Sunday, July 11, 2010

An Litriú Caighdeánach

Ó am go chéile, léim alt atá, i mo thuairimse, chomh ciallmhar staidéarach stuama sin go mbíonn orm an scéal a roinnt le daoine ar an bpointe, a léitheoirí. Is amhlaidh a tharla dom an tseachtain seo agus mé ag léamh ailt in Feasta na míosa seo, alt le Brian Ó Baoill dar teideal, ‘An Caighdeán – An Séimhiú srl.’

Anois, tá a fhios agam go bhfuil cuid agaibh, seans, bréan den chaint uile faoin gcaighdeán 'nua' seo, agus tuigim daoibh. Mar sin féin, le bunú an CSA i mbliana, tá deis againn anois ár gcuid a dhéanamh don teanga, ar mhaithe le beatha na teanga, agus ar mhaithe le foghlaimeoirí na teanga, gan cur isteach ná amach ar an gcainteoir, ná ar an scríbhneoir, dúchais.

Cé go bhfuil mo chéad aighneacht istigh agam féin an geábh seo, ní raibh mé ach beo ar éigean, i 1958, nuair a tugadh buntreoir do choiste stiúrtha na bliana sin, buntreoir a mhol ‘an rialtacht agus an tsimplíocht a lorg’, le go mbeadh Caighdeán Oifigiúil simplí againn. Bhuel, ní dóigh liom gur mar sin a tharla, ach tá súil agam gur mar sin a tharlóidh an t-am seo.

Mar sin féin, óna bhfuil cloiste ag Brian Ó Baoill ón gCoiste nua go dtí seo, sé a bharúil nach mbeidh ann ach ‘praiseach eile anuas ar an bpraiseach atá ann cheana féin’. Tá seans gur ‘comhghéilleadh’ idir na canúintí a bheas ann arís, agus mar thoradh air sin beidh ‘Na mílte rialacha, forialacha, eisceachtaí…’ ann, dar leis.

Rinne sé liosta dúinn den sórt rud a tharla cheana leis an gcaighdeánú i 1958, athruithe a tharla de thoradh an chomhghéillte, is dócha. Bhí focail fearacht ‘is gnáth’, ‘go hiondúil’, ‘ach amháin’, ‘más ionann’, ‘murab ionann’, ‘de ghnáth’, ‘is féidir’, ‘mura mbíonn’, ‘i bhformhór’, ‘ní minic’, ‘seachas’, ‘mura’, ‘is iondúil, ‘ní gnáth’, agus ‘móide’ in úsáid go rialta síos tríd an gcaighdeán sin, gan trácht ar líon na n-eisceachtaí atá ann:

aidiachtaí (18 sraith d’eisceachtaí),
ainmfhocail (25 sraith d’eisceachtaí),
foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh (5 sraith d’eisceachtaí),

agus níl ansin uaidh ach sampla beag den phraiseach inar fágadh an foghlaimeoir bocht.

Tá ‘an-imní’ ar Bhrian, agus tuigim dó. Tá an teanga ‘Ró-dheacair…Ró-chasta’ don fhoghlaimeoir, agus tá deis iontach againn anois rud éigin a dhéanamh faoin deacracht agus faoin gcastacht sin, seans nach mbeidh againn arís, b’fhéidir.

Freagra na faidhbe ó Bhrian - ‘Foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca’, trí ‘an gramadach a shimpliú go mór’ agus ‘gan eisceachtaí ná éiginnteacht a bheith ag baint leis an ngramadach simplithe sin.’ Aontaím leis.

Luann sé focail Niall Uí Dhónaill, ón leabhar sin leis, ‘Forbairt na Gaeilge’, leabhair a scríobh sé i 1951, ‘Caithfidh an Ghaeilge a heirí a chur di’; bhí ‘ cúigeachas’ agus ‘canúnachas’ i measc na ‘heirí’ sin luaite ag Ó Dónaill, dar leis. Suimiúil.

Ní ‘lagú’ nó ‘tanú’ na Gaeilge atá i gceist ag Brian, mar, ina fhocail féin, ‘labharfaidh daoine agus scríobhfaidh siad mar is mian leo, mar a rinne riamh, ach beidh caighdeán ann d’fhoghlaimeoiri, do scríbhneoirí a scríobhann d’fhoghlaimeoirí, do gach cáipéis ón tSeirbhís Phoiblí, agus ar fáil d’irisí agus nuachtáin, agus d’aon duine eile gur mian leo go dtuigfeadh an foghlaimeoir é nó í.’

D’fhéadfaí, dar leis, ‘An Litriú Caighdeánach’ a thabhairt ar a leithéid. Anois, nach bhfuil sé sin simplí go leor, a léitheoirí?

Alt iontach ó Bhrian Ó Baoill, agus tagaim leis na moltaí atá scríofa aige. Tá súil agam gur éirigh liom achoimre chruinn a dhéanamh ar a bhfuil scríofa aige ann. Tá i bhfad níos mó ráite aige, agus b’fhiú an t-alt iomlán a léamh. Tá súil agam go ndéana an CSO amhlaidh, agus go dtabharfar aird ar a mholtaí.

I bhfocal Bhrian, ‘B’fhearr a bheith réabhlóideach, dána agus buach, ná cúramach, coimeádach, agus cloíte.’ Maith thú, a chara na Gaeilge!
.

4 comments:

  1. an gramadach a shimpliú ... leis an ngramadach simplithe sin.

    “Gramadach”: focal firinscneach anois?

    Caithfidh an Ghaeilge a héirí a chur di.

    Aontaím leis agus le Brian agus leatsa. Ach an bhfuil ‘é’ fada san fhocal sin dáiríre?

    ReplyDelete
  2. Gabh mo leithscéal, a Dennis! Mise a chuir an 'é' sin isteach de thimpiste! Tá sé athraithe agam anois - bhí sé gan fada ag Brian.

    ReplyDelete
  3. Ba fada an freagra a bhí cumtha agam nuair a cailleadh é, ar ndóigh...

    ReplyDelete
  4. Sin mar a tharlaíonn, a Bhrian Dhaithí Sheáin...:-)

    Mo chuimhne, fáilte romhat!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.