Saturday, May 1, 2010

Gerry Ryan

Ar maidin, agus mé ag breathnú ar na sléibhte ar chúl an tí anseo in Eanach Mheáin, tá m’athair go mór i mo smaointe. B’fhear é a thug grá nach beag dá chlann, agus airím uaim fós áilleacht a chomhluadair, cé gur imigh sé uainn os cionn scór bliain ó shin. Lá amháin, stop a chroí mór fial ag preabadh, rud a tharla go tobann, gan rabhadh faighte againn, gan súil ar bith againn leis an gcrá croí a bhí romhainn gan é.

Bhí m’athair beagnach ar chomhaois le Gerry Ryan nuair a bhásaigh sé. Ag an am sin, ní raibh mé féin mórán níos sine ná an duine is sine i gclann Gerry, agus bhí deirfiúr agus deartháir eile liom fós faoi dheich mbliana d’aois. Tá clann óg fágtha ina dhiaidh ag Gerry, agus is go rómhaith a thuigim na laethanta uaigneacha atá rompu anois.

Ba léir, ón méid a chuala mé, ó chomhghleacaithe agus ó chairde leis ar an raidió inné, agus ón méid a chuala mé féin uaidh ar an raidió thar na blianta, go raibh grá nach beag ag Gerry Ryan dá pháistí. Labhair sé fúthu go rialta, agus d’airigh a éisteoirí gur fear é Gerry a raibh tuiscint mhaith aige ar fhadhbanna teaghlaigh agus, dá bhrí sin, go raibh tuiscint nach beag aige ar fhadhbanna an tsaoil.

Cé nár thaitin sé liom ar an teilifís, agus níl a fhios agam cén fáth nár thaitin a chláir theilifíse liom, mar thaitin siad le go leor daoine eile, ach b’fhearr liom éisteacht le Gerry Ryan ar an raidió, agus is ar an meán sin a d’éist mé leis, chuile mhaidin i rith na seachtaine le blianta fada, mé ag bogadh, go hiondúil ag a naoi a chlog, ó chlár Raidió na Gaeltachta go 2fm.

Is ag an am sin a thosaíodh An Gerry Ryan Show, agus tar éis léamh na nuachta, thosódh Gerry ag léamh trí na bpáipéar, ag scagadh trí na scéalta iontu, ag roinnt na scéalta sin linn, ar bhealach nárbh fhéidir a shárú. Bhí an cheird aige lena aghaidh, bealach ar leith aige leis na scéalta is fearr a aimsiú, agus na scéalta sin a roinnt lena éisteoirí, amhail is dá mbeadh sé ina shuí sa seomra lenár dtaobh, ag comhrá linn, mar a déarfá.

Blianta ó shin, bhí mé ag labhairt le Gerry ar a chlár ar an raidió. Tharla sé gur ghlaoigh fear éigin ar an gclár an mhaidin seo, agus é ar thóir leagain Ghaeilge de ‘Wonder of You’, amhrán Elvis Presley. Bhí an fear, más buan mo chuimhne, le bheith ar chlár teilifíse ar TG4 am éigin, agus theastaigh uaidh amhrán as Gaeilge a chasadh ar an gclár.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht leis an gclár, agus chuala mé Gerry a rá gur cheap sé go mbeadh deacracht ann theacht ar a leithéid, ach go gcuirfeadh sé an t-iarratas amach chuig na héisteoirí. Bhuel, ní bheadh sé le rá ag an mbean seo nach bhféadfaí ‘theacht ar a leithéid’ as Gaeilge, agus suas liom ar mo chapall bán, chuir Gaeilge ar na focail Bhéarla, agus sheol é, agus ríomhphost gairid, chuig an gclár, ar an bpointe boise.

Ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin go bhfuair mé féin glaoch ó thaighdeoir ar an gclár, agus d’iarr sí orm an t-amhrán a léamh, beo ar an aer, mar a déarfá, ó tharla go raibh fear an iarratais fós ar an ‘other line’, agus, dar léi, chuideodh sé leis na focail a chloisteáil, le go mbeadh sé in ann iad a thuiscint níos fearr.

Suas liom ar mo chapall bán arís, agus, sula raibh deis agam mo smaointe a chruinniú le chéile, chuala mé Gerry ag labhairt liom, iarracht á dhéanamh aige Gaeilge a labhairt liom, comhrá nár mhair i bhfad sa teanga sin, más buan mo chuimhne. Bhí rud beag ‘chit chat’ idir mé féin agus Gerry ansin agus, sula raibh a fhios agam féin céard a bhí á dhéanamh agam, bhí mé ag casadh ‘Wonder of You’, as Gaeilge, beo ar an aer.

Ar ndóigh, ba é Gerry ba chúis leis sin. Rinne mé dearmad glan air go raibh mé ar an raidió ar chor ar bith. Bhí an knack sin aige. Ba chuma cé leis a mbíodh sé ag labhairt, d’airigh a éisteoirí, agus seans, a rannpháirtithe ar an gclár chomh maith céanna, d’airigh siad gur leosan amháin a bhí sé ag labhairt, gur orthusan amháin a bhí a aird dírithe.

Agus, sin mar a labhraíodh ar Gerry inné, cairde agus comhghleacaithe leis ag roinnt cuimhní cinn linn; ‘fun’, ‘bold’, ‘a great friend’, ‘an adoring father’, cloiste againn, arís is arís eile, ar an raidió, ar an teilifís.

Agus táim ar ais anois ag cuimhní na maidine, ar ais ag tús an scéil seo. Tá clann óg fágtha ina dhiaidh aige ag Gerry Ryan, agus is leosan atá mo thrua ar maidin. Cinnte, aireoidh mise uaim a ghlór, rialtacht mo mhaidineacha féin athraithe go brách anois, ach, go sábhála Cé sinn, nach millteanach an caillteanas é beatha athar ghrámhar ó chlann lenar roinn sé a ghrá go fial.
.

2 comments:

  1. Ní raibh Gerry Ryan ach ag tús a bhealaigh sna meáin, is dócha, fad a bhíos fós in Éirinn ach baineadh preab asam mar an gcéanna nuair a nochtadh a scéal. Pearsa mhór i saol na hÉireann, beidh a chlann bhocht thíos go mór leis an gcaillteanas - agus tréimhse dheacair curtha díobh cheana féin le deireanas, de réir tuairiscí.

    An bhfuil focail an amhráin agat fós?

    ReplyDelete
  2. Tá an leagan Gaeilge agam, go deimhin, a Ormondo, agus tá an ríomhphost fós agam, freisin - is ar an 20 Iúil 2007 a labhair mé le Gerry ar an gclár, dar le dáta an ríomhphoist sin.

    Smaoinigh anois, ní raibh mórán ama agam é a chur le chéile!

    Wonder of You (as Gaeilge)

    Nuair nach dtuigeann daoine mise
    Is mé ag fealladh chuile lá
    Tá sólás, dólás le fáil uaitse
    Déantar laghdú ar mo chrá

    Tá tú le mo thaobh, ó mhaidin go faoithin
    Ag cuidiú liom go fial
    Ó is iontas dom an áilleacht
    I mo chara dhil

    Tá lonracht saoil in aoibh do bhéilín
    Is mise an Rí ‘gus tú lem thaobh
    Tá maoin an tsaoil id’ phóigín aoibhinn
    Tá luach an domhain id’ghrá a chroí

    Beidh go brách faoi rún, fáth do ghrá a rún
    Grá a thugann tú go fial
    Ó Is iontas dom an áilleacht
    I mo chara dhil

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.