Thursday, September 24, 2009

Mary, Mary quite...?

Scaipthe, neamhleanúnach, míréasúnach. Sin iad na focail a fuair mé ar maidin ó Thomás de Bhaldraithe agus mé ag tochailt liom ina fhoclóir Béarla-Gaeilge, agus míniú uaim ar an bhfocal ‘incoherent’. Agus cén fáth, cloisim an cheist uaibh, an raibh tú ar thóir an mhínithe sin, a Áine? Agus tá freagra tuillte agaibh, a léitheoirí, ó tharla gur chuir sibh an cheist sin orm. Sea.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Gerry Ryan ar an raidió ar maidin, an dtuigeann sibh, mar a dhéanaim ó am go chéile. Bhí ábhar faoi chaibidil aige, nach mbaineann beag ná mór leis an alt seo ach amháin gur chuala mé an abairt ‘we were a little incoherent with our costings’ ó bhéal Gerry, eisean ag tagairt do thogra éigin ina raibh sé páirteach blianta ó shin.

Agus tháinig an cheist isteach i mo chloigeann, ar chloisteáil an méid sin ó Gerry, meas tú an raibh Mary Coughlan rud beag ‘incoherent’ faoi ‘costings’ An Bord Snip Nua agus í ag labhairt léi sa Dáil inné?

Cé acu, meas tú, de na haidiachtaí thuas is feiliúnaí don smaoineamh a bhí taobh thiar de na focail sin uatha – scaipthe, neamhleanúnach, nó míréasúnach?
.

3 comments:

  1. Iad ar fad!

    Shilfeá gur tugadh post ard di le cruthú nach bhfuil mná in ann chuige - tá sí tar éis í fhéin a nairiú chomh minic sin le mí stuaim agus aineolas, an bhean bhocht.

    Cá bhfuil ár Angela Merkel nó Margaret Thatcher féin? Sin beirt ar annamh iad "incoherent"

    ReplyDelete
  2. Scaipthe, míréasunach is dócha.Tá sé deachair a dheanamh amach cad tá ar súil ag Maire Ní Choclain.Is cailín deas í ach tá nós aici a cos a chur ina béal ró-mhinic.Tá gaol agam lena bainisteoír chláir[Programme Manager] agus dá bhrí sin fágfaidh mé mar sin é.

    ReplyDelete
  3. Bhí sé ag lorg sofhriotail ar "Gabhadh iad."

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.