Showing posts with label raidió. Show all posts
Showing posts with label raidió. Show all posts

Wednesday, December 15, 2010

BanditsBalls?

Blianta ó shin, nuair a tháinig Home and Away ar an teilifís anseo in Éirinn den chéad uair, thug mé faoi deara bearta agus briathra nár réitigh go hiomlán le teagasc an tuismitheora seo.

Bhí an clár ar siúl luath go leor sa tráthnóna, am a raibh mo pháistí ag breathnú ar an teilifís. Bhí sé de nós agam féin, ó am go chéile, súil a chaitheamh ar gach clár ar a mbíodh siad ag breatnú, le go mbeinn ar an eolas, an dtuigeann sibh, ar fhaitíos aon cheo ar tarlú, i ngan fhios dom, mar thuismitheoir.

Nuair a chonaic mé, nó nuair a chuala mé, rud éigin nár thaitin liom, mar thuismitheoir, thug mé comhairle do mo pháistí, agus ní raibh dabht ar bith ina gcloigne, tar éis mo chomhairle a fháil, an raibh an beart, nó an briathar, ar an teilifís ceadaithe sa teach inar tógadh iad, nó, fiú, an raibh sé ceadaithe taobh amuigh den teach inar tógadh iad.

Níor stop mé iadsan ag breathnú ar an gclár, ach bhí mé féin sa chúlra, ag éisteacht, ag breathnú, agus ag comhairliú, nuair ba ghá.

Rinne mé amhlaidh nuair a tháinig ríomhairí ar an saol. D’fhan an t-aon ríomhaire amháin a bhí againn sa chistin, agus, ach an oiread leis an teilifís, cuireadh srian ar an méid ama a chaith siad os a chomhair, agus bhí tuismitheoir ag teacht agus ag imeacht, i rith an ama sin.

Maidir leis na hamhráin lenar éist siad, dá gcloisfinn amhrán, óna mbéal nó ó dhlúthdhiosca, nár réitigh le teagasc an tuismitheora seo, bheadh comhrá agus comhairliú ann arís. Níor stop mé iad ag éisteacht leis na hamhráin chomhaimseartha, ach is dócha, ar bhealach, gur chinntigh mé gurb iad teachtaireachtaí agus teagasc a dtuismitheoirí a d’fhan ina gcloigne, seachas aon teachtaireacht eile. Ceapaim. Tá súil agam.

Bhí mé ag éisteacht leis an raic ar Liveline inniu, raic atá tarraingthe ag an amhrán seo, Horse Outside, leis na Rubberbandits as Luimneach, anuas sa mhullach ar fhear eile as Luimneach, Willie O’Dea.

Bhuel, b'fhéidir gurb é Willie é féin atá ciontach as an raic a tharraingt sa mhullach air féin ach, pé scéal é, tá beagnach milliún go leith amas faighte ag an amhrán, go dtí seo, ar youtube, agus tá an seans ann go mbeidh sé ag uimhir a haon sna cairteacha don Nollaig.

'Sé an smaoineamh a rith liom féin ná go bhfuil an saol ag athrú, ach nach bhfuil sé ag athrú ag an am céanna.

Ó thaobh ‘shock factor’ de, an bhfuil mórán idir amhrán ‘Horse Outside’ an lae inniu, agus na hamhráin ‘Chocolate Salty Balls’, agus 'You Oughta Know', mar shampla, amhráin a bhí ar an bhfód, agus i mbéal go leor páistí, sna nóchaidí, nó an é nach bhfuil ag athrú ach liricí na n-amhrán, mar fhianaise ar a bhfuil ag tarlú sa saol?
.

Thursday, December 9, 2010

Cute agus Ciontach

Faoin bpodchraoladh ‘Budget 2011 – Olivia O’Leary’, éist le focail Olivia anseo, agus cloisfidh tú an méid a bhí le rá aici, inné, ar Drivetime.

Ansin, más mian leat, féach ar an bhfíseán seo.

Ná déanaimis dearmad cé, agus céard, is cúis leis an bpraiseach ina bhfuil an tír seo i láthair na huaire.

Is minic cute ciontach.
.

Monday, November 15, 2010

An Bhfuil Tú Páirteach?

Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine faoi bhrú airgeadais na laethanta seo agus, faraor géar, tá Daidí na Nollag é féin faoi bhrú, an fear bocht. Teastaíonn cuidiú uaidh. Anois, ní airgead atá i gceist, an dtuigeann sibh, ach bréagáin nua atá uaidh.

Le seachtain nó dhó, táim ag éisteacht le Ryan Tubridy ar an raidió, suim agam san fheachtas, Toys for Tubs, atá ar bun aige i láthair na huaire. Dar leo, ag 2fm,

‘Ryan Tubridy wants lots of toys for Christmas. Not for himself, but for all the children around the country who will be in need this Christmas. We're working with our friends in St Vincent de Paul to make sure that no child is without a toy this Christmas morning. Are You In?

Bhuel, ar maidin, chuala mé bean ó Super Valu ar labhairt le Ryan, agus tá siadsan ag dul ag cuidiú le Ryan, freisin, rud a chuideoidh go mór liomsa, agus le go leor daoine eile, ár mbréagáin nua a dheonú, ó tharla an siopa sin lonnaithe fud fad na tíre.

Ar an gcaoi sin, beidh siadsan, agus muidne, na bronntóirí, ag cuidiú le Daidí na Nollag agus, níos tábhachtaí fós, beidh muid uilig ag cuidiú le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Cinnteoidh an Cumann sin go rachaidh na bréagáin chuig na páistí áitiúla i do cheantar, na páistí sin atá ar liosta Daidí na Nollag, ach nach bhfaigheadh a mbronntanas in am, b’fhéidir, ó tharla Daidí na Nollag faoi bhrú, an dtuigeann sibh.

