Ní raibh a fhios agam fúthu, cé go mbainim, ahem, úsáid astu. Is cosúil go bhfuil a leithéidí ann agus, bhuel, ‘filler words’,
‘a sound or word that is spoken in conversation by one participant to signal to others that he/she has paused to think but is not yet finished speaking.’ dar le Wikipedia.
Ní hionann iad agus an thingamajig sin, an ‘placeholder name’, leithéidí ‘Whatchamacallit’ agus ‘Whatshisname" nó ‘Whatshername’, focail, dar le Wikipedia,
‘which refer to objects or people whose names are temporarily forgotten, irrelevant or unknown.’
Is ‘placeholder names’ iad John Doe, Joe Bloggs, A.N. Other, John Citizen, agus fiú ‘yer man’, abair, gan trácht ar bhéarlagair bradaí lucht na teicneolaíochta.
Táim sásta glacadh le bhur leaganacha Gaeilge ar na leaganacha Béarla thuas, a léitheoirí, ach, idir an dá linn, is dóigh liom gur féidir linn ‘focail líonaigh’ a thabhairt ar na ‘filler words’, agus ‘ainmneacha ionadchoinneálaí’ a thabhairt ar na ‘placeholder names’, mura gcloisfimid a mhalairt ó na, ahem, focleolaithe a bhíonn ag léamh an bhlag seo; a leithéidí whathisname agus whatshername, mar shampla.
Pé scéal é, cá raibh mé? Ó, sea! Na focail líonaigh sin. Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le The John Murray Show ar maidin, agus chuala mé Claire Clone ag labhairt ar Etiquette, agus ise a luaigh na ‘filler words’ sin a tharraing m’aird.
Dar léi, is ionann na focail líonaigh agus focail fearacht ‘like’ agus ‘you know what I mean’, agus, dar léi, ‘if you are using filler words, it shows that you are not confident about what you’re saying…’. Abhaits!
Maidir leis na focail mhóra, ‘f*** words’ fearacht ‘feck’ agus ‘flip’, mar shampla, níl siad ‘desirable’ ar chor ar bith. Níl iontu, dar léi, ach, ahem, ‘a crutch for conversational cripples…’. Úps!
.
Thursday, November 11, 2010
Focail Liom, Focail Leat
Labels:
focal,
focleolaí,
Gaeilge,
gréasán,
John Murray,
meáin,
meon,
nathanna cainte,
raidió
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Ní bhainimid úsáid as na focail líonaigh ach amháin chun deis a thabhairt dár n-éisteoirí dul in ngleic lenár ráitis domhainbhríocha.
ReplyDeleteIs amhlaidh nach dtuigeann Claire bhocht an méid sin. ;-)
Is maith liom an bealach, abair, ina n-úsáidtear an focal 'abair' mar fhocal líonaigh, abair, i gCiarraí.
ReplyDeleteBhí sé éasca éisteacht léi ar an raidió, a Ormondo. Tá bealach aici na rudaí a dúirt sí a rá gan iad a bheith dímheasúil, mar a déarfá. Bhain mé sult as an agallamh.
ReplyDeleteBainim féin úsáid as na focail líonaigh go minic, a John, agus mé ag scríobh, abair, cé go ndéanaim iarracht na focail mhóra a sheachaint, mar a déarfá...:-)
Dá mbeadh focail fearacht 'like' agus 'you know' in úsáid go minic tríd an gcomhrá ag duine, b'fhéidir go mbeadh sé deacair an comhrá a leanúint céad faoin gcéad. Braitheann sé sin ar an éisteoir, is dócha.
Maidir leis na focail mhóra, thug mé faoi deara go bhfuil daoine ann nach maith leo iad a chloisteáil, ná a léamh, is cuma cén comhthéacs ina mbaintear úsáid astu, cé go bhfuil daoine eile ann agus baineann siad úsáid astu go rialta, na focail sin go nádúrtha tríd a gcuid cainte acu, mar a bheadh 'like' agus 'you know' ag daoine eile.
Meas tú an focail líonaigh iad 'going forward' agus 'I'm glad you asked me that question'....:-)
"Meas tú an focail líonaigh iad 'going forward' "
ReplyDeleteToisc go bhfuilim i mo chónaí thar lear leis na cianta, b'fhéidir go dtugaim ar uaireabh na hathruithe faoi ndeara níos soiléire ná na daoine atá ar an talamh. Agus is fuath liom an nath thuas!
Ní hamhaín go bhfuil an Ghaelainn á marú acu ach tá an Béarla á lot acu freisin.