‘Experience is what you get when you don’t get what you want.’ a chuala mé ón bhfear, a ainm Liom Ní Cuimhin, ar chlár Mharion ar maidin, cé go gceapaim go raibh an fear seo ag labhairt, agus gurbh é an Irish Glass Bottle Site a bhí faoi chaibidil aigesean ar chlár éigin. Ní raibh mé ach ag leath-éisteacht, an dtuigeann sibh.
Bíodh mé ceart nó mícheart faoi sin, tá a fhios agam go ndúirt Oscar Wilde ‘Experience is the name everyone gives to their mistakes.’, agus níl dabht ar bith i mo chloigeann beag suarachsa ach go ndearna tógálaithe na tíre seo neart acu sin, agus gur chuidigh na bainc, agus polaiteoirí na tíre leo, ar bhealach an-aineolach, cheapfá. Feachtas fiáin chun rachmais a bhailiú a tharla, shílfeá, i ngan fhios do na rialtóirí airgeadais, is cosúil.
Dúirt Albert Einstein ‘The only source of knowledge is experience’, agus feictear domsa go raibh na daoine sin, na daoine a bhí in ainm a bheith ina sources of knowledge agus experience againne, agus a híocadh go maith ar son an knowledge agus experience sin, feictear dom go raibh siad iomlán aineolach. Nó dall. Nó ag leath-éisteacht, cosúil liomsa.
.
Showing posts with label státseirbhíseach. Show all posts

Saturday, January 16, 2010
Eolach?
Labels:
cúlú,
Liom Ní Cuimhin,
polaiteoirí,
raidió,
rialtas,
Scoil an tSaoil,
smaointeoireacht,
státseirbhíseach,
údarás
Wednesday, October 14, 2009
Rotha Mór an Bhaoil
Tá John O’Donoghue sna páipéir arís. Meas tú cén fáth?
Dar leis féin ‘I am not guilty of any corruption. I never took money or abused my office for my own enrichment.’ Ní cuimhin liom gur cuireadh a leithéid ina leith, caithfidh mé a rá, ach tuigim go maith cén tuiscint atá ag go leor den ghnáthmhuinitir ar na focail ‘corruption’ agus ‘enrichment’ sa chás seo, ach ní dóigh liom go dtuigeann John é féin é sin.
Chomh luath agus a dúirt sé ‘the failure to give me a chance to defend myself’, bhí mo thrua, cibé di a bhí fágtha agam dó agus é faoi shíorbhrú na meán agus na polaitíochta, bhí an trua sin imithe ar shlí na fírinne, ar chloisteáil na focail sin uaidh. Bhí neart seansanna aige. Níor labhair sé. É féin a tharraing an brú air féin, feictear dom.
Cén fáth nár thug sé faoi deara, nár thuig sé, go raibh botúin déanta aige, agus ag neart eile nach é, i gcultúr a lig i ndearmad go raibh airgead na gnáthmhuintire faoina gcúram? Ligeadh i ndearmad, feictear dom, go raibh an t-airgead sin ann, ciste an rialtais, le leas a bhaint as ar mhaithe le muintir na tíre, ní ar mhaithe le póca aon státseirbhíseach; ná ar mhaithe le ciste aon chomhlacht a fuair íocaíocht thar fóir as seirbhísí a chuir siad ar fáil, seirbhísí a d’fhéadfaí a fháil níos saoire áit éigin eile, cheapfá.
Más rud go bhfuil státseirbhísigh ann a cheadaigh agus a d’aontaigh an caiteachas millteanach seo, státseirbhísigh nach ndeachaigh ar thóir an ‘best deal’ ó na comhlachtaí éagsúla ar mhaithe le ciste an rialtais, cén fáth nach bhfuil na daoine seo ag éirí as a bpoist freisin?
Cén duine a shocraigh ar na comhlachtaí sin a fhostú? Cé a shocraigh na liúntais uile do na polaiteoirí? Cé, go díreach, atá i gceannas ar na cinntí sin? An bhfuil baol ar bith go dtabharfaidh siadsan, ná aon pholaiteoir a bhain leas, thar fóir, as aon liúntas a fuair siad, an t-airgead sin ar ais do chiste an rialtais?
Faraor, is dóigh liom gur beag an baol.

An Feighlí,
daonlathas,
meon,
polaiteoirí,
rialtas,
Scoil an tSaoil,
státseirbhíseach,
údarás
Subscribe to:
Posts (Atom)