Showing posts with label cúlú. Show all posts
Showing posts with label cúlú. Show all posts

Sunday, March 14, 2010

Bantiománaithe

Tharla sé go raibh mé i nDoire inniu le cara liom, ar bhean í. Ise a bhí ag tiomáint, agus is gníomh é a dhéanann sí le hábaltacht, gan strus, gan stró, mar a dhéanann formhór na mban ar m’aithne.

Ach, tá mná ann agus cuireann sé ionadh orm gur éirigh leo ceadúnas tiomána a fháil ar chor ar bith, agus chonaic mé beirt acu sin inniu, in action, mar a déarfá.

Bhí mé i gcarrchlós an Foyleside, i mo shuí ar ais i gcarr mo chara, carr a pháirceáil sí ann ní ba luaithe sa lá. Bhí an áit lán go doras an t-am sin, mar sin fein d'éirigh léi spás páirceála folamh a fháil, ach ar éigean. Caithfidh mé a rá, fiú agus é deacair orainn theacht ar spás folamh, go raibh áthas orm an áit a fheiceáil chomh gnóthach sin. B’fhéidir go bhfuil an cúlú ag going forward arís.

Ar aon nós, ar fhilleadh dúinn ar an gcarr, bhí dhá spás páirceála fholmha taobh le carr s’againne, rud nach raibh ann ní ba luaithe. Bhíomar ar tí tarraingt amach, nuair a thugamar faoi deara carr ag teacht inár dtreo, carr nach raibh ag tabhairt aird dá laghad ar threo na saighead, saigheada a bhí le feiceáil go soiléir, agus saigheada a thug le fios nach raibh ach treo amháin le tiomáint, agus ní sa treo sin a bhí an carr ag dul, go deimhin.

Mar a thuigfeá, ní raibh mo chara ag iarraidh go ndéanfaí damáiste dá carr, agus níor bhog sí, ach lig sí don charr fánach a bhealach a dhéanamh tharainn, rud a rinne an bhantiománaí neamhairdiúil, agus isteach léi sa dá spás fholmha taobh linn. Sea. Sa dá spás, a léitheoirí.

Chaith sí cúig nóiméad eile ag manoeuveráil a cairr, isteach ‘s amach, suas ‘s síos, anonn ‘s anall, ach fós ní dhearna sí aon mhaith. Bhí dhá roth an chairr i spás páirceála amháin, agus an dá roth eile sa spás páirceála eile. Ar deireadh, d’éirigh sí as an drochiarracht, agus d’imigh sí léi arís, ar thóir thrí spás fholmha, is dócha.

Bhí mo chara ar tí a carr a bhogadh amach arís, nuair a chonaiceamar bantiománaí eile ag teacht inár dtreo, neamhaird iomlán á dhéanamh aici ar na saigheada bochta, go dtí gur thug sí faoi deara go raibh carr eile ag teacht lom díreach ina treo.

Ba léir dúinne gur baineadh geit aisti, mar a bheadh iontas uirthi go raibh sí as bealach, nó b’fhéidir gur cheap sí gur lá ladies first a bhí ann, agus go raibh an fearthiománaí sa charr eile iontach drochbhéasach ar fad.

Céard a rinne sí? Isteach léi sa dá spás páirceála fholmha taobh linn. Sea. Sa dá spás páirceála, a léitheoirí. Chaith sí cúig nóiméad…
.

Saturday, January 16, 2010

Eolach?

‘Experience is what you get when you don’t get what you want.’ a chuala mé ón bhfear, a ainm Liom Ní Cuimhin, ar chlár Mharion ar maidin, cé go gceapaim go raibh an fear seo ag labhairt, agus gurbh é an Irish Glass Bottle Site a bhí faoi chaibidil aigesean ar chlár éigin. Ní raibh mé ach ag leath-éisteacht, an dtuigeann sibh.

Bíodh mé ceart nó mícheart faoi sin, tá a fhios agam go ndúirt Oscar WildeExperience is the name everyone gives to their mistakes.’, agus níl dabht ar bith i mo chloigeann beag suarachsa ach go ndearna tógálaithe na tíre seo neart acu sin, agus gur chuidigh na bainc, agus polaiteoirí na tíre leo, ar bhealach an-aineolach, cheapfá. Feachtas fiáin chun rachmais a bhailiú a tharla, shílfeá, i ngan fhios do na rialtóirí airgeadais, is cosúil.

Dúirt Albert EinsteinThe only source of knowledge is experience’, agus feictear domsa go raibh na daoine sin, na daoine a bhí in ainm a bheith ina sources of knowledge agus experience againne, agus a híocadh go maith ar son an knowledge agus experience sin, feictear dom go raibh siad iomlán aineolach. Nó dall. Nó ag leath-éisteacht, cosúil liomsa.

.

Saturday, September 26, 2009

An Rógaire Rábach

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár raidió Saturday View le Rachael English ar maidin. Ní hé go raibh Rachael liom, an dtuigeann sibh, ach go raibh mé ag éisteacht léi, ó tharla gurb í láithreoir an chláir í.

Bím ag éisteacht leis an raidió am ar bith a mbím i mbun mo chuid oibre timpeall an tí. Ar maidin, mar shampla, bhí mé ag ní na n-urlár, cluaisíní an raidió san áit ba chóir dóibh a bheith, i mo chluasa. Sin mar a bhíonn an saol le go leor daoine ar an Satharn, bíonn siad gnóthach le gnáthchúraimí an teaghlaigh, cé gur dóigh liom nach mbíonn siad uile ag dul thart agus cluaisíní ina gcluasa.

