Friday, April 23, 2010

Lá Breithe YouTube

An bhfuil a fhios agaibh cé hé Jawed Karim, a léitheoirí? Ní raibh a fhios agamsa cé hé féin go dtí ar maidin, nuair a chuala mé, ar an nuacht, gur tháinig YouTube ar an bhfód cothrom an lae seo cúig bliana ó shin.

De thoradh mo chuid taighde ar maidin, léigh mé gur ar an Satharn, an 23 Aibreán, 2005, ag 8.27 i.n. - an t-am a d’uaslódáil Jawed Karim an chéad fhíseán riamh, ‘Me at the Zoo’, ar an suíomh gréasáin nua - a cuireadh tús le YouTube den chéad uair.

Bhunaigh Jawed an suíomh le Chad Hurley and Steve Chem. Ba chomhghleacaithe iad, an triúr acu ag obair le PayPal ag an am. Tar éis sé mhí, bhí dhá mhilliún físeán le feiceáil ar an suíomh. Tá os cionn billiúin díobh á dtaispeáint ar an láithreán sa lá atá inniu ann.

An bhliain dár gcionn, i 2006, dhíol siad YouTube le Google Inc. ar luach $1.65 billiún.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.