Tuesday, April 27, 2010

BabógBaby

Má bhíonn deis ag aon duine agaibh bheith ann, téigí go dtí an RDS ar an Aoine agus ar an Satharn seo, 23 & 24 Aibreán, áit a mbeidh an Entrepreneur Show ar siúl, agus áit a bhfeicfidh sibh tuilleadh faoi ‘The World’s First Irish Speaking Teddy Bear’.

Tá tuilleadh eolais faoi bhéirín Adrian Devane le fáil anseo.

Idir an dá linn, is féidir leat beagán spraoi idirghníomhach a bheith agat leis an mbéirín anseo.
.

6 comments:

  1. Deir sí "a cúig" le 'c' caol, .i. "ciúig". An chuid de Ghaeilge Uladh é an fuaimniú seo?

    ReplyDelete
  2. Cé nach Ultach me, ní dóigh liom gurb ea, a Dennis.

    Is léir dom gur chaill mé mo chiall rud beag leis an tinneas a bhí orm ag an deireadh seachtaine, mar tá an Entrepreneur Show thart cheana!

    Ah bhuel, dea-scéal atá ann faoin bhéirín Gaelach, mar sin féin...:-)

    An é do bharúil gur 'sí' atá sa bhéirín?

    ReplyDelete
  3. GOA ciúig sin Gaeilge Átha Cliath. deirimse i gceart é dar ndóigh ;-)Ach cad faoin dronnuilleog agus an bándhearg?

    ReplyDelete
  4. An 'trí' an ea, a Néidí? An mar sin a deirtear 'trí' i nGÁC?

    ReplyDelete
  5. Fuaimniú naíonán! Grámhar!

    ReplyDelete
  6. Is léi amháin an trí sin ach cloistear an ciúig i ngach gaelscoil Átha Cliath

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.