Friday, September 24, 2010

Maide Mór ar €5!

Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine ag streachailt na laethanta seo, an cúlú eacnamaíochta ag ídiú an airgid ina bpócaí, agus tá sé deacair tacaíocht airgid a iarraidh ar dhaoine do na cumainn charthanachta éagsúla.

Mar sin féin, tá sé de nós agam tacú le cumann nó dhó acu go glórach, agus tá Special Olympics Ireland ar cheann de na cinn sin lena dtacaím, más féidir liom ar chor ar bith.

Mar sin, ní miste liom a chur in iúl daoibh anseo go bhfuil bealach ann le deis a thabhairt duit féin (go háirithe más galfaire tú, nó más rud go bhfuil aithne agat ar ghalfaire a mbeadh suim aige nó aici ina leithéid), an Taylor Made Burner Superfast Driver a fháil ar luach €5!

Ar ndóigh, ní galfaire mise agus níl leid dá laghad agam céard é an Driver úd, ach táim cinnte go ndéanfadh sé bronntanas deas don fhear le nach roinnim a shuim san ábhar, an Garraíodóir, ach an t-ádh a bheith liom é a bhuachan. An Driver, chan an Garraíodóir. Bhain mé an, ahem, duais sin i bhfad ó shin.

Mar sin, a léitheoir, más mian leat tuilleadh eolais a fháil, do thacaíocht a thabhairt, nó do dheis a thapú, is féidir leat, ahem, tús imeartha a dhéanamh anseo.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.