Ghoid mé carr i Leitir Móir aréir. Bhí sé ag báisteach, ní raibh síob abhaile agam, agus bhí mé tuirseach, an dtuigeann sibh.
Chonaic mé an carr a bhí le goid. Bhí sé páircéailte taobh amuigh den siopa. Tacsaí buí a bhí ann, fearacht tacsaithe Nua Eabhrach, agus, aisteach go leor, níor luigh m’intinn air, ar chor ar bith, rud chomh hannamh sin a bheith páirceáilte taobh amuigh de shiopa i gCeantar na nOileán.
Seantacsaí a bhí ann, le cuma na scríbe air, agus bhí an eochair san áit nár chóir d’eochair a bheith, i gcarr díomhaoin gan ionramhálaí, go háirithe agus gadaí thart, an dtuigeann sibh. Sea, bhí sé in áit na hadhainte. Ag fanacht liom, shílfeá.
Isteach liom de léim, agus as liom, ar nós na gaoithe, soir go hEanach Mheáin. Bhí an tuile bháistí go dona. Bhí mé amhrasach faoin ghníomh gadaíochta a bhí idir lámha agam. Bhí mé ag cur allais. Idir an t-allas i mo shúile, agus an bháisteach ar an ngaothscáth, bhí mé faoi bhrú millteanach. Mar bharr ar an donas, an bhfuil a fhios agaibh céard a tharla ansin, a léitheoirí? Sea. Thosaigh na súilíní corcra.
Suas leo, súilín corcra i ndiaidh súilín chorcra, ag snámh leo timpeall ar ghaothscáth an chairr, mar a bheadh spárálaí scáileáin ann. Is ar éigean a bhí mé in ann bóthar ná carr romham a fheiceáil. Bhí mo chroí i mo bhéal, bíodh a fhios agaibh, agus faitíos nach beag orm go gcloisfinn ‘ní neá, ní neá, ní neá’, le soilse gorma ar a bharr, ag teacht i mo dhiaidh - rud annamh eile i gCeantar na nOileán, ach sin scéal eile.
Ar aon nós, d’éirigh liom an dá mhíle a dhéanamh ó Leitir Móir, thar Dhroichead na d’Tráchta, go hEanach Mheáin, áit ar pháirceáil mé an tacsaí buí ag seanteach folamh mo shean-aintín, i bhfolach taobh thiar de na crainn. Bhí mo chroí ag preabadh, ar fhaitíos go bhfeicfeadh aon duine mé, agus isteach liom, ar luas lasrach, sa seanteach, seanteach nach raibh folamh, mar ar tharla sé, ach an Garraíodóir féin istigh ann, ag cur caoi ar rud éigin istigh faoin doirteal sa chistin.
D’inis mé dó faoin tacsaí a ghoid mé, agus chinn sé é a thiomáint ar ais go dtí an siopa i Leitir Móir. Siar linn thar an droichead arís, timpeall an choirnéil, agus pháirceáil muid an carr ansin, taobh amuigh den Ghuildhall i nDoire. (Éist, a chairde, tá a fhios agam go bhfuil 300 míle idir Leitir Móir agus Doire. Ní ormsa atá an locht…sin mar a bhí an bhrionglóid ag dul!)
Cibé scéal é, d’fhágamar an carr ansin, agus rith mé féin agus é féin suas Shipquay St., áit a raibh dream bailithe timpeall ar cheann de na Ducks seo. Cé a chonaic mé uaim, agus í ina seasamh ag doras an Duck, ach mo dheirfiúr, bean atá beo beathach, agus ina cónaí i mBostún.
Thosaigh mé ag rith ina treo, agus mé ag scairteadh, in ard mo ghutha, ‘Sí mo dheirfiúr í! ‘Sí mo dheirfiúr í!’. Dhúisigh mé ar an bpointe a roinn mé féin agus í féin barróg.
Anois, arsa mé féin liom féin agus mé i mo dhuiseacht, nach raibh sé sin suimiúil mar bhrionglóid - Gaeilge á labhairt go nádúrtha ar shráideanna Dhoire! Gaeltacht nua gan dabht...
.
Beannachtaí na Nollag 2024
1 day ago
Buntús gearrscéil atá agat ansin, a dhuine!
ReplyDeleteBím ag cumadh liom, ó am go chéile...:-)
ReplyDelete