Showing posts with label stór. Show all posts
Showing posts with label stór. Show all posts

Monday, December 6, 2010

Cloch Le Carn


Anocht, ar RTÉ 1, ag 7.30 i.n., beidh clár teilifíse, Cloch le Carn, le feiceáil, clár is ómós do Eugene Lambert, an puipéadóir a bhásaigh ag tús na bliana. B’fhear é a bhunaigh an Lambert Puppet Theatre; fear díograiseach, fear le fís, fear le grá nach beag aige dá phuipéid.

Agus, b’fhear é a chuir go mór le mo shaol féin, agus mé i mo pháiste, am a bhínn ag breathnú ar na carachtair Rory, O’Brien, Godmother, Judge, Foxy, Fortycoats, Mr. Crow, Sneaky the Snake, Doctor Astro agus Maeve the Witch, ar Wanderly Wagon.

Ó tharla gur scríobh mé an giota seo ar mo bhlag faoi, iarradh orm cúpla focal a rá don chlár, rud a rinne mé, mar go bhfuil meas nach beag agam ar obair an fhir uasail sin agus, go deimhin, ar obair a theaghlaigh. Chomh fada agus is eol dom, tá, nó bhíodh, siad uilig páirteach sa ghnó, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, tráth den saol.

B’fhéidir go gcloisfidh sibh abairt nó dhó uaim ar an gclár. Braitheann an méid sin ar eagarthóireacht, is dócha. Pé scéal é, thug mo choinne le RTÉ chuig an amharclann cháiliúil mé, áit ar thóg mé na pictiúir sa bhlagmhír seo daoibh, a léitheoirí.

Bhí Judge ag tógáil sosa, idir radhairc, agus dheasaigh sé é féin dom, le go mbeadh deis agam an pictiúr seo a thógáil. Nach é atá gealgháireach ag breathnú, cé gur dóigh liom go bhfuil sé iontach brónach ó cailleadh a chara dhil, O’Brien.

An cuimhin libh cé a bhíodh ina chónaí sa teachín beag sin thuas?

Agus an n-aithníonn sibh an féan fánaíochta seo? Ar ndóigh, beidh sibh ann nach bhfaca Wanderly Wagon riamh, ó tharla sibh ró-óg, nó in bhur gcónaí i bhfad ó cheantar aon chainéalach tuaithe, fearacht Chonamara, áit nach raibh againn ach cainéal amháin teilifíse ar feadh na mblianta, sin RTÉ. Chuir Eugene Lambert 'draíocht' os ár gcomhair. Chuir sé le sonas ár nóige.

Bhí teaghlach mór ag Eugene, agus bhí cairde go leor aige, idir pháistí agus phuipéid. Casadh sibh le cuid acu anocht, an Luan, ar RTÉ 1, Cloch le Carn, ag 7.30 i.n.
.

Thursday, November 25, 2010

Lá an Altaithe

Daoibhse thall i Meiriceá, sibhse a thugann cuairt rialta ar mo bhlag, tá súil agam go bhfuil a fhios agaibh go mbíonn fearadh na fáilte romhaibh i gcónaí, agus buíochas uaim as bhur gcuideachta.

Tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh, go mbeidh sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta bhur gcairde, agus go mbainfidh sibh sult as an lá mór seo a bhíonn agaibh thall.

Síocháin libh, agus sonas oraibh, a chairde!
.

Sunday, August 22, 2010

Nuala Nic Con Iomaire

Casadh Nuala orm ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn anuraidh. Bhí a fear uasal, Pádraic, tar éis é féin a chur in aithne dom, ó tharla é léite aige, ar mo bhlag, go mbeinn ann.

Bhíomar ag fanacht le Nuala, aghaidh againn beirt i dtreo an dorais, le go mbeadh muid in ann í a fheiceáil ag teacht.

‘Coiscéimeanna éadroma
ag foluain go réidh,
gan gá le deifir ar an té
nach bhfuil ceangailte ag am.’

Agus í ag siúl inár dtreo, chonaic mé a ‘gile’, agus bhí a fhios agam, ar an bpointe, go raibh duine álainn ag teacht i mo chuideachta. Beagnach bliain is an t-am seo a thit an radharc sin ar mo shúile, agus tá sé fós soiléir ar shúile m’aigne; a háilleacht saolta spioradálta fós liom.

‘Síocháin ag siúl
faoi ghile na n-aingeal,
solas an tséada
ag lonrú ‘is ag leathadh
a gathanna grá
ar an gcuideachta.’

