Saturday, September 26, 2009

An Rógaire Rábach

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár raidió Saturday View le Rachael English ar maidin. Ní hé go raibh Rachael liom, an dtuigeann sibh, ach go raibh mé ag éisteacht léi, ó tharla gurb í láithreoir an chláir í.

Bím ag éisteacht leis an raidió am ar bith a mbím i mbun mo chuid oibre timpeall an tí. Ar maidin, mar shampla, bhí mé ag ní na n-urlár, cluaisíní an raidió san áit ba chóir dóibh a bheith, i mo chluasa. Sin mar a bhíonn an saol le go leor daoine ar an Satharn, bíonn siad gnóthach le gnáthchúraimí an teaghlaigh, cé gur dóigh liom nach mbíonn siad uile ag dul thart agus cluaisíní ina gcluasa.

Cibé scéal é, bhí an painéal, ar a raibh an tAire Dermot Ahern, ag caint faoi iompar, nó faoi mhí-iompar más fearr leat an leagan sin, an Tánaiste Mary Coughlan maidir leis an milliún euro, nó mar sin, a íocadh le Rody Molloy. An raibh an ceart aici an méid sin airgid a íoc le Rody, gan comhairle a fháil, gan comhrá de shaghas éigin a dhéanamh le cibé cé atá ar an eolas faoi na nithe sin, sular scaoil sí chomh flaithiúil sin leis? Sin í an cheist a bhí faoi chaibidil agus mise ar mo glúine ar an urlár.

Ansin, chuala mé abairt ag teacht amach as béal an Aire, agus is san abairt sin, i mo thuairim, atá meon ár bpolaiteoirí, agus ár státseirbhísigh, fadtéarmacha le fáil. Bíodh mé ceart nó mícheart, ní dóigh liom go bhfuil tuiscint dá laghad ag a bhformhór acu ar shaol na gnáthmhuintire, ar shaol na ndaoine atá ag streachailt le chuile phingin a shaothraíonn siad, go háirithe sna laethanta meathlaithe seo.

Agus é ag cosaint an méid a rinne, agus a d’íoc, an Tánaiste le Rody ‘I’m entitled to travel first class’ Molloy, dúirt an tAire ‘…and if it meant paying another few pounds…’. Sea, another few pounds, a léitheoirí, d’airgead na gcáiníocóirí.

Ar ndóigh, ní fiú trácht air, a Aire.
.

3 comments:

  1. Sílim gur rud dainséarach é nuair nach mbionn aon tuiscint ag an Rialtas ar an chosmhuintir, comharthaí an Third Reich agus an fáisteachas. Sé a tharlaíonn ansin ná go rialófar an tír ag son "Cíorcal Beag Órgha" mar a bhí ag tarlú ag deireadh Ré an Tíogair Cheiltigh".Bhí saghas comhcheilig idir FF, na forbróirí maoine agus na baincéirí chun an gheilleagar a rialú ar a leas féin seachas leas an ghnáth phobail.Níor chuala mé riomh aon aragóint faoi gur buntáiste don tír seachas an "Cíorcal Órgha", go mbeadh praghasanna ró-áirde ar tithíocht, nó gur cheart speicléireacht a dhéanamh ar tithíocht.Bhí praghas na h-arasáin agus na tithe ar a laghad €100K ró-ard, airgead a bhí ar dul isteach i bócaí na bforbróirí ó dhaoine óga a bhí ag iarraidh áit a fháil ar an dréimíre maoine.Anois agud iad in easpa cothromais[negative equity} níl aon "bail out" i ndan dóibh siúd mar tá an cuiteamh go léir ag dul go dtí na boic móra seachas an cosmhuintir i.e an stáir ag déanamh aithris ar féin. Is Póblácht Daonláthach í Éire agus níor cheart ríomh deis a thabhairt do na polaiteoiri é sin a dearmhad.

    ReplyDelete
  2. Tá ráiteas mín an rialtais ag maíomh nach rabhadar ach ag cosaint na gcáiníocóirí ar chostais dlí agus iad i mbun an féirín mór a bhronnadh ar mo dhuine.

    B'fhéidir go raibh imní orthu go nochtófar nithe sa chúirt a chuirfeadh aiféaltas ar bhaill áirithe den comhaireacht agus go mb'fhearr leo an rud go leor a chur faoi cheilt faoi charn mór airgid.

    Déarfainn fhéin go mbeadh an cáiníocóir sásta go leor an costas dlí sa chás seo a íoc leis a mbeadh le nochtú sa chúirt a chloisint.

    ReplyDelete
  3. Tuigim a bhfuil á rá agaibh, a fheara. Táim ag déanamh chuile iarrachta gan muinín a chailleadh sna daoine atá in ainm agus a bheith ag tabhairt aire den tír seo ar ár son ach, de réir a chéile, feictear dom go bhfuil an béal bán a thabhairt do dhaoine áirithe nuair ba chirte cic sa tóin a thabhairt dóibh i dtreo dhoras na sráide.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.