Cibé scéal é, bhí an painéal, ar a raibh an tAire Dermot Ahern, ag caint faoi iompar, nó faoi mhí-iompar más fearr leat an leagan sin, an Tánaiste Mary Coughlan maidir leis an milliún euro, nó mar sin, a íocadh le Rody Molloy. An raibh an ceart aici an méid sin airgid a íoc le Rody, gan comhairle a fháil, gan comhrá de shaghas éigin a dhéanamh le cibé cé atá ar an eolas faoi na nithe sin, sular scaoil sí chomh flaithiúil sin leis? Sin í an cheist a bhí faoi chaibidil agus mise ar mo glúine ar an urlár.

Ansin, chuala mé abairt ag teacht amach as béal an Aire, agus is san abairt sin, i mo thuairim, atá meon ár bpolaiteoirí, agus ár státseirbhísigh, fadtéarmacha le fáil. Bíodh mé ceart nó mícheart, ní dóigh liom go bhfuil tuiscint dá laghad ag a bhformhór acu ar shaol na gnáthmhuintire, ar shaol na ndaoine atá ag streachailt le chuile phingin a shaothraíonn siad, go háirithe sna laethanta meathlaithe seo.

Agus é ag cosaint an méid a rinne, agus a d’íoc, an Tánaiste le Rody ‘I’m entitled to travel first class’ Molloy, dúirt an tAire ‘…and if it meant paying another few pounds…’. Sea, another few pounds, a léitheoirí, d’airgead na gcáiníocóirí.

Ar ndóigh, ní fiú trácht air, a Aire.
.

Thursday, September 17, 2009

Eisceacht nó Ionannas?

Blianta ó shin, ocht mbliana déag siar le bheith cruinn, thosaigh na Spáinnigh ag teacht go hInis Eoghain. Ní hea, ní ceacht staire é seo ar chor ar bith, a léitheoirí, ach sórt scéilín beag le, b'fhéidir, moladh beag uaimse ag an deireadh. Sea.

Ar aon nós, ar ais chuig na scoláirí Spáinneacha sin linn. Cuireadh fearadh na fáilte rompu, na scoláirí iasachta sin ag cur fúthu, chuile Shamhradh, i dteaghlaigh éagsúla ar fud na háite, duine in aghaidh an teaghlaigh. Bhí siad ag foghlaim Béarla, an dtuigeann sibh, agus bhí na mná tí ag fáil cúpla pingin sa bhreis, rud a chuir go mór le sparán spárálach theaghlach na n-ochtóidí.

Daoibhse nach bhfuil cuimhne ná taithí agaibh ar theaghlach na n-ochtóidí, an teaghlach le páistí ann, go háirithe, agus b'fhéidir ioncam amháin ag teacht isteach dá mbeadh an t-ádh leo, bhí cúlú ann, agus ciorruithe freisin, an t-am sin crua go leor ar thuismitheoirí a bhí ag streachailt leis na pinginí.

Bhí an t-ádh liomsa agus le mo theaghlach mar, ar a laghad, bhí teacht isteach rialta an státseirbhísigh againn. Mar sin féin, ní raibh rachmas sa rialtacht sin, agus ghlacamar le chuile deis a tháinig inár dtreo le hairgead sa bhreis a shaothrú. Dá bhrí sin, ghlacamar le duine de na scoláirí.

Ní raibh a fhios againn an t-am sin go dtiocfadh an cailín álainn sin, an chéad scolaire Spáinneach a fuaireamar, ar ais chugainn ceithre bliana eile i ndiaidh a chéile, agus beirt deirfiúracha ní b'óige ag teacht ina dhiaidh sin, bliain i ndiaidh bliana, go dtí go raibh siadsan, agus ár gclann féin, tógtha. Is iomaí pingin caite acu, agus ag a muintir, sa tír seo, pinginí a chur go mór le geilleagar na tíre, cheapfainn.

An tseachtain seo caite, chaith mé an deireadh seachtaine i gcomhluadar na clainne sin sa Spáinn, turas a gheall mé a dhéanfainn lá éigin, mar go raibh an turas ar mhalairt treorach déanta chugainn go rialta ag athair agus máthair na ndeirfiúracha sin le blianta beaga anuas, an cairdeas eadrainn ag láidriú thar na blianta.

Fáth mo scéil? Ceann de na smaointe sin a rith liom ar maidin agus mé amuigh ag siúl, cuimhní mo shaoire leis an gclann thall fós úr i mo chloigeann, ach focail faoi NAMA agus ciorruithe ag teacht ó chluaisíní an raidió lena raibh mé ag éisteacht, ná go bhfuil na Spáinnigh ag teacht chuig tithe éagsúla ar fud na tíre seo ar feadh na mblianta le Béarla a fhoghlaim. Chomh fada agus is eol dom, diabhal caint a bhí riamh ann an t-am sin, ná anois fiú, ar stádas cánach an lucht lóistín i.e. mná tí na Galltachta, lenar fhan na scoláirí sin.

Má tá an rialtas ag dul ag díriú a aire ar stádas cánach mhná tí na Gaeltachta, dream atá ag cothú teanga agus cairdis mar aon lena macasamhla sa Ghalltacht, iad uile ag cur le teacht isteach a dteaghlach agus ag saothrú airgid dá gclann agus do gheilleagar na tíre, ba chóir go mbeadh an aire sin dírithe le hionannas, chan le heisceacht - ar lucht an bhaile, ar an lucht siúil, lucht na feirimeoireachta, lucht na turasóireachta, lucht na scannánaíochta, lucht na gcapall, lucht na scríbhneoireachta, lucht an cheoil, lucht na bpolaitaíochta; ar ioncam ar bith atá á shaothrú sa bhreis, go háirithe an t-airgead sin atá á shaothrú ó chostais atá i bhfad thar fóir na fírinne.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.