Inár suí le chéile ag comhrá, labhraíomar ar nithe an tsaoil, amhail is go raibh aithne shaoil againn ar a chéile cheana. Agus nithe sin an tsaoil á gcur trí chéile againn, thug mé faoi deara go gclaonadh Nuala a cloigeann rud beag, sula labhródh sí ar ábhar; a súile ar thóir eolais, shílfeá, eolas saolta agus spioradálta a fuair sí áit éigin taobh amuigh, nó taobh istigh, di féin, sular dhúirt sí focal.

‘Tuiscint an todhchaí
á lorg sa spás
os comhair a súile
ar thóir freagra ón bhFaisnéis
sular roinn sí rann.’

Ansin, nuair a labhair sí, chuala mé, agus chonaic mé, na focail uaithi. Bhí a lámha ag labhairt liom, freisin, iad ag bogadh lena briathra, mar a bheadh ealaíontóir ag obair ar chanbhás comhrá, mar a bheadh ceoltóir ag seinm samhlaoidí lena méara.

‘Briathra a béil
á gcuimilt go ciúin
ó bhos go bos,
í ag fuineadh focal
le mothúcháin a méar.’

Chuaigh Nuala i bhfeidhm go mór orm, agus d’airigh mé ceangal léi nach féidir liom a mhíniú, mar nach bhfuil focail ann lena leithéid a mhíniú.

Criadóir an cheoil,
múnlóir na n-íomhánna,
chuala mé do dhán
ag seinm i do shamhlaoidí,
a Nuala.

Ar m’fhilleadh abhaile dom go Bun Cranncha an oíche sin, scríobh mé an dán thuas, Oireachtas, i gcuimhne ar an am sin léi.

Mí ó shin, léigh mé an dán ag sochraid Nuala i séipéal Leitir Móir. Ní raibh sí ach 42 bliain d’aois. Beidh a ‘gile’ liom ar feadh mo shaoil.

*********************

Is i mBaile Átha Cliath a tógadh Nuala. Liam agus Bairbre a hathair agus a máthair, le deirfiúr amháin aici, Máirín, agus ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí, agus Darach.

Rinne sí Gaeilge agus Fraincis mar ábhair bhunchéime in UCD agus, tar éis di iarchéim a bhaint amach sa Fhraincis, chaith sí seal ag obair sa Bhruiséil.

Ar fhilleadh di go hÉirinn i 1995, chuaigh sí ag teagasc le Fiontar. Thosaigh sí ag obair, mar chigire le Fraincis agus Gaeilge, leis an Roinn Oideachais i 1998.

Idir 2002 agus 2007, ghlac sí sos gairme, agus chuaigh sí i mbun togra ealaíne leis An Béal Binn i mBré. Scríobh, agus chóirigh, sí drámaí don stáitse agus don raidió, agus bhí sí mar eagarthóir ar an dá eagrán den iris Blaiseadh, iris a d’fhoilsigh Coiscéim.

Sheinn sí an veidhlín, agus b’ealaíontóir í. Bhí cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua lena fear, Pádraic, agus lena n-iníon, Iseult.

Faoi chúram Oispís na Gaillimhe, fuair sí bás go suaimhneach sa bhaile ar an gCeathrú Rua ar an 16 Iúil 2010.

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn.
.

Friday, August 20, 2010

Éifeacht an Domanó


Bhí mé ar ais i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheithe Dé Máirt seo caite, agus nach orm a bhí an t-áthas nuair a tháinig mé ar Ghaeilgeoir ag an deasc fáiltithe in Ionad na gCuairteoirí, ar Ghaeilgeoir eile ag an deasc fáiltithe sa chaisleán, ar threoraí sa chaisleán le Gaeilge aige, agus ar thiománaí bus le Gaeilge, agus le greann aige!

Ar chuir sé sin leis an tsuáilce a bhain mé as an lá? Chuir, go deimhin! Tá a fhios agam go bhfuiltear ann a fhaigheann ‘ceist na Gaeilge leadránach de ghnáth’, agus tuigim é sin, go deimhin, ach b’fhéidir gur duine de lucht an ‘reinstatement of the local language’ mise.

Is maith liom bheith in ann cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge. B’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuilim á dhéanamh, i ngan fhios dom féin, ar mhaithe le ‘reclaiming cultural identity’, mar a deirtear san alt sin le Jen Bouchard, ach, cibé scéal é, ní dóigh liom go bhfuil mo ghualainn gan bhráthair.