Ní seanbhréagáin atá le deonú, a léitheoirí, ach bréagáin nua, le bhur dtoil. Mura bhfuil siopa Super Valu gar duit, tá liosta na ‘drop off points’ uilig, agus gach eolas eile faoin bhfeachtas iontach dearfach seo, le fáil anseo.

An bhfuil tú páirteach?
.

Thursday, November 11, 2010

Focail Liom, Focail Leat

Ní raibh a fhios agam fúthu, cé go mbainim, ahem, úsáid astu. Is cosúil go bhfuil a leithéidí ann agus, bhuel, ‘filler words’,

‘a sound or word that is spoken in conversation by one participant to signal to others that he/she has paused to think but is not yet finished speaking.’ dar le Wikipedia.

Ní hionann iad agus an thingamajig sin, an ‘placeholder name’, leithéidí ‘Whatchamacallit’ agus ‘Whatshisname" nó ‘Whatshername’, focail, dar le Wikipedia,

which refer to objects or people whose names are temporarily forgotten, irrelevant or unknown.’

Is ‘placeholder names’ iad John Doe, Joe Bloggs, A.N. Other, John Citizen, agus fiú ‘yer man’, abair, gan trácht ar bhéarlagair bradaí lucht na teicneolaíochta.

Táim sásta glacadh le bhur leaganacha Gaeilge ar na leaganacha Béarla thuas, a léitheoirí, ach, idir an dá linn, is dóigh liom gur féidir linn ‘focail líonaigh a thabhairt ar na ‘filler words’, agus ‘ainmneacha ionadchoinneálaí a thabhairt ar na ‘placeholder names’, mura gcloisfimid a mhalairt ó na, ahem, focleolaithe a bhíonn ag léamh an bhlag seo; a leithéidí whathisname agus whatshername, mar shampla.

Pé scéal é, cá raibh mé? Ó, sea! Na focail líonaigh sin. Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le The John Murray Show ar maidin, agus chuala mé Claire Clone ag labhairt ar Etiquette, agus ise a luaigh na ‘filler words’ sin a tharraing m’aird.

Dar léi, is ionann na focail líonaigh agus focail fearacht ‘like’ agus ‘you know what I mean’, agus, dar léi, ‘if you are using filler words, it shows that you are not confident about what you’re saying…’. Abhaits!

Maidir leis na focail mhóra, ‘f*** words’ fearacht ‘feck’ agus ‘flip’, mar shampla, níl siad ‘desirable’ ar chor ar bith. Níl iontu, dar léi, ach, ahem, ‘a crutch for conversational cripples…’. Úps!
.

Friday, October 8, 2010

Maurice Neligan

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Maurice Neligan ag labhairt ar an raidió inné, agus is beag a cheap aon duine againn, an uair sin, go mbeadh an fear uasal sin imithe ar shlí na fírinne inniu.

Tharla sé, freisin, go raibh mé ag éisteacht le Maurice agus Pat Neiligan ag labhairt ar chlár Miriam Meets tamall ó shin, agus sílim go mba dheas an rud é, dá mba mhian libh é, a léitheoirí, ba dheas an rud é éisteacht leis an gclár sin.

Cloisfidh sibh an dochtúir, an máinlia, an t-athair, an fear céile, an duine cineálta cneasta tuisceanach, Maurice Neligan, i gcomhrá le Miriam, agus lena bhean chéile, Pat, anseo.

Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
.

Thursday, October 7, 2010

Supernova 2010K

Tharla sé os cionn 300 milliún bliain ó shin, fiú roimh ré na ndineasár, ach níor thug aon duine faoi deara gur tharla sé go dtí an mhí seo caite.

Bhí Dave Grennan, forbróir bogearraí as Baile Átha Cliath, ach fear ar fairtheoir réalta amaitéarach rialta é, bhí sé ina bhothán ar chúl a thí, ag breathnú ar na réaltaí, mar is iondúil leis, nuair a thug sé faoi deara ‘one of the most dramatic events of the heavens’, an rud ar a dtugtar supernova.

Is éard atá sa supernova ná ‘a cataclysmic explosion during which a star self-destructs with such force it destroys nearby suns and planets’, dar leis an méid a léigh mé san alt seo.

Cé gur tharla an phléasc ollmhór sin na blianta blianta fada ó shin, ‘we are watching an event as it is unfolding’, arsa Dave.

Anois, nach bhfuil sé sin iontach, a léitheoir – muidne anseo ar thalamh na cruinneoige bige seo, ag breathnú anois díreach ar rud a tharla beagnach 300 milliún bliain ó shin, ar chruinneog éigin eile? Bhabha! (mo leagansa de Wow!, ach glacfar le moltaí.)

Pé scéal é, chuala mé Dave ag labhairt ar an raidió inniu, agus an bhfuil a fhios agaibh rud amháin eile, a léitheoirí – dá bpléascfadh an ghrian anois díreach, dar leis, bheadh muidne ar an gcruinneog bheag seo, tusa agus mise, bheadh muid aineolach faoin eachtra ollmhór sin go ceann 8 nóiméad eile!

Go deimhin, b’fhéidir gur tharla sé cheana féin…tic toc, tic toc, tic toc, tic toc…
.

Wednesday, October 6, 2010

In Ainm an Athar

Bhí mé ag éisteacht le clár ar an raidió an tseachtain seo caite, agus chuala mé an láithreoir ag labhairt le mná a tógadh sa chéad leath den fhichiú haois. Bhí grá agus pósadh faoi chaibidil acu ar feadh scaithimh.

Níl a fhios agam an raibh grá ar bith ann an uair sin…’ arsa foirfeach amháin acu, ‘…bhí tú ag iarraidh bheith pósta agus saol maith a bheith agat….’

Luaigh sí go raibh baint nach beag ag an sagart leis an scéal, go raibh faitíos orthu roimh an sagart; ‘peaca marfach’ a bheadh sa phóg féin, ba dhóigh léi, mura mbeadh tú pósta agus tú páirteach ina leithéid de ghníomh, abair.

