Showing posts with label oidhreacht. Show all posts
Showing posts with label oidhreacht. Show all posts

Friday, December 17, 2010

Frog Fóinteach?

An raibh a fhios agaibh go raibh am ann agus bhíodh leigheas le fáil ar dhaitheacha, ar thriuch agus ar scornach thinn, ach frog a bheith agat?

Nó, an miotas é sin, a léitheoirí?

Fadó, dá mbíodh daitheacha ar dhuine, dúradh go bhfhéadtaí frog beo a chuimilt den fhiacail thinn, nó d’fhéadtaí cos froig a chogaint, le fáil réidh leis an bpian. Más fíor.

Dá mbíodh triuch ar pháiste, thugtaí an páiste chuig áit ina mbíodh uisce reatha, chuirtí frog beo isteach i mbéal an pháiste, trí huaire, ansin scaoiltí saor an frog, agus thógadh an frog leis an triuch ón bpáiste. Más fíor.

Dá mbíodh scornach nimhneach ar dhuine, ní bhíodh le déanamh ach frog beo a chur isteach i mála beag, é a chur isteach i mbéal an duine tinn ar feadh méid áirithe ama, ansin scaoiltí saor an frog, agus thógadh sé an tinneas leis! Más fíor.

Tá an béaloideas sin uilig le fáil sa leabhar ‘Ireland’s Animals: Myths, Legends and Folklore’ le Niall Mac Coitir. Mo chuimhne, feicim go bhfuil cúpla leabhar eile sa tsraith ‘Myths, Legends and Folklore’ sin scríofa ag Niall cheana; ‘Ireland’s Trees’ agus ‘Irish Wild Plants.

Léirmheas gairid ón Irish Examiner le léamh anseo, ach fuair mise m'eolas ó Eric Dempsey, a bhí ag moladh an leabhair, 'Ireland's Animals: Myths, Legends and Folklore', ar chlár Derek Mooney inniu. Bronntanas deas do dhuine éigin, cheapfainn féin. An leabhar, chan Derek.

Nod Leat: Ná bain úsáid as na leigheasanna miotasacha thuasluaite, le bhur dtoil, a léitheoirí. An frog bocht...
.

Monday, December 6, 2010

Cloch Le Carn


Anocht, ar RTÉ 1, ag 7.30 i.n., beidh clár teilifíse, Cloch le Carn, le feiceáil, clár is ómós do Eugene Lambert, an puipéadóir a bhásaigh ag tús na bliana. B’fhear é a bhunaigh an Lambert Puppet Theatre; fear díograiseach, fear le fís, fear le grá nach beag aige dá phuipéid.

Agus, b’fhear é a chuir go mór le mo shaol féin, agus mé i mo pháiste, am a bhínn ag breathnú ar na carachtair Rory, O’Brien, Godmother, Judge, Foxy, Fortycoats, Mr. Crow, Sneaky the Snake, Doctor Astro agus Maeve the Witch, ar Wanderly Wagon.

Ó tharla gur scríobh mé an giota seo ar mo bhlag faoi, iarradh orm cúpla focal a rá don chlár, rud a rinne mé, mar go bhfuil meas nach beag agam ar obair an fhir uasail sin agus, go deimhin, ar obair a theaghlaigh. Chomh fada agus is eol dom, tá, nó bhíodh, siad uilig páirteach sa ghnó, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, tráth den saol.

B’fhéidir go gcloisfidh sibh abairt nó dhó uaim ar an gclár. Braitheann an méid sin ar eagarthóireacht, is dócha. Pé scéal é, thug mo choinne le RTÉ chuig an amharclann cháiliúil mé, áit ar thóg mé na pictiúir sa bhlagmhír seo daoibh, a léitheoirí.

Bhí Judge ag tógáil sosa, idir radhairc, agus dheasaigh sé é féin dom, le go mbeadh deis agam an pictiúr seo a thógáil. Nach é atá gealgháireach ag breathnú, cé gur dóigh liom go bhfuil sé iontach brónach ó cailleadh a chara dhil, O’Brien.

An cuimhin libh cé a bhíodh ina chónaí sa teachín beag sin thuas?

Agus an n-aithníonn sibh an féan fánaíochta seo? Ar ndóigh, beidh sibh ann nach bhfaca Wanderly Wagon riamh, ó tharla sibh ró-óg, nó in bhur gcónaí i bhfad ó cheantar aon chainéalach tuaithe, fearacht Chonamara, áit nach raibh againn ach cainéal amháin teilifíse ar feadh na mblianta, sin RTÉ. Chuir Eugene Lambert 'draíocht' os ár gcomhair. Chuir sé le sonas ár nóige.

Bhí teaghlach mór ag Eugene, agus bhí cairde go leor aige, idir pháistí agus phuipéid. Casadh sibh le cuid acu anocht, an Luan, ar RTÉ 1, Cloch le Carn, ag 7.30 i.n.
.

Saturday, November 20, 2010

Ceilteach

Ar maidin, nuair a d’oscail mé na dallóga, ní fhaca mo shúile na nithe ab iondúil leo a fheiceáil. Ní raibh romham ach ceo, ceo, agus tuilleadh ceo.

Ó am go chéile, chonaic mé carr, nó veain, nó leoraí. Tá na tiománaithe á dtiomáint go mall ciallmhar tríd an gceo, iad ag dul go deas réidh, ar fhaitíos na bhfaitíos.. Cén mhaith an bhuile bhóthair ar lá ceilteach an cheo. Nach bhfuil gach tiománaí sa bhád céanna, na laethanta ceomhara ceilteacha seo.

Tá droichead rompu, tá a fhios agam an méid sin, ach ní féidir liom an droichead a fheiceáil ón bhfuinneog thuas staighre. Téim síos staighre.

