Má bhíonn deis ag aon duine agaibh bheith ann, téigí go dtí an RDS ar an Aoine agus ar an Satharn seo, 23 & 24 Aibreán, áit a mbeidh an Entrepreneur Show ar siúl, agus áit a bhfeicfidh sibh tuilleadh faoi ‘The World’s First Irish Speaking Teddy Bear’.
Tá tuilleadh eolais faoi bhéirín Adrian Devane le fáil anseo.
Idir an dá linn, is féidir leat beagán spraoi idirghníomhach a bheith agat leis an mbéirín anseo.
.
Teiripe Legobhunaithe le Sólas na nÓg
5 hours ago
Deir sí "a cúig" le 'c' caol, .i. "ciúig". An chuid de Ghaeilge Uladh é an fuaimniú seo?
ReplyDeleteCé nach Ultach me, ní dóigh liom gurb ea, a Dennis.
ReplyDeleteIs léir dom gur chaill mé mo chiall rud beag leis an tinneas a bhí orm ag an deireadh seachtaine, mar tá an Entrepreneur Show thart cheana!
Ah bhuel, dea-scéal atá ann faoin bhéirín Gaelach, mar sin féin...:-)
An é do bharúil gur 'sí' atá sa bhéirín?
GOA ciúig sin Gaeilge Átha Cliath. deirimse i gceart é dar ndóigh ;-)Ach cad faoin dronnuilleog agus an bándhearg?
ReplyDeleteAn 'trí' an ea, a Néidí? An mar sin a deirtear 'trí' i nGÁC?
ReplyDeleteFuaimniú naíonán! Grámhar!
ReplyDeleteIs léi amháin an trí sin ach cloistear an ciúig i ngach gaelscoil Átha Cliath
ReplyDelete