Fearacht mo chuairte os cionn seachtain ó shin, is mise a thosaigh an comhrá as Gaeilge leis na hoibrithe thuasluaite i nGleann Bheatha Dé Máirt seo caite. Bhí cumarsáid eadrainn, as Gaeilge, rud nár tharla an t-am deireanach a raibh mé ann, lá nár éirigh liom oiread is oibrí amháin le Gaeilge a aimsiú sna hionaid éagsúla ina raibh mé.

Mar sin féin, bhain mé sult as mo chuairt. Tá an áit go hálainn, agus ní ar mhaithe le Gaeilge a labhairt a chuaigh mé ann. An méid sin ráite, ar an Máirt seo, agus comhrá as Gaeilge le cloisteáil idir mé féin agus na hoibrithe éagsúla ansin, d’airigh mé gur chuala cuairteoirí chuig an gcaisleán teanga na tíre seo á labhairt. Sin cuid dár ‘cultural identity’ á roinnt againn leo, shílfeá.

Ó tharla go bhfuil an caisleán 4km ó Ionad na gCuairteoirí, chinneamar gan siúl, ach an bus a fháil - €13, ticéid fhillte do chúigear - chuig an gcaisleán. Ag an mbus taobh amuigh den ionad, ní raibh Gaeilge ag an tiománaí, ceapaim. Chuir mé ceist as Gaeilge air, agus d’fhiafraigh sé díom cén teanga a bhí á labhairt agam. ‘Your native language!’ a d’fhreagair mé féin, agus thosaigh an bheirt againn ag gáire.

Bhain mé sult as an turas timpeall an chaisleáin - €18 a d'íocamar ar chead isteach do chúigear. Taobh amuigh den chaisleán, agus muid ag filleadh ar an Ionad, labhair mé as Gaeilge le tiománaí an bhus, tiománaí nach ionann é agus an tiománaí luaite thuas. Bhí Gaeilge ag an bhfear seo, agus Gaeilge dhúchasach a bhí inti. As sin amach, bhí formhór a chomhrá le paisinéirí an bhus, agus an chraic uaidh, as Gaeilge. Go deimhin, bhí níos mó ná mise ar an mbus a bhí in ann cumarsáid a dhéanamh leis sa teanga sin, thug mé faoi deara.

D’iarr an tiománaí ar ‘an bhean as Ceantar na nOileán’ amhrán a chasadh, rud a rinne mé - véarsa amháin den amhrán ‘Peigín Leitir Móir’ - deile! Tharla sé go raibh bean as Cúil Aodha le mo thaobh a labhair liom, as Gaeilge, agus is dóigh liom nach dtarlódh an comhrá sin eadrainn murach gur cuireadh tús le comhrá as Gaeilge le tiománaí an bhus an chéad uair.

Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuilim iomlán mícheart! B’fhéidir go mbeadh an tiománaí sin ag labhairt as Gaeilge leis na paisinéirí, ar aon nós. Mar sin féin, chuir sé go mór le mo lá-sa mo theanga dhúchais a chloisteáil chuile thaobh díom ar an mbus, canúintí na gcúigí uilig san áireamh.

Ar dhóigh éigin eile, agus mé ag breathnú ar chaisleán John Adair, d’airigh mé go raibh sé feiliúnach Gaeilge a labhairt. Ba léir, ar an lá, go raibh neart daoine thart orm a d’aontaigh liom. Bíodh sé ag tarlú go comhfhiosach nó ná bíodh, tá pobal ann atá ag ‘reclaiming’, agus tá cumhacht nach beag ag an gcéad domanó.

Tuesday, February 23, 2010

Eugene Lambert

Chuala mé ar an nuacht ar maidin go bhfuair Eugene Lambert, bunaitheoir an Lambert Puppet Theatre, bás.

Tógadh mise, blianta fada ó shin, i gceantar tuaithe, áit nach raibh againn ach an cainéal amháin teilifíse ar feadh blianta, sé sin R.T.É, agus ní raibh rogha againn, fiú, idir R.T.É a haon ná R.T.É a dó, gan trácht ar chor ar bith ag TG4, nuair a tháinig an clár teilifíse, Wanderly Wagon isteach sa teach chugainn sna seascaidí.