Ní ba dheireanaí sa tseachtain, chuala mé scéal faoi bhean, ón aois chéanna, a náiríodh go poiblí ón phuilpid, nuair a saolaíodh páiste di, gan í pósta ar chor ar bith. Cé gur mhian léi, agus lena muintir, an leanbh a choinneáil, níor thug an sagart cead di é sin a dhéanamh.

Arís eile, an tseachtain seo, chuala mé sagart ag tagairt den chúigear a baisteadh ina pharóiste le deireanaí, gan fáinne le feiceáil in aon áit, ‘sadly’, mar a dúirt sé féin.

Cé go raibh sagart lárnach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, sna scéalta a chuala mé le seachtain anuas, níor chuala mé ainm athar luaite i gceann ar bith acu.

Meas tú, a léitheoir, an bhfuil sochaí na linne seo fós ag íoc go daor as an neamhaird sin?
.

Monday, September 27, 2010

BabógBaby II

An cuimhin libh an scéal a roinn mé libh, i Mí Aibreáin, faoi BhabógBaby, nó BB, mar a thugtar anois ar bhéirín na mbriathra Gaeilge?

Bhuel, chuala mé an dea-scéal seo trí mo chluasáin ar maidin, an t-órchaighdeán fáighte ag an mbéirín BB ag na British Pre-school Awards.

Dar le hAdrian Devane, an fear ar leis an comlacht babogbaby.com, fear ar léiritheoir scannán é de ghnáth,

'This year was a quiet one for making films so I thought I would start a new business and give it a go...'

Maidir leis an órchaighdeán a fuair an béirín, dúirt sé.

'It’s like a movie getting five stars or a student getting an A-plus...'

Comhghairdeas ó chroí le hAdrian agus leis an gcomhlacht babogbaby.com - ná lagtar go brách lucht an 'Is féidir linn!'

Beidh an béirín ar fáil ón gcomhlacht, ar luach €29.99, i Mí na Samhna, a léitheoirí, díreach in am don Nollaig.

Roinnigí an scéal le fear na féasóige báine leis an gcóta dearg, a chairde, mura miste libh.
.

Friday, September 24, 2010

Gortghlanadh

Bhí tinneas cinn orm nuair a dhúisigh mé ar maidin, frídíní fhliú an Gharraíodóra ag troid liom féin anois, ceapaim. Pé scéal é, chinn mé beagán garraíodóireachta éadroime a dhéanamh, agus amach liom ag baint bláthanna feoite.

Decapitating’ a thugann sé féin air, cé go bhfuil a fhios aige go rómhaith gur ‘dead heading’ atá ann. ‘I see you’re decapitating again,’ a dúradh liom ar maidin, nuair a chonaic sé mo chloigeann tinn cromtha i mbun dícheannta.

Bhuel, sé an smaoineamh a rith liom féin agus na bláthanna feoite á gcaitheamh agam, ceann i ndiaidh a chéile, isteach sa chiseán le mo thaobh, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh muid in ann rud éigin mar seo a dhéanamh lenár bpolaiteoirí feoite.

Chan iad a dícheannadh, an dtuigeann sibh, ach fáil réidh leo siúd atá feoite, nach bhfuil faoi luisne a gcumas a thuilleadh, le deis bláthaithe a thabhairt do na millíní theacht ar an ngeilleagar, mar a déarfá.

Agus an smaoineamh sin ag rith liom, céard a chuala mé ar an raidió, trí mo chluasáin, ach go bhfuil Noel Grealish ag cur cos amháin uaidh, agus ag cur an chos eile i dtaca, i ngort glas Féilim Fáil.

Hmmm…, arsa mé féin liom féin, nach suimiúil go bhfuil sé sin ag tarlú anois, díreach ar shála na pobalbhreithe sin a cuireadh faoi bhráid an phobail inné.

Fan go bhfeice sibh, a léitheoirí, ach beidh le feiceáil nach mise amháin a chuir tús leis an ngortghlanadh ar maidin…
.

Tuesday, September 21, 2010

Elaine Barrett

a meangadh gáire agus a súile móra gorma’ an chuimhne is mó atá ag Eileen Barrett ar Elaine, a hiníon álainn a bhásaigh, gan í ach cúig bliana d’aois ag an am.

Bhí fanacht seacht mbliana ar Eileen agus Frank, tuismitheoirí Elaine, sular éirigh leo theacht ar an bhfírinne ó na húdaráis éagsúla, an fhírinne uafásach sin go bhfuair Elaine nimhiú maignéisiam ó shreabhán infhéitheach le táirge lochtach ann.

Bhí Eileen, máthair Elaine, ag labhairt le Eibhlín Ní Chonghaile, ar chlár Iris Aniar ar maidin, agus is truamhéalach amach is amach an scéal a d’inis sí dúinn.

Faraor, ach ‘is é Adhmaidin an t-aon chlár a mbeidh podchraoladh ar fáil dhó…’, a deirtear linn, agus, dá bhrí sin, níl a fhios agam cén deis a bheas agaibh clár iontach Iris Aniar an lae inniu a chloisteáil arís.

An méid sin ráite, tá súil agam go mbeidh sé, ar a laghad, ar leathanach na ‘Cláracha Speisialta’ acu, gan mhoill. B’fhiú é a chloisteáil, i gcuimhne ar Elaine aoibhinn, cailín beag ag a raibh meangadh gáire álainn agus súile móra gorma.
.

Saturday, August 28, 2010

CluasÁine

Ar mhaith libh seoda ón raidió a chloisteáil, a léitheoirí?

Seo chugaibh na cinn, ó Playback, a tharraing m’aird, trí mo chluasáin, ar maidin. Fágfaidh mé fúibh féin é rogha a dhéanamh éisteacht leo, nó gan éisteacht leo.

