Tógadh an caisleán sa pháirc idir 1870 and 1873.
Cé go raibh bus ar fáil, shiúlamar ó ionad na gcuairteoirí chuig an gcaisleán, achar 4km; an loch álainn, Loch Bheithe, ar thaobh na láimhe deise dínn ar feadh na súilóide. Thóg mé an pictiúr thuas agus mé istigh sa gharraí daingean ann.
Bhain mé an-sult as mo chuairt, cé nár éirigh liom mo chumarsáid a dhéanamh as Gaeilge ann, ó tharla gan Gaeilge ag na daoine a bhí ag obair ann inniu, feictear dom. Ní raibh Gaeilge ar a gcumas acu siúd lenar labhair mise, ar aon nós. Chuir sé sin iontas orm, caithfidh mé a rá, ó tharla an áit béal dorais le Gaeltacht Ghaoth Dobhair.
Bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach táim amhrasach anocht faoi thodhchaí na Gaeilge sa tír seo. Shílfeá nach mbeadh sé deacair ar rialtas na tíre ar a laghad duine amháin le Gaeilge a fhostú, in achan seirbhís phoiblí sa tír seo?
.
Rollachóstóir na mothúchán faoin Ghaeilge. Bím thuas seal thíos seal faoin teanga, cosúil leatsa a Áine. Agus dála leatsa bím diomúch nuair nach féidir liom mo chuid Ghaeilge a úsáid in áiteanna a bhím ag dúil leis.
ReplyDeleteAch sa chás seo déarfainn go raibh mí-ádh ort nár tháinig tú ar chainteoirí dúchais óir tá neart acu ann.
Bhí clár ar BBC Norn Iron ar na mallaibh faoi shaol i nGleann Bheatha.
http://www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/819/gaeilge/
ReplyDeleteGo raibh maith agat,a Dhubhaltaigh! Tá an áit go hálainn, agus tuigim cén fáth ar thaitin a ham ann le Sarah.
ReplyDeleteBhain mé sult ar dóigh as mo chuairt ar an nGleann - faraor, níor casadh an garraíodóir sin orm...:-)
Chuir mé ceisteanna as Gaeilge, san ionad agus sa chaisleán, agus sa dá bhialann, ach ní raibh siad in ann cumarsáid a dhéanamh sa teanga sin liom, dá bhrí sin thiontaigh mé ar an mBéarla. Ah bhuel...
Ach chuir tú ar a súile dóibh, ar a laghad, go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt.
ReplyDeleteThis comment has been removed by the author.
ReplyDeleteChuir, a Dennis, tá súil agam.
ReplyDeleteMo chuimhne, nuair a bhí mé i nGaillimh an tseachtain seo caite, chuaigh mé isteach sa bhialann sin, Cava arís, agus d'fhiafraigh mé díobh an bhfuil Gaeilge ag aon duine acu, nó cén chaoi a dtacaíonn siad leis an teanga - ó tharla gur iarr tú féin an cheist orm, an dtuigeann tú...:-)
Dúirt an bhean ann nach bhfuil, ach go dtacaíonn siad leis an teanga trí Ghaeilge a úsáid ar na fógraí srl...
recte: 'ó tharla gur fhiafraigh tú'
ReplyDelete