Friday, June 18, 2010

Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge - Tréimhse 1

Tá tréimhse comhairliúcháin a haon de Choiste Stiúrtha ar an Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge (an CSA) fógartha le roinnt seachtainí anuas, agus tá na moltaí uatha faoi ‘Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith’ le fáil ag bun an leathanaigh ar an suíomh seo.

Maidir leis an gcáipéis, ar a bhfuil an CSA ag iarraidh aiseolas agus tuairimí an phobail, caithfidh na haighneachtaí uaibh, más mian libh bhur dtuairimí a roinnt leo, bheith leis an CSA go luath, a léitheoirí, ó tharla an sprioc lena n-aghaidh ar an gCéadaoin seo chugainn, an 23 Meitheamh.

Moltar, agus sibh ag plé le cáipéis na Moltaí faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith,comparáid a dhéanamh idir iad agus na moltaí sa cháipéis eile dar teidealMoltaí an Choiste Téarmaíochta faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith”, agus tá an cháipéis sin le fáil, fosta, ag bun an leathanaigh sin ar an suíomh.

Tá freisin, dar leo, ‘Roinnt saincheisteanna ar gá dianmhachnamh agus soiléiriú a dhéanamh orthu’. Tá liosta na Saincheisteanna sin le fáil ar an suíomh chomh maith, ‘ agus tá na réimsí cuí den cháipéis a bhaineann le hábhar na saincheisteanna aibhsithe i mbuí.’

Ábhar léitheoireachta agus machnaimh don deireadh seachtaine daoibh, a chairde na Gaeilge. Más mian libh, ar ndóigh.

Bainigí sult as!
.

5 comments:

  1. OK, d'íoslódáil mé an dá cháipéis. A leithéid d'obair bhaile, a Áine!

    Cé mhéad consan séimhithe,
    is iad ar bharraicíní a gcos,
    a rinceann trí bhánta breaca
    an phreasráitis is fada & is fearr
    ó Aire na bPreasráiteas?

    Trócaire!

    ReplyDelete
  2. Beidh mé ag dul tríd amárach agus Dé Luain mé féin.

    Cá bhfuair tú an rann/cheist thuas, nó an tú féin a chum?

    Níl an freagra agam...:-)

    ReplyDelete
  3. MIse a chum. Thosaigh mé á scríobh i bprós, ach bhraith mé ansin go mbeadh sé níos so-thuigthe roinnte ina línte mar sin!

    ReplyDelete
  4. Ó a Áine, tá pian im' chloigeann th'éis na rialacha ar fad sin a léamh. Ní bheidh Gaeilge chruinn agam go deo. B'fhéidir gur chóir dom tosnú ar an mBreatnais!

    ReplyDelete
  5. Tá mé ag plé leis na rialacha anois díreach mé féin, a fheara!

    Táim ag éirí liath agus an liathábhar in úsáid agam leo ó mhaidin, ach súil agam m'aighneacht bheith réidh agam roimh an gCéadaoin.

    Go mba hé daoibh!

    Tá an ceart agat, a Dennis - trócaire!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.