Thursday, August 12, 2010

Garraí Gosh!

Ionad na gCuairteoirí i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheithe, áit ina raibh mé féin agus cara liom inniu. Nach fánach an áit a d'fheicfeá gáirdín!


Tógadh an caisleán sa pháirc idir 1870 and 1873.

Cé go raibh bus ar fáil, shiúlamar ó ionad na gcuairteoirí chuig an gcaisleán, achar 4km; an loch álainn, Loch Bheithe, ar thaobh na láimhe deise dínn ar feadh na súilóide. Thóg mé an pictiúr thuas agus mé istigh sa gharraí daingean ann.


Cuireadh an crann casta éagsúil seo sa pháirc timpeall 1900. Crítómeiarach Seapáine 'Elegans' a thugtar air. Tháinig crainn mar é, ón tSeapáin, isteach go gáirdíní na hEorpa sa bhliain 1861. Fásann an stoc go lúbach, agus bíonn dath umha/corcra ar an duilleoga san fhómhar.

Radharc eile ón ngarraí daingean. Tá sé os cionn céad bliain ó cruthaíodh na gáirdíní ann.

Bhain mé an-sult as mo chuairt, cé nár éirigh liom mo chumarsáid a dhéanamh as Gaeilge ann, ó tharla gan Gaeilge ag na daoine a bhí ag obair ann inniu, feictear dom. Ní raibh Gaeilge ar a gcumas acu siúd lenar labhair mise, ar aon nós. Chuir sé sin iontas orm, caithfidh mé a rá, ó tharla an áit béal dorais le Gaeltacht Ghaoth Dobhair.

Bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach táim amhrasach anocht faoi thodhchaí na Gaeilge sa tír seo. Shílfeá nach mbeadh sé deacair ar rialtas na tíre ar a laghad duine amháin le Gaeilge a fhostú, in achan seirbhís phoiblí sa tír seo?
.

7 comments:

  1. Rollachóstóir na mothúchán faoin Ghaeilge. Bím thuas seal thíos seal faoin teanga, cosúil leatsa a Áine. Agus dála leatsa bím diomúch nuair nach féidir liom mo chuid Ghaeilge a úsáid in áiteanna a bhím ag dúil leis.

    Ach sa chás seo déarfainn go raibh mí-ádh ort nár tháinig tú ar chainteoirí dúchais óir tá neart acu ann.
    Bhí clár ar BBC Norn Iron ar na mallaibh faoi shaol i nGleann Bheatha.

    ReplyDelete
  2. http://www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/819/gaeilge/

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat,a Dhubhaltaigh! Tá an áit go hálainn, agus tuigim cén fáth ar thaitin a ham ann le Sarah.

    Bhain mé sult ar dóigh as mo chuairt ar an nGleann - faraor, níor casadh an garraíodóir sin orm...:-)

    Chuir mé ceisteanna as Gaeilge, san ionad agus sa chaisleán, agus sa dá bhialann, ach ní raibh siad in ann cumarsáid a dhéanamh sa teanga sin liom, dá bhrí sin thiontaigh mé ar an mBéarla. Ah bhuel...

    ReplyDelete
  4. Ach chuir tú ar a súile dóibh, ar a laghad, go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Chuir, a Dennis, tá súil agam.

    Mo chuimhne, nuair a bhí mé i nGaillimh an tseachtain seo caite, chuaigh mé isteach sa bhialann sin, Cava arís, agus d'fhiafraigh mé díobh an bhfuil Gaeilge ag aon duine acu, nó cén chaoi a dtacaíonn siad leis an teanga - ó tharla gur iarr tú féin an cheist orm, an dtuigeann tú...:-)

    Dúirt an bhean ann nach bhfuil, ach go dtacaíonn siad leis an teanga trí Ghaeilge a úsáid ar na fógraí srl...

    ReplyDelete
  7. recte: 'ó tharla gur fhiafraigh tú'

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.