Daoibhse a tógadh i gceantair ilchainéalacha, b’fhéidir nach mbeidh tuiscint agaibh ar an tábhacht a bhain le Eugene Lambert i mo shaol, agus mé ag fás aníos. Thug sé Rory, O’Brien, Godmother, Judge, Foxy, Fortycoats, Mr. Crow, Sneaky the Snake, Doctor Astro agus Maeve the Witch isteach i mo shamhlaíocht, carachtair a chuir áthas, frustrachas, olc agus aoibhneas orm; ag brath ar shnáithe an scéil, an dtuigeann sibh.

Cloisim fós glór m’athar, agus é ina sheasamh ag doras an tí, muidne taobh amuigh ag spraoi sa gharraí, agus é ag scairteadh ‘Wanderly Wagon’ orainn, le muid a chur ar an eolas go raibh an clár ag tosú, agus shuífeadh sé linn, go minic, ag breáthnú ar an gclár.

B'fhear é m'athair a chuir go mór leis an draíocht a chuir Eugene Lambert os ár gcomhair, mar bhíodh go leor ceisteanna le freagairt aige i ndiaidh an chláir; ceisteanna soineanta ó pháistí a fuair freagraí iontacha óna n-athair, freagraí a bhí chomh cruthaitheach leis an bhfear a chruthaigh an clár, Wanderly Wagon.

Cibé áit ina bhfuil an bheirt acu anois, tá súil agam go bhfuil orthusan an t-aoibhneas croí atá ormsa, gach uair a smaoiním ar an méid a chuir siad le mo shaol féin.
.

Saturday, January 16, 2010

Ragairne

Feictear dom nach bhfuil a dhath le cloisteáil, ná le léamh, ó na meáin chumarsáide na laethanta seo ach drochscéalta. Táim den tuairim go raibh an ceart ag Proinsias i rith na Nollag, na drochscéalta sin ceilte uaidh féin agus a bhean, an t-am caite acu ag léamh, ag comhrá, ag airneán, i gcomhluadar a chéile, agus i gcomhluadar daoine muinteartha leo.

Rinne mé féin amhlaidh. Chaith mé an Nollaig ag ragairne ar fud na tíre, gan aird dá laghad agam ar a raibh ag tarlú ar fud an domhain, ach m’aird dírithe ar an méid a bhí ag tarlú i mo shaol féin, le mo dhream féin.

Ar ndóigh, rinne mé barraíocht. Níl sé i bhfad ó shin ó scar mé féin agus An Bord Snip lena chéile, agus táim ag íoc as mo ragairne anois, muise, gan fuinneamh caitín agam ó d’fhill mé. Nílim tinn ar chor ar bith, ach spíonta amach is amach. Sách maith agam é! Ach ba shultmhar an turas chun tuirse é, mar sin féin...
.

Thursday, November 26, 2009

Lá An Altaithe

Mo bhuíochas do Róislín as an lá seo a chur i gcuimhne dom an tseachtain seo.

Tá a fhios agam go bhfuil sibh ann, i Meiriceá, a thugann cuairt ar mo bhlag go rialta, agus is mór liom bhur gcuideachta.

Tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh, go mbeidh sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta bhur gcairde, agus go mbainfidh sibh sult as an lá mór seo a bhíonn agaibh thall.
.

Sunday, October 4, 2009

Eotanáis

Tá an lá go hálainn anseo. Cibé as ar tháinig sí, tá an ghrian inár gcuideachta inniu anseo in Inis Eoghain. Creidim féin go bhfuil sí ar thuras abhaile áit éigin, agus nach bhfuil uaithi ach breathnú ar a bhfuil ag tarlú ó bhí sí anseo cheana. Tá an ghrian fiosrach, an dtuigeann sibh, agus is minic í ag néaladóireacht orainn trí na néalta, i ngan fhios dúinn.

Chuaigh mé amach ar siúl léi ar maidin, agus chas an Fómhar linn. Tá an abhainn rud beag níos fiáine, uisce na sléibhte ag rith léi chun farraige mar a bheadh rás ann; iad in iomaíocht lena chéile, shílfeá, cé gur ionann a luas, cé gur ionann a mianach. Comhbhua a bheas ann, creidim féin, cé nach fiú an t-eolas sin a roinnt leo. Beidh saoirse mar dhuais rompu beirt ag ceann scríbe, agus creidim féin go bhfuil a fhios acu é sin, gan gá ar bith le comhairle an daonnachtaí.