Mar sin féin, mura bhfuil am agat ach éisteacht le ceann amháin, mholfainn duit níos lú ná dhá nóiméad a chaitheamh ag éisteacht le Mícheál Ó Muircheartaigh anseo ( ag 24.36), é ag aithris an amhráin sin le Sinéad O'Connor, Nothing Compares to You. Is fiú é, i mo thuairim.

Is féidir é a chloisteáil anseo, freisin, ar chlár Ryan Tubridy, ag an ngearrthóg faoi bhun na bpictiúr de Shinéad, bean a ‘dropped in to talk to Ryan about her efforts to raise money for Goal's Pakistan Appeal’. Is féidir libh tuilleadh eolais faoina hiarrachtaí a léamh, chomh maith céanna, ar shuíomh sin Tubridy, agus is féidir tuilleadh eolais faoi obair iontach Goal a fháil anseo.

Ar ais chugainn chuig Playback. Ag 8.11, tá scéal a mhaireann 7 nóiméad, Keith Byrne ag insint dúinn faoin eachtra seo. Cé gur tharla an eachtra do bheirt dhéagóirí i 1985, ar chúis éigin, chuir sé an éascaíocht lenar tharla eachtra nó dhó eile, thar na blianta, i gcuimhne dom.

Agus, más rud go bhfuil fonn gáire ort, agus go bhfuil tú ag iarraidh éisteacht leis na, ahem, leathchúplaí Mary O’Rourke agus Frank Twomey, d’fhéadfá, seans, tús gealgháireach a chur le do lá, ach éisteacht le tús an chláir Playback, ag 1.50, nó éist leo anseo, ar phodchroaladh beo an lae inné, Funny Friday, ar Liveline.
.

Thursday, August 26, 2010

Barróg

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le clár Ryan Tubridy ar maidin. Déanann sé iniúchadh ar na nuachtáin uile, mar a dhéanfadh Gerry Ryan ar a chlár chuile lá, uair amháin.

Is maith liom an chuid sin de chlár Tubridy a chloisteáil chuile mhaidin. Tugann sé deis dom scéalta éagsúla a chloisteáil, cinn nach gcloisfinn ar nuacht an raidió, b’fhéidir, nó ar an teilifís, mar shampla.

Léann an Garraíodóir nuachtán náisiúnta amháin, ar a laghad, gach lá, rud nach ndéanaim, agus léann sé na nuachtáin áitiúla, rud nach ndéanaim. Easpa ama atá i gceist liom, seachas easpa suime, an dtuigeann sibh.

Mar sin, braithim ar an nGarraíodóir, agus ar Ryan, nuacht an lae a roinnt liom; na nithe sin nach mbeadh le cloisteáil agam ar nuacht an raidió, abair. Is bean mhór raidió mé, an dtuigeann sibh. Bíonn na cluasáin orm an t-am ar fad, rud a chuireann m’fhear bocht ar mire liom, in amanna.

Sure I told you that!’ cloiste agam uaidh, go minic.

When?’ uaimse.

You were right there!’ uaidhsean.

An fear bocht. Bhuel, is minic mé ‘right there’, a léitheoirí, ach bíonn m’aird áit éigin eile, agus, go hiondúil, bíonn sí dírithe ar fhocail na gcluasáin.

Ar maidin, chuala mé focail Fr. Kevin McNamara ar chlár Ryan Tubridy. Éistigí le clár na maidine am éigin, más féidir libh; tá an comhrá díreach ag tús an chláir. Fear álainn tuisceanach é Kevin, feictear dom, é ag roinnt scéil atá iontach brónach, a bhuairt féin soiléir ina bhriathra.

Agus, cuimhnímid, a chairde, go dteastaíonn barróg uainn uilig, ó am go chéile, go háirithe uatha siúd nach bhfuil aon duine acu sa bhaile lena scéalta a chloisteáil.
.

Thursday, July 8, 2010

Ag Póitseáil

Tharla sé go raibh mé ag útamáil thart ó stáisiún raidió amháin go ceann eile inné, agus thit mo chluasa ar an gclár Barrscéalta an tSamhraidh, clár le Michelle Nic Grianna agus Dónall Mac Ruairí mar láithreoirí aige.

An rud a tharraing m’aird ná go raibh Dónall ag cogarnáil, agus ba léir domsa go raibh rud éigin sórt ‘dána’, b’fhéidir, ag tarlú agus chinn mé bheith páirteach sa, ahem, dánacht sin. Ní raibh a dhath eile le déanamh agam, an dtuigeann sibh.

Cibé scéal é, bhí Michelle críonna, agus d’fhan sise sa stiúideo. Bhí Dónall dána taobh na habhann/farraige, ‘áit éigin i nDún na nGall’, mar a dúirt Michelle cheilteach ón stiúideo. Bhí sé, abair, páirteach le fear eile, fear a bhí ag póitseáil bradán le heangach taobh na habhann, ahem, ‘áit éigin i nDún na nGall’.

Le bheith féaráilte, ní raibh Dónall ag póitseáil bradán, ach bhí sé ann, mar sin féin, i bhfolach agus ag cogarnach, ar mhaithe leis an scéal a fháil d’éisteoirí an chláir, is dóigh liom. Cé nár athraíodh glór Dhónaill ar an gcraoladh, athraíodh glór an phóitseálaí, le nach n-aithneofaí é, an dtuigeann sibh. Níor dheas an rud é an fear bocht a bheith páirteach sa chlár, agus a ghlór á chur in aithne don lucht éisteachta, ná do na báirseoirí. Ní bheadh sé sin ceart ná, ahem, cóir, b’fhéidir.

D’inis an fear gan ainm dúinn faoina cheird, faoin gcaoi ina ndéanann sé an eangach a shocrú mar is ceart trasna na habhann, an méid ama atá i gceist, agus mar sin de. Tá a ‘spot’ féin aige taobh na habhann, an ceann ceannann céanna a bhí ag a athair, ag athair a athar, agus ag athair a sheanathar. Bhí sé dhá bhliain déag nuair a thosaigh sé, agus ‘gnás a bhí ann’, an dtuigeann sibh.

