Bhí tinneas cinn orm nuair a dhúisigh mé ar maidin, frídíní fhliú an Gharraíodóra ag troid liom féin anois, ceapaim. Pé scéal é, chinn mé beagán garraíodóireachta éadroime a dhéanamh, agus amach liom ag baint bláthanna feoite.
‘Decapitating’ a thugann sé féin air, cé go bhfuil a fhios aige go rómhaith gur ‘dead heading’ atá ann. ‘I see you’re decapitating again,’ a dúradh liom ar maidin, nuair a chonaic sé mo chloigeann tinn cromtha i mbun dícheannta.
Bhuel, sé an smaoineamh a rith liom féin agus na bláthanna feoite á gcaitheamh agam, ceann i ndiaidh a chéile, isteach sa chiseán le mo thaobh, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh muid in ann rud éigin mar seo a dhéanamh lenár bpolaiteoirí feoite.
Chan iad a dícheannadh, an dtuigeann sibh, ach fáil réidh leo siúd atá feoite, nach bhfuil faoi luisne a gcumas a thuilleadh, le deis bláthaithe a thabhairt do na millíní theacht ar an ngeilleagar, mar a déarfá.
Agus an smaoineamh sin ag rith liom, céard a chuala mé ar an raidió, trí mo chluasáin, ach go bhfuil Noel Grealish ag cur cos amháin uaidh, agus ag cur an chos eile i dtaca, i ngort glas Féilim Fáil.
Hmmm…, arsa mé féin liom féin, nach suimiúil go bhfuil sé sin ag tarlú anois, díreach ar shála na pobalbhreithe sin a cuireadh faoi bhráid an phobail inné.
Fan go bhfeice sibh, a léitheoirí, ach beidh le feiceáil nach mise amháin a chuir tús leis an ngortghlanadh ar maidin…
.
Teiripe Legobhunaithe le Sólas na nÓg
9 hours ago
Ach cá bhfaighidh muid cinn fónta le cuir ina n-áit - nó an bhfuil geimhreadh míshásaimh fhada i ndán dúinn?
ReplyDeleteFásann siad go nádúrtha nuair nach mbíonn staic i mbéal bearna...;-)
ReplyDeleteMí Shamhna beidh gorghlanadh againne sna Stáit, lcD (agus is mithid!).
ReplyDeleteBeidh le feiceáil, a Shéamais!
ReplyDelete