Níor chuala mé gíog ná míog ó éin ná ó bheacha; na míoltóga agus na cuileoga socair ciúin, faoi shuan leis an Samhradh, is dócha. I socracht na maidine, bhí an ghaoth ag sioscadh faoi rún leis na crainn, mar a bheadh faitíos uirthi go gcloisfidh na duilleoga céard atá i ndán dóibh.

Ach tá cuimhne an dúchais ag na duilleoga, agus tuigeann siad go rómhaith go bhfuil siad ag fáil bháis, a seal curtha isteach acu agus é in am dóibh a mbealach a dhéanamh ar ais chun na talún, áit a gcodlóidh siad i measc fhréamhacha na gcrann agus na dtom, go dtí an tEarrach. Tuigeann siad go mbeidh tacaíocht na gaoithe leo, mar is mar sin a bhíonn. Tá eotanáis an nádúir chomh nádúrtha le nádúr é féin.
.

Tuesday, September 1, 2009

An Cnuasach Cuimhní

Taitníonn sé go mór liom nuair a bhíonn cuairteoirí anseo sa teach. Is mór liom cuideachta mo chairde agus mo mhuintir, mo dhream féin. Nuair a bhíonn siad anseo, bíonn comhrá agus craic agam leo i rith an ama, an nasc eadrainn á dhaingniú le téada na gcuimhní cinn.

Agus mé ina gcomhluadar, líontar spás éigin ionam, áit ina mbailítear le chéile an taisce sin ar a dtugaim An Cnuasach Cuimhní. Nuair a theastaíonn uaim athnuachan nó athmhachnamh a dhéanamh ar an gceangal a chum na cuimhní, má bhím uaigneach ina uireasa, isteach liom sa spás sin, osclaím An Cnuasach Cuimhní, agus léim na leathanaigh ar a bhfuil mo thaisce breactha.
.

Sunday, August 9, 2009

Ag Cuimhneamh

Bím ag cuimhneamh liom, agus mé ar cuairt ar mo cheantar dúchais, ar an am a chuaigh thart.

Cuireann áilleacht na háite seo aoibhneas ag borradh trí mo chorp, agus líonann an t-aoibhneas croí sin na spásanna ionam atá folmhaithe ó bhí mé anseo cheana.

Is dóigh liom gur ionann an scéal do dhuine ar bith a fhilleann ar cheantar a n-óige, go háirithe más rud go raibh sonas agus suáilceas le fáil go fial i rith na hóige sin, mar a bhíodh i mo chás-sa.

Tá stór cuimhní cinn m’óige lán go doras, eochair an stóir sin romham i gcónaí i gConamara.
.

Thursday, July 30, 2009

Beannacht na gCuairteoirí

Tá dream cuairteoirí díreach ar shiúl, agus an teach le réiteach agam anois don chéad dream eile atá ag teacht ar an Satharn. Is mór liom cuideachta mo chuairteoirí, cé nach mbíonn deis agam aon scríbhneoireacht a dhéanamh nuair a bhíonn daoine thart. Bíonn na laethanta leo lán go béal, ag turasóireacht, ag ithe agus ag ól, agus ag comhrá. Is é mo thuairim, cibé faoin scríbhneoireacht, gur fiú am a chaitheamh le daoine, go háirithe leo siúd a chuireann go mór le do shaol.

Feictear dom, agus mé ag comhrá le mo chuairteoirí, daoine atá páirteach i mo shaol cé nach bhfeicim iad go rómhinic, nach mbeadh mo shaol iomlán gan iad. Tá siad sa chúlra go minic, ach is gearr uatha an bóthar a thabharfadh chuig mo thaobh iad dá mbeadh gá leis sin; dá mbeadh tacaíocht uaim, dá mbeadh ócáid le ceiliúradh, dá mbeadh ócáid le cásamh.

Tá siad ag teacht, dream i ndiaidh dreama, ag roinnt aoibhneas mo thí nua liom féin agus leis an nGarraíodóir. Tá chuile chuairt ag cur le stór na gcuimhní cinn. Tá siad ag beannú Ceann Scríbe.

Dán beag uaim:

Ó Theach go Teach

An Seanteach

Ballaí balbha maol
Tais
Ag fágáil slán
Le breacadh na beatha
Agus téagar na dúigh dofheicthe
A scríobh scéalta na staire
Ó thaisce an teaghlaigh
A chum na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo

An Teach Nua

Ballaí balbha réidh
Tirim
Ag feitheamh
Le breacadh na beatha
Agus taise na dúigh dofheicthe
A scríobhfaidh scéalta an todhchaí
Ó thaisce an teaghlaigh
A chumfaidh na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo
.

