Monday, November 15, 2010

An Bhfuil Tú Páirteach?

Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine faoi bhrú airgeadais na laethanta seo agus, faraor géar, tá Daidí na Nollag é féin faoi bhrú, an fear bocht. Teastaíonn cuidiú uaidh. Anois, ní airgead atá i gceist, an dtuigeann sibh, ach bréagáin nua atá uaidh.

Le seachtain nó dhó, táim ag éisteacht le Ryan Tubridy ar an raidió, suim agam san fheachtas, Toys for Tubs, atá ar bun aige i láthair na huaire. Dar leo, ag 2fm,

‘Ryan Tubridy wants lots of toys for Christmas. Not for himself, but for all the children around the country who will be in need this Christmas. We're working with our friends in St Vincent de Paul to make sure that no child is without a toy this Christmas morning. Are You In?

Bhuel, ar maidin, chuala mé bean ó Super Valu ar labhairt le Ryan, agus tá siadsan ag dul ag cuidiú le Ryan, freisin, rud a chuideoidh go mór liomsa, agus le go leor daoine eile, ár mbréagáin nua a dheonú, ó tharla an siopa sin lonnaithe fud fad na tíre.

Ar an gcaoi sin, beidh siadsan, agus muidne, na bronntóirí, ag cuidiú le Daidí na Nollag agus, níos tábhachtaí fós, beidh muid uilig ag cuidiú le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Cinnteoidh an Cumann sin go rachaidh na bréagáin chuig na páistí áitiúla i do cheantar, na páistí sin atá ar liosta Daidí na Nollag, ach nach bhfaigheadh a mbronntanas in am, b’fhéidir, ó tharla Daidí na Nollag faoi bhrú, an dtuigeann sibh.

Ní seanbhréagáin atá le deonú, a léitheoirí, ach bréagáin nua, le bhur dtoil. Mura bhfuil siopa Super Valu gar duit, tá liosta na ‘drop off points’ uilig, agus gach eolas eile faoin bhfeachtas iontach dearfach seo, le fáil anseo.

An bhfuil tú páirteach?
.

3 comments:

  1. Tubs?

    An gá dó a ainm féin a chur sa spotsholas mar sin? Nó an bhfuil sé in iomaíocht le Jerry Lewis ("Jerry's Kids")? Nach féidir le celebrity maith a dhéanamh gan snas a chur ar a ainm féin san am céanna? Féach é seo.
    :-) Agus ná stad leath bealaigh tríd!

    ReplyDelete
  2. Maith thú, a Áine, as an teachtaireacht a scaipeadh.

    ReplyDelete
  3. Tá Ricky Gervais iontach, a Dennis, agus bhain mé sult as an bhfíseán sin, go raibh maith agat.

    Ní dóigh liom gurb é Ryan é féin a phioc an t-ainm sin agus, ar bhealach, is cuma liom, a fhad is go n-éiríonn leis neart bréagán a bhailiú...:-)

    Go raibh maith agat, a Fherghuis. Súil agam go ndéanfaidh gach léitheoir amhlaidh..;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.