Cúig mhí ó shin, scríobh mé anseo faoin moilliú a thug mé faoi deara i mo choiscéimeanna, le bliain nó dhó. Scríobh mé, freisin, go raibh mé ag dul i ngleic leis an réabadh nádúrtha sin, cibé an toradh a bheadh ar an iomaíocht eadrainn.
Ar aon nós, nuair a bhí mé sa Spáinn cúpla mí ó shin, bhí fadhb agam le mo dhroim, fadhb a d’fhág go raibh orm beagnach lá iomlán a chaitheamh sínte ar an tolg thall. Mar gheall air sin, ar m'fhilleadh abhaile dom, rinne mé coinne le mo dhochtúir, agus rinne seisean coinne dom le saineolaí san ospidéal.
An mhí seo caite, lá na coinne, bhí an Garraíodóir liom chuig an ospidéal. Ní raibh ceachtar againn cinnte cén sórt tástálacha a bheadh romham, agus ar fhaitíos nach mbeinn in ann tiomáint abhaile, shocraigh sé gurbh fhearr leis theacht liom, ‘to keep you company’, mar a dúirt sé féin. Tuigeann sibh féin an chraic, a léitheoirí. Is maith an rud cuideachta, go háirithe nuair nach bhfuil duine cinnte céard atá amach roimhe, agus bhí mé breá sásta an comhluadar bheith liom.
Cibé scéal é, d’fhan sé féin amuigh sa seomra feithimh, agus isteach liom chuig oifig an dochtúra. Ní haon dea-scéala a bhí romham ón dochtúir, muise, tar éis na dtástálacha uile, cé nach drochscéala amach is amach a bhí ann ach an oiread. Rinne mé mar a dhéanfadh bean ar bith eile sa chás ina raibh mé, ghlac mé leis an toradh uaidh, agus dúirt mé leis go bhfeicfinn é sula i bhfad.
Ar m’fheiceáil ag teacht ina threo, d’éirigh an Garraíodóir, a dhá láimh sínte amach, meangadh gáire ar a bhéal, féitheacha an ghrinn ag damhsa ina shúile, mar is iondúil leo, agus dúirt, ‘Well, am I stuck with you for a little while longer?’. Thosaigh mé féin ag gáire, fios maith agam go mbeadh an fear céanna croí briste dá dtarlódh a dhath dá bhean.
‘You are, for a lot longer,.’ a d’fhreagair mé ‘But, I have to have a hysterectomy.’
An fear bocht. Shílfeá gur sádh é, leis an dreach uafáis a tháinig ar a aghaidh chineálta. Bhí sé buartha ar mo shon, an dtuigeann sibh, cé nach raibh mé féin chomh buartha céanna. Tá fadhb agam, caithfear fáil réidh léi, sin mar atá, agus sin sin!
Cibé scéal é, táim ag dul faoi scian tráthnóna inniu, a léitheoirí, mo chás ag fanacht liom sa charr, agus An Bord Snip ag fanacht liom san ospidéal. Tá an Garraíodóir ag siúl thart agus dreach imníoch air, cé go bhfuilim féin suaimhneach go leor. Creidim gur fearr i bhfad a bheas an todhchaí nuair a bheas an fhadhb, atá mo chrá le bliain anuas, curtha díom agam. Chan an Garraíodóir, a léitheoirí, ach mo bhroinn!
Ní bheidh mé libh arís go dtí go mbeidh mé ar ais sa bhaile, i gceann lá nó dhó, nó trí...
Idir an dá linn, agus más mian libh, déan cibé rud a dhéanann sibh le gathanna dearfacha a chur i dtreo Cheann Scríbe. Beidh siad de dhíth ar mo Gharraíodóir bocht.
Ná bígí uaigneach i m’uireasa.
.
Beannachtaí na Nollag 2024
15 hours ago
Go n-éireoidh libh, agus go dtiocfaidh tú slán as an obráid, agus níos treise!
ReplyDeleteGo n-éirí leat, a Áine. Beidh mé ag smaoineamh ort.
ReplyDeleteGo n-éirí leat a Áine.
ReplyDeleteÁdh mór, a Áine. Súil agam go mbeidh achan seort i gceart.
ReplyDeleteGo raibh tú ar do sheanléim arís go luath!
ReplyDeleteDála an scéil, ar chuala tú riamh mana na máinlianna? A chance to cut is a chance to cure.
Go raibh tú arís gan mhoill ar bharr do mhaitheasa, a Áine!
ReplyDeleteA Áine tá súil agam go mbeidh biseach ort go luath.Beidh tú mar chloc ar mo phaidrín anocht ag aifreann agus an Garraíodóir comh maith.
ReplyDeleteTá mé ag smaointiú oraibh beirt a Áine, agus le cuidiú Dé, beidh tú ar ais inár measc roimh i bhfad...
ReplyDeleteTharla go raibh ar mo bhean an rud céanna a dhéanamh níos mó ná bliain ó shin. Fuair sí an suíomh seo, agus cheap sí go raibh sé úsáideach di. Go n-éirí leat, a chroí.
ReplyDeletehttp://www.hystersisters.com/