Monday, July 27, 2009

Aimsir

Tá drochbhail ar an aimsir ar maidin, agus ní haon ionadh sin. Bhí sise agus an ghaoth ar spraoi leis na crainn aréir, agus chuala mé í ag troid leis an abhainn ar feadh na hoíche. Tá cuma chonfach ar an abhainn ar maidin, í rud beag fiáin le fearg, shílfeá, mar go bhfuil uirthi tuilte na hoíche a thabhairt ar a droim, anuas ó na sléibhte chun farraige.

Cé go raibh sí gnóthach aréir, níl aon tuirse ar an aimsir inniu, muise, mar go bhfuil sí ag spochaireacht orm, ag taispeáint na gréine dom ó am go chéile, mar a bheadh sí ag tabhairt cuireadh dom siúl ina cuideachta; ach brúnn sí na scamaill dhorcha i mo threo ansin, agus bíonn a fhios agam go bhfuil sí ag diabhlaíocht fós.

Is fearr gan bacadh léi, agus caitheamh aimsire eile a fháil a choinneoidh deas teolaí mé faoi dhíon an tí. Ní bhuailfidh tú an baile amach ar laethanta mar seo, agus b’fhéidir go ndéanfaidh sé aiteall ar ball. Má bhriseann an aimsir, rachaidh mé ag siúl ansin. Idir an dá linn, comhrá ar phár libhse anois, a léitheoirí dílis.

Le himeacht aimsire, tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfuil bun ar an aimsir. In aimsir na bhFiann, nó fiú ó thús aimsire, is dócha, dhéanfaidís tuar na haimsire de réir chomharthaí an nádúir, ach tá nósanna na seanaimsire ag imeacht le himeacht aimsire. Tá nósanna na haimsire seo ag brath ar thuar na haimsire ón teilifís nó ón raidió, cé gur maith an scéalaí an aimsir, cheapfá.

Ní rachainn féin ag siúl i gcoinne na haimsire, ach tá sé ag déanamh aitill anois agus tá an aimsir fada againn le bheith ag roinnt ama le chéile amach anseo. Fágfaidh mé sibh le seanfhocal a d’inis An Mháistreás dom le déanaí:

‘Leanfaidh an bháisteach go dtí an doras thú, ach leanfaidh an sioc isteach sa leaba thú.’

Tuilleadh faoin aimsir le fáil ar leathanach 20 do FGB Uí Dhónaill, anseo agus anseo ag Proinsias, agus anseo ag Tadhg. Go maire sibh an aimsir, a léitheoirí!
.

Saturday, July 25, 2009

Preab agus Geit ag teacht Aniar Aduaidh Orm

Baintear preab asam ó am go chéile. Ní hé go bhfuil córas mo néaróga rud beag as ord, cé go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil, is dócha, ach tagann rudaí aniar aduaidh orm in amanna, nó baineann siad geit asam. Tarlaíonn a leithéid nuair nach mbíonn duine ag súil le rud, an dtuigeann sibh. Ach ní hionann iad, an phreab, an gheit agus an aniar aduaidh sin.

Mar shampla, bhain Con geit asam inné. Siúd liom isteach chuig iGaeilge, ag tabhairt aire do mo ghnóthaí féin, agus ag iarraidh aire a thabhairt do ghnóthaí daoine eile, nuair a baineadh preab asam. Bhí íomhá nua thuas ar a bhlag ag Con, agus tháinig sí aniar aduaidh orm. Bhain sé preab asam. San áit a mbíodh pictiúr beag bídeach dó féin thuas aige roimhe, bhí aghaidh bhreá mhór shoiléir ag breathnú amach orm. Shílfeá gur baineadh rud beag de gheit as Con é féin, mar a bheadh iontas air gur tháinig mé ar cuairt chuige ar chor ar bith.

Ar ndóigh, tagann rudaí aniar aduaidh orainn uile, ó am go chéile. Nuair a bhásaigh Michael Jackson, mar shampla, tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm, ach níor bhain sé preab ná geit asam. Ní raibh mé ag súil lena bhás ach, mar sin féin, níor stop mé de phreab nuair a chuala mé é, cé gur stop mé, ach ní de gheit a rinne mé é sin. Bhí mé ag scuabadh an urláir ag an am, tháinig an scéal ar an teilifís, agus stop mé go gcloisfinn é. Ní raibh preab ar bith i gceist, agus níor baineadh geit asam. Bhí ord ar mo néaróga.

