Feictear dom nach bhfuil a dhath le cloisteáil, ná le léamh, ó na meáin chumarsáide na laethanta seo ach drochscéalta. Táim den tuairim go raibh an ceart ag Proinsias i rith na Nollag, na drochscéalta sin ceilte uaidh féin agus a bhean, an t-am caite acu ag léamh, ag comhrá, ag airneán, i gcomhluadar a chéile, agus i gcomhluadar daoine muinteartha leo.
Rinne mé féin amhlaidh. Chaith mé an Nollaig ag ragairne ar fud na tíre, gan aird dá laghad agam ar a raibh ag tarlú ar fud an domhain, ach m’aird dírithe ar an méid a bhí ag tarlú i mo shaol féin, le mo dhream féin.
Ar ndóigh, rinne mé barraíocht. Níl sé i bhfad ó shin ó scar mé féin agus An Bord Snip lena chéile, agus táim ag íoc as mo ragairne anois, muise, gan fuinneamh caitín agam ó d’fhill mé. Nílim tinn ar chor ar bith, ach spíonta amach is amach. Sách maith agam é! Ach ba shultmhar an turas chun tuirse é, mar sin féin...
.
‘Tearmann Eriú’ oscailte go hoifigiúil
13 hours ago


"Ach ba shultmhar an turas chun tuirse é, mar sin féin..." tá sé sin ráite go deas agat!
ReplyDeleteIs cuimhin liom go rabhas i bPrág le cara mná dom ag deireadh seachtaine na Cásca sa bhliain 1988. Ar an taobh thall den Chuirtín Iarainn ní raibh faic ó thaobh nuachta le cloisint, le feiscint ná le léamh. B'aoibheann an turas é!