Anois, tá an droichead le feiceáil agam ó fhuinneog na cistine. Tá na carranna, na veaineanna, na leoraithe, ag trasnú. Níl a fhios agam cá bhfuil a dtriail. Beidh cuid acu ag dul in aghaidh an aird, gan dabht. Go dtuga a gCé slán iad ón aimsir cheilteach.

Feicim fir agus mná ag dul trasna an droichid. Tá a gcloigne cromtha acu, iad cúramach ag siúl, súile dírithe acu ar an gcosán rompu, ar fhaitíos aon cheo ceilte uatha ag an gceo. Tá faitíos orthu go dtitfidh siad, is dócha. Sa dallcheo, is fearr a bheith faireach ar na nithe ceilte.

Ar ndóigh, níl a fhios ag aon duine againn céard atá ceilte orainn ar maidin. Ach, tá a fhios againn go bhfuil an ceo ag ceilt uainn cianradharc na maidine. Ní féidir an ghrian, an fharraige, na crainn, nó fiú na cnoic i bhfad uainn a fheiceáil.

Mar sin féin, tá a fhios againn go bhfuil siad ann. Agus beidh áilleacht na tíre le feiceáil againn arís. Nuair a scaipfidh an ceo.
.

Wednesday, November 17, 2010

Doineann agus Dóchas

Súnámí

Tonn ollmhór ár mbá
i bhfírinne na mbréag.
Fearg ar an bhfarraige.

Tubaiste na tuile…
ag gearradh géige,
ag feannadh fréimhe,
ag céasadh cine,
ag daoradh duine,
ag sochtadh sochaí,
ag tachtadh todhchaí.

Glasbhá.

*******
Muir mhailíseach ag trá
ó Inis Fáil na nGael.
Borradh faoin bpobal.

Spiorad na sinsear…
ag gríosú géinte,
ag fuinnmhiú fréimhe,
ag ceartú cine,
ag daingniú duine,
ag saothrú sochaí,
ag treisiú todhchaí.

Glasfhás.
.

Tuesday, November 9, 2010

Fuaim Chonamara

Beidh mé ag breathnú ar an dream seo oíche Dé Sathairn, a léitheoirí, agus táim ag dúil go mór leis an seó anseo i mBun Cranncha.

Is fiú go mór súil a chaitheamh ar an suíomh anseo, le tuilleadh eolais a fháil faoin seó féin, agus le heolas a fháil faoi cá mbeidh siad le feiceáil idir anois agus deireadh na bliana, go háirithe más rud go dtaitníonn damhsa ar an sean-nós leat.
.

Tuesday, November 2, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Cuid V

D’fhoghlaim mé mo cheacht Dé hAoine, lá nach raibh mo chuid taighde déanta agam ar Chlár na Féile, mar ba cheart, roimh ré. Maidin Dé Sathairn, bhí an clár leite agam ón Aoine, agus bhí a fhios agam cá mbeinn ag dul, ag cén comórtas, agus ag cén t-am.

Mar a scríobh mé roimhe seo, bhí imeachtaí ag teacht salach ar a chéile, agus bhí orm rogha a dhéanamh dhul ag comórtas amháin seachas ag comórtas eile, abair, cé go mbeadh dúil agam sa dá chomórtas, b’fhéidir. Mar gheall air sin, bhí mé deireanach do chomórtas nó dhó, agus sin mar a tharla dom, arís, maidin Dé Sathairn.

Chomh luath agus a chríochnaigh Comórtas 29, Sceitse, chuaigh mé anonn go dtí Comórtas 32, Amhránaíocht Aonair nach Sean-nós í, ach bhí go leor den chomórtas caillte agam, faraor. Mar sin féin, fuair mé blaiseadh den amhrán ‘nach sean-nós í’, ó tharla gur éirigh liom an dara hamhrán ó na hiomaitheoirí uilig a chloisteáil.

Dar leis an gclár, tá ‘dhá amhrán le canadh gan tionlacan, i stíl nach sean-nós í.’ Chuala mé, mar shampla, aistriúcháin den amhrán ‘As I Went Down to the River to Pray’ á chasadh ag Máire Ní Laoire as Dúglas, le ‘Comhghairdeachas’ an dara hamhrán uaithi.

Taobh amuigh de sin, feictear dom gur amhráin seanaimseartha go maith a bhí á gcasadh, ‘amhráin mhóra na Gaeilge’ mar a thug duine de na moltóirí orthu, más buan mo chuimhne. Is amhráin aitheanta na Gaeilge iad, ceart go leor, ach is amhráin iad nach gcastar ‘i stíl sean-nós’, an dtuigeann sibh.

Níl a fhios agam cén fáth ar cheap mé go mbeadh amhráin nua-chumtha sa chomórtas seo, ach ní dóigh liom anois go mbíonn. Pé scéal é, bhí glór álainn ag an mbuaiteoir, Caitríona Nic Ciarnáin as Ráth Cúil, agus, le clabhsúr a chur leis an gcomórtas seo, chan sí ‘Úna Bhán’. Go hálainn!

Tráthnóna Dé Sathairn, bhí mé ag freastal ar Chúirt Filíochta a bhí eagraithe ag Proinsias, bail óna Ché air, agus ní raibh deis agam freastal ar Phríomhchomórtas Rince Aonair ar an Sean-nós, ócáid a thaitníonn go mór liom. Mar sin féin, a bhuí le Proinsias, bhí tráthnóna pléisiúrtha agam i gcomhluadar ochtar filí sa Fireside Lounge in óstán an Gleneagle, áit ar chaitheamar cúpla uair an chloig ag aithris ár ndánta dá chéile, agus, in amanna, ag aithris dánta ó fhilí eile.

