áit, don fheoilséantóir cosúil liomsa, agus neart iontu don té a itheann ainmhithe, éin, agus éisc, freisin.

Tá sé de nós againn stopadh i bhFreshies ar an mbealach siar, agus in Aghna’s ar an mbealach ar ais. Inné, faoin am a shroicheamar Freshies, ní raibh fonn orm fiú cupán caife a ól, tuar tinnis á fhógairt, tinneas nár bhain ar chor ar bith leis an mbialann dheas sin ach a bhain go mór leis an gcogadh a bhí ag suanbhruith gan suan i mo bholg faoin am sin.

Anois, a léitheoirí, dá mbeadh sibh in ann méid mo bhoilg a fheiceáil, thuigfeadh sibh go rómhaith nach minic a thagann tinneas ar cuairt ar an mbolg céanna. Is bolg é atá bolgtha, mé tite chun boilg le bliain nó dhó, luach an bhéil alpaigh le feiceáil orm. Cibé scéal é, bhí fonn spraoi ar bhia na maidine agus bhí ar an nGarraíodoir stopadh trí huaire ar an mbóthar idir Mám agus Casla le go mbeinn in ann saoirse a thabhairt don bhia sin. D’imigh gach uile ghreim le fána, agus thug siad na sceitimíní áthais leo.

Ní raibh uaim, faoin am sin, ach luí siar ar an suíochán ar chúl an chairr, mé ag ochadh liom, ochón, ochón, ochón ó! Caoineadh na dTrí Bhlúire. Is ar éigean a bhí mé in ann mo chosa a chur fúm nuair a shroicheamar ceann scríbe i gCeantar na nOileán. Amach liom as an gcarr, agus thit mise, m’éadaí agus mo bhróga fós orm, isteach sa leaba, áit ar chodail mé, gan dúiseacht, ar feadh na hoíche.

Anois, táim i mo shuí os comhair an ríomhaire, mé fós rud beag lag, ach i bhfad níos folláine ná mar a bhí mé aréir, leigheas faighte agam i gcodladh na hoíche is dócha. Ar ball beag, rachaidh mé chun na reilige, áit a bhfuil Ciara curtha le m’athair. Cuireadh a hainm ar an gcloch chinn an tseachtain seo. Tuilleadh fianaise, dá mbeadh a leithéid uaim, nach bhfuil luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.