Ach, bhí mé ar an leaba le tinneas ní ba dheireanaí sa tseachtain, ag breathnú ar an teilifís, an cheolchoirm chuimhneacháin a chuir clann Mhicheal Jackson le chéile sa Staples Centre á craoladh beo ag an am. Bhí mé ag tabhairt leathchluas d’óráid Berry Gordy, bunaitheoir Motown Records, nuair a baineadh geit asam. ‘Michael was constantly trying to top himself.’ a chuala mise, agus beag nár thit mé as mo sheasamh, ach níor thit mar go raibh mé i mo luí ag an am, an dtuigeann sibh.

An é go raibh Berry Gordy ag insint dúinn go raibh sé de nós ag MJ iarrachtaí rialta a dhéanamh lámh a chur ina bhás féin, agus an é go raibh Berry á rá seo os comhair an domhain mhóir!? Tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm. Beag nár léim mé de phreab as an leaba, go roinnfinn an scéal leis an nGarraíodóir. Chuir tinneas stop leis an bpreab sin.

Ach, ar ndóigh, ní hé sin a dúirt Berry ar chor ar bith. Bhí mé tinn, an dtuigeann sibh. Is é an rud a dúirt sé ‘Michael was driven by his hunger to learn, to constantly top himself, to be the best’. Níor chuala mo chluasa ach leath an scéil, rud a tharlaíonn nuair nach bhfuil duine ach ag tabhairt éisteacht leathchluaise le rud, agus iad tinn leis.

Aiféala orm, a léitheoirí, más rud gur bhain mé geit asaibh leis an scéal míchruinn sin a thabhairt aniar aduaidh oraibh. Preab libh anois!
.

Thursday, July 2, 2009

Nathanna Cainte

Mar a dúirt mé cheana ar an mblag seo (‘Slí na Gaeilge’, 2 Bealtaine), athraím focal nó dhó anseo agus ansiúd ar an mblag ó am go chéile, mé ag ceartú botúin nó dhó nár thug mé faoi deara roimhe agus mé ag scríobh liom. Go minic, ní mise a thugann faoi deara iad, ach duine de mhná na súl géar. Nílim leath chomh cliste leosan, an dtuigeann sibh.

Ar aon nós, chuir mé ríomhphost chuig an Dómhnallach an lá cheana, rud a dhéanaim go rialta nuair atá focal nó frása dúchasach uaim, agus is minic gurb é toradh na ríomhphost sin ná comhrá uair nó dhó an chloig ar an bhfón, mar ar tharla inné. Tá an bille sin i bhfolach ón nGarraíodóir freisin.

Cuirim an locht ar Dhiarmaid Mac An Adhastair an geábh seo. Bhí sé i gcomhrá le Donncha ar TG4, ar an gclár 'Cladaigh Chonamara', oíche Dé Máirt. Ó tharla iad ag caint ar an droichead idir Béal an Daingin agus Eanach Mheáin, mo cheantar féin, bhí mé greamaithe den suíochán, ag éisteacht le chuile fhocal as béal Dhiarmada. Agus amach as an mbéal sin tháinig na focail “shaothraigh siad an dá shaol”, nath ar thuig mé a chiall ar an bpointe ach nár chuala mé riamh roimhe. Níos faide isteach sa chlár, dúirt Donncha ‘an dá mhar a chéile’, nath cainte a chuala mé cheana, ach nár úsáid mé féin riamh.

Isteach liom ag an ríomhaire ar an bpointe, ar fhaitíos go ligfeadh m’aois i ndearmad an méid a bhí cloiste agam, agus d’iarr mé, trí ríomhphost, samplaí comhthéacsúla ar an Dómhnallach. Mar is iondúil, chuir m’iarratas chuici le mo bhille fóin arís, ach chuir sé go mór le mo stór focal freisin, bail ó Ché ar an mbean uasal sin. Tá a fhios agam anois go raibh saol an-chrua ag an té a ‘shaothraigh an dá shaol’, cé nach bhfuil a fhios agam, go baileach, cén dá shaol atá i gceist – an saol crua, agus an saol an-chrua b’fhéidir?

