Thursday, September 23, 2010

Dofhreagartha

Gach uair a chuirtear ceist ar an inneall cuardaigh, Ask Jeeves, cláraítear an cheist. Coinnítear taifead de na ceisteanna - os cionn billiún ceist curtha ar Jeeves le deich mbliana anuas - agus freagraíonn sé 16 milliún de na ceisteanna sin in aghaidh na míosa.

Le déanaí, as na billiún ceist sin a cuireadh, chuir siad liosta de na ‘unanswerables’, mar a thugann siad féin orthu, le chéile; sé sin le rá, na ceisteanna a cuireadh chuig Jeeves nárbh fhéidir leis a fhreagairt. Dar leo,

Jeeves prides himself on being able to answer 16 million questions a month…But even we have to admit that occasionally there is going to be a question where there is no simple answer so we're letting our users do it themselves.’

Seo chugaibh an Rogha 1O:

1 What is the meaning of life?
2 Is there a God?
3 Do blondes have more fun?
4 What is the best way to lose weight?
5 Is there anybody out there?
6 Who is the most famous person in the world?
7 What is love?
8 What is the secret to happiness?
9 Did Tony Soprano die?
10 How long will I live?

Seachas ceist ar bith eile ar an liosta sin, cuireann sé iontas orm, caithfidh mé a admháil, gur chuir an oiread sin daoine an cheist sin ag uimhir 10. Dá mbeadh Jeeves in ann an cheist sin a fhreagairt dúinn uilig, meas tú an mbeadh na ceisteanna ag uimhir 1 go 9 mar atá siad anois?

Go deimhin, an mbeadh mise ag scríobh, agus tusa ag léamh, an bhlag seo, dá mbeadh freagra na ceiste sin againn? Hmmm…

Más mian leat, is féidir leat cuidiú le Jeeves theacht ar na freagraí cuí ach cliceáil ar an gceist chuí anseo. Sé sin, má tá am le spáráil agat, ar ndóigh…
.

4 comments:

  1. greannmhar.
    Is féidir freisin online pregnancy test a dhéanamh!

    ReplyDelete
  2. Is cuma liom sa tsioc faoi uimhir a 10. Tá uimhir a 9 i bhfad níos tábhachtaí!!!

    ReplyDelete
  3. Aontaím le John. Tá súil agam go bhfuil Tony beo áit éigin.

    ReplyDelete
  4. ASG!

    Is léir gur daoine ciallmhara atá ag léamh an bhlag seo...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.