Saturday, January 16, 2010

Too Late Late, a Enda?

Chonaic mé Enda ar an Late Late aréir. Bhí sé cloiste agam ar an raidió cúpla uair ó thús na bliana, agus bhí mé den tuairim go raibh fuinneamh sa bhreis lena fhocail, mar a bheadh sé á réiteach féin chun troda.

Ach aréir, agus mé ag breathnú air, ní fhaca mé ach an meangadh gáire sin uaidh, an miongháire beag a tháinig uaidh ag deireadh abairte, mar a bheadh sé ag iarraidh Ryan, nó an lucht féachana, b’fhéidir, a mhealladh chuige.

Leis an fhírinne a rá, sé a mhalairt a tharla i mo chás-sa, mar cheap mé féin gur chuir an miongháire sin aoibh na hamaide ar an bhfear bocht, agus ní dóigh liom gur fear amaideach é in aon chor.

Le bheith féaráilte, ní dóigh go bhféadfadh sé jab níos measa a dhéanamh den tír ná mar atá déanta ag an dream atá i gceannas i láthair na huaire, an bhféadfadh?
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.