Tá traidisiún ag baint leis, bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, agus téann an fear seo ann chuile bhliain le go mbeidh an ‘spot’ sin caomhnaithe dá theaghlach. Tá a ‘spot’ féin ag na póitseálaithe traidisiúnta uilig, is cosúil. Bhí eangach eile le feiceáil ann ag Dónall. Fiú agus an ‘floating rope’ acu, rópa atá éasca a fholú ach ‘gaoth beag’ a bheith ann, chonaic Dónall ceann thíos uaidh.

Is don ‘feed’ amháin a bhailíonn an fear gan ainm na bradáin, ach bíonn amanna ann agus d’fhéadfadh suas le dosaen bradán a bheith aige, ceithre cinn déag an ‘ceap’ is mó a bhí aige riamh. Dar leis, bhí bialann ann agus ba chuma cén méid bradán a gheobhadh an póitseálaí sin gan ainm, ‘ceannóidh mise uait iad’ a dúradh leis.

Séasúr scór oíche a bhíonn ann gach bliain, agus is féidir ‘pingin mhaith’ a shaothrú, gan ach uair an chloig oibre, nó mar sin, i gceist chuile oíche. Mar sin féin, bhí an ‘aois ag teacht aige’, mar a dúirt an póitseálaí, agus ní bheadh sé in ann dul ‘ag reáchtáil’ ó na báirseoirí mar a bhíodh, ‘dá dtiocfaí go gasta’ air, an dtuigeann sibh.

‘Caide an bealach éalaithe…?’ a d’fhiafraigh Dónall, sórt amhrais ag teacht air, shíl mé, ‘…b’fhéidir go mba chóir dom fios a bheith agam air sin…’.

Ag an bpointe ama sin, shamhlaigh mé Dónall agus na báirseoirí ag teacht sa mhullach air, é féin ansin lena threalamh ó Raidió na Gaeltachta, an ‘floating rope’ ag bogadh anonn agus anall san uisce, an fear aosta gan ainm, gan glór aitheanta, ‘ag reáchtáil’ ar nós na gaoithe i dtreo an ‘bealach éalaithe’, cibé áit ina raibh sé sin.

Tá clár na Céadaoin le fáil anseo, an píosa le Dónall ag 35.30 nóiméad, tuairisc shuimiúil a mhaireann timpeall 10 nóiméad. Níor mhaith liom an rud iomlán a insint anseo, a léitheoirí, ar fhaitíos go gcuirfí i mo leith gur ghoid mé an scéal, agus ní póitseálaí mise.
.

Tuesday, June 22, 2010

LGBT agus Cearta Daonna

Bhí áthas orm inné nuair a chuala mé gur éirigh, faoi dheireadh, le Lydia Foy aitheantas dlíthiúil mar bhean a fháil sa tír seo. Bhí sé thar am. Tá sí ag fanacht leis an gcinneadh sin le trí bliana déag, an bhean bhocht.

Is iomaí uair a bhí fonn uirthi éirigh as a dianiarrachtaí ach, dar léi, ‘the prize of legal recognition and the responsibility of fighting for rights of the transgender community kept her focused.’ Nár laga a Cé í, agus go gcuire rialtas na tíre seo reachtaíocht i bhfeidhm, go luath, a thabharfaidh deis dí a cearta daonna a chomhlíonadh, agus a hainm a fheiceáil, mar bhean, ar a teastas breithe, mar is cóir.

Is fearr go mall ná go brách, a deirtear, agus feicim go bhfuil An Bille Um Páirtnéireacht Shibhialta ag bogadh céim eile ar aghaidh, mar is cóir. Mar sin féin, tá lucht na heaglaise sa tír seo fós ag labhairt amach ina choinne.

Tá siad breá sásta, shílfeá, a ladar a chur in obair an rialtais, mar a rinne siad go minic cheana, iad ag impí anois ar bhaill an Oireachtais ‘to allow for greater recognition of the proper autonomy of churches and the right to social and civil freedom in religious matters.’ An bhfuil cearta daonna baill an LGB sa tír seo luaite acu sa méid sin, meas tú?

Labhraíonn siad ar ‘social order’ agus ar ‘the right of individuals to the free exercise of conscience’ amhail is dá mba i bhfocail an ‘Gospel’ amháin atá an ‘moral order’ le fáil. Tá sé feicthe againn, thar na blianta, cén toradh a bhíonn le focail na leabhair éagsúla sin, agus ní dóigh liom go raibh ‘free exercise of conscience’ ceadaithe do chuile dhuine, a léitheoirí. Agus an gá trácht a dhéanamh ar ‘moral order’ na tíre seo thar na blianta, am a mbíodh ár ‘morals’ faoi chúram agus greim docht na heaglaise?

Tá cearta lucht an LGBT i mBostún á gcosaint le 40 bliain anuas, ach fós, dar le Arline Isaacson, ceannaire an Massachusetts Gay and Lesbian Political Caucus, ‘we are not quite there yet.’ Má éisteann tú leis an mbean a ghlaoigh isteach ag deireadh an chláir seo ar Radio Boston an tseachtain seo caite, cheapfá nach leor fiú 40 bliain le cearta daonna baill an LGBT a mhúnlú in aigne daoine le ‘morals’ dá gcuid féin acu.

Ar an gclár céanna sin, labhair mo dheartháir, Pierce, fear atá ag obair ar mhaithe le cearta an LGBT i mBostún ó 2003, agus atá ina bhall de bhord stiúrtha an Boston Pride. Dar leis, ‘there is so much to do…there is so much going on around the world…we have to keep working on it…’. Is léir, ón méid atá fós á rá ag an eaglais anseo, gur ionann an scéal sa tír seo.

Go n-éirí linn cearta phobal an LGBT a chosaint agus a thabhairt chun cinn, thall agus abhus.
.