Ina dhiaidh sin, chuaigh mé chuig an Taispeántas Gearrscannán san óstán, áit a bhfaca mé trí ghearrscannán, Preab San Aer, Dún Chaoin 40 Bliain, agus Bibeanna Mheiriceá. Tugadh bileog vótála don lucht féachana, agus bhí orainn vóta a chaitheamh do na gearrscannáin, dá mo mhian linn é a dhéanamh, in ord 1,2, agus 3, de réir mar a thaitin siad linn, is dócha.

Tuilleadh eolais faoi na scannáin le léamh anseo. Bhain mé an-sult astu, caithfidh mé a rá. Agus níl a fhios agam cén toradh a bhí ar an vótáil, ná fiú cén fáth ar chaith mé vóta, ach amháin gur chaith mé vóta, ó tharla gur tugadh bileog vótála dom. Caithim a bheith páirteach, an dtuigeann sibh, agus bhí peann i mo lámh agam ag an am…
.

Monday, November 1, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Cuid IV

Mar a scríobh mé i gCuid III, bhí mé i mo shuí in am maidin Dé Sathairn, agus d’fhreastail mé ar Chomórtas 28, Agallamh Beirte na ndaoine fásta, agus ar Chomórtas 29, Sceitse, comórtas nach raibh feicthe agam riamh cheana.

Mo chuimhne, níor fhreastail mé ar an Oireachtas thar na blianta, agus is aoibhinn liom go bhfuil am, agus airgead, le spáráil agam anois, rud nach raibh agus na páistí á dtógáil agam. Ar ndóigh, d’fhéadfadh duine gan fanacht san óstán, agus, b’fhéidir, theacht ar lóistín nach mbeadh chomh daor, abair. Táim cinnte go ndearna daoine é sin, agus tá súil agam gur éirigh leo deireadh seachtaine saor sonasach a bheith acu.

Bhí triúr againn i mo sheomra san óstán, beirt neachtanna ag roinnt liom, agus chosain leaba agus bricfeasta, trí oíche, €180 an duine, orainn, sin €540 san iomlán. Chuir mé scairt ar an óstán ar maidin. Dá mbeadh muid ag fanacht sa Ghleneagle an Déardaoin go Domhnach seo, chosnódh an rud céanna €327 san iomlán, cé go bhfuil ‘Special’ acu an deireadh seachtaine seo, freisin, agus gheobhadh muid dinnéar ar oíche amháin de na trí oíche sin, €417 ar an iomlán.

Oireachtas Rates’ a bhí ann an deireadh seachtaine seo caite, a dúradh liom, nuair a cheistigh mé éagsúlacht na bpraghsanna idir an deireadh seachtaine seo caite, agus an deireadh seachtaine atá romhainn, abair. Suimiúil. Nach bhfuil an tOireachtas ag tabhairt gnó isteach san áit ina mbíonn sé, shílfeá, agus meas tú nach bhfuil bealach ann le ráta níos fearr a fháil dár leithéid, seachas ceann níos daoire; in am seo an chúlaithe, ach go háirithe?

Rith an smaoineamh liom, nuair a chonaic mé tuismitheoirí lena bpáistí ag an bhféile, go bhfuil siad iontach ar fad, mar thuismitheoirí. Caitheann siad am agus, seans, airgead nach mbeadh le spáráil acu, b’fhéidir, le go mbeadh deis acu uilig bheith páirteach i bhféile an Oireachtais. Molaim iad as a ndiongbháilteacht.

Costas an Oireachtais go leataobh anois, agus ar ais linn go dtí na comórtais. Tá tallann nach beag ag scríbhneoirí ár linne sa tír seo, a léitheoirí, mar chaith mise maidin Dé Sathairn ag éisteacht agus ag breathnú ar Agallamh Beirte agus ar Sceitsí iontacha, cinn a chuir an bhean seo ag machnamh, agus ag gáire go mion minic.

Bhain Seán Ó Muimhneacháin agus Seosamh Ó Criodáin, as Maigh Chromtha, an chéad áit amach, le hAgallamh Beirte faoi chúirt na banríona Eilís; cé acu arbh fhearr di fanacht i gCiarraí nó i gCorcaigh, duine acu á hiarraidh, an duine eile nach raibh. B’fhéidir. An-ghreannmhar ar fad.

Bhain Páid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin, as An Spidéal, an dara háit amach; eisean i bpáirt an fhir ar an ‘dole’, é óltach, gan earra gan éadach ó chaill sé a phost sa chúlú seo, agus ise i bpáirt bhean an bhaincéara, í feargach le fear an ‘dole’ ó tharla gur mhún/chac sé taobh amuigh do gheata a tí. Bhí an t-agallamh eatarthu greannmhar, ach brónach leis, in amanna. Script iontach cliste, mar aon leis na scripteanna uilig, i mo thuairim.

Thug Aisteoirí Chill na Martra, Maigh Chromtha, an chéad duais leo ó chomórtas 29, Sceitse, lena n-iarracht faoi spáslong a thuirling i gceantar tuaithe, agus faoin gcomhrá a thit amach idir na fir thuaithe agus an duine a tháinig chucu ón spáslong. Sárú ar fhadhbanna teanga, is dócha, pointe an sceitse seo. Bhuel, b’fhéidir nach hea – bhí, ahem, fadhbanna buinní i gceist, freisin…

As liom, ansin, ar nós na gaoithe, anonn go dtí Óstán an Brehon, áit ina raibh Comórtas 32, Amhránaíocht Aonair nach Sean-Nós í, ar siúl an mhaidin chéanna, ach sin scéal do bhlagmhír eile.
.

Sunday, October 31, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Cuid III

Mar a dúirt mé, tá sé deacair freastal ar na himeachtaí uilig i rith an Oireachtais. Tá an oiread sin ag dul ar aghaidh, go gcaithfear, go minic, rogha a dhéanamh idir na himeachtaí éagsúla, rud nach bhfuil éasca, in amanna.