Is ‘much of a muchness’, nath cainte atá coitianta go maith sa Bhéarla, an ‘dá mhar a chéile’, nó, mar atá in FGB Uí Dhónaill, leathanach 217, ‘Is é an dá mhar a chéile é’ i.e. ‘It is the same thing’, nó, mar a chuir an Dómhnallach i gcomhthéacs dom é, ‘’Sé an dá mhar a chéile dom é’, sé sin, ‘It’s all the same to me’. “D’fhéadfá ‘dhá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla’ a úsáid freisin, is dócha, sórt 'fools seldom differ' atá ann.” a dúirt sí. ‘Like master, like man’ an míniú a thugann FGB, leathanach 82, ar an gceann sin.

Tá sé de nós ag an Dómhnallach nathanna cainte eile a roinnt liom, í á dhéanamh sin go nádúrtha agus í ag labhairt liom ar an bhfón. Ní gá a rá go léimim isteach i dtobar a dúchais chomh luath in Éirinn agus a chloisim nath cainte nua uaithi, agus bíonn deireadh le cibé ábhar eile a bhíonn faoi chaibidil againn, go dtí go bhfaighidh mise lán mo bholg d’eolas faoin nath cainte nua. Ar ndóigh, ní chreideann sise go nathanna cainte iad, mar go bhfuil siad go nádúrtha aici, ach is nathanna cainte úra domsa iad, bean an Bhéarla. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Ar aon nós, agus í ag insint dom faoi shladmhargadh éigin ar an bhfón inné, dúirt sí liom gur iarr sí ar fhear an tsiopa “An bhfuil siad ar ‘ardaigh orm’?”. Dar ndóigh, b’shin deireadh le scéal an tsladmhargaidh mar gur thosaigh mise ag tumadh sa tobar dúchais arís, agus á ceistiú faoin nath cainte nua 'ardaigh orm' a thit ar mo chluas. “‘Fuair mé ar ‘ardaigh orm’ é.”, sé sin ‘I got it for next to nothing’ nó mar sin.” a dúirt sí liom., “Sórt ‘brilliant sale' 'bargain’ a bheadh ann.” a dúirt sí. Bíonn a leithéid le fáil i nGaillimh go minic, is cosúil. Na ‘sales’ agus na ‘bargains’.

Ar aon nós, chuaigh mé ag tumadh ansin in FGB agus siúd ann é, an nath cainte, chan Niall é féin, ar leathanach 59, ‘Fuair sé ar ‘ardaigh orm’ é, he got it for half nothing.’. Anois, céard a déarfá le Gaillimh! Thug mé faoi deara go raibh ‘ardaigh orm agus ardóidh mé ort’ scríofa ar an leathanach céanna. ‘You help me and I will help you'. Ní gá a thuilleadh a rá, a léitheoirí.
.

Saturday, April 18, 2009

Comórtas Blagála an Oireachtais

Tá an blagálaí thall ar http://igaeilge.wordpress.com/ ag scríobh faoi Chomórtas Blagála an Oireachtais, agus tá an blag seo agamsa luaite aige mar cheann a léann sé féin ó am go ham. Is maith liom go bhfuil sé sin ag tarlú. Nuair a thosaigh mé ar an mblag seo in athuair, ní raibh mé ar chor ar bith cinnte an mbeadh suim dá laghad ag duine ar bith ann, seachas mé féin. Tá 44,000+ léitheoir, go dtí seo, ag mo dhuine thall i iGaeilge, agus an méid céanna agam féin – ach amháin go bhfuil na náideanna ar an taobh eile den 44!

Ach is cuma. Bhí fáth ar leith ar thosaigh mé ar an mblag, agus ní raibh baint ar bith aige le comórtas ná a dhath mar sin, cé go gceapaim nach bhfuil dochar ar bith go bhfuil siad ann, más spéis le daoine a leithéidí. Agus nach deas an rud duais a bhaint? Go háirithe más rud go bhfuil sé ag coinneáil cumarsáid bheo bhríomhar ag dul, ar pár nó ar idirlíon, trí mheán na Gaeilge.

Agus sin fáth mo bhlagsa. Ba mhaith liom go mbeadh deis ag foghlaimeoirí eile (mar is foghlaimeoirí muid uile, creid é nó ná creid!) súil a chaitheamh ó am go chéile ag an mblag seo agus b’fhéidir, agus níl ann ach b’fhéidir dóchasach, go bhfaighidh siad rud éigin as a chuirfidh lena stór sa saol. Agus tá súil agam go mbeidh maitheas agus cuidiú san áireamh sa ‘rud éigin’ sin atá ag méadú do stór, a léitheoir, fiú mura mbeidh méadú dá laghad ar líon léitheoirí an bhlag seo. Má tharlaíonn sé sin, sin mo dhuais.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.