Monday, June 14, 2010

Oireachtas

Chinn mé, ag an deireadh seachtaine, liosta de na meáin a chur ar mo bhlag, agus tá an liosta ar dheis ansin, a léitheoirí, faoi mo Dhúchasaigh, más mian libh súil a chaitheamh orthu. Níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc luaite, agus beidh sibh, tá súil agam, istigh ar an suíomh cuí.

Má tá aon cheann ar iarraidh, cinn Ghaeilge atá i gceist, bheinn buíoch ach bhur moltaí a fháil. Ba mhaith liom na cinn le faisnéis nuashonraithe a chur ar an liosta, más féidir é ar chor ar bith.

Níor chuir mé nós* ar an liosta, mar níl a dhath ag tarlú leis an iris sin na laethanta seo, ná le roinnt míonna anuas, feictear dom. D’íoc mé síntiús leo i Mí Iúil, agus fuair mé dhá chóip den iris sa phost anuraidh. Tá a fhios agam go bhfuil Tomaí iontach gnóthach, mar is iondúil leis an bhfear uasal sin, ach ba dheas scéal de shaghas éigin a fháil uaidh maidir le staid na hirise, más rud go bhfuil baint aige léi fós, ar ndóigh.

Mhol mé an iris nós*, díreach roimh an Nollaig anuraidh, agus creidim féin gur mhaith an rud a bheadh ann dá gcuirfeadh lucht na hirise, tríd an suíomh sin acu, b’fhéidir, na síntiúsóirí ar an eolas faoi céard atá i ndán don iris. Ní fhaigheann siad maoiniú, chomh fada agus is eol dom, rud a fhágann go mbraitheann siad go mór ar shíntiúsóirí, cheapfainn. B’fhéidir nach bhfuil ann ach sos beag uathu, agus ba mhaith liom an iris a fheiceáil ag teacht chun cinn arís. Idir an dá linn, céard atá ag tarlú libh, a lucht ceannais nós*?

Tháinig mé ar an suíomh Nuacht1 le déanaí, agus taitníonn sé go mór liom. Tá blúirí ó na meáin éagsúla acu, rud a fhágann gur fiú sracfhéachaint laethúil a chaitheamh ar an suíomh, agus é sin a dhéanamh ó am go chéile i rith an lae, mar bíonn tuairiscí nuashonrúcháin rialta ann, feictear dom.

Mo chuimhne, a bhuí le Nuacht1, tháinig mé ar an scéal seo ó Ghaelport. Más mian leat bheith san iomaíocht i gComórtas Liteartha an Oireachtais, sé an chéad lá de mhí Iúil an spriocdháta iontrála. San alt sin, ó Pheadar Mac Fhlannchahda, scríobhann sé,

Tá réimse leathan comórtas i gceist, iad dírithe ar úrscéalta, filíocht, drámaíocht stáitse agus raidió, ficsean do dhaoine óga, gearrscéalta, prós agus script teilifíse, chomh maith le, comórtas dírithe ar dhaoine a bhíonn ag blagáil.’

Déanaigí deifir! Níl fágtha agaibh ach sé lá dhéag…

Tá suíomh nua Oireachtas na Gaeilge, agus na sonraí uile, le fáil anseo.
.

Wednesday, June 9, 2010

Scileanna Raidió

Beidh gearrchúrsa i scileanna raidió de chuid an NWRC á reáchtáil i nDoire, idir an 21ú agus an 24ú lá de mhí an Mheithimh.

3 huaire an chloig atá i gceist gach aon lá - ón 10 ar maidin go dtí a 1 i.n.

Cúrsa praiticiúil a bheas ann le béim ar fhorbairt clár, scileanna scríbhneoireachta agus chúrsaí dlí.

Is é an plean atá ann ná go mbeidh lucht na Gaeilge san iarthuaisceart in ann forbairt a dhéanamh ar chláir raidió/podchraoltaí as seo amach.

Is féidir teagmháíl a dhéanamh le Deaglán ar 02871 264132 le tuilleadh eolais a fháil, nó chun áit a chur in áirithe.

Níl táille le híoc, agus tá áit ar an gcúrsa do 10-12 daoine.
.

Thursday, May 13, 2010

The Business

Seo clár a thaitníonn go mór liom. Cé nach duine gnó mé, is maith liom súil a choinneáil ar céard atá ag tarlú sa tír, nó, i gcás an chláir seo, The Business, is maith liom cluas a thabhairt do tharluithe gnó na tíre.

An tseachtain seo, mar shampla, chuala mé Adrian agus Robyn Devane ag insint don tír faoi bhéirín na mbriathra Gaeilge. Ar ndóigh, a bhuí le Bean an tSléibhe a chuir an t-eolas chugam féin, bhí an dea-scéal sin roinnte agamsa libhse roimhe seo.

Mar sin féin, ba dheas Robyn, atá trí bliana d’aois, agus ar léi guth an bhéirín, ba dheas í a chloisteáil ag comhaireamh beo ar an aer. Táim cinnte gur chuidigh an sliotán sa sceideal ar an gclár go mór le hAdrian agus le Robyn; gur chuidigh sé leo daoine eile, seachas mo léitheoirí uaisle féin, a chur ar an eolas faoin bhéirín. Tá súil acu an béirín a bheith réidh le díol i Mí Mheán an Fhómhair, in am do mhargadh na Nollag.

Bhí Luke Johnson ar an gclár an tseachtain seo. Dar leis, ‘there’s never been a better time than now to start your own business…’, agus is féidir tuilleadh ar an ábhar seo a chloisteáil uaidh, ach éisteacht le podchraoladh chlár an tSathairn seo caite anseo.

Bhí úinéirí an Yellow Pepper i Leitir Ceanainn ar an gclár, agus iad ag labhairt faoi athoscailt na bialainne áille sin.