Mar sin féin, d’éirigh liom blaiseadh a fháil d’fhormhór acu. Tráthnóna Dé hAoine, chuaigh mé go dtí an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha. Bíonn an-spraoi ag an gcomórtas seo, mar déantar scigaithris ar chuile ní beo sna hamhráin, feictear dom.

Bhí Bertie Ahern agus é ‘sa chófra’ luaite i gcúpla amhrán, agus bhí seanadóir ar leith agus a chostais taistil luaite níos mó ná uair amháin, freisin. Bhí amhrán faoi fhear agus a iPhone cliste aige, le go gceapfadh daoine go raibh sé féin cliste. Bhí amhrán caointe ann d’Enda Kenny, agus d’éirigh leis an amhránaí na focail ‘pyjama’, ‘Nama’, agus ‘Obama’ a bheith mar rím aige san amhrán, creid é nó ná creid.

Is í Nóirín Ó Dálaigh as Trá Lí a tháinig sa dara háit lena hamhrán faoi Thierry Henry agus a ‘lapa mór groí’, le Seán Ó Gráinne as na Forbacha i nGaillimh ag tabhairt leis an chéad duais, dá amhrán faoi na nithe sin a chuireann sé Ar An Méar Fhada. Bhí, ahem, lán na lámh le cloisteáil…

Mo chuimhne, is é Páidí Ó Lionard a bhí ina láithreoir ag an ócáid seo, agus bhí sé thar barr, cheap mé féin; é deisbhéalach agus nádúrtha, rud a chuir go mór leis an gcraic, agus leis an gcraic ag na hócáidí eile maidin Dé Sathairn, nuair a bhí sé ina fhear an tí, arís, do Chomórtas 28, Agallamh Beirte, agus do Chomórtas 29, Sceitse. Tuilleadh fúthu siúd i mblagmhír eile.

Pé scéal é, ar aghaidh liom, ón gComórtas Amhrán Nua-Chumtha, go dtí Comórtas 26, An Scéalaíocht. Tá an comórtas seo ann d’iomaitheoirí nár bhuaigh duais cheana i gcomórtas scéalaíochta, agus bíonn buaiteoir an chomórtais cáilithe le páirt a ghlacadh sa phríomhchomórtas scéalaíochta ar an Satharn.

Caitlín Uí Chochláin ghalánta a bhí ina bean an tí don imeacht seo, agus sé Tomás Ó Lúing as Trá Lí a bhuaigh, le duais speisialta ag dul go Bernadette Nic Suibhne as Anagaire; cailín óg álainn, arbh é a chéad uair aici i gcomórtas scéalaíochta na ndaoine fásta. Cé go raibh mé deireanach ag teacht chuig an gcomórtas, chuala mé os cionn leath de na scéalta, agus bhain mé sult ar dóigh astu, idir scéalta Fiannaíochta agus scéalta faoi mhná nach raibh chomh cliste sin, b’fhéidir. Na, ahem, fir a scríobh na scéalta sin fadó, is dóigh liom. Sea.

Thosaigh Comórtais 28 agus 29 luath maidin Dé Sathairn, ag a 10 r.n., agus chuir sé iontas orm gur éirigh leis an oiread sin daoine bheith sa lucht féachana, ó tharla Club na Féile oscailte chuile oíche go dtí go mbíonn sé deireanach go maith, le ceol, craic agus damhsa do chách; é lán go doras, go hiondúil. B’fhéidir nach mise an t-aon duine amháin a chuaigh i mo luí sách luath.

‘Sé mo thuairim féin ná go meallann na himeachtaí daoine, is cuma iad ar siúl luath nó mall. Tuilleadh uaim ar ball, a léitheoirí. Caithfear bricfeasta a ithe anois, an dtuigeann sibh.
.

Friday, October 29, 2010

Oireachtas i gCill Airne

Táim anseo ag an Oireachtas i gCill Airne, agus chaith mé an tráthnóna ag éisteacht le comórtais Lúibíní sa Gleneagle Hotel.

D’éirigh liom bheith anseo in am do Chomórtas 18 (12-15 bliana, lúibíní), do Chomórtas 19 (15-18 bliana, lúibíní), agus do Chomórtas 30, lúibíní na ndaoine fásta.

Cuireann sé iontas orm, i gcónaí, an éascaíocht lena ndéanann na daoine óga aithris ar na lúibíní. Bíonn duine nó dhó acu neirbhíseach, gan dabht, rud a thuigfeá, ach ní thabharfá é sin faoi deara agus iad ag canadh leo thuas ar an ardán.

B’as Ciarraí, Corcaigh, An Clár, Baile Átha Cliath, agus Co. na Mí na hiomaitheoirí óga, agus rith an smaoineamh liom ‘cá bhfuil na contaetha eile?’; go háirithe na contaetha úd le Gaeltacht iontu. Bhí ceithre dhalta is fiche páirteach i gComórtais 18 agus 19, Lúibíní, deichniúr as Ciarraí, ochtar as Corcaigh, beirt as Co. an Chláir, beirt as Baile Átha Cliath, agus beirt as Co. na Mí.

Ar ndóigh, bhí comórtais eile ann ní ba luaithe, ach ní raibh mé anseo in am, an dtuigeann sibh. Feicim, ó Chlár na Féile, go raibh beirt as Gaillimh páirteach i gComórtas 17 (faoi 12, lúibíní), ceathrar as Corcaigh, agus seisear as Ciarraí.

