Tá tréimhse comhairliúcháin a haon de Choiste Stiúrtha ar an Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge (an CSA) fógartha le roinnt seachtainí anuas, agus tá na moltaí uatha faoi ‘Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith’ le fáil ag bun an leathanaigh ar an suíomh seo.
Maidir leis an gcáipéis, ar a bhfuil an CSA ag iarraidh aiseolas agus tuairimí an phobail, caithfidh na haighneachtaí uaibh, más mian libh bhur dtuairimí a roinnt leo, bheith leis an CSA go luath, a léitheoirí, ó tharla an sprioc lena n-aghaidh ar an gCéadaoin seo chugainn, an 23 Meitheamh.
Moltar, agus sibh ag plé le cáipéis na Moltaí faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith, ‘comparáid a dhéanamh idir iad agus na moltaí sa cháipéis eile dar teideal “Moltaí an Choiste Téarmaíochta faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith”, agus tá an cháipéis sin le fáil, fosta, ag bun an leathanaigh sin ar an suíomh.
Tá freisin, dar leo, ‘Roinnt saincheisteanna ar gá dianmhachnamh agus soiléiriú a dhéanamh orthu’. Tá liosta na Saincheisteanna sin le fáil ar an suíomh chomh maith, ‘ agus tá na réimsí cuí den cháipéis a bhaineann le hábhar na saincheisteanna aibhsithe i mbuí.’
Ábhar léitheoireachta agus machnaimh don deireadh seachtaine daoibh, a chairde na Gaeilge. Más mian libh, ar ndóigh.
Bainigí sult as!
.
Friday, June 18, 2010
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
OK, d'íoslódáil mé an dá cháipéis. A leithéid d'obair bhaile, a Áine!
ReplyDeleteCé mhéad consan séimhithe,
is iad ar bharraicíní a gcos,
a rinceann trí bhánta breaca
an phreasráitis is fada & is fearr
ó Aire na bPreasráiteas?
Trócaire!
Beidh mé ag dul tríd amárach agus Dé Luain mé féin.
ReplyDeleteCá bhfuair tú an rann/cheist thuas, nó an tú féin a chum?
Níl an freagra agam...:-)
MIse a chum. Thosaigh mé á scríobh i bprós, ach bhraith mé ansin go mbeadh sé níos so-thuigthe roinnte ina línte mar sin!
ReplyDeleteÓ a Áine, tá pian im' chloigeann th'éis na rialacha ar fad sin a léamh. Ní bheidh Gaeilge chruinn agam go deo. B'fhéidir gur chóir dom tosnú ar an mBreatnais!
ReplyDeleteTá mé ag plé leis na rialacha anois díreach mé féin, a fheara!
ReplyDeleteTáim ag éirí liath agus an liathábhar in úsáid agam leo ó mhaidin, ach súil agam m'aighneacht bheith réidh agam roimh an gCéadaoin.
Go mba hé daoibh!
Tá an ceart agat, a Dennis - trócaire!