Mo chuimhne, ó tharla mé ag labhairt ar bhialanna, agus ar ghnó úr a bhunú, bhí mé in Bread and Butter, bialann nua a d’oscail Déardaoin seo caite, sa Forte Shopping Centre, i Leitir Ceanainn. Tá an bhialann suite idir TK Maxx agus Marks and Spencer’s, agus tá sí gar go maith den phictiúrlann, dá mbeadh fonn ort greim bia a bheith agat roimh ré, mar shampla.

Cheap mé féin go raibh an bia ann go hálainn, saor go maith, agus an t-atmaisféar agus na freastalaithe ann an-chairdiúil. De thimpiste a tháinig mé ar an áit, agus mé ag siúl thart ar an ionad siopadóireachta sin Déardaoin seo caite, ach is mé a bhain sult as mo phanini blasta, agus as mo mhuga caife.

Tá bácús acu ann chomh maith, ach is é an rud is mó a rith liom faoin áit ná cé chomh díograiseach, agus cé chomh cuidiúil, is atá foireann na bialainne sin. Buailigí isteach chucu, go bhfeicfidh sibh féin an áit, agus le tacú leo, más mian libh.

Go n-éirí go geal leo uile in am seo na gciorraithe.
.

Wednesday, May 5, 2010

An tUachtarán agus Derek ag Dul Fiáin

Má bhrúnn tú anseo, beidh tú ar shuíomh Mooney Goes Wild, clár suimiúil ó RTÉ; ‘The core of the programme is an 'ask about wildlife facility' in which phone-in queries, letters and emails, are answered live in studio by our regular panel.’ agus ‘Topics vary from bees to bats with contributors aged from nine to ninety.’

Is maith liom an clár seo. Tá ‘School Watch’ ar an suíomh gréasáin acu, agus gach seachtain ‘a different animal and plant will be highlighted with some unusual facts and figures’. Is féidir le múinteoirí agus daltaí bheith páirteach sa chlár, tríd an láithreán gréasáin, rang idirghníomhach a bheith acu ar líne, agus an t-eolas faoi na hainmhithe áirithe ar an suíomh a fhoghlaim.

Ina dhiaidh sin, tá deis ag na páistí sa rang na ceisteanna faoin ábhar ar an suíomh a fhreagairt, nó is féidir leis an múinteoir ranga na ceisteanna a phriontáil, agus ‘quiz session’ a eagrú sa rang ‘to encourage an interest in natural history with your students’.

I láthair na huaire, is féidir nead spideoige nó nead meantáin ghoirm a fheiceáil, beo ar líne. Tá nead na spideoige i ngarraí Derek Mooney, láithreoir an chláir, agus tá nead an mheantáin ghoirm in Áras an Uachtaráin. Bhuel, chan san Áras féin, ach áit éigin sa gharraí ann, is dócha. Leantar dul chun cinn na n-éan, beo ar líne, go dtí go bhfágann na héin uile an dá nead.

Tá teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, ar an suíomh, i ríméadach as an bpáirt ata á ghlacach ag an Áras i Nestwatch 2010. Is féidir a teachtaireacht a léamh anseo, as Béarla agus as Gaeilge.

Maith thú, a Uachtaráin, a chara. Maith sibh Derek agus RTÉ.
.

Tuesday, May 4, 2010

An Chuach ag Eascainí

Níor chuala mé an chuach ar chor ar bith anuraidh, rud nár tharla i mo shaol roimhe sin, chomh fada siar agus atá cuimhne agam, ar aon nós. Níl a fhios agam cén fáth nár chuala mé í. Bhí sí thart, mar chuala an Garraíodóir í, ach is dócha nach raibh mé féin agus í féin amuigh ag spaisteoireacht thart ag an am céanna.

Cibé scéal é, bhí áthas orm í a chloisteáil inné, agus mé i mo shuí ag ól caife na maidine, thíos i gConamara. Chaithfeadh sé go raibh sí ina suí ar chrann, díreach taobh amuigh den doras, mar shíl mé, ar feadh nóiméid, go raibh sí istigh sa teach liom, bhí a glaoch chomh soiléir sin.

Is iomaí cuimhne ó m’óige a thugann gairm na cuaiche chun cinn, ach tá cuimhne amháin, scéal a chuala mé ar Raidió na Gaeltachta geábh, ceapaim, a chuireann chuile chuimhne eile ar an gcuach amach as mo chloigeann, ach amháin an chuimhne seo.

Sílim gurbh é Johnny Choil Mhaidhc a d’inis an scéal ar an raidió, agus tá súil agam nach bhfuilim ag cur focal i mbéal an fhir uasail más rud nach é a d’inis, ach, más buan mo chuimhne, scéal a bhí ann faoi sheal a chaith sé ina leaba agus é tinn, le fuaimeanna an tsamhraidh ag teacht chuige, isteach trí fhuinneog an tseomra.

Lá amháin, bhí an chuach ag gairm léi, í ag ‘cu-cú,cu-cú, cu-cú’áil de shíor taobh amuigh d’fhuinneog Johnny. Mar b’iondúil leis, is dóigh liom gur ag magadh a bhí Johnny agus an scéal seo á insint aige ach, dar leis féin, shíl sé sa deireadh nach ‘cu-cú, cu-cú, cu-cú’ a bhí ag teacht uaithi ar chor ar bith, agus gur ‘fuck you, fuck you, fuck you’ a bhí á rá aici.

Sin an chuimhne atá agam féin, agus tá súil agam go maithfeadh Johnny aon mhíthuiscint uaim, ach ó chuala mé an scéal sin, ní féidir liom gairm na cuaiche a chloisteáil gan eascainí a chloisteáil inti, rud a bhaineann gáire asam fós, díreach mar a bhain an scéal sin gáire asam, an lá úd.

Cúpla bliain ó shin, rinneadh ‘ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha’ ar Ardán anseo, más mian leat tuilleadh dá ghreann a chloisteáil.
.