Chomh maith leis sin, feicim ón gclár go bhfuil neart daoine óga ón Iarthar páirteach i gComórtais 2,3, agus 4, Rince Aonair ar an Sean-Nós do dhaoine óga; a bhformhór acu siúd as Gaillimh (27), le cuid eile acu as Maigh Eo (6), Sligeach (5), Co. na Mí (6), Liatroim (3), Ros Comáin (3) Baile Átha Cliath (3), Ciarraí (1) agus Co. na hIarmhí (1).

Bhí ionadaithe as Dún na nGall le feiceáil i gComórtais 5, 6 agus 7, Dreas Cainte, áit a raibh cúigear as naonúr iomaitheoirí ag teacht ón gcontae sin, beirt as Co. na Mí, agus beirt as Baile Átha Cliath.

I gComórtais 8, 9, agus 10, Amhránaíocht ar an Sean-Nós do dhaoine óga, tá iomaitheoirí as Ciarraí (25), Gaillimh (22), Dún na nGall (12), Corcaigh (10), Co. na Mí (7), Baile Átha Cliath (3), Luimneach (1), Laois (1), Ros Comáin(1), agus An Clár(1).

Sa Scéalaíocht, sin Comórtais 10, 11 agus 12, bhí iomaitheoirí as Ciarraí (20), Corcaigh (4), Dún na nGall (4), agus Gaillimh (3); agus i gComórtais 14, 15 agus 16, Agallamh Beirte, tháinig siad as Corcaigh (22), Gaillimh (16), Ciarraí (16), Baile Átha Cliath (3), agus Co. na Mí (1).

Bhí Comórtas 30, Lúibíní na ndaoine fásta, iontach, mar is iondúil. Bhí iomaitheoirí as Gaillimh (6), Corcaigh (6), Baile Átha Cliath (4), Dún na nGall (2), Ciarraí (2), agus Co. na Mí (2), ach is iad Aodán Ó Ceallaigh agus Ógie Ó Céilleachair as Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge, a bhain an trófaí, é tuillte go maith acu, lena n-iarracht ghreannmhar chliste ‘Comhrá Capaillíní Chill Airne’.
.

Tuesday, October 12, 2010

An Dúchas ag Briseadh?

Tá bean ar m’aithne agus is mó a bá le hainmhithe ná le daoine. Is fearr léi comhluadar ainmhithe mar, dar léi, ‘They would never hurt you intentionally.’

Tá sí den bharúil, nuair a chuirim ceist faoi ainmhithe a ionsaíonn daoine, go poiblí nó ina mbaile féin, abair, nach ndéanfadh ainmhí a leithéid murach go bhfuil sé ina nádúr a áit sa saol a chosaint, nó, abair, go n-airíonn sé go bhfuil sé i gcontúirt, nó, b’fhéidir, gur caitheadh go dona leis an ainmhí sin uair éigin ina shaol, go raibh sé ‘ill-treated’ ar bhealach éigin, am éigin.

Is minic ‘his bark is worse than his bite’ cloiste agam uaithi, agus thabharfadh sí barróg d’ainmhí salach, nó fiú d’ainmhí crosta, cé go seachnódh sí an duine a bheadh, abair, sotalach, drochbhéasach, nó dímheasúil ina comhluadar.

Thar na blianta, casadh daoine orm leis na tréithe thuasluaite, iad ag caitheamh, go poiblí, agus go sotalach, drochbhéasach, dímheasúil lena gcomhghleacaithe os mo chomhair. Ní deirtear a dhath leo, ach bíonn ionadh orm, mar sin féin; ionadh fearacht an ionaidh a bhíonn orm nuair a deir úinéir madra liom, mar shampla, ‘he wouldn’t hurt you’, agus an madra sin tar éis lorg a fhiacla a fhágáil i mo chóta/craiceann, abair.

Meas tú, a léitheoir, an bhfuil iompar/drochiompar duine ar chomhchéim le drochiompar/iompar ainmhí? An é nach bhfuil i ndrochiompar an duine ach rud ‘unintentional’, an rud a eascraíonn as ‘ill-treatment’ de shaghas éigin a tharla dó ina shaol féin, b’fhéidir?

Nó, an é nach bhfuil ann ach go bhfuil sé i nádúr daoine áirithe an áit ar a bhfuil siad i gceannas a chosaint go sotalach, drochbhéasach, dímheasúil, in ainneoin thionchar a ndrochiompar ar an gcomhluadar?
.

Wednesday, September 8, 2010

An Córán

‘Is iomaí seod sa domhan atá,
álainn, luachmhar, uasal, breá…’

Tá cúpla leabhar síniúchán agam, agus is as ceann acu sin a fuair mé an rann thuas, ar maidin.

Tá sé blianta blianta fada ó shin ó thosaigh mé ag bailiú na síniúchán iontu, a léitheoirí, le cairde, gaolta, agus daoine ar m’aithne ag scríobh teachtaireachtaí de shaghas éigin ar na leathanaigh, leathanaigh atá ag titim as a chéile anois; meirg ar na leathanaigh, ach chan ar na teachtaireachtaí, an dtuigeann sibh.

Ar ndóigh, níl i bhformhór de na teachtaireachtaí ach seafóid shoineanta, a leithéidí ‘did you ever see or ever pass, Áine sitting on an ass…’, cé go bhfuil cinn ann, fearacht an rainn thuas, a scríobh daoine muinteartha liom, daoine atá anois imithe ar shlí na fírinne, agus is aoibhinn liom go bhfuil scríbhinn leo fós i mo sheilbh agam.

Go deimhin, tá rainn eile ann, cinn a scríobh daoine saolta, ar dhaoine muinteartha liom iad, cinn le teachtaireacht shaolta iontu domsa, cinn fearacht ‘Speak gently. It is better far to rule by love than fear…’, mar shampla.

