Saturday, January 16, 2010

Eolach?

‘Experience is what you get when you don’t get what you want.’ a chuala mé ón bhfear, a ainm Liom Ní Cuimhin, ar chlár Mharion ar maidin, cé go gceapaim go raibh an fear seo ag labhairt, agus gurbh é an Irish Glass Bottle Site a bhí faoi chaibidil aigesean ar chlár éigin. Ní raibh mé ach ag leath-éisteacht, an dtuigeann sibh.

Bíodh mé ceart nó mícheart faoi sin, tá a fhios agam go ndúirt Oscar WildeExperience is the name everyone gives to their mistakes.’, agus níl dabht ar bith i mo chloigeann beag suarachsa ach go ndearna tógálaithe na tíre seo neart acu sin, agus gur chuidigh na bainc, agus polaiteoirí na tíre leo, ar bhealach an-aineolach, cheapfá. Feachtas fiáin chun rachmais a bhailiú a tharla, shílfeá, i ngan fhios do na rialtóirí airgeadais, is cosúil.

Dúirt Albert EinsteinThe only source of knowledge is experience’, agus feictear domsa go raibh na daoine sin, na daoine a bhí in ainm a bheith ina sources of knowledge agus experience againne, agus a híocadh go maith ar son an knowledge agus experience sin, feictear dom go raibh siad iomlán aineolach. Nó dall. Nó ag leath-éisteacht, cosúil liomsa.

.

4 comments:

  1. Agus mar a dúirt Socrates...
    "Tuigeann fear na heagna nach bhfuil a dhath ar bith ar eolas aige!"
    :-)

    ReplyDelete
  2. Ba bheag an luach intreach a bhí i gceist lena lán dá raibh á chur chun gluaiseachta sa mhargadh. Ní raibh iontu i ndáiríre ach feithiclí le bearta le dreach bréagdleathach a dhéanamh leo a raibh fhios - nó caithfidh go raibh - ag na daoine a bhí ina mbun nach raibh bonn réadúil leis na bearta céanna.

    ReplyDelete
  3. "Ciall ceannaithe" againn sa Ghaeilge. Ceannaithe go daor ag na forbróirí, a bhfuil titim tubaisteach i sócúlacht a saoil i ndán dóibh, agus roinnt acu ag druidim lena dheireadh. Ach na cáiníocóirí ag íoc as an chiall nár cheannaigh aos airgid. Tá sin baolach - ní thig ciall a cheannach do dhuine eile!

    ReplyDelete
  4. Tar éis an bhirt a thuigtear, muise.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.