Friday, December 17, 2010

Frog Fóinteach?

An raibh a fhios agaibh go raibh am ann agus bhíodh leigheas le fáil ar dhaitheacha, ar thriuch agus ar scornach thinn, ach frog a bheith agat?

Nó, an miotas é sin, a léitheoirí?

Fadó, dá mbíodh daitheacha ar dhuine, dúradh go bhfhéadtaí frog beo a chuimilt den fhiacail thinn, nó d’fhéadtaí cos froig a chogaint, le fáil réidh leis an bpian. Más fíor.

Dá mbíodh triuch ar pháiste, thugtaí an páiste chuig áit ina mbíodh uisce reatha, chuirtí frog beo isteach i mbéal an pháiste, trí huaire, ansin scaoiltí saor an frog, agus thógadh an frog leis an triuch ón bpáiste. Más fíor.

Dá mbíodh scornach nimhneach ar dhuine, ní bhíodh le déanamh ach frog beo a chur isteach i mála beag, é a chur isteach i mbéal an duine tinn ar feadh méid áirithe ama, ansin scaoiltí saor an frog, agus thógadh sé an tinneas leis! Más fíor.

Tá an béaloideas sin uilig le fáil sa leabhar ‘Ireland’s Animals: Myths, Legends and Folklore’ le Niall Mac Coitir. Mo chuimhne, feicim go bhfuil cúpla leabhar eile sa tsraith ‘Myths, Legends and Folklore’ sin scríofa ag Niall cheana; ‘Ireland’s Trees’ agus ‘Irish Wild Plants.

Léirmheas gairid ón Irish Examiner le léamh anseo, ach fuair mise m'eolas ó Eric Dempsey, a bhí ag moladh an leabhair, 'Ireland's Animals: Myths, Legends and Folklore', ar chlár Derek Mooney inniu. Bronntanas deas do dhuine éigin, cheapfainn féin. An leabhar, chan Derek.

Nod Leat: Ná bain úsáid as na leigheasanna miotasacha thuasluaite, le bhur dtoil, a léitheoirí. An frog bocht...
.

4 comments:

  1. Tá a fhios agam nach ionann frog agus buaf. Agus níl a fhios agam an bhfuil leigheas le fáil i bhfroganna. Ach tá a fhios agam, agus ag a lán daoine a bhfuil baint acu leis an bhfrithchultúr, go bhfuil bua aisteach, bua atá, mmm, quasi-mhíochaineach, ag an mBufo alvarius.

    ReplyDelete
  2. Más buan mo chuimhne, luaigh duine éigin eile ar an gclár úd inné go bhféadfadh sé go raibh bunús éigin leis na scéalta, ó tharla go bhfuil craiceann an fhroig nimhneach.

    Bhí tuilleadh le rá acu. ar an gclár sin, scéalta faoi rónta agus faoi bheacha - iontach suimiúil ar fad. Leabhair eile le ceannach agam!

    Sneachta ag titim go tiubh anseo, a Dennis. Cén chaoi a bhfuil an scéal libh thall?

    ReplyDelete
  3. Grian anseo, agus gan aon sneachta fós. Thit fíor bheagán aréir.

    ReplyDelete
  4. I gcás na buaife a luann Dennis, tá le léamh faoin nasc gur cé go bhfuil sé mídhleathach an stuif atá le fáil ar chraiceann na buaife a bheith i do sheilbh agat níl sé mídhleathach duit an bhuaf féin a bheith i dteannta leat.

    Faoiseamh!


    Cheannaigh mé an leabhar faoina crainn i mbliana.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.