Is minic a tharraingím na leabhair shíniúchán chugam, go háirithe ar laethanta uaigneacha, abair, na laethanta sin nuair a theastaíonn tacaíocht de shaghas éigin uaim, abair. Léim na focail ó m’athair, na focail ó mo sheanmháthair, na focail ó mo shean-aintíní, agus cuimlím mo mhéara ar an áit inar shínigh siad a n-ainmneacha, mar a bheadh ceangal grá á dhéanamh agam leo arís.

Dá dtarlódh a dhath de na leabhair sin, bheinn buartha amach is amach. Is cuma céard atá scríofa iontu nach mbaineann le haon duine eile, is liomsa iad. Baineann na focail liomsa, agus le mo shinsir, le m'amsa a caitheadh, mar a déarfá. Bídís seafóideach nó bídís ciallmhar, tá teachtaireacht, agus tacaíocht, le fáil agamsa uathu.

Mar sin, ní dóigh liom go mbeadh sé de cheart ag aon duine iad a dhó orm, abair, fiú dá mbeadh fonn ar dhuine a leithéid a dhéanamh.
.

Friday, September 3, 2010

Scéal Fada an Anró

Tharla sé go raibh mise, faraor géar, i ngéibheann sa tranglam tráchta sin a tharla i nDoire inné.

Bhí beirt phinsinéirí as Meiriceá sa charr liom, an triúr againn ar ár mbealach go dtí an Ulster American Folk Park, áit a raibh súil acu, agus agam, an lá a chaitheamh ag ‘immerse’áil muid féin ‘in the story of Irish Immigration’.

Ar ndóigh, níor éirigh linn é sin a dhéanamh, mar go bhfuiltear ann, fós, a cheapann go gcuideoidh an gaireas bréige sin ‘story’ de shaghas eile, seans, a scaipeadh ar fud an domhain.

Ar éirigh leo aon sprioc a bhaint?

Bhuel, ar lá álainn gréine, Doire beo beathach le turasóirí, agus le muintir na háite, ag baint suilt as an lá, d’éirigh leo muidne, agus go leor leor eile, feictear dom, a choinneáil i ngéibheann inár gcarranna, srón muice le tóin muice, ar feadh uair go leith, an t-achar ama a chaitheamar ag dul ón gCraigavon Bridge ar ais go Ceann an Droichid, amach as an gContae, turas a ghlacfadh deich nóiméad, nó mar sin, go hiondúil.

Ar éirigh linn aon immerse’áil eile a dhéanamh?

D’éirigh. Chuamar go dtí an Lifford Courthouse, áit ar chaitheamar tráthnóna taitneamhach, ach sin scéal le haghaidh blag eile.

As sin, thug mé liom iad go dtí An Ómaigh, agus chonaiceamar an áit inar tharla an tubaiste mhillteanach eile seo.
.

Saturday, August 28, 2010

Seoladh Leabhair

A bhuí leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Coiscéim, beidh an leabhar nua-fhoilsithe Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin; Séamas Mac Amhlaoibh, le Pádraig Ó Baoighill, á sheoladh inniu ag 1.00 i.n., ag Aodh Mac Eoghain, i Siopa Leabhar An 4ú Póilí, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.

Beidh fáilte roimh chách, agus beidh sólaistí curtha ar fáil don ócáid.
.

Friday, August 20, 2010

Éifeacht an Domanó


Bhí mé ar ais i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheithe Dé Máirt seo caite, agus nach orm a bhí an t-áthas nuair a tháinig mé ar Ghaeilgeoir ag an deasc fáiltithe in Ionad na gCuairteoirí, ar Ghaeilgeoir eile ag an deasc fáiltithe sa chaisleán, ar threoraí sa chaisleán le Gaeilge aige, agus ar thiománaí bus le Gaeilge, agus le greann aige!

Ar chuir sé sin leis an tsuáilce a bhain mé as an lá? Chuir, go deimhin! Tá a fhios agam go bhfuiltear ann a fhaigheann ‘ceist na Gaeilge leadránach de ghnáth’, agus tuigim é sin, go deimhin, ach b’fhéidir gur duine de lucht an ‘reinstatement of the local language’ mise.

Is maith liom bheith in ann cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge. B’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuilim á dhéanamh, i ngan fhios dom féin, ar mhaithe le ‘reclaiming cultural identity’, mar a deirtear san alt sin le Jen Bouchard, ach, cibé scéal é, ní dóigh liom go bhfuil mo ghualainn gan bhráthair.

Fearacht mo chuairte os cionn seachtain ó shin, is mise a thosaigh an comhrá as Gaeilge leis na hoibrithe thuasluaite i nGleann Bheatha Dé Máirt seo caite. Bhí cumarsáid eadrainn, as Gaeilge, rud nár tharla an t-am deireanach a raibh mé ann, lá nár éirigh liom oiread is oibrí amháin le Gaeilge a aimsiú sna hionaid éagsúla ina raibh mé.

Mar sin féin, bhain mé sult as mo chuairt. Tá an áit go hálainn, agus ní ar mhaithe le Gaeilge a labhairt a chuaigh mé ann. An méid sin ráite, ar an Máirt seo, agus comhrá as Gaeilge le cloisteáil idir mé féin agus na hoibrithe éagsúla ansin, d’airigh mé gur chuala cuairteoirí chuig an gcaisleán teanga na tíre seo á labhairt. Sin cuid dár ‘cultural identity’ á roinnt againn leo, shílfeá.

Ó tharla go bhfuil an caisleán 4km ó Ionad na gCuairteoirí, chinneamar gan siúl, ach an bus a fháil - €13, ticéid fhillte do chúigear - chuig an gcaisleán. Ag an mbus taobh amuigh den ionad, ní raibh Gaeilge ag an tiománaí, ceapaim. Chuir mé ceist as Gaeilge air, agus d’fhiafraigh sé díom cén teanga a bhí á labhairt agam. ‘Your native language!’ a d’fhreagair mé féin, agus thosaigh an bheirt againn ag gáire.