Saturday, May 1, 2010

Gerry Ryan

Ar maidin, agus mé ag breathnú ar na sléibhte ar chúl an tí anseo in Eanach Mheáin, tá m’athair go mór i mo smaointe. B’fhear é a thug grá nach beag dá chlann, agus airím uaim fós áilleacht a chomhluadair, cé gur imigh sé uainn os cionn scór bliain ó shin. Lá amháin, stop a chroí mór fial ag preabadh, rud a tharla go tobann, gan rabhadh faighte againn, gan súil ar bith againn leis an gcrá croí a bhí romhainn gan é.

Bhí m’athair beagnach ar chomhaois le Gerry Ryan nuair a bhásaigh sé. Ag an am sin, ní raibh mé féin mórán níos sine ná an duine is sine i gclann Gerry, agus bhí deirfiúr agus deartháir eile liom fós faoi dheich mbliana d’aois. Tá clann óg fágtha ina dhiaidh ag Gerry, agus is go rómhaith a thuigim na laethanta uaigneacha atá rompu anois.

Ba léir, ón méid a chuala mé, ó chomhghleacaithe agus ó chairde leis ar an raidió inné, agus ón méid a chuala mé féin uaidh ar an raidió thar na blianta, go raibh grá nach beag ag Gerry Ryan dá pháistí. Labhair sé fúthu go rialta, agus d’airigh a éisteoirí gur fear é Gerry a raibh tuiscint mhaith aige ar fhadhbanna teaghlaigh agus, dá bhrí sin, go raibh tuiscint nach beag aige ar fhadhbanna an tsaoil.

Cé nár thaitin sé liom ar an teilifís, agus níl a fhios agam cén fáth nár thaitin a chláir theilifíse liom, mar thaitin siad le go leor daoine eile, ach b’fhearr liom éisteacht le Gerry Ryan ar an raidió, agus is ar an meán sin a d’éist mé leis, chuile mhaidin i rith na seachtaine le blianta fada, mé ag bogadh, go hiondúil ag a naoi a chlog, ó chlár Raidió na Gaeltachta go 2fm.

Is ag an am sin a thosaíodh An Gerry Ryan Show, agus tar éis léamh na nuachta, thosódh Gerry ag léamh trí na bpáipéar, ag scagadh trí na scéalta iontu, ag roinnt na scéalta sin linn, ar bhealach nárbh fhéidir a shárú. Bhí an cheird aige lena aghaidh, bealach ar leith aige leis na scéalta is fearr a aimsiú, agus na scéalta sin a roinnt lena éisteoirí, amhail is dá mbeadh sé ina shuí sa seomra lenár dtaobh, ag comhrá linn, mar a déarfá.

Blianta ó shin, bhí mé ag labhairt le Gerry ar a chlár ar an raidió. Tharla sé gur ghlaoigh fear éigin ar an gclár an mhaidin seo, agus é ar thóir leagain Ghaeilge de ‘Wonder of You’, amhrán Elvis Presley. Bhí an fear, más buan mo chuimhne, le bheith ar chlár teilifíse ar TG4 am éigin, agus theastaigh uaidh amhrán as Gaeilge a chasadh ar an gclár.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht leis an gclár, agus chuala mé Gerry a rá gur cheap sé go mbeadh deacracht ann theacht ar a leithéid, ach go gcuirfeadh sé an t-iarratas amach chuig na héisteoirí. Bhuel, ní bheadh sé le rá ag an mbean seo nach bhféadfaí ‘theacht ar a leithéid’ as Gaeilge, agus suas liom ar mo chapall bán, chuir Gaeilge ar na focail Bhéarla, agus sheol é, agus ríomhphost gairid, chuig an gclár, ar an bpointe boise.

Ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin go bhfuair mé féin glaoch ó thaighdeoir ar an gclár, agus d’iarr sí orm an t-amhrán a léamh, beo ar an aer, mar a déarfá, ó tharla go raibh fear an iarratais fós ar an ‘other line’, agus, dar léi, chuideodh sé leis na focail a chloisteáil, le go mbeadh sé in ann iad a thuiscint níos fearr.

Suas liom ar mo chapall bán arís, agus, sula raibh deis agam mo smaointe a chruinniú le chéile, chuala mé Gerry ag labhairt liom, iarracht á dhéanamh aige Gaeilge a labhairt liom, comhrá nár mhair i bhfad sa teanga sin, más buan mo chuimhne. Bhí rud beag ‘chit chat’ idir mé féin agus Gerry ansin agus, sula raibh a fhios agam féin céard a bhí á dhéanamh agam, bhí mé ag casadh ‘Wonder of You’, as Gaeilge, beo ar an aer.

Ar ndóigh, ba é Gerry ba chúis leis sin. Rinne mé dearmad glan air go raibh mé ar an raidió ar chor ar bith. Bhí an knack sin aige. Ba chuma cé leis a mbíodh sé ag labhairt, d’airigh a éisteoirí, agus seans, a rannpháirtithe ar an gclár chomh maith céanna, d’airigh siad gur leosan amháin a bhí sé ag labhairt, gur orthusan amháin a bhí a aird dírithe.

Agus, sin mar a labhraíodh ar Gerry inné, cairde agus comhghleacaithe leis ag roinnt cuimhní cinn linn; ‘fun’, ‘bold’, ‘a great friend’, ‘an adoring father’, cloiste againn, arís is arís eile, ar an raidió, ar an teilifís.

Agus táim ar ais anois ag cuimhní na maidine, ar ais ag tús an scéil seo. Tá clann óg fágtha ina dhiaidh aige ag Gerry Ryan, agus is leosan atá mo thrua ar maidin. Cinnte, aireoidh mise uaim a ghlór, rialtacht mo mhaidineacha féin athraithe go brách anois, ach, go sábhála Cé sinn, nach millteanach an caillteanas é beatha athar ghrámhar ó chlann lenar roinn sé a ghrá go fial.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.