Bhain mé sult as an turas timpeall an chaisleáin - €18 a d'íocamar ar chead isteach do chúigear. Taobh amuigh den chaisleán, agus muid ag filleadh ar an Ionad, labhair mé as Gaeilge le tiománaí an bhus, tiománaí nach ionann é agus an tiománaí luaite thuas. Bhí Gaeilge ag an bhfear seo, agus Gaeilge dhúchasach a bhí inti. As sin amach, bhí formhór a chomhrá le paisinéirí an bhus, agus an chraic uaidh, as Gaeilge. Go deimhin, bhí níos mó ná mise ar an mbus a bhí in ann cumarsáid a dhéanamh leis sa teanga sin, thug mé faoi deara.

D’iarr an tiománaí ar ‘an bhean as Ceantar na nOileán’ amhrán a chasadh, rud a rinne mé - véarsa amháin den amhrán ‘Peigín Leitir Móir’ - deile! Tharla sé go raibh bean as Cúil Aodha le mo thaobh a labhair liom, as Gaeilge, agus is dóigh liom nach dtarlódh an comhrá sin eadrainn murach gur cuireadh tús le comhrá as Gaeilge le tiománaí an bhus an chéad uair.

Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuilim iomlán mícheart! B’fhéidir go mbeadh an tiománaí sin ag labhairt as Gaeilge leis na paisinéirí, ar aon nós. Mar sin féin, chuir sé go mór le mo lá-sa mo theanga dhúchais a chloisteáil chuile thaobh díom ar an mbus, canúintí na gcúigí uilig san áireamh.

Ar dhóigh éigin eile, agus mé ag breathnú ar chaisleán John Adair, d’airigh mé go raibh sé feiliúnach Gaeilge a labhairt. Ba léir, ar an lá, go raibh neart daoine thart orm a d’aontaigh liom. Bíodh sé ag tarlú go comhfhiosach nó ná bíodh, tá pobal ann atá ag ‘reclaiming’, agus tá cumhacht nach beag ag an gcéad domanó.

Thursday, August 5, 2010

Aifreann Amuigh Faoin Aer

Arú inné, chaith mé cuid mhór den lá in Inis Treabhair, oileán beag amach ó chósta Eanach Mheáin, an áit inar rugadh agus inar tógadh mé féin.

Ní raibh mé riamh in Inis Treabhair, oileán a luíonn i gCuan Chill Chiaráin, ar an taobh ó thuaidh de Cheantar na nOileán, agus bhí áthas orm gur éirigh liom bheith anseo sa bhaile in am don ócáid bhliantúil ann, Aifreann Inis Treabhair.


Grúpa againn ag fanacht ar Chéibh Eanach Mheáin. Bhí trí churrach ag dul isteach is amach go hInis Treabhair, ár dtabhairt chuig an oileán, grúpa i ndiaidh grúpa, go dtí go raibh timpeall 100 againn istigh ann.

Currach ar an mbealach go hInis Treabhair le grúpa amháin, agus an churrach eile ar an mbealach isteach ón oileán, iad ag teacht ar ais le grúpa eile a fháil.

Grúpa ag teacht i dtír ar an gCaladh ó Dheas in Inis Treabhair. Nuair a bhí chuile dhuine bailithe le chéile ar an gcéibh ansin, shiúlamar linn chuig suíomh an Aifrinn, Caladh na Sliogán.

An altóir ar an gcéibh. Tá an sagart as Leitir Móir, Mícheál Ó Braonáin, á fheistiú féin sa chúlra.

An Chomaoineach Naofa á ghlacadh ag an Aifreann. Sa chúlra, ar chlé, tá an seanscoil náisiúnta, an scoil inar theagasc Bríd Bn. Uí Chonghaile, bean a chaith blianta fada ar an oileán, agus a bhásaigh an mhí seo caite.

Muid ag filleadh abhaile. Lá spioradálta álainn caite agam i gcomhluadar mo dhreama féin.

.

Friday, July 30, 2010

Bean an Rotha


Bhí bia blasta agam sa bhialann thuas, i nGaillimh, an tseachtain seo caite. B’shin mo chéad uair ag ithe tapas, sa tír seo ar aon nós, agus beidh mé á n-ithe arís sa bhialann sin, gan dabht. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin mbialann anseo.

Ar mo bhealach chuig an mbialann, chonaic mé an roth uisce sa phictiúr sin thuas, taobh leis an gcarrchlós, atá in aice le stáisiún na ngardaí ar Shráid an Mhuilinn sa chathair.

Chuaigh mé ar thóir eolais faoin roth, turas a thug mé chuig an sean-alt seo sa Galway Advertiser. Is léir, ón méid a léigh mé, go bhfuair an abhainn, ar a bhfuil an roth suite, a ainm, Abhainn Madeira, ó Oileán Mháidéara ag Páirc an Mhéara sa chathair, áit a raibh grúdlann tráth den saol, mar a léigh mé anseo.

Ach, an rud a tharraing m’aird, agus mé ar mo thuras eolais, agus an scéal sin sa Galway Advertiser faoin Slaughter-House River léite agam, ná an líne seo a leanas, ón alt seo faoin seamlas a bhíodh sa chathair geábh:

This slaughterhouse (or Shlawtherhouse to give it's Galway pronunciation) was well known to local schoolchildren who could hear the bleating animals and who often had to skip over streams of blood in the lane.

B'fhéidir gur Gaillmheach go smior mé, ach ní haon ionadh go bhfuilim i m’fheoilséantóir!
.

Sunday, July 11, 2010

An Litriú Caighdeánach

Ó am go chéile, léim alt atá, i mo thuairimse, chomh ciallmhar staidéarach stuama sin go mbíonn orm an scéal a roinnt le daoine ar an bpointe, a léitheoirí. Is amhlaidh a tharla dom an tseachtain seo agus mé ag léamh ailt in Feasta na míosa seo, alt le Brian Ó Baoill dar teideal, ‘An Caighdeán – An Séimhiú srl.’

Anois, tá a fhios agam go bhfuil cuid agaibh, seans, bréan den chaint uile faoin gcaighdeán 'nua' seo, agus tuigim daoibh. Mar sin féin, le bunú an CSA i mbliana, tá deis againn anois ár gcuid a dhéanamh don teanga, ar mhaithe le beatha na teanga, agus ar mhaithe le foghlaimeoirí na teanga, gan cur isteach ná amach ar an gcainteoir, ná ar an scríbhneoir, dúchais.

Cé go bhfuil mo chéad aighneacht istigh agam féin an geábh seo, ní raibh mé ach beo ar éigean, i 1958, nuair a tugadh buntreoir do choiste stiúrtha na bliana sin, buntreoir a mhol ‘an rialtacht agus an tsimplíocht a lorg’, le go mbeadh Caighdeán Oifigiúil simplí againn. Bhuel, ní dóigh liom gur mar sin a tharla, ach tá súil agam gur mar sin a tharlóidh an t-am seo.

Mar sin féin, óna bhfuil cloiste ag Brian Ó Baoill ón gCoiste nua go dtí seo, sé a bharúil nach mbeidh ann ach ‘praiseach eile anuas ar an bpraiseach atá ann cheana féin’. Tá seans gur ‘comhghéilleadh’ idir na canúintí a bheas ann arís, agus mar thoradh air sin beidh ‘Na mílte rialacha, forialacha, eisceachtaí…’ ann, dar leis.

Rinne sé liosta dúinn den sórt rud a tharla cheana leis an gcaighdeánú i 1958, athruithe a tharla de thoradh an chomhghéillte, is dócha. Bhí focail fearacht ‘is gnáth’, ‘go hiondúil’, ‘ach amháin’, ‘más ionann’, ‘murab ionann’, ‘de ghnáth’, ‘is féidir’, ‘mura mbíonn’, ‘i bhformhór’, ‘ní minic’, ‘seachas’, ‘mura’, ‘is iondúil, ‘ní gnáth’, agus ‘móide’ in úsáid go rialta síos tríd an gcaighdeán sin, gan trácht ar líon na n-eisceachtaí atá ann:

aidiachtaí (18 sraith d’eisceachtaí),
ainmfhocail (25 sraith d’eisceachtaí),
foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh (5 sraith d’eisceachtaí),

agus níl ansin uaidh ach sampla beag den phraiseach inar fágadh an foghlaimeoir bocht.

Tá ‘an-imní’ ar Bhrian, agus tuigim dó. Tá an teanga ‘Ró-dheacair…Ró-chasta’ don fhoghlaimeoir, agus tá deis iontach againn anois rud éigin a dhéanamh faoin deacracht agus faoin gcastacht sin, seans nach mbeidh againn arís, b’fhéidir.

Freagra na faidhbe ó Bhrian - ‘Foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca’, trí ‘an gramadach a shimpliú go mór’ agus ‘gan eisceachtaí ná éiginnteacht a bheith ag baint leis an ngramadach simplithe sin.’ Aontaím leis.

Luann sé focail Niall Uí Dhónaill, ón leabhar sin leis, ‘Forbairt na Gaeilge’, leabhair a scríobh sé i 1951, ‘Caithfidh an Ghaeilge a heirí a chur di’; bhí ‘ cúigeachas’ agus ‘canúnachas’ i measc na ‘heirí’ sin luaite ag Ó Dónaill, dar leis. Suimiúil.

Ní ‘lagú’ nó ‘tanú’ na Gaeilge atá i gceist ag Brian, mar, ina fhocail féin, ‘labharfaidh daoine agus scríobhfaidh siad mar is mian leo, mar a rinne riamh, ach beidh caighdeán ann d’fhoghlaimeoiri, do scríbhneoirí a scríobhann d’fhoghlaimeoirí, do gach cáipéis ón tSeirbhís Phoiblí, agus ar fáil d’irisí agus nuachtáin, agus d’aon duine eile gur mian leo go dtuigfeadh an foghlaimeoir é nó í.’

D’fhéadfaí, dar leis, ‘An Litriú Caighdeánach’ a thabhairt ar a leithéid. Anois, nach bhfuil sé sin simplí go leor, a léitheoirí?

Alt iontach ó Bhrian Ó Baoill, agus tagaim leis na moltaí atá scríofa aige. Tá súil agam gur éirigh liom achoimre chruinn a dhéanamh ar a bhfuil scríofa aige ann. Tá i bhfad níos mó ráite aige, agus b’fhiú an t-alt iomlán a léamh. Tá súil agam go ndéana an CSO amhlaidh, agus go dtabharfar aird ar a mholtaí.

I bhfocal Bhrian, ‘B’fhearr a bheith réabhlóideach, dána agus buach, ná cúramach, coimeádach, agus cloíte.’ Maith thú, a chara na Gaeilge!
.

Thursday, July 8, 2010

Áit is Ansa

Beidh clár cúig nóiméad, ón sraith teilifíse Áit is Ansa, ar siúl ar BBC 2 Tuaisceart Éireann, Dé Luain seo chugainn, 12 Iúil, agus beidh an Dr. Ian Malcolm mar láithreoir ar an gclár an geábh seo.

Beidh sé, dar leis féin, ag cíoradh ‘stair Eamhain Mhacha, suíomh tábhachtach inár n-oidhreacht Cheilteach’.

Má bhíonn tú fós i do shuí ag an am, tosaíonn an clár ag 23.25 i.n.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.